‘An Cailín Ciúin’ ag dul sa ghleo...

‘An Cailín Ciúin’ ag dul sa ghleo...

Den chéad uair riamh tá scannán Gaeilge san iomaíocht le haghaidh Oscar. San alt seo pléann Mícheál Ó hAodha na ceithre scannán eile atá san iomaíocht le ‘An Cailín Ciúin’

All Quiet on the Western Front
(An Ghearmáin)

Scannán thar a bheith cumhachtach is ea All Quiet on the Western Front leis an stiúrthóir Edward Berger. Is é Paul (Felix Kammerer) príomhcharachtar an scéil, déagóir Gearmánach a théann chun catha in éineacht lena chairde scoile ag druidim le míonna deiridh an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus arm na Gearmáine ar an dé deiridh. Tá na leaideanna óga neamhurchóideacha úd lán de thírghrá agus de mhuinín bhréagach agus iad ag tnúth go mór le críoch thapa leis an gcoimhlint, iad ag súil le seilbh a ghlacadh ar chathair Pháras gan dua. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. In Ifreann an doirteadh fola agus na cogaíochta atá Paul agus a chomrádaithe laistigh de chúpla lá, ár marfach an uafáis a bhfuil an chuma air nach dtiocfaidh críoch go deo leis. Ní mór idir tuiscintí na leads óga ar cad is cogadh ann agus búistéireacht na gcéadta is na mílte fear sa phuiteach, mar atá ag tarlú i ndáiríre.

Bunaithe ar ráiteas as tuarascáil mhíleata oifigiúil an ama atá teideal an úrscéil Ghearmánaigh úd, Im Westen Nichts Neues (All Quiet on the Western Front) a bhfuil an scannán seo bunaithe air, ráiteas a raibh íoróin nach beag ag baint leis, is léir. Tost amháin atá le sonrú ar an bhFronta Thiar sna laethanta úd, tost na mílte marbh.

Tagann leagan físiúil seo Berger chugainn beagnach céad bliain tar éis d’úrscéal cáiliúil Erich Maria Remarque a bheith foilsithe sa Ghearmáin i gcéaduair. Ní hé go raibh an t-úrscéal céanna tráthúil. Bhí muintir na Gearmáine buailte briste tar éis an chogaidh, iad éirithe níos náisiúnaí agus níos diongbháilte, go háirithe tar éis an tslí ar náiríodh iad sa Chéad Chogadh Domhanda. Ba bheag fáilte a cuireadh roimh leabhar Remarque agus go háirithe, an léiriú glé a thug sé ar an mbrúidiúlacht a bhain le fir óga a chur chun báis i ‘bpoill sionnaigh’ an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Ba bheag míleatachas ná tírghrá a bhí le sonrú in úrscéal Remarque agus ní nach ionadh, bhí sin ar na cúiseanna ar chuir na Naitsithe cosc ar an úrscéal úd nuair a tháinig siad i gcumhacht cúpla bliain ina dhiaidh sin. Rómhacánta ar fad a bhí an leabhar céanna, go háirithe mar a bhain le cumas an daonnaí mídhaonnacht a léiriú i leith daoine eile.

Tá tábhacht ar leith leis an bpointe seo de bhrí go mbíonn téama an laochais bhréagaigh le sonrú ar chuid mhór de na nuachtáin thablóideacha agus na meáin nuachta eile na laethanta seo, iad ag móramh an fhoréigin agus na troda go laethúil - ó bhlianta na gcogaí san Iaráic ar aghaidh – lena bhfíseáin ghearra de shaighdiúirí á séideadh san aer ag roicéid agus buamaí ardluais ar an scáileán mór. Sa deireadh, is deacair a chreidiúint gur daoine daonna a mharaítear go rialta, iad séidte sa spéir ag na buamaí ‘cliste’ úd laistigh de chúpla soicind amhail is go mb’aisteoirí a bhí páirteach i gcluiche fíorúil bréagach de chineál éigin iad.

