Scéal an Fhánaí

Scéal an Fhánaí

Seo aistriúchán le Brian Ó Broin ar an scéal ‘The Stroller’s Tale’ le Charles Dickens

Fear brón-Tnáite a bhí ann, a raibh a aghaidh mhílítheach agus a phúicshúile doimhne níos sonraí ná mar a shocraigh an nádúr, mar gheall ar an ngruaig dhíreach dhubh a chroch ina tranglam clibíneach leathbhealach síos ar a aghaidh. Bhí a shúile geal agus tolltach go pointe a bhí beagnach neamhóraice; bhí a ghruanna ard agus feiceálach; agus bhí a ghialla chomh fada liobarnach sin, go gceapfadh breathnóir ar feadh soicind go raibh sé ag tarraingt feoil a ghnúise isteach, trí chrapadh na matán, murach gur thaispeáin a bhéal leathscaoilte agus a dhreach doghluaiste gurbh é sin a ghnáthghramhas. Timpeall a mhuiníl bhí seál uaine is na binn mhóra ar sraoill thar a chliabhrach, agus iad le feiceáil anois agus arís faoi pholláirí bunchaite a shean-vástchóta. Cóta fada dubh a bhí mar fhorbhall éadaigh aige; agus faoi sin bhí treabhsar leathan donnliath agus buataisí móra a bhí ag dul chun meatha go tapa.

Ba ar an duine gruagach-ag-breathnú seo a thit súil Mr. Winkle, agus ba chuige a shín Mr. Pickwick a lámh amach, á rá, ‘Cara lenár gcara anseo. Fuaireamar amach ar maidin go raibh ár gcara ceangailte leis an amharclann san áit seo, cé nár mhian leis go mbeadh sin ar eolas go fairsing, agus is ball den cheird chéanna é an fear uasal seo. Bhí sé díreach ar tí scéilín a bhronnadh orainn a bhí bainteach leis, nuair a tháinig tú isteach.’

‘Go leor scéilíní,’ arsa fear an chóta uaine ón lá roimhe, ag siúl suas go dtí Mr. Winkle agus ag labhairt de ghlór íseal agus de chogarnach. ‘Diúlach corr - déanann an tiaráil - aisteoir ar bith - fear aisteach - gach cineál aimléise - Jemmy Dubh a thugaimid air ar an gcuairt.’ D’fhear Mr. Winkle agus Mr. Snodgrass fáilte chroíúil roimh an fhear uasal, ainmnithe go cuanna mar ‘Jemmy Dubh’, agus, ag glaoch ar bhranda agus uisce mar a rinne baill eile an chomhluadair. Shuíodar ag ceann an bhoird.

‘Anois, a dhuine uasail,’ arsa Mr. Pickwick, ‘ar mhiste leat leanacht ar aghaidh leis an méid a bhí tú ar tí a rá?’

Thóg an duine gruama rolla salach páipéir as a phóca, agus, ag casadh ar Mr. Snodgrass, a raibh a leabhairín nótaí díreach tógtha amach aige, dúirt de ghlór toll, a chuir go foirfe le cló an fhir – ‘An tusa an file?’

‘Déanaim – déanaim beagáinín sa bhealach sin,’ a d’fhreagair Mr. Snodgrass, agus stad bainte as de bheagán ag tobainne na ceiste.

‘Á! déanann filíocht den saol mar a dhéanann soilse agus ceol den stáitse -- baintear na craobhacha bréagacha de cheann acu agus an doilbheadh den cheann eile, agus cad is fíor i gceachtar acu ar fiú maireachtáil dó nó suntas a thabhairt dó?’

‘Lár na fírinne, a dhuine uasail,’ a d’fhreagair Mr. Snodgrass.

‘Is geall le suí os comhair taispeántais ríoga é,’ a lean an fear gruama ar aghaidh, ‘a bheith os comhair na mbruachshoilse, ag breathnú le haoibhneas ar ghúnaí sróil an tslua ghairéadaigh. Taobh thiar díobh tá na daoine a thairgeann an phéacógacht chéanna, gan aird gan aithne, iad fágtha ar a gconlán féin, chun seargtha nó maireachtála, mar a shocraíonn an chinniúint.’

