Túir an fhéileacáin

John Tinneny



Fásann na túir aníos as an talamh tréigthe
idir foirgnimh folláine agus ballaí breactha
le hainmneacha ealaíontóirí sráide, agus páistí dána.

Déarfá gur toradh cogaidh é a tharla bomaite ó shin,
in ionad blianta, nuair a thiteadh buamaí
anuas ón spéir, agus gineadh na túir sa léirscrios ina ndiaidh.

Is breá leo an léirscrios, agus an mionscrios fosta.
Láithreacha buama, talamh lom faoi scáth monarchan,
caidhséir iarnróid, tithe gan díon; is cuma leo.

Feicim iad i ngach áit, i ngach bearna choincréite.
Is annamh a fheicim na féileacáin.