Ithir shaibhir ‘Innti’
Is iomaí snáth a bhaineann le scéal ‘Innti’ a deir Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Tristan Rosenstock, eagarthóirí cnuasach nua aistí faoin iris iomráiteach
Ba sa bhliain 1970 a seoladh an chéad eagrán den iris Innti – i bhfoirm mórbhileoige – agus ba iad na filí Michael Davitt agus Gabriel Rosenstock a bhunaigh an iris, i dteannta a gcarad Con Ó Drisceoil, le linn dóibh triúr a bheith ag freastal ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Mar fhreagra ar choimeádachas irisí na linne a bhunaíodar Innti, ‘agus guth a thabhairt don stuif nua a bhí tagtha chun cinn’, amhail is gur bhraitheadar srianta ag an saghas filíochta bhí á fhoilsiú ar Comhar agus Feasta. In imeacht na mblianta, samhlaíodh beirt eile go mór leis an iris freisin, na filí Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomhnaill, i ngeall ar na hoícheanta móra filíochta ag a mbídís ag léamh i dteannta Davitt agus Rosenstock i gCorcaigh. Ó shin i leith, seasann Innti don cheathrar seo i súile mórán daoine. Shocraigh eagarthóirí an leabhair seo go bhféachfaí go háirithe ar shaothar an cheathrair seo, bíodh is go gcloisfear ó bheirt atá luaite mar ‘athghlúin’ Innti freisin, Louis de Paor agus Colm Breathnach. B’fhiú a thuilleadh cíoradh a dhéanamh ar a saothar siúd, ach cinneadh anseo díriú go príomha ar bhunús na hirise. Is éard a chuirimid romhainn ná cíoradh a dhéanamh ar an ithir shaibhir as ar eascair Innti féachaint cérbh iad na cúinsí éagsúla a d’fhág gur bhláthaigh glúin nua filí ar a gcuid téarmaí féin.
Ceistítear sna haistí in Inside Innti: A new wave in Irish poetry a raibh i gceist le ‘filí Innti’ agus tugtar dúshlán cuid de na seantuiscintí atá againn i dtaobh na bhfilí seo. I 1974 d’fhógair Seán Ó Ríordáin ina cholún in The Irish Times gur ‘scoil’ filíochta a bhí i bhfilí Innti a raibh ‘drochmheas ceartchreidmheach acu ar sheanaimsireachas agus meas ceartchreidmheach dá réir acu ar an rud nua’. Is cosúil gur shamhlaigh lucht critice iad sna téarmaí céanna, sa mhéid is gur chaith go leor acu le filí Innti mar ghrúpa nó ‘scoil’. Tabhair faoi deara an focal ‘they’ ag Seán Ó Tuama thíos ag é ag tagairt do thréithe an ghrúpa:
They tend to ignore dogma, or at least any authoritarian traditional mode of thinking; though the language in which they compose is that of a tiny minority, they wish to see themselves as normal Irish people partaking in a common culture at the end of the twentieth century. It is no wonder then, that they take an interest – sometimes over- selfconsciously – in many of the distinctive features of that culture from rock and roll to haiku, from valium to ecology.
Tá Tadhg Ó Dúshláine den tuairim gur aithin filí Innti ‘ó thosach go mba chraobh de réabhlóid idirnáisiúnta iad … an fonn éirí amach in aghaidh an tseanoird’. Tá anáil na réabhlóide sin le sonrú ar iris Innti, rud a mhíníonn Alan Titley go glé i mbrollach an leabhair nua, ach caitheann sé amhras ar an nóisean gur ghluaiseacht aontaithe, aonintinneach a bhí i bhfilí Innti.
