NEAMHRÁITE
Colm Mac Gearailt
Táim ag deireadh na feide.
Ní rud nua an cumha ach is iontach an leid é
go gcaithfear rud éigin a athrú, só creid é
nuair a deirim leat gur Peacach mé.
Cé gur ar éigean a thréigeann
an saol seo atá déanta againn dúinn féin
fiú nár bhraitheas le stáir
an sásamh mar is ceart
mé lúbtha ar lár is de shíor mé ag faire
thart timpeall le tart
ach in ainneoin go dtéann mo ghrá dhuit ó neart
go neart, ní hionann san agus beart de réir briathair
mé de shíor ag cíoradh a bhfuil os mo chomhair amach
ar thóir an chéad duine eile.
Agus tá’s agam gur ormsa atá an locht
mé beo bocht,
ní i maoin
ach i mothúcháin.
Dealbh folamh
borb
balbh
lán de mo chuid rún is uisce faoi thalamh,
Beag déanta as an tslí
Ach mé neamh-chompordach anseo im’ shuí
in aon áit amháin
le haon ghrá amháin.
Ag smaoineamh ar scaradh chun go seachnóinn an baol
is ag cumadh na rún chun nach sceithfeadh an scéal
a shilfeadh amach dá n-osclóinn mo bhéal…
Gur mé atá chun tú a ghortú.
Tá tuilleadh tuillte agat
dílseacht is draíocht chughat
duine a thabharfadh gach ní is a chroí chughat;
Duine níos fearr ná an fear atá agat.
Áiféis is aiféala,
sin eile a bheidh inár scéal
má leanaim ar aghaidh
sa tslí seo mar atá.
Táim ligthe i gcathú
is teipthe im’intinn;
ag lorg maithiúnais
gan trácht ar an bhfaoistin.