An Ghaeilge sa phictiúrlann

An Ghaeilge sa phictiúrlann

B’fhacthas do bhunaitheoirí Gael Linn go raibh an Ghaeilge á himeallú, a deir Antoine Ó Coileáin

Tráth ar bunaíodh Gael Linn sa bhliain 1953, b’fhada gluaiseacht na Gaeilge ag casaoid faoi neamhaird an Rialtais i leith dhrochstaid na Gaeilge. Bhí glúin nua de chéimithe ollscoile ar an bhfód agus flosc orthu chun gnímh. B’fhacthas dóibh go raibh an Ghaeilge á himeallú i sochaí a bhí ag athrú as éadan; go raibh pobal na Gaeilge in ísle brí agus go raibh an Ghaeltacht á bánú ag an imirce. Lasmuigh den chóras oideachais, ba bheag rian den Ghaeilge a bhí le feiceáil sa tsochaí, ar stáitse nó sna meáin.

Roimh theacht na teilifíse go hÉirinn, an caitheamh aimsire ba mhó a bhí ag an bpobal ná dul go dtí an phictiúrlann mar a raibh scannáin ón mBreatain agus ó Mheiriceá amháin á dtaispeáint. Go fiú na nuachtscannáin a bhíodh ar taispeáint, ba leithéidí Pathé News agus Movietone iad a bhíodh dírithe ar an saol sa Bhreatain den chuid is mó. Dhaingnigh sé seo ar fad an tuairim in intinn daoine nár bhain an Ghaeilge leis an saol comhaimseartha. Scríobh Proinsias Ó Conluain: ‘Is beag gléas is fearr ná an scannán san aois seo le heolas a scaipeadh agus le meon agus dearcadh an phobail a mhúnlú.’

D’áitigh gluaiseacht na Gaeilge ar an Rialtas gníomhú agus scannáin as Gaeilge a chur á ndéanamh ach tugadh an chluas bhodhar dá n-achainí.

Is ins an aeráid sin a saolaíodh Gael Linn. Bhí sé mar aidhm ag na bunaitheoirí go bhféadfaidís gníomh fónta a dhéanamh don Ghaeilge ach an t-airgead a bheith acu chuige. Eagraíocht Ghaeilge ar leith a bhí i nGael Linn toisc a sainmheon fiontraíochta agus toisc go mbeadh sí ag brath ar thacaíocht airgid ón bpobal. Trí mheán linnte peile, d’éirigh leo suim mhór airgid a bhailiú le caitheamh ar thograí a rachadh chun leasa na Gaeilge. Poiblíodh na linnte ar chláir urraithe ar an raidió, mar a gcuirtí ceol agus amhráin den scoth i láthair an phobail chomh maith. Ansin, le fáltas ó na linnte, díríodh mar thosaíocht ar thograí nuálacha i réimse na scannánaíochta.

Amharc Éireann

Ar cheann dá chuid tionscnaimh tosaigh, bheartaigh Gael Linn ar shraith de ghearrscannáin Éireannacha a chur á déanamh, cinn a bheadh go hiomlán as Gaeilge. Chuaigh Dónall Ó Móráin chun cainte le Bobby McKew, Bainisteoir J. Arthur Rank in Éirinn, an dáilitheoir scannán ba mhó, agus bhí seisean báúil don smaoineamh ar an gcoinníoll nach gcosnódh sé aon airgead ar Rank agus go mbeadh na scannáin ar comhchéim lena mhacasamhail ón mBreatain nó ó Mheiriceá. Bhí sé ina mhargadh.

