An Úcráin (Tús an scéil ach céard feasta?)

An Úcráin

(Tús an scéil ach céard feasta?)
Nárbh iad an trua Mhuire
Fágáil áras is maoin,
Ag teitheadh mar theifigh
Thar fhásaigh is toinn.

Agus daoine gan cuimhniú
Iad in aimhréidh gach lá,
Faoi nithe atá imníoch
Gan meabhair leis ná fáth.

Ag déileáil leis na caismirtí
Is na srianta atá géar,
An spéir a bheith ag dubhú
Nó an cóiméad san aer.

Déan machnamh ’feadh tamaill
Ar na laochra atá buan,
Is lig le do bhuaireamh
A thabharfaidh dóchas le stuaim.

Agus bithiúunach aonarach
Ag roinnt a chuid fuatha,
Gan é ’glacadh le tromlach
Ach ag máistreacht gan dua.

Ag fágáil scrios ina bhealach
Gan an gábh thart go fóill,
É dá ghoradh féin le mórtas
Ag seachaint covid, ochón.

Tá na hÚcránaigh gníomhach buan
Idir fhir is mhná tá mórchuid na bpáistí,
Aistrithe chuig an Pholainn i gcomhair
Sábháilteachta, agus Dia dhá réiteach.