‘In Éagmais na gCarad’
Níl ó Bhoth Chuanna go dtí an Cnocán Glas ach fad cic asail agus athChadhnach a bhí sa mBéarrach, a deir Diarmuid Johnson
‘Níl áit ab ansa leis ná an sliabh faoi sholas na réalt, fairsinge mhór na cruinne ina thimpeall, agus faoiseamh seal ó na smaointe crua a bhíodh á spíonadh ag a intleacht.’
I
Cois Fharraige, 1988
I mo sheasamh ag ceann an bhóithrín a bhí mé. Bhí an mhaidin ag smailceadh báistí. Laethanta eile bheadh rothar fúm soir. Ach is crochta na hocht míle slí ó Aill an Phréacháin go hOllscoil na Gaillimhe ar bhóithríní an chriathraigh – Poillíní, Buaile Beag, Rathún. Agus níorbh é leas mo mháilín leabhar an fliuchán a bheith ag rith leis. I muinín na hordóige liom mar sin.
Torann mótair Ard na bhForbacha aniar! Veain. Ted Berry á tiomáint – innealtóir fuaime le RTÉ, go ndéana Dia grásta air. D’oscail an cúldoras siar. Is é Feargal a bhí ina shuí chun deiridh.
‘Bhuel!’
‘Bhuel!’
Ní cuimhneach liom céard eile a dúirt muid le chéile an mhaidin sin. Ní raibh againn ar a chéile fós ach smeadar den chéad aithne. Feargal i dtús a chuid ollscolaíochta. Mise i m’iarchéimí. Ach b’annamh tost as sin go cúig bliana déag ar fhichead!
II
An Cadhnach agus an Béarrach
Cúig bliana déag ar fhichead. Ní beag. Blianta ollscoile. Blianta taighde. Blianta ceoil. Blianta siúil. Blianta ag taifeadadh seanchainteoirí Gaeilge ar an Eachréidh, in Áth Cinn, i mBaile an Dúlaigh agus i Mionlach. Blianta na Gearmáine: Freiburg ar an gcéad áit. Is ann a bhí Hildegard Tristram ina hollamh le Béarla agus le léann Ceilteach. Bonn ar an dara háit. Is ann a bhí cara dhil le Feargal i mbun an léinn Cheiltigh – Gisbert Hemprich. Chaith Feargal blianta eile i Wuppertal. Is ann a bhí Arndt Wigger ina léachtóir le teangeolaíocht. Ocht mbliana a chaith Feargal sa Ghearmáin más ceart mo chuntas. Bhí an Ghearmáinis ar a thoil aige. Mar dúirt an Cadhnach: ‘Tuige nach mbeadh!’
‘An Cadhnach’, arsa mise. Máirtín. Mar is athChadhnach a bhí sa mBéarrach. Níl ó Bhoth Chuanna go dtí an Cnocán Glas ach fad cic asail. Is minic a bhí muid tigh Mháirín Mhaitiú Ní Chonghaile ann roimh dheireadh an chéid. I mbungaló taobh ó thuaidh de Bhóthar an Rí a bhí cónaí ar Mháirín faoin am sin. Ach is sa teach mór ceann tuí ar thaobh an chladaigh den bhóthar a tógadh í. Is teach mór cuartaíochta a bhí tigh Mhaitiú fadó, fear de ghlúin Uí Chadhain, agus tigh Mháirín lena linn féin dá réir. Ní hamháin go mbíodh muintir an bhaile ann san oíche ag trácht ar chúrsaí an tsaoil, ach is iomaí sin scoláire ón iasacht a chaith seal ann ag tógáil chaint na háite agus ag déanamh aeir.
An Cadhnach fós: Éire a bheith saor agus Gaelach. Sin é ba phort d’fhear an Chnocáin Ghlais. Is é ba phort d‘Fheargal chomh maith. Ní raibh an spéis chéanna agam féin i gceist an stáit, nó is duine mé féin atá gan cultúr náisiúnta, agus nuair nach stát neamhspleách atá i mo thír dhúchais féin, an Bhreatain Bheag, ní raibh aon dílseacht náisiúnta ionam riamh. Níorbh amhlaidh don Bhéarrach. Mar a deir an Bhreatnais: is ón aon bhréidín amháin a rinneadh culaith dó féin agus do Mháirtín.
