Breith an phobail…

Deaglán de Bréadún
Breith an phobail…

Beidh go leor ábhar machnaimh ag na ceannairí éagsúla le linn shos an tsamhraidh, a deir Deaglán de Bréadún

Cá bhfuil ár dtriall? Sin ceist atá á cur ag pobal na hÉireann agus ceannasaíocht á lorg acu ó na polaiteoirí. Tá ráiteas cáiliúil a luaitear go minic le Mary Harney, cé go ndeir sí féin nárbh ise a chum an nath sa chéad áit. Tabharfaidh mé leagan Gaeilge daoibh ar dtús: ‘Is fearr an lá is measa sa rialtas ná an lá is fearr sa bhfreasúra’. Nó mar a dúirt sí féin, sa Dara Teanga Oifigiúil: ‘The worst day in government is better than the best day in opposition.’ B’in teachtaireacht a chuir sí chuig John Gormley ón bPáirtí Glas sa bhliain 2007. Bhíodar beirt ina n-airí rialtais an bhliain úd.

Táim féin tar éis cuid mhaith de mo shaol proifisiúnta mar iriseoir a chaitheamh ag coinneáil súil ar pholaiteoirí i dTeach Laighean agus in áiteanna eile, ó cheanncheathrú na Náisiún Aontaithe go dtí Stormont i mBéal Feirste agus fiú ar feadh tréimhsí gairide in áiteanna mar Westminster, an Knesset in Iosrael, an Chreimil i Moscó agus an Teach Bán in Washington.

Sna háiteanna sin go léir is beag uair a mhothaíos gur mhaith liom a bheith i mo pholaiteoir. Ainneoin go ndeir Mary Harney go bhfuil sé i gcónaí níos fearr bheith sa rialtas ná sa bhfreasúra, de ghnáth bíonn brú níos mó ar na baill rialtais. Is féidir leis an bhfreasúra éilimh as cuimse a chur ar an rialtas agus ní bhíonn siad féin faoi mhionscrúdú i ndáiríre go dtí go dtagann said féin isteach sa rialtas – tar éis olltoghcháin de ghnáth.

Is nós leis an bpobal níos mó muiníne a chur sa bhfreasúra ná sa rialtas. B’fhéidir nach bhfuil sé sin ciallmhar ach sin mar a bhíonn cúrsaí sa saol polaitiúil go minic. Fuair Páirtí an Lucht Oibre 19.5% de vótaí céadrogha agus 37 suíochán sa Dáil, in olltoghchán 2011. B’in an líon suíochán is mó a bhuaigh an páirtí riamh. Ach sa chéad olltoghchán eile, in 2016, fuair siad 6.6% de na vótaí céadrogha agus iad taobh le seacht suíochán. Ceann de na fadhbanna ar ndóigh ná gur páirtí mionlaigh a bhí iontu sa chomhrialtas le Fine Gael.

Más féidir brath ar na pobalbhreitheanna, tá seans an-mhaith ag Sinn Féin bheith ar an bpáirtí is mó sa chéad rialtas eile, cé go bhféadfaí an t-olltoghchán a chur ar an méar fhada, fiú go dtí an 20 Feabhra 2025. De ghnáth is fearr leis na polaiteoirí fanacht in oifig chomh fada agus is féidir, in ionad bheith ag dul sa seans ag an mbosca ballóide. Dá bhrí sin, tá an tuairim réasúnta forleathan go mbeidh an rialtas reatha ‘ag dul go dtí an tír’ ag pointe sách déanach sa bhliain 2024.

Ar ndóigh, bheadh na páirtithe rialtais ag súil go mbeidh an loinnir imithe de Shinn Féin faoin am sin. Ar an dtaobh eile de, d’fhéadfadh stádas an pháirtí dul níos airde fós.

Agus seo á scríobh agam, táim ag breathnú ar liosta de na pobalbhreitheanna a foilsíodh ón olltoghchán deireanach. Ar lá na vótála féin, roghnaigh 24.5% Sinn Féin i gcomhair Uimhir a hAon ag an mbosca ballóide, i gcomparáid le 22.2% d’Fhianna Fáil, 20.9% d’Fhine Gael agus 7.1% dos na Glasaigh. Mar is eol don saol uile, níor rith Sinn Féin dóthain iarrthóirí chun an tairbhe is mó a bhaint as an bhfigiúr sin. Tháinig siad ar ais le 37 suíochán, Teachta Dála amháin níos lú ná Fianna Fáil, an Ceann Comhairle ón bpáirtí sin san áireamh, agus dhá shuíochán níos mó ná Fine Gael a raibh 35 Teachta Dála acu.