An cheist mhór a ardaítear sa scéal seo ná go bhfaigheann na milliúin duine bás agus iad ag troid ar son píosa beag talún is a dtíortha dúchais ach an fiú é i ndáiríre? Cén mhaith a dhéanann sé sa deireadh?

An léiriú a thugann Berger ar an gcogaíocht sa scannán seo, is leagan é a bhí as faisean le leathchéad bliain ar a laghad. Ó thréimhse an Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, bhí glacadh ag Hollywood le scannáin chogaidh ‘gung-ho’ mar a deirtear. Cuireann All Quiet on the Western Front deireadh le pé draíocht agus mealltacht a bhain le seánra an laochais sna scannáin úd agus léiríonn an bhrúidiúlacht agus an t-uafás as cuimse a bhaneann le fir óga a úsáid mar bhia do na hurchair, na buamaí agus an slad gan staonadh. Maireann an scannán seo ar feadh dhá uair go leith agus is beag briseadh a fhaigheann an lucht féachana ón mbrúidiúlacht agus ón marú leanúnach atá mar dhlúthchuid de bhaois na cogaíochta.

Gné shainiúil den scannán úd is ea go n-iarrtar ar an lucht féachana tuiscint agus comhbhá a bheith acu leis na saighdiúirí a throid ar thaobh caillte an chatha, iad siúd a bhí ar an taobh “mícheart” mar a déarfá. Tar éis an tsaoil, taobhaíonn formhór mór na leabhar staire is na scannán leis na buaiteoirí. Tá laigí le sonrú ar an scannán seo mar sin féin. Toisc réalachas agus brúidiúlacht na cogaíochta, tá sé deacair don lucht féachana bá a chruthú le príomhcharachtair an scéil agus toisc go leanann an marú ar aghaidh chomh fada sin - dhá uair go leith san iomlán -- bíonn an chuma ar an scéal nach mbeidh aon deireadh leis. Tá an scannán i bhfad rófhada le bheith ionraic agus éiríonn an lucht féachana patuar i leith an fhoréigin tar éis tamaill. Ar an ábhar sin, ní dóigh liom go mbainfidh All Quiet on the Western Front an duais.

Close
(An Bheilg)

Sílim féin gurb é an scannán seo Close leis an scríbhneoir/stiúrthóir Beilgeach, Lukas Dhont - scannán a bhuaigh an Grand Prix ag Féile Scannán Cannes anuraidh – is mó a bheidh in iomaíocht leis An Cailín Ciúin sa chomórtas don Gnéscannán Idirnáisiúnta is Fearr. Scéal simplí bunaithe ar chairdeas idir beirt dhéagóirí óga darbh Leo agus Remi, (iad beirt 13 bliana déag d’aois), agus an dlúthchairdeas eatarthu a scriostar ar shlí thobann bhrúidiúil.

Sin ráite níl leid ar bith againn ag tosach an scannáin go bhfuil tragóid uafásach ar tí titim amach. Tosaíonn an scéal le mír álainn neamhurchóideach nuair a fheicimid an dá chara ag rith trasna na bpáirceanna bláthanna ar le tuismitheoirí Leo iad - is ceannaithe bláthanna iad muintir Leo. Tá áthas an domhain ar na leaideanna, iad ag spraoi le chéile um thráthnóna agus solas na gréine ag dul faoi. Chuirfeadh an mhír úd pictiúir cháiliúla van Gogh i gcuimhne duit tá sí chomh gleoite sin. Cibé acu ag cruthú scéalta cogaidh, ag baint úsáid as a chéile mar philiúir agus bolg le gréin á dhéanamh acu, nó ag cumadh scéalta beaga faoi na hearca luachra agus na héin fhiáine thart timpeall orthu, is léir go bhfuil an bheirt bhuachaillí an-cheanúil ar a chéile. Tá an-tuiscint acu dá chéile; mura mbeadh aithne cheart agat orthu shílfeá, seans, go mba dheartháireacha iad. Má tá tuilleadh i gceist lena gcaidreamh is cosúil nach léir do Leo agus Remi é. Tar éis na laethanta saoire tosaíonn na buachaillí i scoil nua agus is ansin a thagann casadh ar an scéal. Tugann cailíní áirithe faoi deara an dlúthchairdeas eatarthu agus pé acu ar bhonn mailíseach é nó nach ea - fiafraíonn siad díobh an bhfuil siad “le chéile” nó an “lánúin” iad sa chiall nua-aimseartha den téarma úd.

