Eascann

Pól Ó Cainín
Eascann

Mark Wickham.

‘I mbosca faoistine, ní chluinfidh aon duine ag screadach thú,’ arsa an Sagart Mac Colm leis féin, ‘... mar nach bhfuil aon duine lasmuigh. B’iontach an scannán é sin, an t-arracht ag pléascadh amach trí chliabhrach an charachtair sin.’

D’amharc an sagart thart ar an bhosca chúng dhorcha ina raibh sé. Ní bheadh sé i bhfad go dtí go mbeadh sé i mbosca níos cúinge, ach ar a laghad, bheadh comhluadar chréatúir Dé aige – péisteanna talún agus feithidí de gach cineál eile – gach seans go mbeadh siad níos cairdiúla ná cuid mhaith de chréatúir Dé os cionn an talaimh. Bhí tuirse an domhain air; bhí sé ag iompar na gcnámh agus na feola seo chomh fada sin. Ní raibh aon leigheas ar an tseanaois, ach an ceann nádúrtha – an bás. Chuir an smaoineamh sin suaimhneas air.

Chuala sé doras clé an bhosca á oscailt agus á dhruidim. Tógadh boscaí faoistine nuair a bhí daoine níos lú agus níos tanaí, mar sin, thóg sé tamall ar an duine dul síos ar a ghlúine.

Uaireanta, tháinig imní ar an sagart go labhródh an faoistineach i nglór chomh híseal sin nach gcluinfeadh sé i gceart é. Ní raibh a chluas chomh géar agus a bhí sí; bhí gléas éisteachta ina chluas chlé. Bhí sé ar intinn an cheist a chur ar dhuine níos eolaí ná é (an aois agus an chuimhne, is fada ó d’fhoghlaim sé na rialacha sin go léir!) an mbeadh sí ina faoistin mhaith murar chuala sé féin an fhaoistin go cruinn ach go raibh dea-rún ag an fhaoistineach?

Tharraing sé siar an chomhla.

‘Beannaigh mé, a athair, oir is peacach mé,’ arsa glór íseal ar an taobh eile, ‘tá sé mí ón uair dheireanach a rinne mé faoistin.’

Duine de na díograiseoirí é seo, ar an sagart leis féin, agus shocraigh sé é féin le héisteacht le liodán gairid de mhionpheacaí.

‘Lámh...,’ a dúirt an glór ar an taobh eile, ach sula dtiocfadh leis aon rud eile rud a rá, chuala an sagart ceol agus amhrán nár aithin sé – ‘Cé a lig na madaidh amach?’ Chonaic sé solas ar feadh nóiméid.

‘Gabh mo leithscéal,’ arsa an glór agus mhúch sé an guthán.

‘Sin cúpla Ár nAthair mar phionós cheana féin,’ arsa an sagart i nglór magúil.

‘Lámhchartaigh mé mé féin dhá uair go leith an tseachtain seo,’ arsa an fear.

‘Go leith?’ arsa an sagart.

‘Leath bealaigh tríd, d’éirigh mé bréan de,’ arsa an fear. ‘Níl a fhios agam an peaca é nach mbíonn smaointe drúisiúla agam níos mó?’

Bhain an cheist geit as an sagart.

‘Bheadh a lán daoine an-sásta gan na smaointe sin a bheith acu,’ ar seisean.

‘Mhothaigh mé go raibh mé beo a fhad agus a bhí siad agam,’ arsa glór, ‘ach anois níl brí ná beocht ionam. An peaca é fuath a bheith agat ar an saol?’

‘Má tá tú in éadóchas tá tú ag glacadh céim siar ó Dhia, rud a dhéanann dochar duit féin,’ arsa an sagart go caoin bog.

‘Bhuel, ghlac mé céim mhór siar ó Dhia inniu,’ arsa an glór go tapa, amhail is gur mhian leis an rud a rá sula gcuirfeadh cuid eile dá inchinn bac air.

D’éirigh na matáin teann i mbolg an tsagairt cosúil le trodaí a fheiceann doirn ag teacht ina threo.