‘Go deimhin,’ arsa Mr. Snodgrass: óir ba airsean a bhí súil an fhir ghruama tite, agus bhraith sé gurbh éigean dó rud a rá.

‘An ndéanfaidh tú gloine eile sula dtosaíonn tú, a dhuine uasail?’ arsa Mr. Pickwick.

Ba leor an leid don fhear gruama, agus iar meascadh gloine branda agus uisce, agus a leath de a ól go mall, d’oscail sé an rolla páipéir agus lean ar aghaidh, ag leathléamh agus ag leathinsint na heachtra seo a leanas, a aimsímid taifeadta i dTuairiscí an Chlub mar ‘Scéal an Fhánaí’.

SCÉAL AN FHÁNAÍ

‘Níl amhra ar bith sa méid atá mé chun a insint,’ arsa an fear gruama, ‘níl tada fiú neamhchoitianta ann. Tá breoiteacht agus cruatan róchoitianta i ngach céim den saol gur ceart níos mó aird a thabhairt orthu ná mar a thabharfaí ar ghnáthdheacrachtaí an tsaoil dhaonna. Chaitheas na tearcnótaí seo i dtoll a chéile mar bhí aithne mhaith agam ar a n-ábhar ar feadh na mblianta fada. Lean mé a thuras síos, céim ar chéim, go dtí gur bhain sé amach an fhoráil díothachta sin nár éirigh sé amach as arís.’

B’aisteoir anuasal geamaireachta é an fear a bhfuil mé ag caint faoi, agus mar mhórán dá chineál, meisceoir cruthanta. Le linn a laethanta leasmhara, sular díneartaíodh é ag drabhlás agus truaíodh é ag galar, bhí sé ag fáil tuarastail mhaith, a leanfadh sé ar aghaidh á fháil, dá mbeadh sé cúramach agus tíosach, ar feadh roinnt blianta. Ní mór na blianta mar faigheann na daoine seo bás luath nó, trí chrua mínádúrtha a chur ar a neart corpartha, cailleann siad go hanabaí an téagar fisiciúil a mbraitheann siad go hiomlán air chun maireachtála. Tháinig a leannán peaca chomh tapa sin suas leis, ámh, nárbh fhéidir an créatúr a fhostú in aon chor sna poist ina raibh fónamh ceart ann don amharclann. Bhí meallacacht ag teach an leanna dó nárbh fhéidir leis diúltú dó. Bhí galar gan chóireáil agus bochtaineacht gan dóchas chomh cinnte ina chinniúint leis an mbás féin, dá gcoinneodh sé air sa chúrsa céanna; ach choinnigh sé air, ru, agus is féidir an toradh a thuar. Níorbh fhéidir leis post a fháil, agus bhí arán ag teastáil uaidh.

Beidh a fhios ag gach duine a bhfuil taithí ar bith acu ar chúrsaí amharclannaíochta cé mhéad fear giobach, dearóil a dhéanann guairdeall thart ar stáitse eagraíochta móire - ní hiad na haisteoirí a fhostaítear go rialta, ach lucht an bhailé, lucht an mhórshiúil, cleasaithe, agus mar sin de, a thógtar ar bord le linn sraith geamaireachta, nó píosa Cásca, agus scaoiltear leo go dtí go dtarraingíonn léiriú taispeántais mhóir éileamh nua ar a gcuid seirbhísí. B’éigean don fhear dul i muinín an mhodha bheatha seo; agus thug cathaoirleacht gach oíche in amharclann daoscair éigin slí isteach dó ar chúpla scilling breise sa tseachtain agus chuir ar a chumas a sheanchlaonadh a shásamh. Sara fada, loic fiú an acmhainn sin air; bhí a mhírialtacht rómhór le ceadú dó an beagán suarach seo a thuillfeadh sé dá réir a choinneáil, agus íslíodh é i bhfírinne go riocht a d’fhág é beagnach marbh le hocras, gan é ach ag fáil mionchoda ar iasacht corruair ó shean-chomhghleacaí éigin, nó trí ról a thógáil i gceann amháin nó i gceann eile de na mion-amharclanna ba shuaraí; agus nuair a thuill sé aon rud, caitheadh sin ar an seanbhealach.

