Sleachta as Comhar

Agus Comhar 80 bliain ar an bhfód i mbliana tugann Donncha Ó hÉallaithe blaiseadh dúinn sa tsraith speisialta seo ar ábhar a foilsíodh san iris le ceithre scór bliain. An mhí seo tá roinnt míreanna as eagráin an Iúil leis na blianta

D’ardaigh Earnán de Blaghd (1889-1975) ceist faoi stádas na Gaeilge i Scoil an Léinn Cheiltigh, an Institiúid Ard-Léighinn, sa tríú heagrán den iris. Ultach ó chúlra Aontachtach ab ea an Blaghdach. Le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge chuaigh sé ag obair ar fheirm i gCinn Aird i gCorca Dhuibhne sa bhliain 1913. Nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann thóg sé an cúram air féin eagar a chur ar chomplacht i Lios Póil.

An Blaghdach a bhí ina Aire Airgeadais i rialtas bunaithe an tSaorstáit 100 bliain ó shin. Ba é ba chúis le cuid mhaith de na beartais a cuireadh i bhfeidhm idir 1923 agus 1932, ag tacú leis an nGaeilge: bunú an Ghúim, maoiniú a chur ar fáil do Thaibhdhearc na Gaillimhe, bunú na gColáistí Ullmhúcháin, dualgas a leagan ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh i dtaobh soláthar cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge.

Bhí spéis faoi leith aige sa drámaíocht agus bhí sé i gceannas ar feadh na mblianta ar Amharclann na Mainistreach. Sheas sé go tréan le háit na Gaeilge san Amharclann Náisiúnta a chosaint. Faoina stiúir ní ghlactaí aisteoirí isteach sa gcompántas mura raibh Gaeilge mhaith acu, polasaí a chothaigh neart conspóide ar ndóigh.

San alt seo tá spalla á chaitheamh aige le T.F. O’Rahilly (1883-1953) a bhí ina Stiúrthóir nuacheaptha ar Scoil an Léinn Cheiltigh. An bhliain chéanna, 1942, foilsíodh léacht le O’Rahilly inar nocht sé an tuairim go raibh níos mó ná Naomh Pádraig amháin ann!

DÁ mBEINNSE IM’ STIÚRTHÓIR ...

Earnán de Blaghd

D’iarr an t-Eagarthóir orm aiste do scríobhadh ar cad a dhéanfainn dá mbeinn im Stiúrthóir ar an Scoil Léighinn Cheiltigh d’Institiúid an Ard-Leighinn. Toisc nach bhfuilim sásta leis an gcrot atá dhá chur ar an scoil, thoiligheas chun rud a dhéanamh air. Dá mbeadh an t-údarás agam, chuige thabharfainn fé Scoil Ghaelach a dhéanamh den Scoil Cheiltigh. Ní hionann san is a rádh go gcuirfinn i gcoinnibh staidéir ar an mBreatnais nó ar an mBriotáinis. Sé rud a bheadh uaim, gan ligint don Bhéarla bheith níos tábhachtaí in obair na Scoile ná mar a bheadh an Fhraincis nó an Ghearmáinis.

Maidir le cúis na teangan is beag a rinne na hardscoláirí Gaedhilge go nuige seo - lasmuigh de thriúr nó ceathrar díobh - ach cumhacht (sic) an Bhéarla in Éirinn do mhéadú mar is as Béarla is mó a bhídís ag cur síos ar ghramadaigh, ar shanasaíocht agus ar litríocht na Gaedhilge. Scríobhaidís as Béarla mar gheall ar an nGaedhilg; ní raibh sa Ghaedhilg aca ach corp le habláil. Ba scorn leo nó b’eagal leo í scríobhadh. Agus dar ndóigh is as Béarla a labhraídís lena chéile agus lena gcairde. Ó’s treise sampla ná seanmóir is fuiriste a dhéanamh amach cad é an toradh bhí ag a gcuid oibre ar scéal na teangan.

