Fianaise an chlaochlaithe

Fianaise an chlaochlaithe

AerachAiteachGaelach

Fianaise ar an gclaochlú is ea an grúpa AerachAiteachGaelach, a deir Eoin Mc Evoy agus Stiofán Ó Briain

Is mór an t-athrú atá tagtha ar Éirinn agus ar a pobal tríocha bliain tar éis an díchoirithe don chainteoir Gaeilge atá aerach nó aiteach. Fianaise ar an gclaochlú sin is ea AerachAiteachGaelach. Is comharghrúpa ealaíne é d’ealaíontóirí LADTAIÉ+ a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Cuimsíonn sé réimse leathan ealaíon, mar atá an aisteoireacht agus an drámaíocht, an amhránaíocht agus an ceol, an drag agus an ealaín fhísiúil, an fhilíocht agus an rap, an scríbhneoireacht agus an taighde sna healaíona.

Ba iad na filí agus na drámadóirí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy a ghair an grúpa le chéile an chéad lá riamh agus tháinig grúpa beag daoine fiosracha le chéile in Amharclann na Mainistreach i mí Feabhra 2020. Tá os cionn 70 ball sa ngrúpa anois agus ceapadh coiste d’ochtar ag an gcruinniú cinn bhliana deireanach ag tús 2023 chun obair an chomharghrúpa a stiúradh agus a fhorbairt.

Fís an Chomharghrúpa agus an Ionadaíocht

Is í an fhís atá ag AerachAiteachGaelach ná deiseanna forbartha, gréasán tacaíochta agus ardán a chur ar fáil d’ealaíontóirí LADTAIÉ+ na Gaeilge le gur féidir leo cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha i litríocht agus ealaíona na Gaeilge. Féith a thagann aníos go rialta in imeachtaí an chomharghrúpa ná ceist sin na hionadaíochta agus an gá go bhfeicfeadh léitheoirí aiteacha (agus eile) iad féin i saothair liteartha i nGaeilge.

Tugann an sliocht seo as an úrscéal aiteach Sna Fir (1999) le Micheál Ó Conghaile léargas ar an gceist ó dhearcadh an charachtair aitigh Eoin Pól agus is léiriú iontach é ar raison d’être an ghrúpa AerachAiteachGaelach:

‘An duine aonair i ngearrscéalta Phádraic Mhic Phiarais a phlé...’ … Is an freagra a d’fhéadfainn a thabhairt ar an gceist seo? Go mb’fhear ann féin ab ea Sean-Mhaitias. [...] É i gcónaí ina shuí leis féin le hais an dorais. Go ndearna sé peaca uafásach éigin, i dtús a shaoil, agus nach dtabharfadh an sagart aspalóid dó. Peaca uafásach. Ha ha. Ba ansin a bhí mo fhreagrasa. Bhí sean-Mhaitias aerach. Nó, homaighnéasach a bhí ann. B’fhearr an focal oifigiúil a úsáid sa bhfreagra. Agus ansin peaca mór nárbh fhéidir a mhaitheamh. Bhí sé sin simplí. Thit sé i mullach a chinn i ngrá le fear eicínt eile ar an mbaile agus wham, bang, thank you, Dad. [...]

Trua nach raibh tuilleadh scríbhinní Gaeilge mar seo ar mo chúrsa, a dúirt mé liom féin, ag brionglóidí… Thuigfinn ansin gur bhain an litríocht liom féin go díreach, go mba chuid díom féin agus de mo chúlra féin í, go mba dhaoine mar mé féin a bhí sna carachtair a mbeadh orm aistí a scríobh fúthu. Gur roinn muid na mothúcháin chéanna i leith an ghrá… Ach níor roinn. Cá raibh fáil agamsa i litríocht na Gaeilge ar bheirt fhear agus iad ag spallaíocht le chéile ag tórramh nó oíche airneáin nó lá pátrúin, ag titim i ngrá lena chéile agus ag gáire go hard. Nó dul amach mar lánúin, fiú ar an gcúlráid, ní áirím ag caitheamh saol fada sona sásta le chéile: ‘Mhair siad go sona sásta as sin amach. Má tá bréag ann, bíodh.’ Cá raibh siad?

Is í sin an cheist atá AerachAiteachGaelach a chur ar an tsochaí agus ar a bhaill féin agus is iomaí saothar atá tagtha chun cinn de bharr na ceiste céanna a bheith dhá cur.

Ilghnéitheacht Imeachtaí

Ábhar suntais is ea ilghnéitheacht imeachtaí AerachAiteachGaelach. Eagraíonn an grúpa ceabairéanna, ceolchoirmeacha, drámaí, ceardlanna forbartha scileanna, comórtais ealaíne agus scríbhneoireachta, bál aiteach bliantúil do Bhród, agus imeachtaí léite filíochta.

Is éard is Bál Aiteach ann ná oíche cheiliúrtha ina dtagann daoine ón bpobal i láthair le dul in iomaíocht i gcoinne a chéile i gcatagóirí éagsúla agus iad gléasta de réir téama ar leith, faoi mar a dheineadh an pobal gorm/dubh ag na báil aiteacha in Harlem san 1980idí.

Ealaín phobalbhunaithe í seo agus is é an rud is tábhachtaí lena leithéid d’imeacht ná go bhfaigheann na rannpháirtithe an spás agus an t-ugach le hiad féin a chur in iúl i mbealach cruthaitheach. Tá an spraoi lárnach sna himeachtaí pobail seo agus tá leigheas iontu freisin do dhaoine aiteacha a d’fhulaing go ciúin ar feadh na mblianta.

