Éilís Ní Dhuibhne

Cathal Póirtéir
Éilís Ní Dhuibhne

Tá oíche ómóis don scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne á reáchtáil ag an bhféile litríochta Gaeilge Imram an mhí seo, ómós atá tuillte go maith aici

Shocraigh an fhéile litríochta Gaeilge Imram gur don scríbhneoir ildánach Éilís Ní Dhuibhne a bheadh Oíche Ómóis na bliana seo ann. Tá gearrscéalta, úrscéalta, drámaí ardáin agus drámaí teilifíse scríofa ag Éilís Ní Dhuibhne, gan trácht ar na hailt in irisí léannta atá scríofa aici mar bhéaloideasóir agus mar léirmheastóir ar an nualitríocht. Tá go leor scríbhneoirí Gaeilge ann a chleachtann a gceird i mórán seánraí litríochta mar a dhéanann Éilís Ní Dhuibhne ach is beag scríbhneoir Gaeilge eile atá chomh haitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta as feabhas a saothar mar scríbhneoir cruthaitheach sa Bhéarla.

Cuireann Imram oíche ar leataobh ag deireadh na féile gach bliain le ceiliúradh a dhéanamh ar dhuine atá i ndiaidh cion fir nó mná a dhéanamh i saol na litríochta Gaeilge mar atá déanta ag an scríbhneoir seo as Baile Átha Cliath le breis is scór blianta.

Tréaslaítear a saothar leis an scríbhneoir ag ócáid chuideachtúil, cheolmhar ina mbíonn deis ag cairde, léitheoirí agus scríbhneoirí eile an meas agus an cion atá acu ar an scríbhneoir agus a bhfuil bainte amach aige nó aici i ngort na scríbhneoireachta Gaeilge a léiriú. Bíonn rogha leabhar leis an scríbhneoir ar díol ann agus deis ag léitheoirí iad a cheannach agus síniú an údair a fháil orthu. I measc na ndaoine ar tugadh oíche ómóis dóibh ag Imram tá Máire Mhac an tSaoi, Pádraig Ó Snodaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Tomás Mac Síomóin, Seán Mac Mathúna, Alan Titley, Pádraig Ó Fiannachta agus Breandán Ó Doibhlin.

Tá deich gcinn d’úrscéalta agus seacht gcnuasach gearrscéalta foilsithe i mBéarla ag Éilís Ní Dhuibhne faoina hainm féin agus tá a Selected Stories díreach foilsithe aici. Thosaigh Éilís ag foilsiú leabhair do dhaoine óga i mBéarla agus tá sí gníomhach i gcur chun cinn na litríochta do dhaoine óga le fada an lá. Scríobh sí seacht n-úrscéal do dhaoine óga agus déagóirí i mBéarla faoin ainm pinn Elizabeth O’Hara sular thosaigh sí ag foilsiú faoina hainm féin! B’fhéidir gur mhair cuid den chúthaileacht sin na hóige isteach ina saol fásta í.

Bíodh is go raibh an Ghaeilge ar a toil aici óna hóige, níor thosaigh sí ag scríobh i nGaeilge (taobh amuigh den chóras oideachais) go dtí go bhfuair sí iarratas ó Chlíodhna Ní Anluain nuair a bhí Amharclann de hÍde ar an bhfód sna 1990idí agus an complacht sin ar thóir bundrámaí Gaeilge le stáitsiú. Léirigh an complacht sin dhá dhráma a scríobh Éilís dóibh: Dún na mBan trí Thine in Amharclann na Péacóige i 1994 agus Milseog an tSamhraidh in Ionad Samuel Beckett i 1997. Ina dhiaidh sin tháinig Caoilfhionn Nic Pháidín ó na foilsitheoirí Cois Life chuici ag cuardach ábhar leabhair. I dtosach, chuir siad cló ar an dá dhráma sin le chéile i 1997. Ansin tháinig Caoilfhionn arís agus úrscéal comhaimseartha i nGaeilge á lorg aici an uair seo. Scríobh Éilís an leabhar Dúnmharú sa Daingean (2001) a bhuaigh duais don úrscéal is fearr i gComórtas Liteartha an Oireachtais.

