Deiseanna nua...

Deiseanna nua...

Tá fís nua ag teastáil do lipéad ceoil Gael Linn, a deir Toner Quinn

Bhí mé thart ar scór bliain d’aois nuair a fuair mé ceann de na bronntanais bhreithlae is fearr i mo shaol. Bhí mé ar cuairt ag m’aintín, an craoltóir Marian Richardson, i mí Bealtaine na bliana 1994, agus bhíomar díreach tar éis lón a chríochnú. Ní raibh aon tsúil agam le bronntanas uaithi, ach, ar an mbealach amach, d’iarr sí orm seasamh ar an staighre agus breathnú isteach san áiléar. ‘Seo é mo bhronntanas duitse,’ ar sise.

Is léir go raibh sí ag smaoineamh faoin gcinneadh seo i rith an lóin. B’fhéidir gur chuala sí mé ag caint faoin gceol – bhí mé ag tabhairt faoi chéim sa cheol ag an am sin. Is í Marian, i gcomhar le mo mháthair, a spreag mé chun an fhidil a fhoghlaim nuair a bhí mé aon bhliain déag d’aois, agus bhí sí sásta gur lean mé léi.

D’fhéach mé isteach san áiléar. Ansin sa dorchadas, bhí trí nó ceithre charnán de cheirníní. ‘Tóg anuas iad,’ a dúirt sí. Agus mé ag tarraingt na gceirníní anuas, bhreathnaigh Marian ar gach ceann acu den uair dheireanach. Bhí sé soiléir go raibh na halbaim seo tábhachtach di, ach bhí sí sásta freisin go dtuigfinn an luach a bhí ag baint leo.

Déarfainn gurbh í an tseodlann ceirníní a fuair mé an lá sin ceann de na rudaí is mó a chur le m’oideachas ceoil. Bhí níos mó ná céad albaim ann don cheol traidisiúnta. D’aithin mé cuid de na hainmneacha – Dé Dannan, Clannad, Paul Brady – ach bhí go leor eile nár éist mé leo i gceart riamh – Seán Keane, Mary Bergin, Séamus agus Manus McGuire, Albert Fry, Paddy Keenan, Maighréad Ní Dhomhnaill, Séamus Creagh, Ceoltóirí Laighean agus neart eile. Thug mé na halbaim abhaile agus is beag nár chaith mé an samhradh ar fad ag éisteacht leo. D’ardaigh mé an tsnáthaid arís agus arís eile le dul siar chun éisteacht le céard a bhí á dhéanamh ag na máistrí seo, traiceanna cosúil le ‘Johnny Cope/Chief O’Neill’s Favourite’ le Seán Keane ar An Fhidil – Sraith II’, ‘Eddie Kelly’s/The King of the Clann’ le Manus agus Séamus Maguire ar Carousel, ‘Síos an Sliabh’ ón albam Albert Fry le Máiréad Ní Mhaonaigh ar an bhfidil. Bhí mé tar éis titim isteach i saol nua.

An ré órga

Is tábhachtach a rá nach raibh go leor de na halbaim seo ar fáil go forleathan sna nóchaidí. Bhí ré na ndlúthdhioscaí tagtha agus, cé go raibh lipéid cheoil ag dul i ngleic leis an athrú, bhí go leor albaim a bhí fós fágtha sa tseanfhormáid.

Agus mé ag léamh na nótaí ar na clúdaigh, thug mé faoi deara go raibh tromlach na n-albam ar dhornán beag lipéad ceoil: Ceirníní Cladaigh, Mulligan agus, dar ndóigh, Gael Linn, agus bhí cur chuige uathúil ag gach ceann acu – Ceirníní Cladaigh dílis don seantraidisiún; dearcadh nuálaíoch ag Mulligan; agus meascán idir an dá chur chuige ag Gael Linn, agus féiniúlacht an-láidir aige le nótaí dátheangacha. Bhí cuid eile acu ar an lipéad Polydor, agus ar Tara, Ogham, Outlet, Dara, Decca, Topic, Shanachie, Green Linnet, agus RTÉ agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann freisin.