Cheap Gael Linn an stiúrthóir scannán Colm Ó Laoghaire le dul i mbun na sraithe agus bhailigh seisean foireann chumasach le chéile - fir cheamara mar Vincent Corcoran, lucht scríofa scripte mar Bhreandán Ó hEithir, chomh maith le tráchtairí mar Phádraic Ó Raghallaigh. Agus Riobard Mac Góráin i mbun Gael Linn, tosaíodh ar na gnéscannáin ghearra a eisiúint i 1956, ceann in aghaidh na coicíse. Bhíodh téama le gach scannán ar nós Gairdín na Lus, Gloine Phort Láirge nó gnéithe eile d’oidhreacht na hÉireann. An Rank Organisation a dháil iad ar a gcuid pictiúrlann ar fud na tíre.

I 1959, tháinig deireadh leis na nuachtscannáin de chuid Universal, Pathé srl. Thapaigh Gael Linn an deis agus, in áit na ngearrscannán ar théamaí éagsúla, chinn Gael Linn ar nuachtscannáin sheachtainiúla a dhéanamh, Amharc Éireann. Bheadh na téamaí ábhartha do mhuintir na hÉireann agus bheadh an tráchtaireacht as Gaeilge. I dtír nach raibh saotharlann próiseála scannán aici féin, ba mhór an dúshlán é nuachtscannán seachtainiúil a tháirgeadh. Faoi dhó sa tseachtain, b’éigean an bunábhar scannáin a chur anonn go Sasana len é a phróiseáil, le súil go mbeadh na scannáin chríochnúla ar ais in am le seachadadh ar thraenacha chuig pictiúrlanna ar fud na tíre.

Bhí an-tóir ag an bpobal ar Amharc Éireann mar gur thug sé deis dóibh imeachtaí reatha óna dtír féin a fheiceáil ar an scáileán, scéalta ar nós cluichí peile agus iomána, míreanna nuachta ó gach cearn den tír, cuairteoirí mór le rá ar Éirinn, foirgnimh úra á dtógáil nó oidhreacht á scrios. Bhíodh scéalta dearfacha ann freisin faoi fhorbairtí tionsclaíochta agus, uaireanta, scéalta uafáis agus bróin. Mar shampla, léiríodh ómós sollúnta don naonúr saighdiúir a maraíodh sa Chongó agus cáineadh na húdaráis as éadan mar gheall ar bhás bheirt pháistí nuair a thit plódteach sa mhullach orthu i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Mhair Amharc Éireann go dtí 1964 nuair a bhí ré na teilifíse tosaithe. Is féidir a rá go dtugann an tsraith léargas eisiach ar shaol na linne in Éirinn ag tráth sula raibh seirbhís teilifíse againn agus nuair ba bheag scannánaíocht eile a rinneadh. Ní haon ionadh mar sin go mbaintear leas forleathan as an gcartlann nuair a bhíonn léiriú ag teastáil ó chlár staire faoi conas mar a bhí saol na linne sin in Éirinn.

Mise Éire agus Saoirse?

Thug Gael Linn coimisiún don scannánóir George Morrison leis an dá scannán faisnéise lán-fhada Mise Éire agus Saoirse? a stiúradh. Ba iad sin an chéad dhá scannán ariamh a bhí bunaithe go hiomlán ar ábhar cartlainne. Ar ndóigh, anuas air sin, bhí siad ar an gcéad dhá fhadscannán as Gaeilge. Bhí an tríú scannán beartaithe ach níor leanadh de ar chúiseanna éagsúla, easpa ábhar cartlainne ina measc.

Thosaigh Gael Linn ar Mise Éire a dháileadh ar phictiúrlanna sa bhliain 1960 agus thug an Roinn Oideachais cead speisialta do scoileanna a gcuid daltaí a thabhairt ann. Seán Ó Riada a chum an ceol corraitheach don scannán, fuaimrian a thug léargas úr ar áilleacht ár gceol dúchais agus atá imithe go mór i bhfeidhm ar mheon an phobail riamh ó shin.

I stair na scannánaíochta in
Éirinn, tá stádas ar leith ag baint leis an dá scannán Mise Éire agus Saoirse? Luaitear iad mar chlocha míle ar an mbóthar chuig tionscal dúchais scannánaíochta in Éirinn. Trí na scannáin, ach go háirithe, d’éirigh
go seoigh le Gael Linn san aidhm
a chuir siad rompu an Ghaeilge a chur i láthair an phobail ar bhealaí nuálacha.

