The Songs of Elizabeth Cronin
Dáibhí Ó Cróinín: Eagarthóir | Foilsithe ag Four Courts Press | Léirmheas le Sorcha Nic Lochlainn
Is mór an t-ábhar áthais é eagrán nua de The Songs of Elizabeth Cronin: Irish Traditional Singer a bheith ar fáil, agus dhá dhlúthdhiosca leis, mar a bhí leis an chéad eagrán. Is féidir go mbeidh an léitheoir eolach ar chonspóid áirithe a bhain le tras-scríobh na n-amhrán sa chéad eagrán den chnuasach seo; ní gá a rá anseo ach go bhfuil míniú á sholáthar ag an eagarthóir ar an méid seo sa réamhrá, agus go bhfuil na fadhbanna a bhain leis an chéad eagrán réitithe anois. Ní hamháin go bhfuil atheagar ar an ábhar: tá leathdhosaen amhrán eile de chuid Bess Cronin i ndiaidh teacht chun solais ó foilsíodh an chéad eagrán, agus tá an méid seo curtha leis an chnuasach (mar aguisín) ag an eagarthóir chomh maith.
Is garmhac leis an amhránaí é an t-eagarthóir, Dáibhí Ó Cróinín, agus is mór an buntáiste é an gaol seo idir an bheirt, mar is féidir leis an eagarthóir eolas cuimsitheach comhthéacsúil maidir le saol Bess Cronin a chur ar fáil dá bharr. Ní ar an eolas pearsanta amháin atá an t-eagarthóir ag brath, áfach; tá cur síos cúramach déanta aige ar chomhthéacs na hAthbheochana agus ar chomhthéacs an bhailithe i mBaile Mhúirne. Tá anailís thuisceanach, scolártha déanta ag Ó Cróinín ar chomhthéacs an léinn i saol Bess chomh maith: an léann traidisiúnta, a seachadadh ó bhéal go béal; an scoláireacht i measc a muintire; agus an tionchar a bhí ag léann na Gaeilge agus léann an Bhéarla araon ar oiliúint Bess Cronin mar amhránaí. Tá an méid seo go léir iontach tábhachtach toisc go dtugann sé léargas don léitheoir ar an dóigh ar fhorbair an corpas iontach amhrán seo a bhí ag Bess Cronin i mBaile Mhúirne.
Is fíorannamh, faraor, a chloistear cuntas ar phróiseas an bhailithe ón té ónar bailíodh ábhar traidisiúnta; ach ní hamhlaidh an scéal i gcás an amhránaí seo. Tá litreacha a scríobh Bess Cronin féin foilsithe sa réamhrá, ina gcuireann sí síos ar a taithí féin ar amhráin a bheith á mbailiú uaithi – litreacha iad seo atá i seilbh an údair ó tharla gur chuig a athair Donncha, mac Bess, a scríobhadh iad. Is léir ar a cuid focal go raibh pearsantacht an-tarraingteach ag Bess, agus is deas an rud é an léargas seo a fháil uirthi féin mar dhuine. Tá a cuntas ar phróiseas an bhailithe thar a bheith taitneamhach.
Is léir ar a cuid focal go raibh pearsantacht an-tarraingteach ag Bess, agus is deas an rud é an léirgeas seo a fháil uirthi féin mar dhuine
Tá leagan amach na n-amhrán féin ciallmhar, dar liom. Is in ord aibítre atá siad, gan aon iarracht ar rangú a dhéanamh de réir téama nó seánra. Is fiú a lua gur mar seo a phléann an-chuid amhránaithe traidisiúnta leis an stór amhrán atá acu: píosaí roghnaithe ag an amhránaí mar gheall ar an dúil phearsanta in amhráin áirithe, nó mar gheall ar cheangal pearsanta éigin a bheith ag an amhránaí leis an amhrán, gan aon dearcadh acu go bhfuil seánraí ar leith níos luachmhaire nó níos tábhachtaí ná a chéile. B’fhéidir go bhfuil rian éigin den tuiscint seo le feiceáil i ráiteas a rinne Bess ar an dóigh ar cheol sí: ‘I sang here, there and everywhere: at weddings and parties and at home, and milking the cows in the stall, and washing the clothes, and sweeping the house, and stripping the cabbage for the cattle, and sticking the sciolláns [seed potatoes] abroad in the field, and doing everything.’
Is suimiúil an trácht ar chúrsaí stíle atá ag Ó Cróinín, agus tá an t-idirdhealú atá déanta aige ar sheánraí éagsúla a bhí ag Bess thar a bheith luachmhar: “[an] stíl Ghaelach (nach ionann é agus an ‘sean-nós’ a mbíonn an chaint ar fad ina thaobh!) ... na ‘beailití’ ... na seanamhráin Bhéarla [agus na hamhráin] gurbh fhios cé chúm iad – Seán Ó Tuama (‘Johnny Nóra Aodha’), Mícheál Ó Tuama (‘George Curtin’), an ‘Poet Ahern’, Pead Buí Ó Loingsigh, agus mar sin”.