* * *

Ar maidin, bhí mé amuigh ag tiomáint. Bhí an aimsir go hálainn agus chuir sé gliondar orm, rud nach raibh orm le fada. Agus ansin chonaic mé Tam, seanchara an teaghlaigh, amuigh ag siúl. Thiomáin mé a fhad leis agus thairg mé síob dó. Ghlac sé leis agus d’oscail sé doras an chairr. Líon boladh láidir an chumhráin Brut an carr. D’oscail mé an fhuinneog go tapa agus tháinig aer úr isteach. Shuigh Tam ar an suíochán in aice liom, agus chuir sé a lámh ar mo ghlúin.’

‘Is maith an fear thú,’ ar seisean, ‘rachadh a lán críostaithe tharam sa cheantar seo, ach thóg do thuismitheoirí go maith thú.’

B’fhíor dó. Bím i gcónaí cairdiúil agus níor chuala aon duine focal feargach uaim riamh.

‘Bhí mé ag caint le do thuismitheoirí an tseachtain seo caite,’ arsa Tam, ‘bhí siad in oifig an phoist chun a bpinsean a fháil. Níl an chuma ar cheachtar orthu go bhfuil siad chomh sean sin.’

‘Bhuel, is maith atá tú féin á sheasamh,’ arsa mise leis ag cloí leis an chluiche.

‘Níor chóir do do leithéid bréaga a insint,’ arsa Tam ag gáire, ‘ach glacfaidh mé leis an méid a deir tú. Cá bhfuil tú ag dul?’

‘Ar lá chomh galánta seo, tá mé ag baint sult as,’ arsa mise, ‘bhí mé ag smaoineamh go rachainn ag iascach. An dtiocfaidh tú liom?’

‘Tiocfaidh,’ arsa Tam, ‘níl aon áit eile le dul agam anois ach amháin an uaigh.’

‘Sin go hiontach,’ arsa mise, agus thosaigh mé a thiomáint.

Bhí mé ag tiomáint ar feadh tamaill nuair a labhair Tam.

‘Amharc ar an pháirc pheile sin! Nach gcoinníonn siad cruth iontach uirthi. Bhí tú féin i do pheileadóir chumasach nuair a bhí tú óg. D’fhéadfainn a bheith ag amharc ort ó mhaidin go hoíche. Bhí na scileanna uile ... agus cúpla ceann breise ... agat. Ba thrua gur éirigh tú aisti.’

‘Ag rith suas síos páirc pheile sa tóir ar aer clúdaithe le leathar nó plaisteach, chonacthas domh nach raibh mórán céille leis,’ arsa mise.

‘Tarraingíonn an pheil daoine i bpobail le chéile,’ arsa Tam.

‘Uaireanta, ní drochrud é a bheith scartha rud beag,’ arsa mise.

‘Ar aon nós, chonaic mé do chuid buanna sular chríochnaigh tú,’ arsa Tam.

‘Chonaic,’ arsa mise.

‘Na seanlaethanta a bhí,’ arsa Tam, ‘tá siad thart.’

‘Tá,’ arsa mise, ‘buíochas do Dhia.’

‘Is dócha nach ionann ár gcuimhní ar na laethanta sin,’ arsa Tam.

‘Tá mé cinnte, nach dócha,’ arsa mise.

Bhí mé fós ag tiomáint. Bhí an carr ag éirí an-te agus an ghrian ag soilsiú tríd an fhuinneog. Chonaic mé go raibh Tam ag cur allais.

‘Rachaidh mé an bealach sin,’ arsa mise ag díriú mo mhéire i dtreo bóthar a raibh crainn ag fás ar an dá thaobh de, ‘beidh sé níos fionnuaire ansin.’

‘Níl muid cleachta leis an teas sa tír seo,’ arsa Tam.

‘Blianta ó shin, léigh mé áit éigin nuair a shamhlaigh muintir na hÉireann ar Ifreann – Ifreann oighir a bhí ann,’ arsa mise.

‘Ifreann oighir agus Ifreann tine, is trua nach bhfuil Ifreann idir an dá cheann sin,’ arsa Tam.

‘An saol seo,’ arsa mise.