Is féidir a bheith cinnte go gcuirfidh Sinn Féin go leor iarrthóirí chun cinn an chéad uair eile chun an leas is mó a bhaint as an dtacaíocht a fhaigheann siad ag na bothanna vótála.

Go ceann bliana tar éis an olltoghcháin in 2020, bhí Fine Gael chun tosaigh sa chuid is mó de na pobalbhreitheanna maidir le rún vótála na ndaoine sa chéad toghchán eile. Suas go dtí 23 Feabhra 2021, fuair siad an figiúr is airde i seacht gcinn déag des na suirbhéanna a rinne na comhlachtaí éagsúla i gcomparáid le naoi gcinn ag Sinn Féin agus gan ceann ar bith ag Fianna Fáil.

Tá na príomhthorthaí as na 47 suirbhé ó chomhlachtaí aitheanta a reáchtáladh idir an 25 Feabhra 2021 agus an 1 Iúil 2022 (an dáta is deireanaí atá ar fáil agus seo á scríobh) le feiceáil ar an suíomh seo a leanas: https://en.wikipedia.org/wiki/Next_Irish_general_election

Bhí Sinn Féin sa chéad áit in dhá cheann is daichead agus Fine Gael sa phríomháit ceithre huaire. Bhí Sinn Féin agus Fine Gael ar chomhscór i gcás amháin. Bhí Fianna Fáil sa dara háit seacht n-uaire, agus ceann amháin acu sin ar comhleibhéal le Fine Gael a bhí siad.

Maidir leis na Glasaigh, tá siad ar 4% le trí shuirbhé anuas; tá an scéal mar an gcéanna a bheag nó a mhór le Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta agus níl mórán de bhorradh faoi na mionpháirtithe eile ach oiread.

Mar sin, beidh go leor ábhar machnaimh ag na ceannairí éagsúla le linn sos an tsamhraidh. Ní hamháin in Éirinn ach ina lán tíortha eile chomh maith. Tá géarchéim ann maidir le costas maireachtála agus tá an cogadh san Úcráin ag cur leis na deacrachtaí sin. Dúradh go bhfógrófaí an Buiséad ar an 27 Meán Fómhair, coicís níos luaithe ná mar is gnáth – comhartha, b’fhéidir, ar cé chomh práinneach is atá cúrsaí. Beidh údar sóláis suntasach á lorg ag daoine ón Aire Airgeadais Paschal Donohue, Fine Gael agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, Fianna Fáil.

Ar ndóigh táimid ag súil go malartóidh an bheirt acu na jabanna úd i lár mhí na Nollag, mar i bprionsabal is ag an am sin atá Leo Varadkar le teacht ar ais mar Thaoiseach agus Micheál Martin chun an post mar Thánaiste a ghlacadh.

Bhí Leo ag feitheamh ar chinneadh maidir le comhad a cuireadh faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tar éis do Varadkar cóip de dhréacht-chomhaontú stáit le heagraíocht liachleachtóirí ginearálta a roinnt le ceannaire grúpa eile dochtúirí. Tá cinneadh déanta anois ag an Stiúrthóir nach mbeidh aon ionchúiseamh i gceist. Sular fógraíodh an cinneadh sin, luaigh urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty an t-ábhar sa Dáil agus ní raibh an Tánaiste róshásta leis an dTeachta as Dún na nGall. Rinne sé frith-ionsaí inar ardaigh sé ceisteanna faoi stair Shinn Féin. Gach seans go mbeidh go leor comhráite géara mar sin ar siúl sa réimse polaitiúil nuair a fhógraítear an chéad olltoghchán eile.

Tá an rialtas cáinte ag Doherty as diúltú buiséad éigeandála a thabhairt isteach le bearta chun tacú le hoibrithe agus le teaghlaigh atá ag sracadh go mór leis an gcostas maireachtála: ‘Tá roghanna deacra le sárú ag gnáthoibrithe agus teaghlaigh, agus tá tacaíocht de dhíth orthu.’

Cloisfimid a thuilleadh ar an dóigh chéanna ó Shinn Féin idir seo agus lá an olltoghcháin. Ar bhealach is buntáiste don pháirtí nach raibh siad i gceannas ar an taobh theas den teorainn go dtí seo. Más rud é go dtagann siad i gcumhacht, tá sé tábhacthach dóibh go mbeidh daoine ag ceapadh go ndearna siad jab maith ionas go mbeidh an pobal sásta iad a chur ar ais in oifig an chéad uair eile. Tá aontacht na hÉireann mar phríomhaidhm ag Mary Lou McDonald agus a cairde agus tógfaidh sé sin níos mó ná téarma rialtais amháin le cur i gcrích.

Deaglán de Bréadún