Tugtar an Comhaontú slán
Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil míorúilt i ndiaidh tarlú os comhair do dhá shúil, a deir Robert McMillen
Ar an 11 Aibreáin 1998, lá i ndiaidh do Chomhaontú Aoine an Chéasta teacht ar an saol, ní raibh ag Castle Buildings ach mé féin agus Nell McCafferty. Bhí gach duine eile - idir iriseoirí, pholaiteoirí agus eile - imithe chun an bhaile agus iad traochta.
Bhí bean Dhoire faichilleach ach dóchasach go raibh ré úr ar tí tosú.
Ní raibh mé féin chomh cinnte sin. Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil míorúilt i ndiaidh tarlú os comhair do dhá shúil.
Mise a raibh eagla mo chraicinn orm agus mé i mo pháiste nuair a tharla na chéad dúnmharuithe seicteacha sna ‘trioblóidí’ is déanaí ó thuaidh nuair a mharaigh an UVF beirt Chaitliceach, John Scullion agus Peter Ward i 1966.
An tráth céanna, bunaíodh Cumann na gCeart Sibhialta agus chonaic mé an drochbhail a tugadh do léirsitheoirí a bhí ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an seicteachas a bhí i gcuislí an stáit agus an leatrom a bhí á imirt orthu ó cruthaíodh é i 1921.
Chonaic mé fás an IRA Sealadach, an INLA, an UDA, an UVF agus go leor mionghrúpaí foréigneacha eile a rinne léirscrios fud fad na Sé Chontae, ó dheas agus thar lear. Bhí gaolta liom i measc an 3,720 íobartach.
D’oibrigh mé sna hobrádlanna in Ospidéal Ríoga Victoria ar feadh seal sna 1970idí agus chonaic mé na colainneacha leonta, na cneácha, na haghaidheanna cráite le mo shúile cinn féin.
Mar sin de, bhí mé sásta fanacht le fáil amach cad é mar a d’oibreodh mionsonraí an Chomhaontaithe.
Ansin, ar an 22 Bealtaine 1998, fógraíodh gur shaothraigh lucht tacaíochta an Chomhaontaithe 71.12% de na vótaí i reifreann ó thuaidh agus bhí 93% i bhfách leis ó dheas. Bhí tús á chur leis an ré úr a bhí geallta.
Nuair a tháinig an chéad chruinniú de Thionól Thuaisceart Éireann le chéile ar an 2 Nollaig 1999, an chéad fheidhmeannas roinnt na cumhachta ó bhí 1974 ann, mhéadaigh an dóchas go n-oibreodh an turgnamh úr seo agus go raibh síocháin, dá leochailí í, ar na gaobhair.
Ach bhris an réadúlacht isteach ar an fhís.
Trí mhí i ndiaidh shíniú an Chomhaontaithe, mharaigh an UVF an triúr deartháireacha Quinn in ionsaí coirloiscthe ar a dteach i mBaile Monaidh le linn chonspóid Dhroim Cria agus mí ina dhiaidh sin, tharla an sléacht ar an Ómaigh inar mharaigh buama de chuid an Fíor-IRA, 29 duine.
Ach bhí cíocras ar dhaoine anois agus iad ag súil go n-oibreodh an méid a bhí geallta i gComhaontú Aoine an Chéasta.
25 bliain níos faide anonn, ar chomhlíon an Comhaontú a gheallúintí?
Caithfidh an freagra a bheith bunaithe ar an fhianaise – mar sin tá sé measartha diúltach.
Meastar nach raibh an Tionól ag feidhmiú ach ar feadh 65% den am ó bunaíodh é. Níor oibrigh sé ar feadh trí bliana i ndiaidh do Shinn Féin siúl amach in 2017 agus ó Eanáir 2022 tá an DUP ag fanacht amuigh mar agóid in éadan Phrótacal Thuaisceart Éireann, cé gurb ann don Phrótacal cionn is gur thug an DUP tacaíocht don leagan is déine den Bhreatimeacht, gníomh féindochair a raibh móramh mór de mhuintir an tuaiscirt ina éadan.
Bhí an córas polaitíochta ó thuaidh a bhunaigh an Comhaontú bunaithe ar thrí shraith.
Sraith 1: Bhain an tsraith seo le cúrsaí polaitíochta taobh istigh de na Sé Chontae ach ba léir na fadhbanna ón tús. Baineadh aimhleas as achainíocha ar bhonn ábhar buartha, cuireadh stad le hiarrachtaí chun Acht Gaeilge a chur fríd, b’éigean ceisteanna eile, ón ghinmhilleadh go dtí an trasphlandú orgán a chur fríd Westminster ach tá daoine buíoch go raibh an Tionól ag feidhmiú le linn na paindéime agus moladh mór tugtha do Robin Swann a bhí ina Aire Sláinte ón UUP ag an am.