Goilleann na ceisteanna sin go mór ar Leo a fhreagraíonn nach bhfuil iontu ach cairde maithe ach is ag an bpointe úd a thugtar caidhp an bháis don chairdeas idir an bheirt acu. Cuireann Leo deireadh leis an gcairdeas ar an bpointe gan míniú ar bith a thabhairt do Remi, an cara is fearr sa saol a bhí aige roimhe sin. Ní labhraíonn sé leis a thuilleadh agus déanann sé neamhaird de sa chlós súgartha as sin amach. Cé go raibh suim mhór ag an mbeirt acu i gcúrsaí ceoil roimhe sin, agus seinm an cheoil chlasaicigh go háirithe, tugann Leo a chúl leis sin ar fad; léiríonn sé spéis nua i gcúrsaí spóirt agus déanann sé cairdeas leis na buachaillí ar an bhfoireann haca. Suíonn an bheirt bhuachaillí níos faide óna chéile sa seomra ranga agus thar oíche scriostar a gcairdeas. Déantar an coimhthíos eatarthu a láimhseáil ar bhealach a bhfuil an briseadh croí go smior ann – scéal brónach a éiríonn i bhfad níos measa fós nuair a thiteann tragóid thobann uafásach amach. Tá Remi go hiomlán trína chéile agus scriosta ag an bhfeall ar iontaoibh tobann foréigneach a dhéanann Leo air, é níos gortaithe fós toisc nach bhfuil sé ábalta aon chiall a bhaint as.

Bhí na deora ag titim go fras i measc lucht féachana an scannáin i Cannes de réir dealraimh, chuir an scéal an oiread sin tochta orthu. Is léir go bhfuil sé de chumas ag Dhont, (dála a chomh-Bheilgeach, na deartháireacha Dardennes agus an scannánóir Ostarach Michael Haneke), a lucht féachana a thumadh i bhfarasbarr na mothúchán ionas go mbraitheann siad ciontach nó sáite sa scéal ar shlí aisteach éigin. Sa chás seo, léirítear mothúcháin nádúrtha na beirte, Leo agus Remi - (is sár-aisteoirí an bheirt acu dála an scéil) á dtachtadh go mall agus is truamhéalach an radharc é. I ndeireadh na dála, ciallaíonn “rialacha an tslua” de chuid na linne seo nach bhfuil cead acu dlúthchairdeas dá leithéid a bheith eatarthu mar a bhí tráth. Ar na téamaí tábhachtacha a chíorann Close, tá gur féidir le páistí agus déagóirí a bheith chomh míthrócaireach agus cruálach lena chéile is a bhíonn daoine fásta.

Argentina, 1985
(An Airgintín)

Cíorann an scannán Argentina, 1985, ar ‘dráma seomra cúirte’ é go bunúsach, an scéal a bhain le ‘Triail na Juntas’ san Airgintín sa bhliain 1985 mar ar cuireadh ceannairí míleata na tíre, an dream a bhí i gceannas ar an Airgintín le linn na tréimhse deachtóireachta ab fhuiltí i nua-stair na hAirgintíne. Beidh spéis faoi leith ag Éireannaigh sa scannán seo nuair a chuirtear san áireamh an imirce ón tír seo chun na hAirgintíne sa naoú céad déag mar ar imigh tuairim is 40,000 duine chun na tíre sin ar lorg oibre agus slí bheatha nua dá muintir; agus, ar ndóigh, bhí an-bhaint ag Liam Bulfin (1863-1910) agus ag Pádraig Mac Mághnais (1864-1929) leis an tír.