Ba chóir, dar liom, go gcabhródh an Scoil Cheilteach le sábháilt na Gaedhilge. Má cailltear an teanga ní fada a mhairfeas an Náisiún Gaelach nó a chuimhne. Agus má imíonn náisiúntacht na hÉireann as cuimhne an phobail is beag an spéis a chuirfear i gceann céad bliain, sa léigheann Cheilteach...

Dá mbeinn-se i mo Stiúrthóir ar an Scoil, bhéarfainn ordú leanúint don tsórt oibre atá, de réir mar a chloisim, ar siúl cheana, ach gach tráchtas, réamhrá, nóta, míniú agus gluais d’fhoilsiú i nGaedhilg amháin. Dá mbeadh an scoláire atá ina Stiúrthóir anois ina ollamh fúm-sa, bhéarfainn air a bhfuil le hinsint i dtaobh Phádraig Naofa aige, do scríobhadh as Gaedhilg...

Bhí baint ag Seán Ó hÉigeartaigh (1917-1967) leis an Comhchaidreamh a bhunú - eagraíocht idirollscoileanna as ar eascair COMHAR. Chuir sé bonn gnó agus slacht ar an iris le linn dó a bheith ina Stiúrthóir. Bhí baint aige le bunú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1947 agus chuir sé borradh faoi litríocht na Gaeilge nuair a bhunaigh sé féin is a bhean Bríghid an teach foilsitheoireachta Sáirséal agus Dill. Státseirbhíseach ab ea Seán i Roinn an Airgeadais ina obair lae. Ba mhaith an saothraí é, a fuair bás agus gan é ach 50 bliain d’aois ach mórán bainte amach aige ar son na cúise.

San alt fada seo uaidh rinne sé anailís thomhaiste ar fhíorstaid na Gaeltachta, ag úsáid figiúirí ón dá Dhaonáireamh, 1946 agus 1951 agus figiúirí ó Scéim na Cúig Phunt (Scéim Labhairt na Gaeilge). Ag an am bhí teorainneacha na Gaeltachta mar a leagadh síos iad i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 1926: FíorGhaeltacht (80%+ ina gcainteoirí Gaeilge) agus Breac-Ghaeltacht (faoi 80% ach ar a laghad 25% ina gcainteoirí Gaeilge).

De réir a chuid anailíse ar na figiúirí daonáirimh sin laghdaigh líon na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta idir 1926 agus 1946, mar a léirítear sa tábla seo:

Ag úsáid líon na bpáistí i scoileanna Gaeltachta a bhí ag fáil na gCúig Phunt, bhí sé in ann a dhéanamh amach ‘nach bhfuil thar 38,000 Gaeilgeoirí fágtha san Fhíor-Ghaeltacht’.

Trí bliana théis fhoilsiú an ailt i gComhar, rinne an rialtas idirpháirtí a bhí i réim ag an am dhá chéim thábhachtacha a thógáil i 1956: bunaíodh Roinn na Gaeltachta agus athshocraíodh teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta, a d’fhág go raibh thart ar 80,000 ina gcónaí sna ceantair ag a raibh aitheantas Gaeltachta, agus gan aon idirdhealú idir Breac-Ghaeltacht agus Fíor-Ghaeltacht a thuilleadh.

Gaeltacht Theoranta

Seán Ó hÉigeartaigh

Ábhar mór buartha do Ghaeilgeoirí é a léamh in Imleabhar VIII de thorthaí Dhaonáireamh 1946 gur thit líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ó 238,000 go 193,000 idir 1936 agus 1946, titim de 19%...

Dá olcas iad na figiúirí seo, tá fírinne an scéil i bhfad níos measa. Chun críocha na ndaonáireamh glactar leis an imlíniú ar cheantair na Gaeltachta a rinne Coimisiún na Gaeltachta i 1926. I rith an ama tá an Ghaeltacht ag leá mar shneachta na Bealtaine, áfach, agus níl an Ghaeilge in úsáid in aon chor mar ghnáth-theanga sna ceantair ar Bhreac-Ghaeltacht iad i 1926, ná i gcuid mhór de na ceantair arbh Fhíor-Ghaeltacht iad sa bhliain sin... Is lú ná 40,000 anois an líon daoine a bhfuil an Ghaeilge ó dhúchas acu agus arb í a ngnáth-theanga í. Tá 80% caillte den Ghaeltacht a bhí ann nuair a thug Coimisiún na Gaeltachta a thuarascáil...