Thart ar an am seo, nuair a bhí sé ag maireachtáil cá bhfios cén chaoi ar feadh breis agus bliain, fuair mé post gearrthréimhseach i gceann de na hamharclanna ar thaobh Surrey den abhainn, agus ba ansin a chonaic mé an fear seo ar chailleas radharc air le tamall maith; óir bhí mé ag taisteal faoin tuath, a fhad is a bhí seisean ag sipiléireacht thart ar lánaí agus cúlsráideanna Londan. Bhí mé gléasta chun an teach a fhágáil, agus ag trasnú an stáitse ar mo bhealach amach, nuair a bhuail sé cniogóg ar mo ghualainn. Go deo ní dhéanfad dearmad ar an bhfeic gránna ar thit mo shúil air nuair a chasas timpeall. Bhí sé gléasta don gheamaireacht, i bhfeisteas áiféiseach iomlán an abhlóra. Níor thaispeáin fíoracha fuafaracha Rince an Bháis -- na cruthanna ba scanrúla arbh fhéidir leis an bpéintéir ab inniúla a bhreacadh ariamh ar chanbhás -- cosúlacht leath chomh huafásach. A chorp borrtha agus a chosa deilbhithe - a n-éagruth méadaithe go céadach ag an bhfeisteas suaithní - na súile marbhánta, i gcodarsnacht scanrúil leis an bpéint bhán thiubh a smearadh ar an aghaidh; an ceann maisithe go hainspianta, ar crith le pairilis, agus na lámha fada cnámhacha, cuimilte le cailc bhán - chuir siad seo go léir cló urghránna mínádúrtha air, nach bhféadfadh cur síos ar bith an léargas ba lú a thabhairt air, agus go dtí an lá inniu, a chuireann ríog creatha tríom. Bhí a ghuth toll agus creathánach agus é do mo thógáil ar leataobh, agus i bhfocail stadacha rinne sé cur síos ar chatalóg fhada tinneas agus dochma, ag críochnú mar ba ghnách le dianiarratas ar iasacht suime suaraí airgid. Chuireas roinnt scillingí ina láimh, agus le linn dom casadh uaidh, chualas an bhúir gháire a lean a chéad titim ar an stáitse.

Cúpla oíche dár gcionn, chuir buachaill giota salach páipéir i mo lámh, a raibh cúpla focal scrábáilte air le peann luaidhe, ag tabhairt le fios go raibh an fear go dona tinn, agus ag impí orm, i ndiaidh an léirithe, teacht ar cuairt chuige ar shráid éigin - tá a hainm dearmadta anois agam - nár achar ar bith é ón amharclann. Gheall mé go ndéanfainn amhlaidh, chomh luath agus a d’fhéadfainn éalú; agus iar dtitim an chuirtín, chuas chun bóthair ar mo theachtaireacht dhoilbh.

Bhí sé déanach, mar bhí páirt agam sa phíosa deireanach; agus óir b’oíche charthanachta í, cuireadh fad neamhghnách leis na léirithe. B’oíche dhorcha phréachta í, le gaoth fhuar thais, a shéid an bháisteach go trom in aghaidh fuinneoga agus éadan na dtithe. Bhí linnte uisce bailithe sna sráideanna cúnga tearc-úsáidte, agus óir bhí cuid mhaith de na lampaí ola, a bhí dáilte go scáinte, séidte amach ag forneart na gaoithe, bhí an tsiúlóid, ní hamháin neamhchompordach ach thar a bheith deacair. Ach bhí an bealach ceart tógtha agam, ar an dea-uair, agus d’éirigh liom, tar éis beagáinín deacrachta, an teach a aimsiú a díríodh chuige mé - scioból guail, le stór amháin os a chionn, a raibh cuspóir mo chuardaigh ina luí sa seomra cúil ann.

Tháinig bean mhíchreatúil, céile an fhir, chugam ar an staighre agus, á rá liom go raibh sórt míog titithe air thóg isteach mé go ciúin, agus chuir cathaoir romham ag colbha na leapan. Bhí an breoiteachán in luí is a aghaidh casta i dtreo an bhalla, agus ós rud é nár thug sé aon aird ar m’fhianaise, bhí uain agam breathnú ar an áit ina raibh mé.

