‘Sna Fir’ – forógra ar ré nua

‘Sna Fir’ – forógra ar ré nua

Tá Micheál Ó Conghaile ina thráchtaire liteartha ar SEIF a fhéachann dul i ngleic leis an an stiogma a bhaineann leis, a deir Dean Farrell

Aithníodh SEIF (Siondróm Easpa Imdhíonachta Faighte) in Éirinn den chéad uair i 1982. Dhá chás den ghalar a bhí ann agus bhí siad araon ar fhir a mbíodh teagmháil chollaí acu le fir eile (Freedman 1987). VEID (Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna) is cúis leis an siondróm, víreas a scaiptear tríd an bhfuil agus trí shreabháin choirp. Idir 1983 agus 1999, fuair 357 daoine bás mar gheall ar SEIF in Éirinn (O’Donnell et al 2001). Is minic a thugtar ‘an galar aerach’ ar an víreas, ach idir 1982 agus 1996 ba mhó úsáideoirí hearóine a tholg an víreas ná fir aeracha (ibid). I dtír nach raibh coiscíní ar fáil go forleathan inti go dtí 1985 agus ar chion coiriúil a bhí sa ghnéas idir beirt fhear, ní haon áibhéil a rá go ndearna rialtas na hÉireann faillí sna grúpaí ardriosca ó thaobh an víris seo de. Mar gheall air sin, bunaíodh grúpa deonach, Gay Health Action, le heolas a scaipeadh maidir leis an víreas, ceal feachtas feasachta ná gnímh ón rialtas. An grúpa seo is cúis leis an líon réasúnta beag cásanna sa tír sa phobal aerach i gcomparáid le tíortha eile (Freedman 1987). I 1996, tháinig cóir leighis i gcomhair VEID agus SEIF amach (O’Brien 2013: 74). Ón mbliain sin i leith, ní breith bháis atá sa VEID. Chothaigh polasaithe stáit i mblianta luatha na paindéime stiogma timpeall ar an víreas agus ar na fadhbanna a eascraíonn dá bharr. D’fhág sin go mbíodh drogall ar dhaoine tabhairt faoin tástáil, agus bíonn fós sa lá atá inniu ann, dar le O’Brien (2016). Tá drugaí frith-aisvíreasacha ann sa lá atá inniu ann a fhágann nach féidir le duine a bhfuil stádas VEID deimhneach aige an víreas a thabhairt ar aghaidh; tá drugaí eile nach ligeann do dhuine atá VEID-diúltach an víreas a tholgadh. Níl aon ghá go bhfaigheadh duine ar bith bás mar gheall ar VEID ná SEIF sa lá atá inniu ann, ach fuair cúigear bás in Éirinn in 2018 mar gheall ar SEIF, toisc nár thug siad faoi thástáil (HIV Ireland). Is contúirtí an stiogma ná an víreas féin sa lá atá inniu ann.

Is i dtimpeallacht an stiogma a bhí an scríbhneoir Gaeltachta Micheál Ó Conghaile ag scríobh nuair a bhí téama an SEIF faoi chaibidil aige den chéad uair. Taispeánfaidh an plé gairid seo go bhféachann trí shampla dá shaothar le fáil réidh leis an stiogma a bhaineann le SEIF, agus dá réir sin, an stiogma a bhaineann leis an duine aerach. Dealaíonn O’Brien fadhb leighis an SEIF agus laoi chultúrtha an ghalair chéanna (2013). Is í an laoi chultúrtha a chothaíonn an stiogma, faoi mar a léiríonn O’Brien ag tagairt do léirithe den víreas ar an stáitse agus ar an scáileán in Éirinn (2013, 2016). I gcás na meán in Éirinn, is mar fhadhb mhorálta seachas mar fhadhb leighis a cuireadh SEIF in iúl, rud a choimhthígh an duine aerach agus an duine atá VEID-deimhneach níos mó fós. Tugann McDonagh cuntas ar na ceannlínte nuachtán a rinne ionannú idir an duine aerach agus an víreas féin, chomh maith le nuachtáin a mhaígh gur bhagairt ar pháistí a bhí sa víreas (202). I 1984, thug Donal Sheehan fogha faoi na ceannlínte seo, ag tathant gur ghá cóireáil a chuir ar lucht fulaingthe an víris in áit naimhde a dhéanamh díobh (Sheehan 1984: 7). Ina leabhar ceannródaíoch AIDS and its metaphors, áitíonn Sontag gurb é an meafar is coitianta a bhaineann le SEIF ná gur ‘plá’ atá ann. Deir sí go gcothaíonn an meafar sin faitíos i leith an víris ach nach réitíonn sé sin na fadhbanna a eascraíonn mar gheall air (1989). Cosúil le Sheehan agus McDonagh, féachann Ó Conghaile dul i ngleic leis an stiogma seo, agus eolas cruinn maidir le VEID agus SEIF a chur faoi bhráid an léitheora.