Agus an t-eolas don aiste seo á bhailiú agam dúirt Gaeilgeoir dúthrachtach liom nár thuig sé cad a thug orm an t-ábhar seo a thoghadh, nó cén maitheas a dhéanfadh sé a thaispeáint go raibh an Ghaeltacht ag dul i laghad, rud a bhí ar eolas go maith ag Gaedhealaibh. Ní dhéanfaí, a dúirt sé, ach leas a bhaint as an eolas sin chun dochar a dhéanamh don teanga.

Is é mo fhreagra air sin gurb é an dochar is mó is féidir a dhéanamh don teanga ná ligean don Ghaeltacht leá uainn, gan éinní fónta a dhéanamh chun í choiméad slán.....

Le linn na seascaidí thosaigh Comhar ag foilsiú corrscéal ó Dhónall Mac Amhlaigh (1926 - 1989). Is i gCnoc na Carra [Cathrach], ceantar tuaithe ar imeall thiar chathair na Gaillimhe, a bhí an teach ag muintir a mháthar. Le linn a óige is cosúil go raibh Gaeilge fós le cloisteáil sa gceantar sin i measc daoine meánaosta agus scothaosta. Is cuid de chathair na Gaillimhe anois an ceantar sin, agus daonra mór ina gcónaí sna heastáit tithíochta a tógadh ann le blianta beaga anuas. Is ann atá Gaelscoil Mhic Amhlaigh lonnaithe, agus í ainmnithe in ómós do Dhónall.

Fuair Dónall a chuid bunoideachais i Scoil Fhursa, scoil i nGaillimh a raibh agus a bhfuil cáil na Gaeilge uirthi. Ba shaighdiúir a athair a bogadh go Cill Chainnigh i 1939, ag tús an chogaidh. Bhain Dónall cáil náisiúnta amach le ‘Dialann Deoraí’, leabhar a foilsíodh i 1960, faoina shaol ag obair ar láithreáin tógála i Sasana.

Scéalaí cumasach ab ea Dónall, mar is léir ón alt seo, a foilsíodh i gComhar.

Giolla na mBróg

Dónall Mac Amhlaigh

Is fánach an rud a d’athródh saol an duine. Aníos as Chill Chainnigh ag caitheamh saoire bheag i nGaillimh le muintir mo mháthar sea bhí mé féin nuair a chuala mé faoin bpost mar Ghiolla Bróg a bhí ag imeacht in óstán áirithe sa gcathair sin. Ní raibh aon obair rialta agam féin ag an am sin, agus ó nach raibh chinn mé ar job an óstáin a iarraidh.... Dá mbeadh fhios agam é, an lá ar ghlac mé leis an bpost sin, bhí mé réidh ar feadh an chuid eile de mo shaol le teach mo mhuintire féin [i gCill Chainnigh] cé’s moite go gcaithfinn saoire nó seal beag ama ann ó am go chéile as sin amach. Sin an fáth a n-abraím gur fánach an rud a d’athródh saol an duine.

Ach faoin bpost san óstán. Sul má chuaigh mé dá iarraidh bhuail mé orm an chulaith ab fhearr dá raibh agam, thug mé sciúradh bríomhar do mo dhrad agus fuair mé bearradh gruaige maith giortach. Thug mé m’aghaidh ar an óstán ansin.

Ar éigean a bhí mo chorrmhéar tógtha den chnaipe agam nuair b’shiúd amach chugam an bhean uasal, mór maorga seo, í gléasta in éadach dubh, meangadh deas fáilteach ar a haghaidh agus an mhilseacht ag spré uaithi. Ach scaip an fháilte agus an mhilseacht dhá nóiméad ina dhiaidh sin nuair a mhínigh mé di céard a thug ann mé. Is cosúil gur cheap sí gur ábhar aoi a bhí ionam i leaba ábhar giolla bróg.