Is minic a shamhlaítear gur fásach cultúrtha a bhí in Éirinn sa tréimhse roimh spleodar na seascaidí, ach bhí obair nach beag déanta ag daoine agus eagraíochtaí áirithe a chuir go mór le saol intleachtúil, eacnamaíoch agus ealaíon na tíre sna daichidí agus sna caogaidí. Má bhí leoithne saoirse ag teacht aniar ó Mheiriceá sna seascaidí trí cheol Bob Dylan agus ón nGluaiseacht um Chearta Sibhialta, bhí cumhacht ollmhór agus tarraingt nach beag ag an Eaglais Chaitliceach go fóill sa tír agus na sluaite fós ag dul sna hoird rialta. Ina aiste thomhaiste léannta ar ghnéithe de shochaí na hÉireann roimh bhunú Innti, léiríonn Gearóid Ó Tuathaigh dúinn nach leor ‘stark binary terms’ chun cur síos a dhéanamh ar na hathruithe móra a thit amach in Éirinn sna 1960idí.
Má shamhlaítear frithchultúr na 1960idí le Innti, is gá aird a thabhairt ar shacraimintí an fhrithchultúir, sex, drugs and rock ’n’ roll. Is maith mar a oireann an nath d’aiste Chaitríona Ní Chléirchín agus an t-iniúchadh a dhéanann sí ar an gcollaíocht i bhfilíocht Innti. Agus í ag baint leas as saothar Cixous agus Kristeva mar lionsa critice, féachann sí ar an teannas idir an t-amharc fireann agus an t-amharc baineann i saothar Davitt, Uí Mhuirthile, Ní Dhomhnaill agus Rosenstock. Laistiar den anailís seo, tá an cultúr (patrarcach) as ar fáisceadh na filí agus an smacht a bhí ag an Eaglais Chaitliceach ar chúrsaí collaíochta i sochaí na hÉireann.
Is díol spéise é an ceangal a shamhlaíonn Louis de Paor a bheith ann idir an frithchultúr agus an Ghaeilge sa tréimhse seo: ‘Dóibhsean a raibh suim acu sa bhfrithchultúr a bhí ag teacht chun cinn i measc daoine óga go speisialta, dob fhéidir an Ghaeilge a shamhlú le traidisiún a bhí as alt le cultúr aonghnéitheach an chinsil.’ Díríonn sé go príomha san aiste sin ar an gcomaoin a chuir Seán Ó Tuama ar litríocht na hÉireann agus ar shaol cultúrtha Chorcaí, ag cur san áireamh ‘an díograis a chaith sé ag agóidíocht ar son na teangan agus lucht a labhartha’ ar bhonn náisiúnta.
Bhí an Tuamach ina chrann taca do chúrsaí éigse i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus aithnítear an ról tábhachtach a bhí aige mar dhuine a mhúscail spéis sa litríocht ina chuid mac léinn. Bhí baint ag an Tuamach, agus ag daoine eile, le ceapachán Sheáin Uí Ríordáin i gColáiste na hOllscoile Corcaigh in 1969.
Ina theannta sin, bhí duine de mhórchumadóirí na hÉireann, Seán Ó Riada, ag baint ceoil as an gcampas agus ag cur go mór leis an meas a bhí ag daoine ar an gcultúr dúchais. Go deimhin, is í an inscríbhinn a chuir Davitt i gcóip phearsanta an Ríordánaigh d’Innti 3 ná: ‘[C]uimhnigh gurb iad do dhánta féin agus ceol Sheáin Uí Riada is mó is cúis léi bheith ann.’ Má d’imir an Tuamach, an Riadach agus an Ríordánach tionchar mór ar shaol na hollscoile, meabhraíonn Gearóid Denvir gurb é Davitt ‘ceann feadhain na réabhlóide sin’ i measc ógfhilí Chorcaí. Rianaíonn sé an Zeitgeist i saothar Davitt in aiste a chuimsíonn cuid mhór de na gnéithe is tábhachtaí den bhfreacnairc a bhain le Innti.