Ba bhliain chinniúnach í 1985 i stair na hAirgintíne mar ó thaobh an daonlathais de mar bhí seans ag pobal na tíre úd briseadh le huafás na deachtóireachta míleata a bhí i bhfeidhm ó 1976-1983, deachtóireacht fhuilteach a bhí freagrach as na mílte duine a mharú (iad siúd a fuadaíodh thar oíche agus nach raibh tásc ná tuairisc orthu ó shin), a céasadh, a éigníodh agus a cuireadh ina dtost mar gur measadh iad a bheith ina mbagairt don réimeas.

Ag tús an scannáin, tá cumhacht cheilte an naonúr ginearál a bhí i gceannas ar an rialtas míleata sna blianta fuilteacha úd fós mar bhrat duaircis ar an náisiún. Tá na ginearáil ag stocaireacht agus triail mhíleata á lorg acu mar go gceapann siad go scaoilfí saor iad go héasca sa tslí sin ach sa deireadh, cinntear iad a chúiseamh i dtriail fheidearálach, mar gurbh é sin ba chothroime. An fhadhb mhór ansin ná ionchúisitheoir a lorg, fear a bheadh sásta an ról thar a bheith dainséarach sin a ghlacadh. Cé go bhfuil faitíos an domhain air an post a ghlacadh, is é Julio Strassera, fear teaghlaigh (duine gan iomrá i saol an dlí go dtí sin) a roghnaítear mar phríomh-ionchúisitheoir. Fear teaghlaigh is ea Strassera, fear a bhfuil an-drogall air an ról sin a chomhlíonadh i dtús báire.

Thuigfeá dó. Tar éis an tsaoil, tá an seanréimeas agus a gcairde an-láidir fós i ngach gné den státchóras agus tá Strassera agus a chlann uile faoi bhagairt mhór i gcónaí. Is mór, áfach, idir Strassera agus na ‘laoch-bhreithiúna’ a bhfuil taithí againn orthu i bhformhór na scéinséirí polaitíochta a léirítear i scannáin Hollywood na laethanta seo. Ní hamháin go ndéanann sé féin íobairt mhór phearsanta ar son a thíre dúchais agus na ndaoine a d’fhulaing uafáis an réimis mhíleata ach bíonn air a chlann féin a chur i mbaol i rith an ama freisin. Léiríonn sé crógacht as an ngnáth, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh gur shíl formhór mhuintir na hAirgintíne nach n-éireodh leis an triail agus go scaoilfí saor na ginearáil gan iad a chúiseamh i ndeireadh na dála.

Tá an oiread sin cumhachta fós ag an Junta ar gach gné de shochaí na hAirgintíne go bhfuil gach seans ann go ndéanfar Strassera a fheallmharú sula dtosaíonn an triail i gceart fiú amháin. Seachas a theaghlach féin, is beag duine inar féidir le Strassera bocht muinín a bheith aige, bíodh siad ina ndlíodóirí nó ina bpóilíní. Sa deireadh b’éigean do Julio Strassera dream óg a roghnú mar fhoireann ionchúisimh, dlíodóirí nua-cháilithe agus mic léinn ollscoile ina measc.

Maireann an t-ionchúisitheoir agus a bhean chéile agus a gcuid leanaí ó lá go lá ag úsáid an ghrinn, greann craiceáilte, i gcoinne na mbagairtí agus na géarleanúna. ‘An bagairt bháis eile a bhí ansin?’ a deir Silvia, bean chéile Strassera, is í ag críochnú an chrosfhocail tráthnóna amháin tar éis d’fhear am tí an fón á leagan síos go tobann agus bagairt eile faighte ag Julio agus a chlann. ‘Bhí siad ag glaoch de shíor ort ar feadh an tráthnóna,’ a mhaíonn Silvia, go neafaiseach.