Gearrscannáin Gael Linn

I ndiaidh na ráchairte a bhí ar an dá fhadscannán agus na nuachtscannáin, níor lig Gael Linn na maidí le sruth agus thosaigh páirtnéireacht rathúil le scannánóir óg darb ainm Louis Marcus. Mar thoradh air sin, d’eisigh Gael Linn sraith de dhosaen gearrscannán leis a chuirtí ar taispeáint i bpictiúrlanna mar thaca leis an bpríomhscannán. Tréimhse rathúil do ghearrscannáin ab ea na 1960idí m.sh. Peil (1962) agus Christy Ring (1964) inar thug réalt-imreoirí na linne léargas ar scileanna na gcluichí Gaelacha; tá leagan DVD ar fáil anois a bhfuil an dá scannán air. Ar na scannáin eile le Louis Marcus a d’eisigh Gael Linn bhí An Tine Bheo (1966), scannán faisnéise as Gaeilge a rinneadh mar chomóradh ar Éirí Amach 1916. Tá luach staire leis na cuntais chuig ceamara a thug céilí comhraic ar an méid a tharla dóibh le linn an Éirí Amach. Thuill Flea Ceoil (1966) gradam Silver Bear don Ghearrscannán ab Fhearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Berlin i 1967. Baintear leas forleathan as ábhar ón scannán sin chun léiriú a thabhairt ar bheocht phobal na linne agus iad i mbun ceoil i dtithe tábhairne Chill Rois agus pléaráca faoin aer.

Tugann an scannán Pobal (1969) léargas uathúil Louis Marcus ar ghnéithe den saol in Éirinn i gcathracha agus faoin tuath. Rug ceamara Bob Monks ar spiorad agus meon an phobail i bportráidí ealaíonta agus tá ceol meidhreach le Seán Ó Riada mar scór, é á sheinm ag Ceoltóirí Chualann. Arís eile, sa chás seo, baintear leas rialta as an scannán mar ábhar cartlainne toisc a ealaíonta is atá an léiriú ann ar ghnáthshaol an phobail sular tharla mórfhorbairtí na 1970idí.

Scannán eile de chuid Louis Marcus ab ea Páistí ag Obair (1973) ina raibh cur síos ar chóras oideachais Montessori. Cé nár mhair an scannán ach deich nóiméad, is fiú é a lua mar gur thuill sé ainmniúchán do ghradam Oscar don Scannán Faisnéise ab Fhearr (Ábhar Gairid) i 1974, an chéad scannán Gaeilge leis an ngaisce sin a dhéanamh. D’eisigh Gael Linn roinnt scannán eile le Louis Marcus, cuid acu greannmhar go maith m.sh An Poc ar Buile faoi chúrsaí gailf, agus Capallology faoi chúrsaí capaill; thuill Capallology Gradam Monaco ag Féile Scannán na Bruiséile i 1968.

Oidhreacht na Scannán

I gcartlann físe Gael Linn, faightear léargas sainiúil ar shaol agus ar shaíocht na hÉireann. Trí chineál scannáin a d’eisigh Gael Linn, mar atá gearrscannáin, nuachtscannáin agus scannáin lánfhada. Gaisce ann féin a bheadh in aon chineál díobh agus a fheabhas a d’éirigh leo. Tá bunchóipeanna den bhailiúchán iomlán anois á gcaomhnú ag Institiúid Scannán na hÉireann, thar ceann Gael Linn.