‘Bhí saol bog agat, a mhic,’ arsa Tam, ‘níor iompair tú rud níos troime ná smaoineamh ná peann riamh. Dá mbeadh rud trom le hiompar ar do dhroim thuigfeá saol crua.’

Chuir mé mo chos síos chun luas a chur faoin gcarr.

‘Is carr iontach é seo,’ arsa Tam.

‘Má bhuailim carr nó má bhuaileann aon rud sa tóin mé,’ arsa mise, ‘cosnóidh an carr seo mé.’

‘Bhí tú ag rá go raibh tú ag dul ag iascach,’ arsa Tam, ‘nach bhfuil sé róghrianmhar?’

‘Tá mé ag dul chuig áit atá faoi scáth crann,’ arsa mise, ‘bíonn na cuileoga ag eitilt go híseal agus na bradáin ag léim go hard.’

‘Tá súil agam go maróidh tú cúpla iasc,’ arsa Tam.

‘Tá mé cinnte go maróidh mé rud éigin,’ arsa mise.

‘Cad a úsáidfidh tú chun é a dhéanamh?’ arsa Tam, ‘Cuileog nó péist talún?’

‘Plámás,’ arsa mise ag gáire.

‘Bhí béal milis agat i gcónaí,’ arsa Tam.

D’imigh solas na gréine agus bhí muid faoi scáth na gcrann.

‘Níl muid i bhfad ón abhainn,’ arsa mise.

Tharraing Tam bos a láimhe trasna a bhaithise.

‘Tá tuiscint agam anois ar bhreac ar fhriochtán,’ ar seisean.

‘Ní dhéanfaidh an tuiscint sin aon dochar duit,’ arsa mise.

Thiomáin mé an carr isteach i spás mór glas faoi na crainn agus stop mé an carr.

‘Seo muid,’ arsa mise. Ní raibh an abhainn ach fiche coiscéim romhainn.

‘Is áit dheas í seo,’ arsa Tam, ‘tá sí an-suaimhneach.’

‘Is maith liom í,’ arsa mise, ag oscailt an dorais, ‘caithfidh mé rud éigin a ullmhú sa bhúit, suigh ansin.’

Shiúil mé go cúl an chairr agus d’oscail mé an bhúit; bhí sé folamh. Sheas mé ansin ar feadh tamaill agus bhain mé díom mo chrios; ceann láidir leathair. Shiúil mé a fhad leis an doras a bhí taobh thiar de Tham agus d’oscail mé é.

‘Tá mo bhuataisí rubair istigh anseo,’ arsa mise le Tam ag suí sa suíochán taobh thiar de.

‘Chaith mé a lán de mo shaol sna buataisí céanna,’ arsa Tam.

‘Ní bheidh ort iad a chaitheamh níos mó,’ arsa mise ag cur an chreasa thart ar a mhuineál agus ag tarraingt go láidir.

D’ardaigh sé a lámha chun breith ar an chrios, ach chuir mé mo chosa in éadan chúl an tsuíocháin agus bhrúigh mé go tréan agus mé ag tarraingt ar an chrios. Ní raibh Tam ábalta labhairt toisc go raibh an crios ag brú ar a laraing.

Chonaic mé a aghaidh sa scáthán tosaigh agus chonaic seisean m’aghaidh sa scáthán sin. Na huaireanta sin i m’óige agus sinn le chéile, ní fhaca seisean m’aghaidh. Ní raibh suim aige i m’aghaidh.

* * *

‘Mar iascaire, bhí orm eascann a mharú ó am go ham. Chuir Tam eascann i gcuimhne dom agus é ag lúbadh agus ag casadh sa suíochán tosaigh. Is doiligh eascann a bhaint de dhuán nó iad a mharú. Ag smaoineamh siar, is dóigh liom gur mhothaigh mé níos measa ag marú an chréatúir shleamháin fhuair sin – an eascann atá i gceist agam.’

Níor dhúirt an Sagart Mac Colm aon rud – thuig sé gurbh fhearr dó a bheith ciúin agus éisteacht.

‘Bomaite ina dhiaidh sin, stop Tam ag bogadh. Tharraing mé amach as an charr é agus chuir mé sa bhúit é. Bhí a fhios agam an áit a gcuirfinn é, agus níor thóg sé mórán ama chun an áit sin a bhaint amach.’