Gan amhras tá an-léargas ar an stair áitiúil le fáil i saothar na bhfilí ainmnithe seo, agus is spéisiúil an rud é gur shúigh Bess an-chuid amhrán iasachta isteach mar aon leis na hamhráin seo a bhain lena ceantar féin. Tá an méid seo i mír (ghairid) den leabhar nach bhfuil aon aistriúchán Béarla uirthi, agus seans gurb é an trua é gan an méid seo a bheith ar fáil don dream nach bhfuil aon Ghaeilge acu.
Tá eagarthóireacht shoiléir déanta ar na hamhráin, agus nótaí cuimsitheacha le gach téacs, a thugann eolas maidir leis na leaganacha éagsúla a bhí ag Bess féin – mar aon le heolas comhthéacsúil a dhéanann an fhilíocht bhéil seo a shuíomh i gcomhthéacs níos leithne. Is mór an díol spéise é, dar liom, go bhfuil roinnt mhaith amhrán ‘éadrom’ sa chnuasach seo – amhráin nach dócha go gcuirfí i láthair iad i gcomhthéacs ‘foirmiúil’. Amhráin shainiúla a bhain leis na mná atá i gcuid acu seo: suantraithe agus amhráin a bhain le hobair na mban; amhráin a cheoltar do pháistí atá i gcuid eile acu; agus tá roinnt amhrán greannmhar, seafóideach san áireamh chomh maith. Níl an oiread sin fianaise ar a leithéidí le fáil, agus seans go ndearna cuid mhór de na bailitheoirí neamhaird orthu, nó seans gur shíl na hamhránaithe féin nach mbeadh suim ag na bailitheoirí iontu. Ar scor ar bith, is iontach an rud é go bhfuil an méid seo ar fáil sa chnuasach seo, mar aon leis na seánraí eile thuasluaite a bhfuil trácht ag an eagarthóir orthu.
Is fiú cúpla corrbhotún a lua, nó corr-rud atá in easnamh; is fíor-mhionrudaí iad seo nach mbaineann de luach an tsaothair seo. Is é an cur síos a thugtar ar ‘The Hat My Father Wore’ ná gur scigaithris é ar ‘The Sash My Father Wore’; tá an méid seo droim ar ais. Luaitear go minic i dtraidisiún béil Chontae Aontroma – agus in áiteanna eile fosta, is dócha – gur “linne” (.i. leis an phobal náisiúnach) an t-amhrán ó cheart, agus gurb é ‘The Sash’ an leagan a dhéanann aithris ar amhrán níos sine. Tá bunús ‘The Sash’ scrúdaithe ag an scoláire David Cooper, agus tá seisean ag teacht leis an tuiscint go bhfuil an t-amhrán bunaithe ar ‘The Hat My Father Wore’ (cé gur “music-hall song”, seachas amhrán a bhain go sainiúil leis an phobal náisiúnach, a thugann Cooper air).
Tá leagan Bess de ‘The Braes of Balquidder [recte Balquhidder / Balquhither]’ sa chnuasach seo – agus nach spéisiúil an rud é an t-amhrán Albanach seo a foilsíodh sa naoú céad déag a bheith aici; tá nóta beag ag an eagarthóir á rá go bhfuil an fonn cosúil le ‘Will Ye Go, Lassie, Go’. Is amhlaidh a bunaíodh ‘Will Ye Go, Lassie, Go’ ar ‘The Braes of Balquhidder’; Francis McPeake as Béal Feirste a chum é sna 1950idí. D’fhéadfadh na tagairtí a bheith rud beag níos cruinne in áiteanna: tá leagan de ‘The Lass Among the Heather’ curtha ar fáil, mar shampla, gan foinse luaite leis ach amháin go bhfuarthas é in “a ballad-sheet” a tháinig ó John Moulden. A dhála seo, tá corrthagairt sa leabharliosta ar nós “Belfast, Central Public Library (broadsides)” – gan a thuilleadh sonraí maidir leis na foinsí atá i gceist.
Is é an rud is mó a rachaidh i bhfeidhm ar léitheoir an chnuasaigh seo, dar liom, ná líon na n-amhrán agus líon na gcineálacha amhrán a bhí ag Bess Cronin. Is iontach an rud é an leabhar seo a bheith ar fáil mar thaifead agus mar áis do phobal Bhaile Mhúirne, gan amhras. Má tá spéis ag an léitheoir na hamhráin thraidisiúnta, i nGaeilge nó i mBéarla, beidh an-lón machnaimh sa chnuasach seo.