III
Gé an Oileáin agus Uascán Dé
Má tá caoineadh le déanamh, ná bíodh sé le rá nach raibh greann sa saol chomh maith. Bhí agus cuimse. Ritheann dhá scéilín liom.
Fear ón áit a bhí i Londain le fada. É ag sclábhaíocht ann. É ar bheagán Béarla. Bhí an boss ag fógairt air: ‘déan seo, déan siúd, déan arís é!’ Spréach mo dhuine. Agus nuair a spréach níor tháinig thar a bhéal ach ‘be gone the goose of the island on you’. Is minic a rinne muid gáire faoi sin. Is éard atá ann aistriúchán verbatim ar ‘imeacht ghé an oileáin ort!’, leagan cainte a bhí coitianta i gConamara, leagan borb drochmhúinte.
Scéilín eile. Cigire scoile a tháinig ar a chuairt chun
na háite. Is faoi Cháisc a tharla an bealach é. Tharla caint
faoi ‘uan Dé’. Bhí go maith. An bhliain dár gcionn tháinig
an cigire arís. Faoi Cháisc. Tharla caint ar ‘uan Dé’. Bhí duine de na gasúir an-chríonna. ‘Ach más é uan Dé a bhí
ann anuraidh,’ arsa sé, ‘nach é ‘uascán Dé’ a bheadh ann
i mbliana’.
Insíodh an scéal sin arís mí Mheithimh seo caite sa mBruiséil. Chuaigh muid go Parc George Henri áit a raibh deoch le fáil amuigh faoin aer. Bhí an tráthnóna
go breá, ach bhí Feargal as alt leis féin. É ag ceasacht.
Shíl mé féin nach raibh air ach tuirse na seacht gcúram. Ach ní fhaca mé arís é ina dhiaidh sin. Chuaigh trí nó ceithre ríomhphost eadrainn. Agus bhí glaoch WhatsApp ann tar éis na hobráide nuair a bhí sé in acmhainn comhrá a dhéanamh agus nuair ba chosúil gur biseach a bhí
i ndán dó.
IV
Mé Suibhne
Tráchtaim ar Mé Suibhne. Théadh Feargal go teach ósta La Maison Haute, rue George Henri, ag suibhneoireacht ó am go chéile. Bhí sé ag scríobh dréachta próis mar a bheadh Dia á rá leis. Slaoda próis. Sleachta bisiúla bláfara barrscothacha. Ach bhí ceist na filíochta ann. Na céadta línte. Aistí fada. Bhí cóiriú na filíochta ar an méar fhada aige. Bhí faitíos orm féin go bhfuaródh an saothar air. Sílim gur fhuaraigh. Ach má d’fhuaraigh féin ní fuarú gan atéamh a bhí ann. Ar scáth a chéile a mhaireann na scríbhneoirí. Sílim gur thug mé ugach dó. Is faoiseamh dom a cheapadh gur thug. Nuair a foilsíodh an leabhar, thug mé fogha fúithi. An scéala a chuir mé chuig an údar: ‘Dá scríobhadh an Cadhnach an Seachtú Ling, ní bheadh mórán cainte ar Cré na Cille.’ Cá bhfios an mbeadh nó nach mbeadh! Ach is éachtach an dá phíosa Gaeilge iad araon.
Tá cóip de Mé Suibhne le mo thaobh anseo inniu. Tá duilleog den airgead luachra faoin gclúdach ann. Is ar an gcriathrach i gCois Fharraige a bhain Feargal an duilleog sin. Chuir sé tiomnú i mbrollach an leabhair dom freisin .i. ‘in éagmais na gcarad cén mhaith dúinn an saol?’ Agus mar aguisín leis an méid sin: ‘gura seacht fearrde deoir chumhra do chleite féin, a chomrádaí’. Cén deoir chumhra? Sin ceist nár chuir mé air.
