Deaglán de Bréadún

Duine de na hiriseoirí is mó taithí in Éirinn is ea Deaglán de Bréadún. Chaith sé a lán blianta leis an Irish Times, mar Eagarthóir an Tuaiscirt, mar Chomhfhreagraí Gnóthaí Eachtracha, mar Chomhfhreagraí Polaitiúil, mar Eagarthóir Gaeilge agus i bpostanna eile. Ina dhiaidh sin, bhí sé mar Eagarthóir Polaitiúil leis an Irish Sun agus mar Chomhfhreagraí Raidió Áitiúil le Tithe an Oireachtais. I measc na leabhar eile uaidh tá Power Play: The Rise of Modern Sinn Féin (Merrion Press) agus Cinnlínte: Saol an Iriseora (Cois Life). Is ball de Chomhairle Preasa na hÉireann é freisin.

Ailt in Comhar (4)