Níl aon amhras ach gur lárnach an áit atá ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh i nginiúint Innti. Bunaíodh an iris, mar a dúirt Michael Davitt, d’fhonn ardán a thabhairt ‘don dream a bhí bailithe timpeall ansin i gColáiste na hOllscoil Corcaigh’, ardán a bheadh éagsúil leis na ‘hirisí Gaeilge eile a bhí an-choimeádach […]’. Ní nach ionadh, feictear saothar le mic léinn Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar leathanaigh na hirise, ach níor theoranta do Chorcaigh a bhíodar agus dánta le Máirtín Ó Direáin, Mícheál Ó hUanacháin agus Tomás Mac Síomóin sa chéad dá eagrán. De réir a chéile, bhí filí i gcéin ag seoladh ábhair chucu, Derry O’Sullivan i bPáras, Seán Hutton i Londain, agus Pearse Hutchinson in Leeds. Díol suntais gné idirghlúine na bhfilí agus gur éirigh le Innti saothar a mhealladh ó fhilí seanbhunaithe na hÉireann, an Ríordánach agus an Direánach, mar shampla. Ní foláir nó gur thug a gcuid tacaíochta don iris an-mhisneach do na filí óga a raibh saothar leo taobh leis na fathaigh filí ar leathanaigh na hirise. Bhí an chuimsitheacht seo an-tábhachtach i meon na n-eagarthóirí:
Thuigeamar ó thús go raibh slí inár soitheach don uile tháthchuid de bheatha agus de mheon an duine; an dán úr dea-dhéanta ba sheol dár soitheach il-luchtaithe. Bhí cead ar bord ag a lán lán, bíodh sé bachlógach nó bláfar, creidmheach nó díchreidmheach, dúchasach nó deoranta, inbhreathnaitheach nó sílteagascach, traidisiúnta nó ceannródach, canúnach nó caighdeánach […]
Láthair eile an-tábhachtach i gcomhthéacs Innti is ea Corca Dhuibhne, mar a bhfuair filí óga Innti cur amach ar an gcanúint áitiúil. Déanann Pádraig Ó Cíobháin cur síos ar an gceangal sin a bhí ag filí Innti le Corca Dhuibhne in aiste bhreá leis anseo. Ba mhór an tarraingt a bhí ag an nGaeilge do mhic léinn Choláiste na hOllscoile Corcaigh le linn do lucht Innti a bheith ar an ollscoil, de réir Davitt:
An buntáiste mór a bhí ag an saol Gaelach, ó thaobh tharraingt agus mhealladh na mac léinn de ná go raibh rabharta faoi athbheochan an cheoil dhúchasaigh: na seisiúin bhailéad agus uirlise go mór sa bhfaisean; an Riadach i mbarr a mhaitheasa […] agus bhí tarraingt na háite thiar – ba leor léiriú beag díograise le cois an chúpla focal chun do scoláireacht bhliantúil go Corca Dhuibhne a ghnóthú, gan de chostas ort ach fiacha toitíní, pórtair, Alka Selzer – agus dul i muinín na hordóige.
Tá tuairim Rosenstock ar an ‘áit thiar’ i bhfad níos tomhaiste, mar a mhíníonn sé i gcomhrá le heagarthóirí Innti: A new wave in Irish poetry, cé gur léir go ndeachaigh gnéithe áirithe den gcultúr dúchais i bhfeidhm air:
Corca Dhuibhne was a revelation in many respects. Listening to Seán de hÓra for the first time was a hair-raising experience. Of course, there’s always the danger of embracing what you might call ‘native exoticism’. There was never going to be a physical Shangri-La for me, not in Corca Dhuibhne or in India […] I felt a bit lost in Corca Dhuibhne, to tell you the truth.
Is faide siar agus is doimhne, b’fhéidir, a théann ceangal Nuala Ní Dhomhnaill le Corca Dhuibhne ná an triúr eile, ó cuireadh siar í ag aois a cúig chun cónaí lena haintín i gCathair an Treantaigh. Bíodh is go bhfuil go leor scríofa ag scoláirí faoi thábhacht an chultúir dúchais i bhfilíocht Ní Dhomhnaill, is iontach mar a rianaíonn Rióna Ní Fhrighil na nascanna traschultútha atá ina saothar san aiste ‘An Domhan Thoir agus Filíocht Nuala Ní Dhomhnaill’.
