Col

Splancscéal le Gearóidín Nic Cárthaigh

Ag spaisteoireacht timpeall an bhaile a bhíomar Domhnach díomhaoin amháin nuair a stopamar taobh amuigh de thigh mo chol cheathrair. Bhí an gairdín tosaigh gan cháim - an féar bainte, an fhaiche cíortha, agus an rósóg fé bhláth.

‘Tá na hiseabair teannta go dlúth,’ a dúirt Peadar, é ag tagairt dos na dallóga lataí ar na fuinneoga. ‘Caithfidh go bhfuil an bheirt as baile.’

‘É sin, nó níor mhian leo go mbeadh ár leithéidne ag gliúcaíocht isteach,’ arsa mise.

‘Muise.’ Chrom sé chun a bhróg a cheangal. ‘Bean dhúranta is ea céile do chol cheathrair pé scéal é. Fiú dá mbeidíst age baile, ní chuirfidíst fáilte romhainn.’

‘Tá Dearbhaile ceart go leor,’ a dúrt go borb. ‘Tógann sé tamall aithne cheart a chur uirthi.’

Leanamar orainn ag siúl síos an tsráid.

‘Táimidne pósta le scór bliain anois. Nach bhfuil sé thar am agam fhéin agus ag Dearbhaile ceart a bhaint dá chéile?’ ar seisean.

‘Is é an rud is fearr a d’fhéadfaimíst a dhéanamh ná ligint dóibh a saol a chaitheamh.’

Thángamar chomh fada lenár ngluaisteán ag bun na sráide. Agus sinn díreach ar tí suí isteach, b’eo chugainn paca páistí ar rothair, cúigear nó seisear acu, is iad ag béicíl.

‘Iad ag dul timpeall ar nós ainmhithe fiáine,’ ar seisean.

Níor thugas aon toradh air.

Thiomáineamar abhaile, deireadh seachtaine eile gan bhrí caite againn, agus tháinig cumha orm i ndiaidh na rudaí beaga - ár n-ál féin. Níor mhaireadar sa bhroinn ach ar feadh tamaill bhig, sular múchadh a soilse. Bhí mo chol ceathrair is Dearbhaile sa chás céanna, ach siolla níor labhair éinne againn riamh fé.

Thuigeas go maith an fáth nár mhaith leis an lánúin eile go raghaimíst ag bothántaíocht chucu. Mar cad a chífidíst ach íomhá scáthánach, íomhá a chuirfeadh isteach ar gach aon duine againn.