Bhí sé ina luí ar sheanstoc leapan, a chuirfí ar a thaobh i rith an lae. Bhí giobal seanchaite de chuirtín seicéadaigh tarraingthe timpeall cheann na leapan, chun an ghaoth a chosc, a rinne a bealach isteach sa seomra ainchompoird mar sin féin tríd an iomad scoilteanna sa doras, agus a shéid isteach is amach é gach re nóiméad. Bhí marbhthine athghuail i ngráta meirgeach briste, agus bhí seanbhord triantánach teimhleach, le roinnt buidéil leighis, gloine bhriste agus cúpla giuirléid teaghlaigh eile air, tarraingthe amach os a comhair. Bhí páiste beag ina chodladh i leaba shealadach a rinneadh dó ar an urlár, agus shuigh an bhean i gcathaoir lena thaobh. Bhí cúpla seilf ann, le dornán plátaí, cupán agus fochupán orthu; agus péire bróg stáitse agus péire pionsaí maola crochta fúthu. Cé is moite de charnáin bheaga giobal agus burlaí a caitheadh go neamhaireach isteach i gcúinní an tseomra, ba iad seo na haon rudaí amháin a bhí san árasán.

Bhí an t-am agam aird a thabhairt ar na sonraí beaga seo, agus anáil throm agus bíogadh fiabhrasach an fhir bhreoite a thabhairt faoi deara, sular léir dó go raibh mé ann. Le linn dó iarrachtaí míshuaimhneacha a dhéanamh fosú compordach a fháil dá chloigeann, chaith sé a lámh as an leaba, agus thit sí ar mo cheann féin. Phreab sé aniar, agus stán sé go corraithe idir mo shúile.

‘Mr. Hutley, a John,’ arsa a bhean chéile. ‘Mr. Hutley, ar chuir tú scéala faoina choinne anocht, más cuimhin leat.’

‘Á,’ arsa an t-easlán, ag cuimilt a bhoise dá chlár éadain. ‘Hutley -- Hutley --- feiceam.’ Bhí an chosúlacht air go raibh sé ag bailiú a chuid smaointe ar feadh cúpla soicind, gur rug sé greim docht ar mo rosta, á rá: ‘Ná fág mé -- ná fág mé, a mhic ó. Maróidh sí mé; tá a fhios agam go maróidh.’

‘An bhfuil sé mar seo i bhfad?’ arsa mise, ag labhairt lena bhean, a bhí ag gol.

‘Ó aréir,’ a d’fhreagair sí. ‘John, John, nach n-aithníonn tú mé?’

‘Ná lig i ngar dom í,’ arsa an fear, le creathán, nuair a chrom sí os a chionn. ‘Cuir uaim í; ní lú orm an sioc ná í.’ Bhreathnaigh sé uirthi go fiata, le heagla a anama ina shúile, agus ansin rinne cogar i mo chluais: ‘Bhuail mé í, Jem; bhuail mé í inné agus go minic roimhe sin. D’fhág mé leathmharbh leis an ocras í, agus an buachaill freisin; agus anois mé lag agus gan chuidiú, Jem, maróidh sí mé mar gheall air; tá’s agam go maróidh. Dá bhfeicfeá í ag gol, mar a chonaic mise, bheadh a fhios agatsa freisin. Coinnigh uaim í.’ Scaoil sé a ghreim, agus thit siar go tnáite ar an adhartach.

Bhí a fhios agam go rómhaith céard ba bhrí le seo uilig. Dá mbeadh amhras ar bith orm ina thaobh, fiú ar feadh leathshoicind, mhíneodh sracfhéachaint amháin ar aghaidh mhílítheach agus cruth spíonta na mná fírinne an scéil i gceart. ‘Ba cheart duit dul ar leataobh,’ arsa mise leis an gcréatúr bocht. ‘Ní dhéanfaidh tú aon mhaith dhó. B’fhéidir go dtiocfaidh suaimhneas air muna bhfeiceann sé thú.’ Chúlaigh sí as radharc an fhir. D’oscail sé a shúile tar éis roinnt soicindí, agus bhreathnaigh timpeall go faiteach.

‘An bhfuil sí imithe?’ a d’fhiafraigh sé go tuineanta.

‘Tá - tá,’ arsa mise, ‘Ní ghortóidh sí thú.’

‘Inseoidh mé duit, Jem,’ arsa an fear i nguth íseal, ‘gortaíonn sí mé mar sin féin. Tá rud éigin ina súile a mhúsclaíonn an eagla is uamhnaí i mo chroí, go gcuireann sé le craobhacha mé. An oíche ar fad aréir, bhí a súile móra stánacha agus a haghaidh mhílítheach in aice m’aghaidhse; áit ar bith a chasas, chas siadsan; agus uair ar bith a gheit mé as mo chodladh, bhí sí ansin ag colbha na leapan ag féachaint orm.’ Tharraing sé níos gaire isteach mé, agus dúirt liom i gcogar íseal, scaollmhar – ‘Jem, caithfidh gur ainsprid í - diabhal! Éist! Tá a fhios agam gurb ea. Dá mba bhean í, gheobhadh sí bás i bhfad ó shin. Ní fhéadfadh bean ar bith cur suas leis an méid a d’fhulaing sise.’

Ghlac mé col ag machnamh ar an gcúrsa fada cruála agus neamairt a tharla a d’fhágfadh fear ar an tuairim sin. Ní fhéadfainn faic a rá mar fhreagra; arae cé a d’fhéadfadh dóchas nó sólás a ofráil don truán os mo chomhair?

Shuigh mé ansin ar feadh breis agus dhá uair an chloig, am a chaith sé ag strampáil, ag ligint gártha péine nó mífhoighne go monabhrach, ag caitheamh a lámha anonn is anall go míshuaimhneach, agus ag únfairt go seasta ó thaobh go taobh. Ar deireadh, thit bail na leathfheasachta sin air ina ndéanann an intinn fán míshocair ó radharc go radharc, agus ó áit go háit, gan smacht na céille, ach fós féin gan an inniúlacht fáil réidh le mothú do-inste na fulaingthe a bhí buailte air. Óna sheachrán scaipthe ba léir dom gurbh amhlaidh a bhí an cás, agus ó bhí a fhios agam gur dóigh nach n-ardódh an fiabhras go luath, d’fhág mé é, ag geallúint dá bhean chráite go dtiocfainn ar athchuairt an oíche dár gcionn, agus, dá mba ghá, go ndéanfainn faire na hoíche leis an othar.

Choimeád mé mo ghealltanas. Bhí na ceithre huaire an chloig fichead deireanach tar éis athrú scáfar a dhéanamh air. Fiú má bhí siad cuasach tuirseach, bhí loinnir ina shúile a bhí scanrúil le féachaint air. Bhí na beola tíortha, agus breac le gága; bhí loiscní an teasa dóite ina chraiceann tirim crua, agus bhí cuma neamhshaolta na himní fiata in éadan an fhir, a léirigh ní ba shoiléire slad an ghalair. Bhí an fiabhras tagtha chun buaice.

Thóg mé m’áit sa chathaoir ina rabhas an oíche roimhe, agus ba ansin a shuíos ar feadh uaireanta fada, ag éisteacht le fuaimeanna a smiotfadh lár chroí an duine b›fhuarchroíche ar domhan - rámhaillí uafara an fhir atá ag saothrú báis. Ón méid a chuala mé de thuairim an fhreastalaí leighis, bhí a fhios agam nach raibh fuascailt i ndán dó: bhí mé i mo shuí in aice leaba a bháis. Chonaic mé na géaga spíonta, géaga a díchumadh roinnt uaireanta an chloig roimhe sin chun gáire a bhaint as áiléar spleodrach, ag lúbarnaíl faoi chéasadh an fhiabhrais lasartha. Chuala mé gáire géar an áilteora á chumasc le monabhar íseal an tsíothlóra.

