Léirmheas

Léirmheas
Is é atá sa leabhar Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-nós ná cnuasach aistí a d’eascair ó chomhdháil a eagraíodh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, sa bhliain 2015. An amhránaíocht i nGaeilge, agus go háirithe an stíl ar a dtugtar ‘sean-nós’, atá faoi chaibidil ag na húdair éagsúla, agus tá réimse leathan peirspeictíochtaí le fáil sna haistí atá scríofa acu. Gné amháin den leabhar atá an-spéisiúil, dar liom, ná an plé a dhéantar sa réamhrá ar chuid de na bealaí a mbíonn traidisiún amhránaíochta an Bhéarla ag caomhnú gnéithe de stíl an tsean-nóis – rud nach bpléitear go rómhinic i gcomhthéacs thraidisiún seo na Gaeilge. Tá roinnt ráiteas tábhachtach maidir leis an traidisiún ina iomláine déanta ag na heagarthóirí ina réamhrá, agus díol suntais is ea an cur síos seo a leanas: ‘Téann mistéir is diamhracht le gabháil an amhráin agus lena thaibhléiriú. Is ionann sin agus brat cosanta ar an spás tairseachúil in aghaidh an ghnáthshaoil.’ Tá an tuiscint chultúrtha seo ar an traidisiún taobh thiar de roinnt mhaith den phlé atá déanta ag scoláirí agus ag saineolaithe éagsúla sa chnuasach tábhachtach seo.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Is as Co. Aontroma do Shorcha Nic Lochlainn. Rinne sí bunchéim, MA agus PhD sa Ghaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; ina dhiaidh sin, chaith sí trí bliana mar scoláire in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Is léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh í faoi láthair.