In ‘Gabhal na gCloch’ [GC] is go híogair a chaitheann Ó Conghaile le ceist an SEIF. I dteach tábhairne, tá fear óg ina shuí le cois fir atá níos mó agus níos sine ná é féin; tá an fear ag tathant ar an duine óg chun a bhod a tharraingt dó. Faitíos agus déistin atá ar an leaid óg, cuireann sé in iúl nach bhfuil spéis aige ach i mná agus deir sé ‘Ní duine acu sin mise. Faigh do leithéid féin.’ (Ó Conghaile 1987: 61). Beartaíonn Ó Conghaile gan aon fhocal a chur sa scéal i gcomhair ‘aerach’ ná ‘homaighnéasach’. Ní théann sé i muinín an fhocail Bhéarla, rud a dhéanann sé go minic sa scéal seo agus ina scéalta eile (Ó Siadhail 2010: 144). Miméis dhílis atá anseo ar nósanna cainte muintir Chonamara. Sa ghearrscéal ‘Athair’, ní luann sé an focal ‘aerach’ ach oiread. Deir sé: ‘nach raibh nath measúil Gaeilge ann dó’ (Ó Conghaile 1997). Ó nach luaitear aon fhocal i gcomhair an duine aeraigh sna scéalta seo, cuirtear in iúl mar choimhthíoch é. In ‘Gabhal na gCloch’, cé go bhfuil faitíos ar an duine óg go ndéanfaidh an fear eile ionsaí gnéasach air, léiríonn sé comhbhá dó, óir tá an fear eile scoite amach ó dhaoine eile atá aerach. Tá sé deacair glacadh leis go bhféadfadh an fear óg a bheith chomh neamhleithleach céanna, agus eascraíonn ceist mar gheall ar a spéis i mná. Cé go n-áitíonn an duine óg go mbeadh ‘time’ ag an bhfear eile sa chathair, i bpriacail a bheadh sé ann mar gheall ar SEIF: ‘Bhí AIDS anois ann: daoine mar é i gcontúirt, i mBaile Átha Cliath go háirid seans. Ach ní bheadh aon AIDS i nGabhal na gCloch fós.’ (Ó Conghaile 1987). Ní raibh aon leigheas ar fáil ar an ngalar nuair a foilsíodh an scéal seo ar dtús. Cuireann an scéal coimhlint in iúl idir uaigneas an duine aeraigh i spás tuaithe agus contúirt an víris don duine céanna sa chathair. Cé go n-aithníonn go bhféadfadh duine ón taobh amuigh an víreas a tharraingt isteach sa phobal, is mar fhadhb chathrach a chuirtear an SEIF in iúl. Bíodh is gó bhfuil faitíos roimh SEIF sa scéal seo, léiríonn an scéal comhbhá don duine a d’fhéadfadh a bheith ag fulaingt leis.

In ‘Athair’, tugann an t-athair faoi deara nach le cailín a bhíonn a mhac agus é i mBaile Átha Cliath ach gur i measc an phobail aeraigh a bhíonn sé: ‘sin é anois a thugann suas go Bleá Cliath thú’. (Ó Conghaile 1997). Fiafraíonn an t-athair den mhac faoina bhail sláinte go gairid ina dhiaidh sin, rud a léiríonn an faitíos cultúrtha a bhaineann le SEIF ‘Cén chaoi a bhfuil do shláinte, nó an bhfuil tú ceart go leor?’ (ibid: 153). Tá ionadh ar an mac go bhfuil an t-athair ar an eolas faoi SEIF, ach cuireann an t-athair in iúl gur ón teilifís a chuir sé eolas ar an siondróm:

‘Bímse cúramach. Bím an-chúramach i gcónaí.’
‘Más féidir a bheith cúramach?’ a chuir sé leis go ceisteach, a chaint níos nádúrtha. ‘Más fíor leath dá mbíonn ar na páipéir Dé Domhnaigh nó ar an television i gcaitheamh na seachtaine’. (ibid.)