Ó shin, tá ceithre leabhar Ghaeilge eile scríofa aici do léitheoirí fásta agus do dhéagóirí, agus iad an-éagsúil óna chéile ó thaobh seánraí de: insíonn Cailíní Beaga Ghleann na mBláth (2003) scéal faoi chailíní óga i gcoláiste samhraidh. Scéal bleachtaireachta é Dún an Airgid (2007) atá suite i mbruachbhaile le linn thréimhse an Tíogair Cheiltigh. Scríobh sí roinnt leabhar dírithe ar dhéagóirí agus an saol ina maireann siad: Hurlamaboc (2005), Dordán (2011) agus Aisling nó Iníon A (2015). Cois Life a d’fhoilsigh iad go léir.

Níl Éilís iomlán cinnte cad chuige ar thosaigh sí ag scríobh an chéad lá riamh ach is dóigh léi anois go mbaineann sé leis an bpearsantacht a bhí aici agus í ina páiste: í ciúin, cúthail, agus an-tógtha le bheith ag léamh. Thosaigh sí ag scríobh chun í féin a chur in iúl tríd an bhfocal scríofa seachas tríd an gcaint. D’éirigh léi agus lean sí de.

Níl Éilís chomh cúthail sin anois agus cleachtadh na mblianta aici ar an léachtóireacht agus ar theagasc na scríbhneoireachta cruthaithí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus ag cur a saothar cruthaitheach agus acadúil féin i láthair in Éirinn agus thar lear. Mar sin féin, braitheann tú uirthi go mb’fhearr léi a bheith ag scríobh go ciúin nó ag léamh ar a suaimhneas ná a bheith ag caint os comhair an phobail, bíodh is gur féidir léi sin a dhéanamh i dteangacha éagsúla, an tSualainnis ina measc. Bhí Éilís pósta ar Bho Almqvist, an béaloideasóir Sualannach a bhí ina Ollamh le Béaloideas i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus a chaith mórán dá shaol le béaloideas na Gaeilge go bhfuair sé bás go tobann ceithre bliana ó shin. Tá Éilís anois ag foghlaim na Bulgáirise mar go bhfuil garpháiste óg aici sa tír sin. Ní hé seo an chéad uair ina saol a bhfuil cúrsaí grá ag spreagadh foghlaim teanga.

Tugann an scríbhneoireacht sásamh ar leith di nuair a bhíonn scéal á bhreacadh síos aici. Tosaíonn sí ag scríobh chomh luath agus a éiríonn sí ar maidin agus tugann sé sásamh di an scéal a chur síos go siciúil os a comhair amach. I dtosach bíonn smaoineamh aonair éigin ina cloigeann aici agus suíonn sí síos agus tosaíonn sí leis sin, gan aon cheann scríbe cinnte roimpi. Ansin, de bharr í a bheith ag scríobh, tagann smaointe eile chuici agus as an saothrú sin go léir tagann téama chun tosaigh agus cuirtear cruth ar phíosa nua scríbhneoireachta.

‘Fásann na smaointe as síol beag go dtí go bhfásann siad ina scéal,’ a mhíníonn sí dom. ‘Ní tharlaíonn sé domsa mura scríobhaim go siciúil. Nuair a bhím ag smaoineamh ní fhásann an bunsmaoineamh isteach i scéal. Bíonn orm a bheith ag scríobh ionas go dtiocfaidh cruth ar an rud. Spreagann sé mo shamhlaíocht a bheith ag breacadh rudaí síos ar phár.’ Agus dhá scór leabhar foilsithe aici, is léir go bhfuil ag éirí leis an modh oibre sin di.