Eisíodh an chuid is mó de na halbaim sna seachtóidí agus is léir gur ré órga a bhí ann, ní hamháin ó thaobh an cheoil ach ó thaobh lipéid cheoil thraidisiúnta chomh maith.

An ré nua

Deirtear anois go bhfuil ré na lipéad ceoil thart. Níl an t-airgead céanna le fáil ó dhlúthdhioscaí agus is beag an méid atá ar fáil ó na seirbhísí sruthaithe mar Spotify. Ar Raidió na Life an samhradh seo caite, rinne príomhfheidhmeannach nua Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, cur síos ar an dúshlán:

'Tá fhios ag gach duine faoin mbrú ar an gcineál sin oibre le foilseacháin cheoil, ach leanann an obair ar aghaidh agus tá catalóg iomlán Gael Linn a bheag nó a mhór digitithe… bíonn ceirnín nó dhó achan bhliain nó achan darna bliain – Téada mar shampla, agus Imlé – agus atheisiúintí fós, ach tuigeann gach duine go bhfuil díol dlúthdhioscaí, mar shampla, faoi bhrú.'

D’eisigh Gael Linn timpeall 40 albam sna seachtóidí, ach sna 2020idí is ‘ceirnín nó dhó’ gach dara bliain atá i gceist. Léiríonn sé sin an lagmhisneach atá ann sa tionscal sa lá atá inniu ann.

Sula nglacaimid go hiomlán leis an anailís seo, áfach, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil tionscal an cheoil ag athrú go gasta faoi láthair, agus nach bhfuil gach duine i saol an cheoil ar an meon céanna. In alt a scríobh Gareth Murphy (údar an leabhair Cowboys and Indies – The Epic History of the Record Industry), in 2021, thug sé léargas ar thionscadal an cheoil a bhí i bhfad níos dearfaí:

For the children and grandchildren of today, the last century is already dead. All the star-maker machinery has migrated to smartphones and social media, now its own trillion-dollar marketplace charging ahead to its own sleepless pulses. For their world, there’s actually no reason to be overly pessimistic. The biggest music boom in history is now in formation, and without putting too fine a point on it, all the middle-aged whining about streaming isn’t just ungracious to the young, it’s factually ignorant, and lacking terribly in self-awareness. Study this extraordinary new economy in detail, and it’s a no-brainer: a musical, tech-savvy island like Ireland should be embracing the future with wide open arms. This is an opportunity to become a truly independent, copyright-owning, job-creating music culture. (‘How to Transform Ireland’s Music Business’, The Journal of Music, 17 Márta 2021)

Is éard a bhí á rá ag Murphy ná go bhfuil deiseanna nua ann sa tionscal ceoil de bharr go bhfuil líon na ndaoine sa domhan atá ag íoc as na seirbhísí sruthaithe ag méadú agus go mbeidh ioncam suntasach ar fáil do comhlachtaí misniúla.

Is léir go raibh sé chun cinn orainn ar fad. Ar an 21 Márta i mbliana, dúirt tuarascáil san Irish Times: ‘Global recorded music revenues increased 9 per cent last year to $26.2 billion (€24.3 billion), marking the eighth consecutive year of growth…’. Seo é an t-athrú a bhí Murphy ag caint faoi.

Ach chun tairbhe a bhaint as an deis nua seo, a dúirt Murphy, caithfidh na lipéid cheoil neamhspleácha in Éirinn a bheith i lár an aonaigh agus infheistíocht a dhéanamh i gceol nua. Mar a scríobh sé, ‘Although the [major record labels] still have an enormous advantage, thanks to the market share royalty system that streaming platforms had to give them, the indie record label model has become viable again. In today’s market, anyone can now score a planetary hit.’ Agus cé go n-aithníonn sé go bhfuil ‘plenty of promising Irish indie labels already out there’, is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil siad ‘running on empty, understaffed, isolated, priced out of city centres, and insufficiently geared towards export.’