Tá an mac nach mór cinnte nach bhfuil aon bhaol ann go bhféadfadh an víreas a bheith air, ach is ar éigean go gcreideann an t-athair go bhfuil aon bhealach le bac a chur ar thraschur an víris. Cé nach scéal beathaisnéiseach é seo, léiríonn an t-idirghníomh seo go caolchúiseach an t-arracht a rinneadh den ghalar sna meáin agus an meon a chothaigh an léiriú seo i measc mhuintir na tíre. Léiríonn freagra an mhic don léitheoir go bhfuil ann do ghnéas sábháilte idir fir; bhí leigheas ar an ngalar ar fáil nuair a foilsíodh an scéal seo ar dtús. Fearacht ‘Gabhal na gCloch’ a pléadh thuas, ní leis an nGaeltacht a shamhlaítear SEIF ach leis an gcathair. Nuair a chuireann an t-athair an cheist ‘Agus an bhfuil tú ag ceapadh go bhfuil tú ag fanacht thart anseo?’ (ibid.: 154), ní léir i dtosach an ag tabhairt bóthair dá mhac atá sé, ach tagann sé chun solais i ndeireadh an scéil nach ea. Tugann an cheist a chuireann an t-athair, áfach, béim ar an treocht chultúrtha eisimirce sa Ghaeltacht ón 17 haois i leith. Cruthúnas, freisin, atá sa cheist seo, go mbíonn amhras maidir leis gcineál saoil a d’fhéadfadh a bheith ag duine aerach sa Ghaeltacht.

Tugann an t-úrscéal Sna Fir tráchtaireacht inchreidte ar bhail na tíre ina raibh athruithe móra tar éis teacht i bhfeidhm sna 20 bliain sular foilsíodh é i 1999. Déantar tagairt do cholscaradh, ‘an dlí nua’ a lig do lánúin phósta scaradh óna chéile (Ó Conghaile 1999), do choiscíní agus an chonspóid a bhain leo agus léiríonn sé meon nua ó thaobh an duine aeraigh agus an SEIF in Éirinn. Murab ionann agus an dá scéal a pléadh thuas, ní chúbann Ó Conghaile siar ó aon fhocal le haghaidh duine aerach san úrscéal seo; inscríobhann sé glan amach i mBéarla an chaoi a maslaíonn grúpa buachaillí Eoin Pól: ‘Queer as Fuck’ the bent cut of him’ (ibid.). Má tá an carachtar in ‘Athair’ ceal focal Gaeilge measúil ar ‘homaighnéasach’, is é an focal ‘aerach’ a úsáideann Eoin Pól le cur síos air féin agus daoine dá leithéid tríd síos. Fianaise, b’fhéidir, gurb ann don duine aerach san Éire chomhaimseartha a chuireann an t-úrscéal seo i láthair. Maidir leis an eipidéim SEIF, tá dhá ghné a sheasann amach san úrscéal seo: (i) an bhéim a chuirtear ar úsáid coiscíní agus (ii) an chaoi a bhféachann an t-úrscéal seo fáil réidh leis an stiogma a bhaineann leis. I gcuid earótach amháin den úrscéal, nuair atá Eoin Pól ar tí craiceann a bhualadh le Jimí, fear ar bhuail sé leis sa pháirc, cuireann an bosca coiscíní go mór leis an bhfuinneamh agus teannas gnéasach idir an bheirt. Acra atá sna coiscíní chun an siar is aniar fonnchraicneach a chothú; is léir go gcuireann na coiscíní blaisithe leis an eispéireas don bheirt, rud a bheadh as áit (dar liom) i scéal earótach beagnach dhá scór bliain níos déanaí de bharr uileláithreacht choiscíní sa tsochaí chomhaimseartha. Cuirimis i gcás na líne seo radaireachta seo: ‘...Fruity Flavours. Tá muid chun a bheith fruity leis na coiscíní blasta seo’. Baintear gaisneas as teanga chéadfach théisiúil chun labhairt ar na coiscíní agus caitheann an bheirt tamall fada ag machnamh ar an mblas ceart. Tá an t-idirghníomh seo sách fadálach, ach cuireann sé an-bhéim ar thábhacht an choiscín sa ghnéas idir fir ó aimsir SEIF i leith. Tugann sé aitheantas don dul chun cinn suntasach le haghaidh sláinte an duine aeraigh agus mhuintir na tíre trí chéile a rinneadh, nuair a dlisteanaíodh coiscíní. Tugann an t-idirghníomh céanna treoir mhionchúiseach don léitheoir freisin, maidir le dea-chleachtas in úsáid coiscíní; cinntíonn an bheirt le chéile nach bhfuil an coiscín as dáta sula mbaineann siad úsáid as. Ó fágtar sonraí an bhabhta craicinn féin ar lár, an ghné is suntasaí sa chuid seo ná úsáid (agus ceart-úsáid) coiscíní! Lonnaíonn an eachtra seo an gnéas sábháilte i láthair atá ‘gnéasach’ agus spraíúil. Impíonn sí ar an léitheoir nach bhfuil náire ná aithis i gcaidreamh comhthoiliúil collaí aon oíche ach gur tábhachtach i gcónaí dul i muinín coiscín.

