Dobharchú

Dobharchú

Eoin McEvoy

dobharchú ar leac

ag faire na linne

ar fhaobhar na hoíche

ag fiach

ar chuar a shúl

leacht an luain

piléar de mhac imrisc

ag fiach

gan chamóg gan fuaim

mar scian tríd an scáthán

síos leis san uisce

ag fiach

geiteann sé roimhe

mar airgead beo

trí bhroinn an tsnámha

ag fiach

an poll roimhe dubh

le searc, le seilg

isteach leis sa slua

ag fiach

thar riastradh na leannán

a ngéaráin i ngreim

i mbaill seirce a chéile

ag fiach

ag aclú a choirp

timpeall seanchú liath

sa tóir ar na cuáin

ag fiach

an dobharchú ag seilg

gan stop gan stad

a shúile guail lasta

ag fiach

is feiceann sé aisling:

a chorp ba ró-álainn

leis féin á phiocadh

ag fiach