V
An Scoláire agus an Troubadour
Tráchtaim ar an scoláire. Bhí an tSean-Ghaeilge aige. Scríobh sé An Old-Irish Primer i bpáirt le Wim Tigges. Is é leagan III de Táin Bó Cuailgne ab ábhar don tráchtas M.A. a scríobh sé (1994). Is é an téacs Siabhurcharbad Con Culainn ab ábhar don tráchtas dochtúireachta a scríobh sé (2004). Sin gaisce mhór ann féin.
In 2020, d’fhoilsigh Curach Bhán Verlag i bpáirt leis an Studienhaus für Keltische Sprachen und Kultur leabhar agus dlúthdhiosca dar teideal Máirtín Ó Cadhain: Téacsanna Teagaisc. Is é Feargal a chuir an leabhar sin in eagar i bpáirt le hArndt Wigger. Chuir sé Béarla ar na sleachta Gaeilge a chum an Cadhnach. Tuilleadh gaisce.
Phléigh sé beagán den ábhar sin liom féin, agus a thrí oiread le daoine eile, ina measc sin Micheál Ó Catháin, amhránaí agus scoláire de bhunadh na Ceathrún Ruaidh atá ag cur faoi i mBearna. Is cuimhin liom nath cainte amháin. I mblúire próis faoi shochraide a bhí sé. Is éard a bhí á rá nár cheart aon deoch a ól sula mbeadh an chónra dealaithe den tsráid. Cé a cheapfadh go deo gurbh í a chónra féin a bheadh á dealú den tsráid i mBoth Chuanna trí bliana dár gcionn?
Tráchtaim ar an amhránaí agus ar an troubadour. Ina ghlas-stócach dó, shiúil sé cuid den tír in éineacht lena athair. Is ag taifeadadh ceoil a bhíodh Ted. Chuala sé na ceoltóirí móra ina steillbheatha sula raibh mórán ceirníní ann. Sin i lár na n80idí. Mar sin féin, ní leis an gceol traidisiúnta per se a chuaigh Feargal. Is é an giotár an uirlis a chleacht sé. Agus is tionlacan dá chuid amhrán a bhí sa ngléas ceoil sin. Foilsíodh deich gcinn d’amhráin leis i Leabhar Nua na nAmhrán, (CIC, 2016). Tá Gealachín Ghleann Trasna ann mar aon le Sin iad na laethanta a bhí.
Oíche ar bith dá raibh mé sa teach sa mBruiséil – cé nár mhinic sin nó b’fhearr linn a bheith faoi scáth na gcrann – bhíodh an giotár ar a ghlúin ag Feargal agus é ag spreagadh na dtéad go smaointeach. Sin mar atá na cuimhní cinn. Ní in ord ama atá siad. Ná in ord tábhachta. Iad ar snámh i m’aigne mar a bheadh na faoileáin ar Loch Éirne.
VI
An Criathrach
Ceist a chuir sé orm lá. Is i gCois Fharraige a bhí mé. Cuibhriú fada an ChOVID ba chúis leis sin. Bhí an tír dúnta. Teach ar cíos againne. Gan le déanamh ach Ceallach a scríobh, cúpla port a chasadh ar an bhfliúit, an criathrach agus an cladach a shiúl, agus fód móna a chur ar an tine. Bhí an fómhar caite agus aimsir na Samhna linn. ‘Cén dath atá ar an gcriathrach’ a deir sé, ‘an bhfuil an ruachan air, an buíochan?’
Thug mé freagra air: dán dar teideal An Criathrach faoi Shamhain. Ag seo a thús: ‘Criathrach rua, criathrach buí, criathrach Samhna, síorchriathrach sí. Buí-rua an criathrach, buí-rua ruabhuí, leathbhuí anois, leath-ruabhuí arís.’ Ba mhinic caitheamh i ndiaidh an chriathraigh ar Fheargal. ‘Eolchaire,’ arsa sé. Níl áit ab ansa leis ná an sliabh faoi sholas na réalt, fairsinge mhór na cruinne ina thimpeall, agus faoiseamh seal ó na smaointe crua a bhíodh á spíonadh ag a intleacht.