D’fhuaraigh a dreach agus ghlac sí chuici an tuin labhartha úd a meastar bheith ag feiliúint don Íseal-Aicme. Sea, bhí giolla de dhíth orthu ceart go leor ach níorbh é sin le rá go bhfostófaí an chéad (nó an dara) duine a thiocfadh ag iarraidh an phoist...

Tuarastal? Tuarastal? Ó sea, tuarastal! Cinnte bhí tuarastal ann. B’fhéidir nárbh é an tuarastal b’airde faoin ngréin é ach céard faoi na buntáistí eile a bhí ag roinnt leis an bpost? Síneadh láimhe, mar shampla. Níorbh fhios céard a dhéanfadh giolla ar an mbealach seo i rith an tséasúra agus lena chois sin bheadh beathú saor agus seomra beag leapan le fáil san óstán......

D’fhágfadh na haíonna a gcuid bróga taobh amuigh dá ndoirse gach oíche agus ní bheadh le déanamh agam-sa ach na bróga sin a ghlanadh agus corr-shoitheach lán d’uisce fiuchta a thabhairt chuig an gcuid acu a mbeadh fonn bearrtha ar maidin orthu. Na tinte a choinneál lasta, a dhul ag iarraidh a mbeadh ag teastáil de theachtaireachtaí, agus bagáiste na n-aíonna a iompar anuas chuig an óstán ó Stáisiún na Traenach nó aníos ón ‘Dún Aengus’ nuair a thiocfadh sí le céibh - sin a mbeadh le déanamh agam. Bheinn ar diúité, bhuel, - ón seacht a chlog ar maidin go dtí seacht a chlog an mhaidin dár gcionn dá mba ghá é! Bheadh cead agam a dhul a chodladh, ar ndóigh ach dá mbuailfeadh an cloigín...

I dtús báire ní bhíodh gíog as an gcloigín oíche ach ansin faoi cheann tamaill thosaigh cineál aoi ag teacht chuig an óstán - aíonna ar nós leo fanacht amuigh go dtí trí a chlog ar maidin agus níos moille. De ghnáth d’éirínn scioptha go leor agus d’osclóinn an doras dóibh ach chodail mé trí’n ngleo ar fad oíche amháin agus nuair a chuaigh Caitlín chuig an doras ar maidin ar a bealach chun Aifrinn, cé bheadh roimpi ar an tairseach, ach fear bocht tuirseach, cloíte a raibh pian ina chorrmhéar ó bheith ag brú ar an gcnaipe...

Tugadh íde béil uafásach dom féin an mhaidin chéanna...Ach mar sin féin sílim go mbainfinn tamaillín maith amach san óstán céanna murach go dtáinig an Gael ba mhó dá bhfaca mise riamh ag cur faoi ann seal laetha. Giolla Críost Ó Broin a bhí ann, agus ba gheall le ga gréine a theacht go dúnáras duairc úd na galántachta...

“He’s an Ireeshian”, arsa an bhainistreás, go searbhasach, “so you should get on all right with him”. Ba léir go mba bheag a hómós don treibh sin...

Ní fhéadfadh fios a bheith ag Giolla Críost Ó Broin go raibh Gaeilge agamsa nó nach raibh ach chuir sé forrán orm sa teanga sin gan fanacht lena fháil amach an dtuigfinn é nó nach dtuigfinn...

Seachtain a d’fhan an “Ireeshian” san óstán, sílim sular thug sé aghaidh ar Inis Meáin, áit a dtéadh sé ar saoire mórán chuile bhliain. Níor ghlan mé aon bhróg dá chuid i gcaitheamh na seachtaine sin nó ní cuimhneach liom gur rinne mé gar ar bith eile dhó ach ba ag fás agus méadú a bhí an caradas eadrainn. Uair ar bith a mbíodh an deis agam d’imínn amach thart faoin gCathair in éindí leis agus ba ann a fuaireas mo chéad amharc riamh ar an nGael militant ag gníomhú. Ba gheall le maide draighin i lámha Mhac Uí Bhroin an Ghaeilge.