Idir Mise agus Craiceann do Chluaise

Tá leigheas freisin sa dráma fuaime promanáide, Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021), a léiríodh mar chuid den Dublin Fringe Festival. Dráma é seo, bunaithe ar fhíorscéal, a thógann an lucht féachana siar san am go dtí na 1980idí in Éirinn le dul ar aistear leis an bhfear aerach Alan Walpole agus é ag fágáil Bhaile Átha Cliath le teitheadh go Sasana le saol níb fhearr a lorg dó féin. Tumtar an lucht féachana i dtréimhsí éagsúla staire sna láithreáin éagsúla (seanseomra suí, siopa gruagaire, club aerach i Londain) agus treoraíonn glór Alan iad trí scéal a shaoil. Filleann siad in éineacht le hAlan ansin ar Éirinn atá éagsúil agus níos oscailte tar éis reifreann 2015 ach níl an filleadh sin gan a dheacrachtaí de bharr rian na staire. Ba léir tionchar an dráma ar an lucht féachana ó na deora a bhí sna súile acu ina dhiaidh agus tuiscint úr acu ar thaithí an fhir aitigh in Éirinn ár linne.

Grindr, Saghdar agus Cher

Má bhí caidreamh an duine aitigh leis an saol díreach lárnach in Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, malairt de chur chuige a glacadh i gcás an dráma nua Grindr, Saghdar agus Cher (2022), dráma ina ndearnadh iniúchadh ar chaidreamh triúr aiteach lena bpobal féin. Scríobh Ciara Ní É, Sam Ó Fearraigh agus Eoin Mc Evoy monalóg an duine faoi oíche amháin a chaith a gcuid carachtar i mbeár aiteach i mBaile Átha Cliath agus léiríodh gur féidir leis an oíche chéanna a bheith an-difriúil do gach aon duine ag brath ar an bpribhléid atá acu agus ar an gcaoi a ndearcann siad ar an aiteacht agus ar a suíomh féin i measc an phobail aitigh. Cuireadh an dráma seo chun stáitse ag IMRAM le cúnamh ó Oireachtas na Gaeilge agus léireofar arís é ag Bród na Gaeltachta i mí Iúil.

Tá sé tábhachtach don ghrúpa na scéalta seo a inseacht agus iad a inseacht i nGaeilge.

Ealaín na mBall

Chomh maith leis na himeachtaí a reáchtálann AerachAiteachGaelach mar chomharghrúpa, bíonn na baill féin ag saothrú leo go flúirseach ina n-aonar agus tá idir ghradam is cháil bainte amach ag mórán acu ina ngort féin. Le cuid díobh a lua, tá an-rath ar cheoltóirí an ghrúpa, leithéidí Aoife Ní Mhórdha, Bandia (Jill McMahon agus Lauren Ní Chasaide), Deoraí agus TADHG; tá Caoimhghín Ó hEoghusa, Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy, Kevin Johnston, Sam Ó Fearraigh, Seán Mac Dhonnagáin agus Seán Ó Baoill ag cur le drámaíocht na Gaeilge le blianta beaga anuas; tá an fhilíocht agus an scríbhneoireacht faoi bhláth i lámha daoine amhail Annemarie Nugent, Darragh Ó Caoimh, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin, Lisa Nic an Bhreithimh agus Pádraig Ó Cuinneagáin; tá ealaín an draig á cur chun cinn ag Celtic Tigress agus Maiden Voyage; tá dath á chur leis an saol ag ealaíontóirí físiúla an ghrúpa, cuir i gcás Ciarán Keenan agus Tadhg Ó Ciardha; agus bíonn idir chriticeoirí agus léirmheastóirí - Conall Ó Duibhir, Dean Farrell, Emma Ní Chearúil, Stiofán Ó Briain, Seán Mac Risteaird agus Tadhg Mac Eoghain ina measc - ag aitiú an léinn lena gcuid taighde agus scríbhneoireachta.

Focal scoir

Is mian le hAerachAiteachGaelach, trína chuid tionscadal agus gníomhaíochtaí, a dheimhniú arís don phobal aiteach ginearálta gur féidir bheith istigh a bheith acu i bpobal na Gaeilge. Tá tuairim ann i sciar áirithe den phobal LADTAIÉ+ in Éirinn go bhfuil bunchoimhlint idir an fhéiniúlacht aiteach agus an fhéiniúlacht Ghaelach, feiniméan atá pléite ag an Dr John Walsh i gcás na bhfear aerach ina alt ‘National identity and belonging among gay ‘new speakers’ of Irish’ (2019). Is gníomh treascrach atá i labhairt na Gaeilge don duine aiteach, dar le Walsh, a mhaíonn an méid seo a leanas i gconclúid an ailt sin:

By speaking Irish in their everyday lives, gay new speakers decouple the links between language, territory and organic transmission. Even if they do not overtly contest the historical discourses of conservatism associated with Irish, by their very existence they queer the assumption (which lingers both in queer circles and in wider society) that non-heteronormative sexuality is not compatible with speaking Irish. On a more discursive scale, heteronormative models of language revitalisation need to be challenged continuously in order to destabilise the obstacles they place in the path of non-heteronormative people who wish to become new speakers and adopt Irish as a central part of their linguistic repertoire.

Ní hé AerachAiteachGaelach an chéad dream a thug faoina leithéid. Bhí na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe ann sna 1990idí - tráth an díchoirithe atá á chomóradh againn i mbliana - agus tá Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh, Alex Hijmans, Seán Hutton agus Pearse Hutchinson tar éis cur le litríocht agus filíocht aiteach na Gaeilge na blianta.

Ach le hAerachAiteachGaelach táthar ag iarraidh dul céim níos faide arís ná sin – go háirithe sa spás aiteach, seachas aerach amháin – agus tá súil ag an gcomharghrúpa go gcoinneoidh sibh súil ar a mbeidh amach roimhe san am atá le teacht.