An rud is fearr a d‘fhéadfaí a rá faoin rialtas ó thuaidh ná gur chosain sé muid ó chuid de na polasaithe ba mheasa de chuid na dTóraithe thall cé go dtugann Teachtaí Parlaiminte de chuid an DUP tacaíocht i gcónaí do pholasaithe na gCoiméadach, dá uafásaí iad.
Bhain Sraith 2 le caidrimh thuaidh agus theas. Níl na heagrais trasteorainn a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta ag feidhmiú mar is ceart mar gheall ar bhaghcat an DUP. Ní bhuaileann An Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas le chéile.
Caidrimh idir Éirinn agus an Bhreatain ab ábhar do shraith a 3 den Chomhaontú ach is doiligh a rá cad é chomh héifeachtach is atá sé agus an rialtas thall ag síorchomhrac lena chéile, go háirithe maidir le cúrsaí Eorpacha.
Ar a laghad, tá na ceisteanna seo ag teacht go cnámh na huillinne agus Creat Windsor á mheas ag polaiteoirí thall agus abhus.
Bunaithe ar an fhianaise sin, is léir go bhfuil fuadar fúthu sin atá ag iarraidh Comhaontú Aoine an Chéasta a leasú ar mhaithe le hidé-eolaíocht amháin agus rialtas na Breataine ag beartú an Comhaontú a athrú le hAontachtaithe a shásamh beag beann ar náisiúnaithe agus an trian sin den phobal a mhaíonn nach aontachtaithe nó náisiúnaithe iad agus roinnt ‘barántais’ a thabhairt dóibh.
‘Tá sé curtha in iúl go soiléir ag an Rialtas go gcuirfidh muid taca faoi na socruithe i gCreat Windsor trí leasuithe ar Acht Thuaisceart Éireann 1998 chun ráthaíochtaí bunreachtúla agus daonlathacha a sholáthar do mhuintir Thuaisceart Éireann,’ a dúirt Chris Heaton-Harris, an Rúnaí Stáit, an tseachtain seo caite. (Is ionann muintir Thuaisceart Éireann agus aontachtaithe amháin is cosúil.)
Níos measa arís, tá sé beartaithe ag na Coimeádaigh pardún a thabhairt do dhaoine a rinne coireanna le linn na dtrioblóidí, idir shaighdiúirí agus pharaimíleataigh, rud a thagann salach ar an méid atá scríofa sa Chomhaontú.
Nár gheall sé go dtabharfaí a gcion dóibh siúd a fuair bás nó a gortaíodh, nó dá dteaghlaigh?
‘Is féidir linn ómós a thabhairt dóibh trí thús úr, ina ndéanaimid muid féin a thiomnú go daingean do bhaint amach an athmhuintearais, na caoinfhulaingthe agus na muiníne, agus do chosaint agus de dhearbhú cearta daonna gach duine,’ atá scríofa sa Chomhaontú.
Ach mar a deir an tOllamh Colin Harvey, Ceann Roinn an Dlí in Ollscoil na Ríona agus saineolaí ar chearta daonna ar fud na cruinne, tá Comhaontú Aoine an Chéasta ina bhunphointe tosaigh don phlé ar an todhchaí.
‘Tá sé ceart an 25 bliain a chomóradh agus na héachtaí atá bainte amach a cheiliúradh,’ ar sé liom.
‘Ach ní bheadh sé ciallmhar a bheith bogásach. Tá gealltanais ónár bpróiseas síochána nach bhfuil críochnaithe. Sampla soiléir is ea an clár oibre maidir le cearta daonna agus comhionannas.’
Ach tá an tOllamh dóchasach mar sin féin.
‘Dá olcas is atá cúrsaí faoi láthair, tá sé riachtanach oibriú faoi chuimsiú an Chomhaontaithe – ná déan dearmad: tá a bhfuil sa Chomhaontú formhuinithe ag daoine ar fud oileán na hÉireann.
‘Tá súil agam go mbainfidh daoine úsáid as an chomóradh 25 bliain chun na luachanna atá mar bhonn agus mar thaca ag ár síocháin a athdhearbhú agus a athnuachan agus a chinntiú go gcuirfear na gealltanais atá gan íoc i bhfeidhm go héifeachtach,’ arsa an tOllamh Harvey.
Tá muid ag druidim ar chothrom 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta ach, ná déan dearmad gur meabhrú go bhfuair daoine bás mar thoradh ar na Trioblóidí é gach uile lá.
Roimh dheireadh 1998, anuas ar an 3,720 a maraíodh - 25% acu faoi bhun 25 bliain d’aois - gortaíodh corradh le 47,541 duine i 36,923 lámhach agus i 16,209 buamáil.
Is éigean an Comhaontú a thabhairt slán.