A Rónáin, a chailleach, a dhearbhchara

Eoghan Mac Giolla Bhríde
A Rónáin, a chailleach, a dhearbhchara,
cuimhneochaidh mé ort a choíche
mar chroí mór na féile;
mar chraos dearg na tine.

I lúb chuideachta, ba tú an splanc a las an tine,
gur spréigh sé ina chaor gheal ar fud na tíre,
ina lasrach fhiáin Ghaelach,
agus rinne muid uilig ár ngoradh thart ar do bhladhaire.

Ba tú fear na stiúrach a sheol an bád
teannta cruaidh in éadan na gaoithe,
ag baint achan orlach
as an ghaoth dheas chóir a shéid ár mbealach.

Agus ba tú an rabharta a thóg gach curach sa chuan,
tú cumasach, aigeantach, le coinnle i do chuid súl
agus gan idir muid féin agus an tsíoraíocht
– ach grá dá chéile.

Bhí an bhuaidh sin agat, nach bhfuil ag mórán,
muid uilig a thabhairt le chéile, strainséirí agus cairde
nó má bhí aithne agat ar Rónán,
bhí tú tógtha anairde.

Shil briathra fíora ó do chroí amach,
focla misniúla, meanmnacha,
a thug uchtach dúinn ar cá bith aistear fiáin
a bhí lenár mian.

Bhí tú osréalach os ár gcomhair, muid as ár meabhair,
níor chuir tú fiacail ann
agus níorbh eagal duit ariamh an lasóg a chur sa bharrach
– agus chuir tú an lasóg sa bharrach.

Ba tú ár mbuachaill fionn leis an bhéilín meala,
ba tú an guth i gcónaí a fuair an freagra,
bhí tú céillí, stuama agus muid ag cuartú comhairle,
bhí tú crosta, damanta, dána, i do mhaistín déanta;
ráscánta, lán le diabhlaíocht – spreag tú ár samhlaíocht.


Ón chliabhán go dtí d’anáil dheireanach,
chaith tú do shaol sa teanga ab fhearr leat,
gan stangadh, gan chathú, gan chliseadh, gan staonadh,
macánta, fiafraitheach, le tráigh agus le líonadh.

Ba tú an eangach fháilteach a dúirt, “tar liom isteach,
nó tá grian dheas an tsamhraidh ag damhsa i mo theach”;
agus rinne muid damhsa, agus dhamhsaigh muid,
agus cheol muid, agus chum muid,
agus d’ól muid, agus cheol muid tuilleadh
– agus cheol muid tuilleadh
mar gur thuig muid gurbh eol duit
nár cheart do na Gaeil a choíche
luí siar nó bheith inár dtost.

Sheas tú an fód ar son na cúise,
bhí tú dearg le fearg,
thug tú uait do chuid teasa
agus rinne tú laochra dúinn uilig – inár súile.

Ó na Críocha Gafa go dtí na hallaí geala arda,
bhris tú síos na doirse.
Ó thithe airneáil go dtí na meáin is airde,
gan lá airde agat ar ghlórthaí cáinteacha,
ach sa tóir i gcónaí ar an rud a bhí diamhair.

A chomrádaí, a shóisialaí, a chroí mór na féile,
i d’éagmais tá muid gan fear stiúrtha
ar fharraigí neamhchinnte.
Ach, tá tú i gcónaí linn, a Rónáin, inár gcroíthe,
mar lóchrann geal sa chuan seo san oíche.




Eoghan Mac Giolla Bhríde

Is scríbhneoir scripte agus gearrscéalaí é Eoghan Mac Giolla Bhríde