SEÁN P Ó hÉALAÍ RIP
Tá mórán daoine faoi chomaoin ag Seán P Ó hÉalaí, iar-eagarthóir Comhar a bhásaigh an mhí seo, a deir
a chara Cathal Póirtéir
Ba luath sna 1970idí a casadh Seán P Ó hÉalaí orm den chéad uair i dteach tábhairne iomráiteach an Gweedore Bar ar Shráid Waterloo i gcroílár Dhoire, baile dúchais na beirte againn.
Bíodh is gur fhreastail muid ar an mheánscoil chéanna, Coláiste Cholmcille, bhí Seán blianta chun tosaigh orm agus faoin am ar chuir mé aithne air bhí sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath agus ina eagarthóir ar an iris Comhar. Fuair muid amach go luath go raibh spéis againn beirt sa Ghaeilge, sa tseandálaíocht agus sa litríocht. Ba chéimí de chuid Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath é faoin am sin agus lean mé an cosán céanna blianta beaga ina dhiaidh sin.
Bhí muid ag comhrá faoi scríbhneoireacht agus iriseoireacht na Gaeilge agus chuir Seán in iúl dom go mbeadh fáilte roimh fhilíocht nó prós le dealramh. Faoin am ar sheol mé aon dréacht chuig Comhar bhí seal Sheáin críochnaithe mar eagarthóir. Bhog sé ar aghaidh go dtí Nuacht RTÉ i nDomhnach Broc ag obair le sárfhoireann Gaeilge ansin ina raibh Liam Ó Muirthile, Diarmuidín Ó Súilleabháin, Liam Mac Con Iomaire agus mórán eile a chastaí orm go rialta agus mé i mo mhac léinn ag obair páirtaimseartha taobh thiar den bheár i gClub Chonradh na Gaeilge. Bhíodh cur agus cúiteamh faoi chúrsaí nuachta agus spóirt agus Gaeilge ach thar rud ar bith eile bhíodh cuideachta mhaith agus greann ann agus Seán P Ó hÉalaí ina lár. Ba dhuine é Seán a raibh acmhainn grinn den scoth aige. Ba mhinic é ag insint scéalta don chuideachta, ag spochadh as daoine i ngan fhios daofa. Chuireadh sé aghaidh shollúnta air le cur ina luí ar dhuine go raibh sé dáiríre faoin rud a bhí á mhaíomh aige - go dtí go bpléascadh sé féin le gáire.
Bhí Seán gníomhach sa Bhonnán Buí sna seachtóidí luatha, dream Gaelach, ceolmhar a thagadh le chéile do chúpla deoch agus amhráin i dtábhairní éagsúla i mBaile Átha Cliath - sórt Pop-up Gaeltacht leathchéad bliain ó shin. Bhíodh an foilsitheoir agus an gníomhaí teanga Pádraig Ó Snodaigh, an file agus amhránaí Caitlín Maude agus Gaeil eile a raibh dúil i gcuideachta ghaelach rannpháirteach ann. Ar deireadh thairg Mairéad Uí Dhomhnaill Club an Chonartha dóibh mar bhuanionad, rud a chuir go mór le freastal ar an Chlub ina bhlianta tosaigh.
Léirigh Seán dúil mhór sa cheol ó bhí sé ina stócach óg agus mhair sin i rith a shaoil. Thiocfadh leat an sásamh a aithint ina aghaidh nuair a chonaic sé go raibh pianó in aice láimhe le cur le scléip na hoíche. B’iontach an réimse leathan ceoil a bhí aige ón cheol traidisiúnta go ceol clasaiceach go gormachaí agus rac.
Is cuimhin liom Oíche Chinn Bhliana amháin nuair a d’fhág an bheirt againn seisiúin i dTeach Hiúdaí Beag ag am druidte agus lean muid ar aghaidh go teach Francie Mooney do chóisir agus ina dhiaidh sin arís go teach mhuintir Uí Bhraonáin i nDobhar. Fanann cuimhne shoiléir agam de Sheán ar an phianó ag seinm ‘Don’t it make my brown eyes blue’ agus cuid de mhuintir Clannad á thionlacan go domhain san oíche.
