Tá siad sa tóir orm

Pól Ó Cainín
...tá mé ag rith. Cén fáth? Tá siad sa tóir orm. Caithfidh mé rith. Caithfidh mé éalú. Is maith an rud é go bhfuil an oíche ann, ní fheicfidh siad mé. Ach na soilse sin thuas, tá mé cinnte go bhfuil ceamara i ngach ceann díobh agus go bhfuil siad ag coinneáil súil orm. Fanfaidh mé sna scáthanna. Cén fhad ag rith mé? Trí nó ceithre lá? Níl a fhios agam. Cén uair a stopfaidh mé? Cá háit a mbeidh mé slán? Cé hé sin thall ansin? An bhfuil sé ag féachaint orm? Tá ocras orm. Níor ith mé aon rud le cúpla lá. Chonaic mé píotsa leath-ite ar bharr bosca bruscair aréir agus is beag nár ith mé é, ach bhí francach gar dó. Ach tá mé chomh hocrach sin anois go n-íosfainn an francach! Ar bhog an solas sin sa spéir? An réalt nó ceamara é? Tá siad thuas ansin freisin. Seo an panopticon. Cad í an fhuaim sin? Fón! Cé a chuir i mo phóca é? Níl mé á fhreagairt. Seo an tslí a bhfuil a fhios acu cá bhfuil mé. Na crainn chumarsáide. Bhuel, nuair a thiomáinfidh carr thar an bhfón ní bhfaighidh siad mé. Ach an bhfuil rud éigin ionam a chuireann comhartha chucu? Ní cuimhin liom cé mhéad uair a chuir dochtúir snáthaidí ionam ó rugadh mé. Tá an diabhal sin Bill Gates ábalta gach rud a fheiceáil lena ríomhairí. Tá stáisiún aige ar an ngealach agus oibríonn daoine ansin agus tá a fhios acu cad atá ar siúl ag gach duine ar an domhan ó nóiméad go nóiméad. Sin Chipper thall ansin. Gheobhaidh mé greim bia ansin. Na daoine atá in aghaidh mascanna tá siad ar mire, cuireann masc m’aghaidh i bhfolach. Burgar agus sceallóga atá uaim. Éist le mo bholg ag geonaíl. D’fhiafraigh an fear óg díom cé acu airgead tirim nó cárta a d’úsáidfinn le híoc. Airgead tirim a úsáidfidh mé, cinnte. Bheadh siad ábalta mé a aimsiú dá n-úsáidfinn cárta. Ghlan mé an t-airgead le bheith cinnte nach mbeadh mo mhéarloirg air, ach níor smaoinigh mé ar mo chuid DNA. Ach tógfaidh sé tamall orthu teacht air sin. An raibh blas eachtrannach ar chaint an fhreastalaí sin? Ní ghlacfaidh mé le finéagar ná salann, ar eagla go mbeadh druga éigin istigh iontu. Na heachtrannaigh sin, an bhfuil siad ag éalú óna dtír féin nó an bhfuil siad ag iarraidh an tír seo a ghabháil go formhothaithe? Tá siad ag tairiscint buidéal cóc nó uisce saor in aisce. Tá tart an domhain orm. Glacfaidh mé leis an gcóc, seans go maróidh sé aon rud a chuirfidh siad isteach ann. Ach caithfidh mé imeacht arís ar eagla na heagla. Cá n-íosfaidh mé seo? Tá binse thall ansin. An mbeidh mé slán? Feicim slua déagóirí ag teacht. De ghnáth is cuma le déagóirí faoi aon rud, ach ní bheadh a fhios agat. Stopfaidh mé anseo go siúlfaidh siad thart. Cad chuige a mbíonn siad i gcónaí ag gáire agus ag scairteach? Cén chúis áthais atá acu? Tá an domhan ag dul go tóin poill. Tá deireadh ag teacht linn. Beidh an dorchadas ann go deo. Tá siad imithe. Go dté siad slán! Tá mé ar neamh. Suíochán! Ciúnas. Tá an burgar agus na sceallóga ag téamh mo choirp agus iad ina luí ar mo ghlúine. Ba mhaith liom sult a bhaint as an mblas, ach tá mé á n-ithe chomh tapa sin. Cad atá ag tarlú taobh thiar díom? Sionnach ag stróiceadh málaí bruscair. Tá sé ag stánadh orm. Tá solas ina shúile. An sionnach ceart é? Seans gur gléas é atá siad a úsáid chun spiaireacht a dhéanamh orm san oíche. Nuair a fheicimid ainmhithe sílimid nach bhfuil aon dochar iontu. Inniu agus mé i bhfolach i bpáirc, tháinig préachán a fhad liom agus ansin bhí dhá cheann eile in éineacht leis agus an triúr acu ag féachaint go grinn orm. Tá duine éigin á stiúradh. Ní gá piolla dearg nó gorm a ghlacadh chun an domhan seo a fheiceáil mar atá sé, níl le déanamh agat ach féachaint. Níor mhair an bia sin i bhfad! Tá na bonnáin an-ghnóthach anocht. Otharcharranna ag dul thart. Níl siad ag tabhairt othar chuig an ospidéal, tá siad sa tóir ar mo leithéidse. Ní féidir leat muinín a bheith agat in aon rud ná in aon duine. Is súmairí iad gach duine. Fiú na daoine gach dídean, is spiairí iad, sin an fáth a bhfuil siad chomh líonmhar sin. Sheachnófá Gardaí mar go mbaineann siad leis an Stát, ach daoine gan dídean? Bíonn polaiteoirí í gcónaí ag caint fúthu, i gcónaí ag rá gur fadhb iad le réiteach, ach tá siad sásta go bhfuil siad ann le súil a choinneáil ormsa. Tá an domhan go léir sa tóir orm. Stánann gach súil orm. Bíonn gach duine ag caint orm. Is mise an t-aon ábhar ar an meáin shóisialta. Is mise ais an domhain. Níl a fhios agam cá gcodlóidh mé anocht. Níl a fhios agam an gcodlóidh mé anocht? An féidir liom mo shúile a dhúnadh go sábháilte...

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Pól Ó Cainín