Rónán réidh


Rónán réidh, rófhlaithiúil álainn,
oth linn scéala scab as béal;
ní scéal rúin, ach le ríomh ‘s rinneach,
á scríobh dúinn is nimhneach néal.

D’imigh sárfhear suaimhneach dóighiúil,
dúr linn an ráiteas a rá;
sruth na ndeor linn ina linnte,
sheol sinn go cinnte faoi chrá.

Ragairneacht ba ródheas leis-sean
leann dubh, mná is fir ar fáin
cara an chroí mhóir, fíor a phógán,
Glóir go síor don ógán áin.

Glór an cheoil - nach caoin cóir gáire?
Géar linn gur orainn éag spréigh
mórchéasadh crua an bás - an brónán!
Is trua ár gcás gan Rónán réidh.

File, scoláire, agus ealaíontóir é Art Hughes