VII
An Bhruiséil, 2021
An Bhruiséil arís. Feabhra 2021. Bhí leabhar ag teastáil uaim le haghaidh mo chuid taighde. D’fhiafraigh mé d’Fheargal an raibh cóip aige. Bhí.
‘Feicfidh mé ar shráid na Comhairle thú ar bhuille an dó dhéag,’ ar sé.
‘Beidh mé ann,’ arsa mise.
Bhí sé romham. Beannú ní dhearna muid dá chéile ach an dá láimh a cheangal timpeall ar a chéile mar a bheadh beirt nach bhfaca a chéile le deich mbliana, mar a bheadh beirt a mbeadh craobh an chontae buaite acu.
‘Cén taobh a dtiocfaidh muid?’
‘Cuma liom.’
‘Seo, tá siopa leabhar ar Rue Froissard.’
‘Nach minic a bhí mé ann!’
Choinnigh muid orainn síos.
‘Gabhfaidh muid go Páras, meas tú?’
‘Páras?’
‘Éadaoin agus Mé Suibhne i bPáras.’
‘Cuma liom.’
‘Gabhfaidh muid go Tokyo.’
‘Gabhfaidh muid go Seanadh Féistín.’
‘Ólfaidh muid an caifí i dtosach.’
‘Á-raidht, a mhac.’
Ní dheachaigh muid go Páras, go Tokyo, ná go Seanadh Féistín. Ach d’eagraigh muid Oíche na Leabhar sa mBruiséil aimsir na féile Pádraig 2022. Bliain ó shin. Sin é an méid. Bhí Feargal sásta an oíche sin. Bhí sé bródúil as féin. Bhí an saol ina cheart. Léigh sé trí shliocht. Thug míniú ar an ábhar. Chuaigh síos ar a ghogaide gur thug léargas dúinn ar an mbaothléim – baothling! – a chaith an Suibhneach nuair a bhí sé ag dul le craobhacha. Bhí aoibh an gháire ar a bhéal.
VIII
An Bhrionglóid, Nollaig 2022
Níor éirigh liom a dhul ar an tsochraide. Is ar mo bhealach chun na Briotáine a bhí mé nuair a fuair mé an drochscéal. Líne as seanamhrán an chéad rud a rith liom. Bádóirín Thír an Fhia sílim: ‘Tá pian i mbéal mo chléibhe a chuirfeadh na céadta fear chun báis’. Siar leis an traein. Páras, Rennes, St Brieuc…
Las muid an tine sa seanteach cois coille an oíche sin. Má bhí téamh na mbos ann, bhí sioc ar mo chroí. D’ól mé gloine fuisce. Ní ligfeadh an cumha dom Mé Suibhne ná An Tromdhámh a bhaint den tseilf. Chum mé píosa ceoil: caoineadh ar mheadaracht an roisc. Scríobh mé marbhna. Chuaigh mé go Carhaix lá arna mhárach gur cheannaigh mé crann úll le cur i gcuimhne ar mo mhate. Chuaigh. Cheannaigh. Chuir.
An tríú hoíche is ea a tharla chugam i mbrionglóid é. An tríú hoíche tar éis a adhlactha i reilig an Choilligh i mBaile an tSléibhe i bparóiste an Spidéil in aon chill lena athair agus le daoine ionmhaine eile a bhí imithe roimhe.
‘Ach céard seo?’ arsa mise idir dhá néal tromchodlata. Chugam. Chugam. É ag téarnamh go ciúin chugam as ceo na haislinge. Mhúscail mé de leathmhúscailt. ‘An tú atá ann…?’ Is é. Feargal. Is maith a d’aithnigh mé é. Is maith a d’aithnigh mé ar leagan a shúl gur fear é a raibh faoiseamh faighte aige. Faoiseamh agus sólás. Focal níor dhúirt ceachtar againn. Chrom sé chugam. Phóg muid a chéile. Agus d’imigh sé leis arís i dtreo na síoraíochta. Seacht gcéad míle slán leis.
Áiméan.