Fís nua

Céard tá le déanamh mar sin? An bhfuil sé i gceist againn an deis seo a ligean le sruth? Má bhreathnaíonn muid ar lipéad ceoil Gael Linn, is léir go bhfuil bonn den scoth faoi agus go leor buntáistí aige. Tá catalóg de níos mó ná trí chéad taifead acu agus é beagnach digitithe; tá ceanncheathrú ag an eagras i gcroílár na cathracha i mBaile Átha Cliath; tá foireann acu; tá maoiniú bliantúil ón stát acu; agus tá aitheantas branda acu i measc an phobail agus na meán. Níl Gael Linn, dá réir sin, ‘running on empty, understaffed, isolated’ agus ‘priced out of city centres’, ach tá fís nua ag teastáil don lipéad.

Tá sé tábhachtach a rá freisin go raibh cúrsaí dúshlánach don lipéad i gcónaí thar na blianta. Sa leabhar Riobard Mac Góráin – Ceannródaí Ildánach le Máire Nic Fhinn (Coiscéim, 2018), faoin bhfear spreagúil a bhí taobh thiar den lipéad ar feadh 43 bliain, scríobhann Nic Fhinn go raibh tacaíocht ann don lipéad ón Bhord Stiúrtha ón tús, ‘an fhad is nach raibh aon mhórchailliúint airgeadais i gceist’. Agus cé go raibh brabús ag an lipéad i 1971, is annamh a tharla sé. Bhí cailliúint i gceist leis an gcuid is mó de na halbaim a rinne Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann, agus chuaigh an lipéad trí ‘dhrochthréimhse cailliúna ó dheireadh na 80idí ar aghaidh ar chúiseanna a bhain le dáiliúchán an lipéid.’ ‘Ní raibh aon phota óir ann!’ a scríobhann Nic Fhinn. Ach lean Mac Góráin agus an fhoireann ar aghaidh leis an lipéad agus is mar gheall ar an diongbháilteacht seo go bhfuil an chatalóg luachmhar againn anois.

Tá deis eile ann. I mí Feabhra, d’fhógair an tAire Catherine Martin go bhfuil sí i bhfabhar stáisiún popcheol i nGaeilge do dhaoine idir 15 agus 34 a bhunú. An chéad rud a bheas ag teastáil ná níos mó amhrán comhaimseartha i nGaeilge. Seo mar a thosaigh lipéad Gael Linn sna 50idí – ag líonadh an bhearna a bhí ann le haghaidh ceol Gaelach ar an tseirbhís craoltóireachta nua.

An dúshlán atá ann, áfach, ná go bhfuil na tosaíochtaí atá ag Gael Linn athraithe, ach go háirithe de bharr an An Fóram Comhpháirtíochta a d’fhógair Foras na Gaeilge, a phríomhmhaoinitheoir, in 2014. Is iad na dualgais atá ag Gael Linn anois ná ‘Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile’. Níl an ceol luaite in aon chor. Ní hamháin nach bhfuil an ceol luaite ach níl aon trácht air i measc na dtosaíochtaí eile atá ag na ceanneagraíochtaí Gaeilge. Tá locht mór ar an bpobal ceoil nár labhair muid amach faoi seo ag an am.

Tá traidisiún den scoth ag lipéad ceoil Gael Linn, an lipéad ceoil is sine sa tír, agus tá sé riachtanach nach ligeann muid dó dul i léig. Tá sé in am anois go mbunódh Gael Linn grúpa oibre chun dul i ngleic le poitéinseal an lipéid, agus straitéis nua a choimisiúnú, ionas go mbeidh sé ullamh don ré nua cheoil. Ós rud é go ndearna Gael Linn é sin roimhe seo, is féidir leis é a dhéanamh arís.