Bhí muid uilig sexyáilte ag Rónán
Áine Ní BhreisleáinBa é Rónán Mac Aodha Bhuí croí na féile s’againn féin, fear a léirigh meas, cion agus suim in achan Ghael a casadh air, a deir Áine Ní Bhreisleáin
Dá dtiocfadh le grá meas agus urraim duine a thabhairt slán ón bhás, mhairfeadh Rónán Mac Aodha Bhuí go mbeadh sé míle bliain d’aois.
Bhí an t-ádh ormsa aithne a bheith agam ar Rónán, ar dtús mar ghirseach bheag i nGaoth Dobhair nuair a bhí sé mar réalta ar an teilifís agus iomrá mhór air fosta mar phearsa raidió, agus níos moille mar dhuine fásta ar chasas leis ag a chuid ócáidí sóisialta, fríd na cláracha Géill Slí ar Anocht FM agus Rónán Beo, agus i mo chuid oibre mar chraoltóir.
Bhí Rónán dána, lán diabhlaíochta ar an aer, ag lúbadh na rialacha agus ag cothú craic de shíor. Chaith mé blianta ag éisteacht leis sular bhog mé go dtí an Raidió agus ansin fuair mé deis a bheith ag obair leis ar cúpla ceann de na cláracha iontacha a bhíodh aige beo ó lobaí óstáin an Oireachtais - bhí muid cúpla seal i gCiarraí agus i mBaile Átha Cliath.
Ar shiúl ón mhic, bhí Rónán séimh, cineálta, cairdiúil agus cuidiúil, is iomaí teachtaireacht spreagúil a chuir sé chugam agus bhí sé fial lena chuid eolais agus a theagmhálacha. Choinnigh sé súil na haire ar dhaoine agus bhí sé i gcónaí ag iarraidh go mbeadh na daoine a bhí ag obair ina theannta sona sásta.
Bhí a chroí istigh ina ghirseach ghalánta Fionnuala agus i Bernie, na sceitimíní a bhí air oíche Tigh Hiúdaí nuair a d’eagraigh sé gig rúnda le Seo Linn, an grúpa ab ansa le Fionnuala - bhí sí sna flaithis!
Bhí croí chomh mór aige, ag smaointiú ar dhaoine eile. Is iomaí bronntanas blasta a d’fhág Rónán ar an deasc dúinn aimsir na Nollag agus smaoiním go háirithe ar LP de chuid Thin Lizzy a thug sé dom do mo bhreithlá nuair a bhí mé 30 - sínithe aige féin mar Phil Lynott, agus ar chóip de leabhar faoin Chamino a bhronn sé orm nuair a chuala sé go raibh mé chun cuid den aistear a shiúl, mar a rinne sé féin romham.
Níor thuig muid go raibh muid beo sna laetha órga úd, sin a dúirt mé le go leor de mo chairde aimsir na faire, na laethanta agus oícheanta breátha bríomhara sin nuair a bhí croí na féile s’againn féin againn, fear a léirigh meas, cion agus suim in achan Ghael a casadh air.
D’iompair Rónán an lóchrann siamsaíochta dúinn agus thug sé spásanna dúinn áit ar chuir muid aithne cheart ar a chéile, i hallaí ar fud na Gaeltachta, istigh sa choirnéal Tigh Hiúdaí, ag an Cabaret Craiceáilte áit a mbeadh bean ag déanamh damhsa burlesque agus boscadóir ar an ardán in éineacht léi, thuas i Maddens i mBéal Feirste, nó sa Grand Social i mBaile Átha Cliath.
Theann Rónán isteach muid inár gciorcal craiceáilte comhluadair sa lobaí ag an Gleneagle, Aoine ardbhrí an Oireachtais, agus an tArdrí Rónán lena mhicreafón ina lámh mar a bheadh slat draíochta ann ag seoladh tréad na nGael agus ag cur pearsain úra ar ár súile agus ar ár gcluasa dúinn – ag tabhairt uchtaigh agus seans do dhaoine a dtallainn agus a mbuanna a léiriú ar stáitse idirnáisiúnta Rónán Beo ar RnaG.
Nár dheas dá n-éalódh muid leat arís, a Rónáin, seal tamaill go Tír na nÓg ar Chúl a’ Tí ag a trí leatsa agus Hughie Mac Gairbheith nó ‘McGroovey’ mar a thug tú air, sibh ag cur cúrsaí craoltóireachta agus cúrsaí an tsaoil bunoscionn le bhur n-aoir agus bhur ngreann.
Nach méanar dúinne a fuair seal róghairid ag coinneáil cluais le do ruaille buaille ar Rónán Beo, agus ag foghlaim fá na bannaí ceoil úra, na Gaeil sexyáilte – bhuel, bhí muid uilig sexyáilte ag Rónán- an Garraíodóir Gnéasach, na Críocha Gafa, Tír na mBascach, Dearg le Fearg, réitigh tú rudaí i gCoirnéal na bhFadhbanna, an Taoiseach Rua, Séamus na Gaeilge, Saor-Ollscoil na nGael le Micí, Toose agus Máire agus na seisiúin cheoil bheo bhríomhara.
Thug Rónán Mac Aodha Bhuí cead a chinn dá chuid brionglóidí fadradharcacha agus mar gheall ar a chuid buanna, a dhíograis, agus a mheas orainne mar Ghaeil, thug sé saol sóisialta agus siamsaíochta éagsúil dúinn a chuir an sean-nós ag damhsa leis an rud nua-chumtha agus a thug spásanna i gcoitinne dúinn le bláthú, le fás, le forbairt agus lena fhís féin den náisiúin gaelach a chur chun cinn.
Cha dtig linn é a ligean síos anois.
Croí isteach duit, a Rónáin
Áine Ní Bhreisleáin