Tarlóg shonrach eile a léiríonn an chaoi mheasúil a gcaitheann Ó Conghaile le téama an SEIF ná nuair a thuigeann Eoin Pól go bhfuil baol ann go bhfuil an víreas air. Is fíor go bhfuil faitíos air, ach ní eascraíonn an faitíos ina fhuascar ná anbhá. Cloíonn an scéal seo leis na fíricí ag am a fhoilsithe agus léiríonn sé go bhfuil cóir leighis éifeachtach ar fáil don ghalar.

fiú má bhí an víreas ionam d’fhéadfainn maireachtáil suas le deich mbliana nó cúig bliana déag eile. Bhí daoine ann a bhí beo chomh fada sin théis dóibh tástáil dhearfach de réir dealraimh. Agus gan lá tinnis feicthe ag mionlach acu. Nár mhór an dóchas é an méidín sin féin...? (ibid.).

Measúnú íogair ar an VEID atá sa mhéid seo; freastalaíonn Ó Conghaile ar an bhfaitíos a bhaineann leis an víreas seo gan neamhaird a dhéanamh do bhrúidiúlacht an víris sna blianta sula raibh aon chóir leighis ar fáil. Ag an am céanna, meabhraíonn sé don léitheoir nach ionann an VEID agus an bás; féadtar saol fada sláintiúil a chaitheamh le stádas VEID deimhneach ach na drugaí cuí a thógáil.

Léiríonn na trí théacs a pléadh anseo gur tráchtaire frithstiogma é Micheál Ó Conghaile ar an SEIF. Pointe lárnach in ‘Gabhal na gCloch’ ná gur gá meas a léiriú ar an té a bhfuil SEIF ná VEID air agus gan an duine sin a dhíbliú. Meabhraíonn ‘Athair’ dúinn nárbh ionann tuairiscí áiféiseacha nuachta ar SEIF agus na fíricí glana. Sa dá scéal seo, coimhthíoch é an duine aerach sa Ghaeltacht. D’fhéadfadh stiogma an SEIF cur leis an gcoimhthíos. Is éard atá i Sna Fir ná cuntas ar an dul chun cinn a rinneadh i sochaí na hÉireann agus i gcóracha leighis. Forógra éigin ar ré nua i saol an duine aeraigh ar leibhéal sláinte agus sóisialta.

Saothair a ceadaíodh

Freedman, D. (1987). AIDS, The Problem in Ireland. Baile Átha Cliath: Townhouse.

HIV Ireland (2023) https://www.hivireland.ie/hiv/hiv-in-ireland/ . (Ceadaíodh 4 Aibreán 2023)

McDonagh, P. (2021). Gay and Lesbian Activism in the Republic of Ireland, 1973 – 1993. Londain, Baile Átha Cliath: Bloomsbury.

O’Brien, C. (2013). ‘Performing POZ: Irish Theatre, HIV Stigma, and Post-AIDS Identities,’ In Irish University Review 43 (1): 74-85.

O’Brien, C. (2016). ‘Ireland in the Age of AIDS: The Cultural Politics of Stigma.’ In The Irish Review (Cork) 53 : 45-59 [idirlíon] https://www.jstor.org/stable/44473959 .

Ó Conghaile, M. (1987). ‘Gabhal na gCloch.’ In Comhar 46 (12): 59 – 62. [Idirlíon] Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/20556399 .

Ó Conghaile, M. (1999). Sna Fir. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Conghaile. M. (1997). ‘Athair.’ In An Fear a Phléasc. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 145 – 156.

O’Donnell, K., Cronin, M. Igoe, D., (2001). Review of the Epidemiology of AIDS in Ireland 1983 -1999. Baile Átha Cliath: Ionad Náisiúnta Faireachais le haghaidh Galar (National Disease Surveillance Centre). https://www.drugsandalcohol.ie/5265/1/1257-1017.pdf . (Ceadaíodh 7 Márta 2023).
Ó Siadhail, P. (2010). ‘Odd Man Out: Micheál Ó Conghaile and Contemporary Irish Language Queer Prose.’ In Canadian Journal of Irish Studies 36(1) Queering Ireland: 143-161. [Ar líne] Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/41757554 . (Ceadaíodh 6 Feabhra 2023).

Sheehan, D. (1984). ‘Health Matters.’ Quare Times Lesbian / Gay Magazine Cork Eagrán an Earraigh: 7. [Idirlíon] Ar fail ag: https://corklgbtarchive.com/items/show/79 . (Ceadaíodh 7 Márta 2023).

Sontag, S. (1989). AIDS and Its Metaphors. Nua-Eabhrac: Farrar, Strous, agus Giroux.