Stán an sagart ar an ghreille idir é féin agus an cainteoir.

‘Ní bhfaighidh aon duine Tam. Beidh fógraí ann tar éis roinnt seachtainí ag rá go bhfuil sé ar iarraidh. Na cairde a bhí aige tá cuid mhaith díobh marbh. Ansin imeoidh sé as cuimhne na ndaoine. Póstaeir stróicthe ar chuaille solais.’

Bhí ciúnas ann a mhair tamall sa bhosca faoistine.

‘Cé nach bhfuil aithreachas orm, cén aithrí a dhéanfaidh mé?’ arsa an fear.

D’amharc an sagart ar an urlár. Seans gur shuigh Tam sa bhosca sin go minic roimhe sin agus gur iarr sagart air aithrí a dhéanamh, rud nach ndearna sé i ndáiríre. Chuardaigh an sagart a phócaí, fuair sé peann, agus scríobh sé cúpla uimhir fóin síos ar phíosa páipéir. Bhrúigh sé an páipéar tríd an ghreille.

‘Labhair le duine de na comhairleoirí síceolaíocha seo faoi na rudaí a tharla duit i d’óige,’ ar seisean, ‘agus ansin seans go mbeidh tú ábalta déileáil leis an méid a dúirt tú anocht. Mar aithrí abair paidir ar son na marbh. Anois abair an Gníomh Dóláis.’

Chuala an sagart glór íseal an fhir. Ansin sheas an fear agus d’imigh sé.

D’fhan an Sagart Mac Colm ina shuí sa bhosca ar feadh fiche bomaite. Níor amharc sé amach. Ní raibh eagla air, ach níor mhian leis aghaidh an fhir a fheiceáil. Níor tháinig aon duine eile isteach.

Sa deireadh, d’éirigh an sagart, mhúch sé an solas agus d’oscail sé doras an bhosca. Bhí an teach pobail ciúin. Chonaic sé cruth dubh daonna ar a ghlúine ag cúl an tí phobail. Shiúil sé ionsair.

D’ardaigh an duine a cheann.

‘A Liam,’ arsa an Sagart Mac Colm. Sagart ó pharóiste eile a bhí i Liam.

‘A Mhicí,’ arsa Liam, ‘Chonaic mé an solas istigh agus tháinig mé isteach le fiafraí díot ar mhaith leat dul faoi choinne pionta?’

‘Sin na focail is deise a chuala mé anocht, a Liam,’ arsa an Sagart Mac Colm, ‘Tabhair cúpla bomaite dom chun na soilse a mhúchadh agus na doirse a chur faoi ghlas, agus beidh mé leat.’

I ndiaidh dó an doras deireanach a chur faoi ghlas, shiúil an sagart a fhad le Liam.

‘Bhuel, tá mé réidh,’ ar seisean, ‘cá rachaidh muid?’

‘Níl Teach Uí Néill i bhfad uainn, tig linn linn dul ansin i mo charr.’

‘B’fhearr liom siúl,’ arsa an Sagart Mac Colm.

‘An raibh tú gnóthach anocht?’ arsa Liam.

‘Dá mbeadh pionta agam do gach duine a rinne faoistin anocht,’ arsa an Sagart Mac Colm, ‘ní bheadh fadhb óil agam.’

‘Níl fadhb óil...’ arsa Liam, ach chuir ceol fón póca isteach ar an méid a bhí sé a rá. Thóg sé an fón amach agus d’amharc ar an scáileán.

‘Caithfidh mise seo a fhreagairt,’ ar seisean, ‘mura miste leat.’

‘Ar aghaidh leat,’ arsa an Sagart Mac Colm, ‘freagraíonn daoine glaonna fóin inniu níos tapúla ná a fhreagraíonn siad glao Dé.’

Rinne Liam gáire, shiúil sé ar aghaidh agus é ag caint ar an fhón.

D’amharc an Sagart Mac Colm ar Liam ag siúl roimhe; ní raibh fonn óil air a thuilleadh, ach shíl sé gurbh fhearr do Liam an comhluadar s’aige ná maithiúnas Dé.

Pól Ó Cainín