Ar na teachtaireachtaí atá ag stiúrthóir an scannáin, Santiago Rios, à la Beckett - go bhfuil de chumas ag daoine misneach a chothú i lár an éadóchais. Deirtear sa Ghaeilge, ‘Maireann croí éadrom i bhfad.’

‘EO’
(An Pholainn)

Scannán neamhghnách is ea EO mar a bheifeá ag súil leis ó stiúrthóir turgnamhach na Polainne, Jerzy Skolimowski, fear atá ag obair go crua i gcónaí agus é 85 bliain d’aois. Leanaimid asal darbh ainm EO agus é ag fánaíocht tríd an bPolainn sa lá atá inniu ann. Aisteach le rá é ach cé gur scannán faoi ainmhí ciúin neamhurchóideach é EO, níl sé oiriúnach do leanaí óga, go háirithe páistí óga a bhfuil taithí acu ar scannáin agus ar chartúin de chineál Disney faoi chréatúir ghreannmhara neamhurchóideacha, leithéidí Babe (1995) mar shampla. Is éard is cúis leis seo nach gceiltear an chruáil a fhulaingíonn ainmhithe amuigh faoin tuath agus ó lámha daoine daonna in EO, é mar mhacasamhail go minic ar cé chomh cruálach agus a bhíonn daoine lena chéile freisin.

Leantar saol an asail léith úd darbh ainm EO óna thús i sorcas Polannach gona dheireadh brónach i seamlas. Leagan nua-aimseartha den scannán clasaiceach Francach Au Hasard Balthazar le Robert Bresson (1966) is ea EO. Is deacair an scannán seo a rangú i ndáiríre toisc é a bheith leath bealaigh idir seanscéal béaloidis agus clár faisnéise neamhghnách éigin. Príomhthéama an scannáin ná go bhfuil cearta ag ainmhithe agus ag an domhan nádúrtha (an dúlra) araon agus gur chóir cosaint i bhfad níos láidre a thabhairt don dá réimse úd ar fud na cruinne, agus san Iarthar go háirithe.

Ní hionann agus formhór na scannán a bhfuil ainmhithe mar charachtair iontu sa lá atá inniu ann, is asal é EO nach labhraíonn agus nach gcanann amhráin ach an oiread. Ina ionad sin seasann sé mar mheafar don tslí a mbíonn formhór againn beag beann ar an dúlra na laethanta seo agus gur beag aird a thugaimid ar na hainmhithe atá díláithrithe againn agus na speicis atá scriosta againn.

Go minic, is é scriosadh na timpeallachta - de dheasca tógáil tithe, cathracha, mótarbhealaí agus gluaisteáin - is cúis le bás nó díothú na n-ainmhithe a bhí lárnach inár saol tráth. An laige is mó a bhaineann le EO nach bhfuil aon insint chomhleanúnach ná scéal faoi leith sa scannán. Uaireanta bíonn an t-asal EO féin ar an scáileán agus uaireanta eile ní bhíonn agus feicimid íomhánna de thíreolaíocht agus de thírdhreach na Polainne ina ionad sin, tírdhreach atá ag athrú go tapa agus an tír ag uirbiú - mar atá ar fud na cruinne, is baolach.

Rinneadh cuid de na radhairc a scannánú ag baint úsáide as dróin, is cosúil, iad ag déanamh taifid ar an tírdhreach go hard sa spéir nó ó uillinneacha éagsúla. In ionad scéil, is minic a mhothaíonn an scannán seo níos cosúla le sraith buaicphointí teicniúla nó cleasaíocht chliste chineamatagrafach agus ar an ábhar sin, ní dóigh liom go mbuafaidh EO an Oscar.

Is file agus scoláire é Mícheál Ó hAodha