Is fiú a nótáil gur díol suntais an tionchar a d’imir scannáin Ghael Linn ar fhorás an cheoil dúchais in Éirinn. Gné thábhachtach de na fad-scannáin ab ea an ceol agus chabhraigh sé leis an scéal a chur ina luí ar dhaoine. Bhain ceol scannáin Sheáin Uí Riada áit speisialta amach i gcroí mhuintir na hÉireann. Sna 1960idí, mhúscail ceol siansach Uí Riada meanma an náisiúin agus spreag sé athbheochan sa cheol dúchais atá ag dul ar aghaidh go fóill.

Ba mhór an t-ábhar sásaimh dom féin an ról a d’imir mé maidir le hoidhreacht scannán Gael Linn a chur chun cinn le linn mo thréimhse scór bliain i gceannas. Chuathas i mbun athmháistriú a dhéanamh ar na scannáin agus roinnt acu a chur ar fáil ar DVD, mar atá Mise Éire, Saoirse?, Christy Ring agus Lorg na gCloch. Ansin, mar thoradh ar chomhpháirtíocht le RTÉ, rinneadh athmháistriú digiteach ar chnuasach iomlán Amharc Éireann, 267 mír ar fad. Tá an tsraith anois inchuardaithe ag lucht taighde agus ag lucht déanta scannán. Ina theannta sin, tá rochtain ag an bpobal ar roinnt míreanna as Amharc Éireann ar an seinnteoir atá ag Institiúid Scannán na hÉireann. Bíonn Gael Linn ag plé go rialta le fiosruithe ó léiritheoirí scannán agus cead á lorg acu míreanna as na scannáin a úsáid. Tá creidiúint ag dul do Mháire Harris, Gael Linn as an gcúram a dhéanann sí de gach gné den chartlann scannán.

In 2016, mar chuid de chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca, bhí léiriú gradamúil de leagan athmháistrithe de Mise Éire sa Cheoláras Náisiúnta. Os comhair lán tí, i láthair Uachtaráin na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus an scannán á léiriú, sheinn Ceolfhoireann Shiansach RTÉ an ceol beo agus léadh an tráchtaireacht go comhuaineach leis an scannán. Bhí stiúrthóir an scannáin, George Morrison, i láthair agus cuireadh na múrtha fáilte roimhe. Oíche dhraíochtúil a bhí inti, ceann a fhanfaidh sa chuimhne! Maireann George Morrison go fóill agus an céad bliain slánaithe aige; bail ó Dhia air.

Cuirtear scannáin Gael Linn ar taispeáint go tráthrialta i bpictiúrlann Institiúid Scannán na hÉireann, Sráid an Iústásaigh i mBaile Átha Cliath. Ina theannta sin, léirítear iad ó am go chéile ag féilte scannán, ag seimineáir agus comhdhálacha in Éirinn agus thar lear. Déanann scoláirí iniúchadh ar ghnéithe de na scannáin agus rinne Colm Bairéad scannán faisnéise faoi Mise Éire, dar teideal Lorg na gCos:
Súil Siar ar Mise Éire
(2012).

Conclúid

Is mór í an oidhreacht atá cruthaithe ag scannáin Gael Linn agus ní fhéadfaí stair na scannánaíochta in Éirinn a phlé gan ról lárnach Gael Linn a aithint. Nuair a chuireann tú san áireamh gur eagraíocht Ghaeilge nua-bhunaithe a thionscain na scannáin, is mó fós an chreidiúint atá ag dul dóibh. I mbliain seo An Cailín Ciúin, is cuí go dtabharfaí aitheantas don obair cheannródaíoch a rinne Gael Linn sa réimse seo. Ó céad léiríodh na scannáin, ní hamháin gur chuidigh siad go mór le grá a chothú don Ghaeilge ach leag siad bunchloch do thionscal dúchasach scannánaíochta in Éirinn. Is cuid luachmhar dár saíocht náisiúnta iad scannáin Gael Linn a thugann léargas beoga, físiúil dúinn ar Éirinn le linn tréimhsí mór-athraithe inár stair.

Bhí Antoine Ó Coileáin ina Phríomhfheidhmeannach ar Ghael Linn idir 2002 - 2022