Rinne Taibhdhearc na Gaillimh léiriú ar dhráma léi ar na mallaibh, Dún na mBan Trí Thine, agus thug sé an-sásamh di é a fheiceáil ar an stáitse arís, breis agus che bliain i ndiaidh an chéad léirithe sa Phéacóg. Deir sí gur bhraith sí gur duine eile a scríobh an dráma nuair a chonaic sí sa Taibhdhearc é, ‘duine éigin a bhí as a meabhair’! Ba chuidiú aici é díreach foilsithe aici. Thosaigh Éilís ag foilsiú leabhair do dhaoine óga i mBéarla agus tá sí gníomhach i gcur chun cinn na litríochta do dhaoine óga le fada an lá. Scríobh sí seacht n-úrscéal do dhaoine óga agus déagóirí i mBéarla faoin ainm pinn Elizabeth O’Hara sular thosaigh sí ag foilsiú faoina hainm féin! B’fhéidir gur mhair cuid den chúthaileacht sin na hóige isteach ina saol fásta í.

Bhí an dráma sin bunaithe méid áirithe ar ghearrscéalta a foilsíodh ina dara bailiúchán Eating Women is not Recommended agus is dóigh léi go raibh cuid den bhuile chéanna ag baint leis na scéalta sa chnuasach sin. Sa dráma agus sna scéalta sin bhí sí ag tarraingt go leor as tobar an bhéaloidis agus na mothúcháin amha a bhí le brath i gcuid de na scéalta sin.

‘Tagann athrú ar do mheon,’ a mheasann Éilís anois. ‘Nuair a bhí mé sna tríochaidí bhí fearg orm faoina lán rudaí a bhain le saol na mban, agus le mo shaol féin ag an am is dócha. Bhí an iomarca ar fad á dhéanamh agam: ag tógaint clainne, post lánaimseartha agam agus ag an am céanna bhí mé ag scríobh go cruthaitheach, ag iarraidh leabhair agus ailt a fhoilsiú agus ag iarraidh a bheith i mo bhéaloideasóir agus i mo scoláire — so, bhí baint aige sin ar fad leis.’

Aithníonn sí anois an t-ualach oibre sin a bheith iomarcach ach ní raibh an tuiscint sin aici ag an am. Tig ciall le haois, a deirtear, agus tháinig.

‘Tá mé anois i bhfad níos compordaí liom féin, níos aibí agus meon éagsúil agam. Tá rud eile a bhaineann le bheith ag scríobh, nó ag plé le healaíon ar bith eile is dócha, braithim go bhfuil mé i mo cheardaí níos fearr anois ná mar a bhí mé tríocha nó daichead bliain ó shin ach, ar an lámh eile de, sílim go mbíonn fuinneamh sa saothar a chruthaíonn tú nuair a bhíonn tú óg nach mbíonn ann, b’fhéidir, nuair a bhíonn tú níos sine agus i do cheardaí níos fearr. Ach sin í mistéir na healaíne agus na scríbhneoireachta duit.’

Smaoiníonn Éilís ar an saol thart timpeall uirthi mar scríbhneoir agus mar antraipeolaí, mar bhean atá ag tuairisciú chomh casta agus atá sé maireachtáil ag am faoi leith in áit faoi leith. Tá sé tábhachtach di mar scríbhneoir go mbeadh léargas ar an saol comhaimseartha ina maireann sí le fáil ina cuid scéalta. Breathnaíonn sí uirthi féin agus ar scríbhneoirí eile csin mar dhaoine a thugann léargas ar an timpeallacht chomhaimseartha agus na mothúcháin a théann léi. Bíodh is nach bhfuil sí an-tógtha le csean stairiúil mar sheánra, braitheann sí, nuair atá an chuid is fearr den fhicsean stairiúil á léamh aici, go bhfaigheann sí léamh níos iomláine ar an tréimhse atá faoi chaibidil ón scríbhneoir cruthaitheach ná mar a fhaigheann sí ó go leor staraithe.

