Claonadh chun ceamara 

Claonadh chun ceamara 

Cuireann Ciara Ní É síos ar scannán nua atá idir lámha aici

Ag tús na bliana 2021 bhogas ó Bhaile Átha Cliath go hUíbh Ráthach i gCiarraí Theas agus is ann a tháinig an gearrscannán Claonadh chugam.

Bhíos faoi dhraíocht ag tírdhreach na háite. Shamhlaíos a raibh feicthe ag na sléibhte maorga mórthimpeall orm agus bhíos fiosrach faoi na daoine uile a mhair ann thar na blianta. Cérbh iad? Céard a chreideadar? Céard a bhraitheadar?

Áit dúchais mo sheanathar í Uíbh Ráthach agus nuair a bhínn ag siúl na mbóithre shamhlaínn mo sheanathair ina leaid óg, é ina sheasamh san áit chéanna liomsa tráth den saol. Shamhlaíos cén saghas saoil a bheadh agamsa ann, mar bhean aiteach, dá mbeinn ag maireachtáil ag an am céanna leis siúd.

Tá go leor bealaí éagsúla leis an teideal Claonadh a thuiscint - luí nádúrtha de shaghas, a bheith gafa le rud éigin, a bheith mícheart nó olc, agus dar ndóigh claonadh gnéis.

Is minic a dhéantar breithiúnas ar dhaoine aiteacha as na mianta nádúrtha a bhraitheann siad, agus cuirim spéis sna cúiseanna iomadúla taobh thiar den bhreithiúnas sin.

Ní scéal nua é go mbítear i gcoinne aon saghas caidrimh a sháraíonn comhghnásanna sóisialta an lae - go príomha nósanna a bhaineann le haicme, cine, nó creideamh. Tharla sé seo ar fud an domhain ó thús ama, agus bíonn na rialacha faoi cén saghas caidrimh atá inghlactha de shíor ag athrú.

I stair na hÉireann - idir choilíneachas, an eaglais agus eile - is iomaí riail éagsúil a raibh ar dhaoine cloí leo, agus is iomaí caidreamh a tharla beag beann ar na rialacha céanna.

Faoi mar a bhíos ag machnamh ar na ceisteanna seo ar fad, tháinig scéal Claonadh chugam - scéal aiteach, céad bliain ó shin, faoin tuath i dteach mór Protastúnach. Tá caidreamh ag croí an scéil a sháraíonn rialacha an ama, agus b’fhéidir rialacha an lae inniu freisin. Táim ag súil le tuairimí an lucht féachana a chloisteáil in imeacht ama.

Tar éis don script an Comórtas Físín a bhuachan, thosaigh gach rud ag teacht le chéile go mall. Mise a bheidh á stiúradh agus beidh mé ag obair i bpáirt le haisteoirí iontacha fearacht Siobhán O’Kelly, an léiritheoir Jamie O’Rourke, agus DOP Eleanor Bowman.

Duais €6,000 atá ann le Físín, agus is mé a bhí soineanta faoin gcostas a bhaineann le scannáin a chruthú nuair a fuaireas é. I gcead dom, sé seo an chéad uair dom scannán den ghradam seo a dhéanamh agus níor thuigeas i gceart agus an script á scríobh agam an costas agus an obair bhreise a chruthódh sé gur saothar seanré é seo.

Beidh orainn cúram a ghlacadh leis na cultacha agus ba dhúshlán ceart é láthair oiriúnach a aimsiú. Chaitheas go leor ama ag imeacht timpeall na tíre sa tóir ar theach mór galánta a ligfeadh isteach sinn ar phraghas nach bhfágfadh i bhfiacha mé, agus is mór an faoiseamh go bhfuil an méid sin socraithe ar deireadh.

Thosnaíos ag tiomsú airgead ar GoFundMe leis na costaisí taifeadta a chlúdach agus tá ríméad orm leis an tacaíocht a tugadh dom go dtí seo. Is léiriú iontach é go gcreideann daoine sa scannán seo agus is mór an cúnamh gach aon phingin de. Bhíos ag lorg €5,000 agus a bhuí le gach éinne a chabhraigh leis go dtí seo, táimid i ndiaidh €3,500 a bhailiú cheana féin.

Táim ag súil go mór le Claonadh a roinnt libh an bhliain seo chugainn.

tinyurl.com/claonadh @miseciara