Sliocht as ‘Na Mairbh a D’fhill’ le Cathal Ó Sándair

Sliocht  as ‘Na Mairbh a D’fhill’ le Cathal Ó Sándair
Bhí aghaidh an lorgaire bán le himní. ‘A Dhia! Tá sin go huafásach! Beidh mé thall chugat gan a thuilleadh moille. Ach, fan! Ar chuir tú fios ar na Gardaí fós? Níor chuir. Bhuel, ná déan faic go dtí go rachaidh mé chugat.’ Chuir Réics an teileafón síos go tapa agus rith sé chomh mear is a bhí ann suas an staighre. Dhá nóiméad ina dhiaidh sin bhí sé gléasta i gcomhair an bhóthair agus é ag tiomáint an mhótair as an ngaráiste. D’fhéach sé ar a uaireadóir. Leathuair tar éis a naoi ar maidin a bhí ann. Dheimhnigh sé go raibh a ghunnán ina phóca aige. B’fhéidir go mbeadh géarghá leis sula i bhfad. Ansin mhéadaigh sé ar luas an mhótair. Bhí tríocha míle san uair á thaispeáint ag an luasmhéadar, ansin daichead ... caoga ... seachtó ... seachtó a cúig! Ba leor sin. Choimeád sé mar sin é go dtí go raibh an chathair fágtha aige ina dhiaidh agus gur shroich sé Ráth Fearnáin. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin bhain sé scréachaíl as na coscáin agus é ag stopadh lasmuigh de theach mór ar thaobh an bhóthair. Léim sé go deifreach as an mótar, bhrúigh siar an geata meirgeach agus rith suas na céimeanna móra aolchloiche. Bhí Séamus Ó Ceallacháin, cúntóir an Dochtúra, ag feitheamh leis ar an tairseach. Fear óg a bhí ann. Bhí an bhuairt go soiléir ina dhreach.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús