Dinnseanchas na mBeach 

Abair gur cois abhann a bhí mé. Cois abhann le breacadh an lae agus gan duine ná deoraí le feiceáil. Is cuma dáiríre ach ní miste comhartha muintearais a dhéanamh scaití. Captatio benevolentiae. Abair gur i gcontae Ros Comáin a bhí mé, ar chiumhais sruth saorálainn na Suca. Ní foláir nó go ndeachaigh mé amach ag siúl i lár na hoíche ó tharla dom a bheith ann chomh moch sin. Áit shuaimhneach bhláfar, gar go leor do Dhún Iomáin. Tuigim gurb ’in é an cineál mioneolais a mbíonn tóir air. Siúlóid trí mhíle siar aneas ón tulach ar tharraing Naomh Pádraig uisce beannaithe as an talamh ann agus ’sé Fuarán ainm an pharóiste i gcónaí. Shuigh mé fúm ar stumpa crainn nuair a d’airigh mé an fáinne geal agus dhún mo shúile de réir mar a múineadh dom. Líonadh mo dhá chluais lom láithreach le ceol na coille. Chan portaireacht an loin dhuibh ar théagarthacht na gcraobhacha feá agus sailí. D’fhógair crónán séimh na bhfeithidí líonmhaireacht na mbláthanna geala cumhra. Chuir osnaíl na gaoithe na duilleoga ag damhsa ina dtonnta lúbacha. Aníos ón abhainn thug cúpla gé le fios nach raibh a n-aghaidh tugtha ó thuaidh fós. De réir a chéile thosaigh líonadh agus trá mo chuid anála ag teacht le rithim na háite agus rinne mé dearmad ar feadh tamaillín go mba liomsa na smaointe i mo chloigeann. Mheasc na fuaimeanna lasmuigh díom le chéile ar bhealach aisteach agus, amhail is dá mbeadh cláirseach den seandéanamh dá seinm ag leithéid Uí Chearbhalláin, d’éirigh nóta ní ba bhinne agus ní ba mhealltaí fós os cionn nótaí na dtéad éagsúil. B’fhacthas dom gurbh é guth na tíre féin a bhí mé a chloisteáil, gurbh ar mhaithe le rud eicínt a roinnt liom a bhí sí dá nochtadh féin le maidneachan an lae.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Scríbhneoir é Michael James Ó Cearbhaill a bhfuil cónaí air i gCill Rìmhinn na hAlban