Chloígh sé agus threascair sé na hain-Ghaeil, lucht na fuarchúise agus aon chainteoir dúchais drogallach dár casadh dhó ina shiúlta. Thagadh dath bán ar aghaidheanna na gcléireach in Oifig an Phoist nuair a d’fheicfidís chucu é agus rachadh cailíní freastail agus lucht siopaí isteach i scailp le dul i bhfolach air. Cháin sé iad siúd a bhí gan aon Ghaeilge agus mheall sé abairtí faiteacha astu siúd a bhí ar bheagán Gaeilge: ach go bhfóire Dia orthu siúd a raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu agus nach mbíodh sásta í labhairt! Thiteadar roimhe mar a thiteann an móinfhéar roimh lann na speile.

Ar ndóigh, ní go réidh a d’fhéadfainnse an dá thrá a fhreastal in éindí agus thosaigh mé ag déanamh faillí in obair an óstáin de réir a chéile. Ach ba é buille na tubaiste uilig é nuair a fuair an bhainistreás istigh i seomra an “Ireeshian” mé, tar éis di bheith dhá uair a chloig do mo thóraíocht...D’aithin mé féin ar an dreach fann a tháinig ar a héadan go raibh mo phort seinnte...

I nGort a’ Choirce, rugadh Cathal Ó Searcaigh i 1956. Ní raibh mórán cáil fós air nuair a foilsíodh trí dhán leis i Comhar i 1979. Tá aitheantas bainte amach aige ó shin mar scríbhneoir cruthaitheach agus tá a chuid filíochta aistrithe go hiliomad teangacha. Is ball é de Aosdána ó 1995. Fear aerach é a tháinig amach go poiblí, nuair nach raibh sé éasca ná coitianta a leithéid a dhéanamh. In 2009 tharraing sé conspóid air féin de bharr agallamh a thug sé do Neasa Ní Chianáin, sa gclár teilifíse ‘Fairytale of Kathmandu’, agallamh inar ardaíodh ceisteanna míchompordacha faoin obair charthanachta a bhí ar bun aige i Neipeal.

Dánta Dánta

Cathal Ó Searcaigh

Ar na Croisbhealaí a bhuail mé leo
Lá aonaigh sna seascaidí,
Soiscéalaithe na mbláthanna ó Frisco
Iad niamhrach i mbratógaí,
Ó dhuine go duine, rósanna ina gciseáin
Chuaigh siad mórthimpeall na sráide,
Ag dáileadh ar chách le briathra aduaine
Rósbhéile láíochta -
This Rose that we share with you
Is the blood and body of love
Do this among yourselves.

Stán na tuataigh is bhí mana basctha
Ar a n-aghaidheanna fógraithe,
Chlaon siad a gcloigne i malartú baoithe,
Is i gcaint ard meathlaochúil
Dúirt siad gur chrúb stailasail a theastódh
Lena ndeargéacht a thionscnamh.
“Dia ár gcumhdach” arsa seanlead críochnaithe,
“Iompaigí na stainníní orthu”.
This Rose that we share with you
Is the blood and body of love
Do this among yourselves.

Ní fhaca siad le meabhair ná le súil, iadsan
a thaithíonn go maíteach,
An tAifreann deasghnách, dea-mhéin,
Críost in abhlann bhláth;
Ní fhaca siad ach scata saofa leannán
Imithe le mian a gcolainn;
Is chúlaigh Críost roimh a mbiorshúil amh
Siar isteach ina Bhíobla.