Tá an litríocht agus scéalta de gach sórt lárnach ina saol le fada an lá, is cuma Meán-Bhéarla nó Sean-Ghaeilge a bheith i gceist uaireanta! Is léitheoir, scríbhneoir agus scoláire í a tógadh i dtréimhse ina raibh béim, agus ardmheas, ar chúrsaí litríochta.

Nuair a iarraim uirthi cad a cheapann sí den chaint uilig faoi STEM anois agus an córas oideachais ag cur béim bhreise ar chúrsaí eolaíochta agus teicniúla seachas ar an litríocht agus ar na healaíona, tá sí réchúiseach go leor faoi. Ceapann sí nach dtarlaíonn aon dul chun cinn san eolaíocht mura mbíonn fís agus samhlaíocht ann chun é a spreagadh i dtús báire agus go mbeidh sin amhlaidh i gcónaí. Feiceann sí deiseanna ann don tsamhlaíocht sa saol atá romhainn agus is dóigh léi go mbeidh an scéalaíocht thart orainn an t-am ar fad i bhfoirm amháin nó i bhfoirm eile: sna scannáin agus ar an teilifís, mar shampla, chomh maith leis an litríocht scríofa agus an litríocht bhéil. ‘Tá scéalta ann ó thús ama — daoine ag insint scéalta, ag scríobh scéalta; anois tá daoine ag breathnú ar scannáin agus ar an teilifís,’ a deir sí. Breathnaíonn sí ar chuid dá ndéanann sí féin mar chuid den tionscnamh a bhaineann le siamsaíocht. Thar na blianta tá tréimhsí caite aici mar scriptscríbhneoir ar na drámaí teilifíse Glenroe ar RTÉ 1 agus Ros na Rún ar TG4, mar shampla. ‘Ar deireadh, bíonn gach duine ag iarraidh faoisimh ó bheith ag obair i saotharlann nó in oi g nó ó pé rud eile a bhíonn á dhéanamh acu.

‘Ach nuair a scríobhann tú litríocht ar ardleibhéal bíonn níos mó ná siamsaíocht i gceist. Foghlaimíonn daoine rud éigin maidir le cad a chiallaíonn sé a bheith i do dhuine daonna. Cuireann mo chuid scéalta ceisteanna faoin saol agus faoi cad atá tábhachtach dúinn mar dhaoine, mar phobal. Is saghas siamsaíocht é a bheith ag léamh litríochta, ach ní siamsaíocht é a beith ag scríobh — is obair í sin!’

Nuair a fhoilsíonn sí gearrscéal san Irish Times, mar shampla, bíonn aisfhreagra gasta go leor ó léitheoirí ach, maidir le leabhair agus ailt léanta in irisí, ní thagann an oiread sin tuairimíochta ar ais chuici mar gheall orthu. Bíonn díomá áirithe uirthi nuair nach mbíonn aisfhreagra ann ach baineann an fhadhb sin, dar léi, le heaspa léitheoirí. Sin mar atá agus scríobhann sí léi mar sin féin.

Tugann na gradaim a fuair sí — Pen Ireland, an Hennessy Hall of Fame, an Gradam Bisto, Gradam Stewart Parker, duaiseanna i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge, áit ar ghearrliosta an Duais Orange — agus Oíche Ómóis Imram sásamh an-mhór di. Is cuid den aisfhreagra ar a saothar scríbhneoireachta iad go léir.

Beidh Oíche Ómóis d’Éilís Ní Dhuibhne ar siúl i McGrattan’s, Lána Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2 ag 20.00, Dé Sathairn 21, Deireadh Fómhair 2017. Féach imram.ie. Beidh Dún na mBan Trí Thine, arna léiriú ag an Taibhdhearc, ag dul ar chamchuairt Ghaeltachta i mí na Samhna. Gach eolas le fáil ar www.antaibhdhearc.com.

Cathal Póirtéir

Is scríbhneoir agus craoltóir é Cathal Póirtéir.