Bhí Seán mór le ceoltóirí go leor a bhíodh ag seinm fá Bhaile Átha Cliath an t-am sin, go háirithe, muintir Uí Domhnaill agus a sheanchara as Doire, an giotáraí clúiteach, Dáithí Sproule. Tá nóta ar dhlúthdhiosca aonair le Dáithí ag tabhairt aitheantais dá chara scoile Seán a bhíodh ag cóiriú ceol traidisiúnta don ghiotár nuair a bhí siad ar scoil ar dhóigh nach raibh déanta ag aon duine eile go dtí sin. Bhí an ceol ina chroí ag Seán ach ba leis an iriseoireacht a chaith sé a shaol oibre, diomaite de thréimhse ghairid mar mhúinteoir meánscoile i mBaile Átha Cliath i dtús a shaoil oibre.
Thart fá 1977 d’fhág Seán Nuacht RTÉ nuair a ceapadh é mar Chomhfhreagraí don Iarthuaisceart ag RTÉ News, an chéad duine riamh a ceapadh sa phost sin. Thug sin deis dó pilleadh ar a cheantar dúchais, rud a thaitin go mór leis. D’oibrigh sé ansin ar feadh roinnt blianta agus bhíodh sé le feiceáil agus le cluinstean go rialta ar raidió agus teilifís RTÉ. Mar chomhfhreagraí nua ní raibh na háiseanna stiúideo céanna aige agus a bhí ag na comhfhreagróirí in oifigí RTÉ i mBéal Feirste, Gaillimh nó Corcaigh ach d›oibrigh sé thart air sin gan stró. D›éirigh sé míshásta nuair a chinn RTÉ an stiúideo réigiúnach don Iarthuaisceart a lonnú i Sligeach seachas i nDoire nó i Leitir Ceanainn.
Ag tús na n-ochtóidí d’fhág sé slán ag RTÉ nuair a ceapadh é mar eagarthóir Gaeilge ag Scéala Éireann agus d’oibrigh sé leis an nuachtán sin go dtí gur dhún sé i 1995.
Munar éirigh liom altanna a sholáthar do Sheán nuair a bhí sé ina eagarthóir ar Comhar, nuair a thosaigh mé mar iriseoir neamhspleách i mBaile Átha Cliath i 1981 ba mhór an gar dom é a bheith ina eagarthóir Gaeilge ann (gan trácht ar mharcaíocht abhaile go Doire ó am go ham). Ba mhinic mé istigh aige san oifig bheag ar Ché de Burg a roinn sé leis na heagarthóirí gnó agus gné-altanna. Thuig sé chomh doiligh is a bhí sé don iriseoir óg gléas beatha a bhaint amach as iriseoireacht na Gaeilge agus bhí sé sásta glacadh le hailt liom go rialta don cholún Gaeilge. Spreag sé mé le gearrscríobh a fhoghlaim ionas go dtiocfadh liom sealanna oibre a fháil ón deasc nuachta. Thug Scéala Éireann ardú céime dó mar Leas-eagarthóir agus lean sé sa chúram sin go dtí gur dúnadh an nuachtán i 1996.
Bhí deis agam oibriú leis ó 2003 nuair a thosaigh sé ag obair go rialta sa Lárionad Raidió i nDomhnach Broc do RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chláir cosúil le Ardán na nEalaíona, An Chaint sa Chathair agus Glór Aniar. Bhí obair an iriseora raidió athraithe ó d’fhág sé RTÉ na blianta roimhe sin agus is cuimhin liom é ag foghlaim scileanna eagarthóireacht fuaime ar an ríomhaire agus chomh sásta agus a bhí sé máistreacht a fháil uirthi.
Fuair sé saoirse oibre agus sásamh as an réimse clár a rinne sé sna deich mbliana nó mar sin a chaith sé le RnaG. Is cinnte gur thaitin a chuideachta agus a chomhrá go mór lena chomhghleacaithe oibre ansin.
D’éirigh leis meas agus cairdeas a chothú le haon duine ar oibrigh sé leo in RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Scéala Éireann agus i measc na cuideachta a bhíodh aige i gClub an Chonartha, san Arts Club agus lena gcairde sa Spáinn thar na blianta.
Tá mórán againn faoi chomaoin aige as a chuidiú, a chairdeas agus a chuid ceoil.