Tús na 1970idí bhí feachtas ar bun sa Ghaeltacht le hÚdarás Gaeltachta a bhunú, údarás a bheadh tofa go daonlathach ag muintir na Gaeltachta agus cuid de chumhachtaí Comhairle Contae aige. Nuair a eisíodh Gníomh don Ghaeltacht i 1972, a chuir meitheal ó Ghaeltarra Éireann agus SFADCO ar fáil don Aire Gaeltachta, ceapadh nach raibh ann ach ceist ama go mbunófaí an tÚdarás a bhí geallta. Ach d’athraigh an rialtas i 1973 agus de réir a chéile chúlaigh an Comhrialtas, agus Tom O’ Donnell ina Aire Gaeltachta, ó na geallúintí toghcháin.

Bhí Breandán Mac Gearailt ina urlabhraí ag Cumann Cearta Sibhialta Chorca Dhuibhne. San alt seo uaidh, tá frustrachas le brath faoin moilleadóireacht a bhain le bunú an Údaráis.

Údarás don Ghaeltacht?

Breandán Mac Gearailt

Tá a gcosúlachtaí féin idir an nGaeltacht agus na 6 Contae: bíonn gach dream ag iarraidh an fhadhb a “leigheas” ach nílid sásta cúrsaí a chur i lámha na ndaoine féin....

Le cianta anois tá boird, páipéir ildaitheacha agus coimisiúin á gcur ar bun faoin nGaeltacht ach fós tá an scéal ag dul chun donais. Ní raibh ar siúl ag Fianna Fáil i ndáiríre ach faillí gan admháil, bliain i ndiaidh bliana...

Ach an córa dúinn breathnú siar? Cé a bhunaigh an feachtas i dtaobh Údaráis don Ghaeltacht? Tá’s ag fia is fiolar gurb iad Gluaiseacht na gCearta Sibhialta i gConamara a d’iarr Údarás Daonlathach agus a chuir pointí treoracha os comhair an Aire chuí ag an ama.

Thosaigh an smaoineamh ag scaipeadh. Is ansan a thosnaigh na “party-hacks” i ngach ball ag déanamh obair bhaile. Bheadh “Údarás” ann ach chaithfí féachaint chuige
cé aige a bheadh an tÚdarás!

D’athraigh an pobal an rialtas agus chuir san athchló ar chúrsaí; cuid den dream a bhí ‘in’ bhíodar anois ‘out’ mar a leanann an ‘hackeachas’ nó bhí orthu an ‘about turn’ a dhéanamh, rud a dhein cuid go pras agus cuid eile to tútach.

Ansin thosnaigh Tomás Ó Domhnaill [Aire na Gaeltachta 1973-1977] ar a “marathon” nár stad go fóill. Bhí air brath roimis. Gaeilge a fhoghlaim agus ionracas a chruthú, rud ar éirigh leis beag nó mór. Ach bhí Tomás ag foghlaim go tiubh. Ní raibh i ndáiríre ins an éileamh seo ó Chumann na gCeart ach iarratas gan chiall...

Ag an bpointe seo fiafraíonn tú tuige Údarás don Ghaeltacht? Go bunúsach tá an Ghaeltacht ag plé le húdaráis ilchineálacha, iad uile beagnach scun scan ag plé le saol an Bhéarla a chuireann constaicí i gconair mhuintir na Gaeltachta go minic...

Níor tugadh lámh i riar a ngnó ariamh do mhuintir na Gaeltachta. Sna toghcháin don Dáil agus do na Comhairlí Contae ní raibh sa Ghaeltacht ach ceirtlín a castaí agus ansan iarthoghchán a chaití san aimhleas. Dá bharr, fuineadh muintir na Gaeltachta go glic agus i ngan fhios dóibh, fuineadh iad i dtreo gur cuma leo agus gur cuma dóibh mar gur chuma mar gheall orthu...

Forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta - tá sé riachtanach ach níos tábhachtaí tá forbairt an duine
agus an chéad chéim chuige sin ná freagracht a thabhairt don duine, freagracht as a bhfásfaidh féinmheas
agus dáiríreacht...

Is tráchtaire agus gníomhaí teanga é Donncha Ó hÉallaithe