Rud corraitheach is ea an intinn a chloisteáil ag filleadh ar ghnáthghnóthaí agus caithimh aimsire na sláinte, nuair a luíonn an corp romhat lag agus anbhann; ach nuair a sheasann na gnóthaí sin go hiomlán contráilte ó na rudaí a cheanglaímid le smaointe tromchúiseacha nó sollúnta, is ea is mó i bhfeidhm ar fad a théann siad. Ba iad an amharclann agus teach an leanna príomhthéamaí fán an fhir dhearóil. Ba é an tráthnóna é, dar leis. Bhí páirt le déanamh aige an oíche sin; bhí sé déanach, agus b’éigean dó an teach a fhágáil láithreach. Cén fáth gur choinnigh siad siar é, gur choisc siad a imeacht? Chaillfeadh sé an t-airgead - níorbh fholáir dó imeacht. Ní hea! Ní ligfeadh siad dó. Cheil sé a ghnúis ina bhosa lasartha, agus chaoin a lagar, agus cruáil a chiapadóirí. Sos gairid, agus bhéic sé amach cúpla rabhcán raiméise - na cinn dheireanacha a d’fhoghlaim sé ariamh. D’éirigh sé aniar sa leaba, tharraing a ghéaga feoite le chéile, agus rinne únfairt i ngeáitsí cábógacha; bhí sé ag áilteoireacht -- bhí sé san amharclann. Ciúnas nóiméid, agus chan sé curfá amhráin gháirsiúil éigin de mhonabhar. Bhí an seanteach bainte amach aige faoi dheireadh; chomh te is a bhí an seomra! Bhí sé tinn, an-tinn, ach anois bhí biseach air, agus áthas. Líon an ghloine suas! Cérbh é sin, a shrac óna bheola é? Ba é an ciapadóir céanna é a bhí á leanacht cheana. Thit sé siar ar a adhairt agus lig ochlán uaidh os ard. Tréimhse ghairid díchuimhne, agus bhí sé ar seachrán trí chathair ghríobháin dhuaisiúil de sheomraí ísealstuacha - chomh híseal, scaití, gurbh éigean dó crúbadaíl ar a ghéaga chun aon dul chun cinn a dhéanamh; bhí an áit dúntach agus dorcha, agus gach treo ar chas sé, chuir constaic éigin bac ar a imeacht. Bhí feithidí ann freisin, míolta crúbacha urghránna le súile a stán air, agus a líon an t-aer é féin timpeall air; ag glioscarnach go gránna i dtiubhdhorchadas na háite. Bhí na ballaí agus an tsíleáil beo le huathphéisteanna - leathnaigh an siléar amach go méid ábhalmhór - rinne scáthanna scanrúla friotáil anonn agus anall - agus ghliúc aghaidheanna fear aitheantais, a bhí díchumtha go gránna ag strainceanna agus cáiríneacht, amach uathu; bhíodar á loscadh le hiarainn teo, agus ag fáscadh a chloiginn le cordaí go dtí gur phléasc an fhuil amach; agus streachail sé go fraochta chun maireachtála.

Ag deireadh ceann de na trithí seo, nuair nár choinnigh mé síos sa leaba é ach le dua mór, thit sé i gcineál suan, b’fhacthas dom. Cloíte ag an bhfaire agus ag an dua, lig mé do mo shúile dúnadh ar feadh cúpla nóiméad, nuair a bhraith mé ladhráil tréan ar mo ghualainn. Dhúisíos ar an toirt. Bhí sé tar éis é féin a ardú aniar, ionas go raibh sé ina shuí sa leaba - bhí athrú millteach tagtha ar a aghaidh, ach bhí an aithne fillte air, ó ba léir gur aithin sé mé. D’éirigh an páiste, a raibh rámhaillí an fhir ag cur isteach air go mór le tamall fada, óna leaba bheag, agus rith go dtí a athair, ag scréachaíl le scanradh - bhailigh an mháthair go mear isteach ina hucht é, ar eagla go ngortódh an fear é le teann a mhire; ach, sceimhlithe ag an athrú ina chuntanós, sheas an páiste ina staic le taobh na leapan. Rug an fear ar mo ghualainn go harraingeach, agus, ag bualadh a uchta leis an lámh eile, rinne tréaniarracht labhairt. Ba shaothar in aisce é - shín sé lámh i dtreo a theaghlaigh, agus rinne tréaniarracht eile. Tharla glothar ina scornach - súil fhiata - cnead gearr múchta - agus thit sé siar - marbh!