Teachtaireacht an Aingil

le Jack Ó Drisceoil

Tugadh léasadh ceart dó sular caitheadh amach as an mbothán é - nár fheice mé anseo arís thú, an t-athair á rá sin ar ndóigh. B’in an naoú teaghlach a thriail sé agus ní go rómhaith a bhí ag éirí leis. É sin anuas ar an samhnas agus an meadhrán cinn a bhain le bheith tagtha ar an talamh i gcló daonna.

D’iompaigh sé é féin isteach thar imeall díoga, áit a mbeadh sé ó bhaol. Ag dul i ndéanaí a bhí sé agus bhí géarghá le cur chuige nua.

Chuir sé an scéal trí chéile ina aigne. Cánacha Chaesair, leigheasanna ar thinnis agus caoirigh á ngoid ag na comharsana: ba iad sin na nithe ba chás leis na daoine seo. Bhí sé fuar aige a bheith ag geallúint luach saothair sna flaithis dóibh; bheadh air toisc a theachta a mhíniú i gceart do na cailíní ar an ngearrliosta - agus, rud tábhachtach - é sin i ngan fhios dá dtuistí.

Bhí ógbhean aonair ag tarraingt uisce as tobar nuair a chonaic sí an strainséir gioblach chuici. Chuir sí chun imeachta.

- A Rebekah, fan tamall! Ní ar tí do dhíobhála atáim! Stad sí.

- Cé a d’inis m’ainm duit?

- Dia a chuir chugat mé, a Rebekah. A leithéid de dhea-scéal atá agam duit!

- Cé acu dia? Aiséarah? Eil? Iáivé?

- Sea, go díreach.

- Cé acu ceann?

- An chéad cheann.

- Aiséarah?

- Sea. Iad go léir - féach, tusa cluas a thabhairt dom ar feadh cúpla nóiméad, sin a bhfuil uaim.

Nocht sé rúndiamhra na hollchruinne di: bás agus beatha na réaltaí, an solas á dhéanamh den dorchadas, an síorscriosadh agus an atógáil; timthriall niamhrach uile na firmiminte. Ansin d’inis sé di an ról uasal a bhí leagtha amach di féin. Tháinig sí roimhe i lár abairte.

- Thaitin an píosa faoi na réaltaí liom, thaitin sin. Ach tá tú glan scuabtha as do cheann má cheapann tú go ligfinn duit páiste liom a chur chun báis, fiú más dia féin atá á iarraidh.

- Slánú an chine dhaonna an toradh a bheadh air!

- Slánú mo pháistí is ea iad a chosaint ar do leithéidse. Gread leat sula nglaofaidh mé ar mo dhaid.

B’in a chuid foighne tráite. Scrios ar ghothaí seo an aingil chineálta! An chéad chailín eile, chuirfeadh sé ina luí uirthi go raibh sé dáiríre i dtreo nach bhféadfadh sí an diúltú a thabhairt dó.

Tuairt throm a dhúisíonn Máire as a codladh. Tá fuinneog a seomra leapa ar oscailt agus toirt dhorcha fir cuachta ar an urlár. Boladh róláidir uaidh - an amhlaidh a thit sé isteach in umar ola olóige? - gach aon eascaine aige agus é ag útamáil le gléas a bhfuil splancacha ag léimt as.

Ansin, lasann an cuairteoir d’aon bhladhm go n-éiríonn ina shamhail lasrach adhfhuafar álainn. Leathann na súile ar Mháire roimhe. Buaileann seisean boiseog trasna an bhéil uirthi.

- Dún do chlab, a streachaille óinsí, agus éist leis an diabhal dea-scéal, a deir sé.