Focal ab ea ‘innti’ a chloistí go minic i gCorca Dhuibhne agus ar bhéalaibh áirithe i dTigh Khruger, mar a mhíníonn Pádraig Ó Cíobháin ina aiste siúd. Meabhraítear ‘caithfeam dul ionat’ an Ríordánaigh chomh maith, an gá le tumadh sa Ghaeilge lena sealbhú. Tugann Robert Welch suntas don ngreann graosta atá le tuiscint i dteideal na hirise, ach feiceann sé brí eile ann chomh maith, gur saghas filleadh ar an dúchas atá i gceist:
Innti means ‘into her’, a broad enough joke reflecting the jockeying laddishness of the young male poets who were in the majority, but it also implies a getting back into the motherlode, into the origin, a recovery of the ancient female entity, both hag and young queen, of Irish tradition.
D’fhéadfaí ciall ghnéasach a bhaint as an ainm a bronnadh ar an bpreas: PIT (Preas Innti Teoranta) – ball gnéis mná – nó d’fhéadfaí é a léamh i gcomhthéacs thuiscintí Welch.
Agus í ag trácht ar an ngrianghraf a ghlac Bill Doyle de cheathrar Innti ar Thrá Chill Iníon Léinín, maíonn Nuala Ní Dhomhnaill gur ‘token woman’ a bhí inti i measc na bhfear. In agallamh a dhein sí le heagarthóirí Inside Innti: A new wave in Irish poetry, luann sí an t-atmaisféar patrarcach a bhí i réim i gColáiste na hOllscoile Corcaigh le linn di a bheith ina hiníon léinn ann agus gur tugadh cead cainte d’fhir sna léachtaí níos minice ná do mhná. Bhí i bhfad níos mó fear ná mná ag freastal ar an gcoláiste taca an ama seo, dar ndóigh, agus ba líonmhaire i bhfad na fir a bhí ina léachtóirí.
I gcomhthéacs na tráchtaireachta seo ar chúrsaí inscne, is mithid tagairt a dhéanamh don ómós cuí a thugann an Cíobhánach do na Prima Donnas ban a bhí ina mná tí ag lucht UCC agus iad ag fanacht sa Ghaeltacht.
Maidir leis na banfhilí féin, ní raibh saothar le haon bhean in Innti 1. D’inis Nuala Ní Dhomhnaill d’eagarthóirí an leabhair seo gur lorg Con Fada Ó Drisceoil ábhar uaithi don eagrán ach ba mhó an bhaint a bhí aici leis an mBéarla taca an ama sin agus í sa chéad bhliain den gcéim. Bhí dán léi in Innti 2, áfach, agus ceann le Pádraigín Ní Chochláin, a bheadh ina hOllamh le Béarla i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ina dhiaidh sin. Faoi Innti 3 agus an foilseachán i bhfoirm irise anois, bhí scóip ní ba mhó ann agus feictear dánta le Ní Dhomhnaill, Máire Mhac an tSaoi, Eithne Strong agus Rita E. Kelly (i gcomhpháirt le hEoghan Ó Tuairisc).
Tá suntas tugtha ag Louis de Paor agus ag scoláirí eile do líon na mbanfhilí a tháinig chun cinn sa tréimhse 1980 go 2000. Is cinnte go bhfuair mná ardán áirithe ar leathanaigh Innti ach bhí bunú theach foilsitheoireachta Coiscéim (1980) chomh tábhachtach céanna i gcur chun cinn shaothar na mban. Thug réamhtheachtairí ar nós Mháire Mhac an tSaoi agus Chaitlín Maude misneach do na mná a tháinig ina ndiaidh, ní foláir. Is léir freisin gur ghríosaigh na mná a chéile: ‘Is manna sa bhfásach dom iad,’ a dúirt Ní Dhomhnaill agus í ag tagairt do shaothar Biddy Jenkinson agus Áine Ní Ghlinn in agallamh in Innti 12. San eagrán céanna, tá dánta le Bríd Ní Mhóráin, Áine Ní Ghlinn, Eithne Strong, Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson agus Deirdre Brennan mar aon le haiste le Rita E. Kelly. Fós féin, is líonmhaire go mór dánta le fir in Innti 12 agus, go deimhin, i ngach aon eagrán eile.
Ní nochtann staitisticí foilsithe iomlán an scéil, áfach; mar shampla, níl aon chuntas againn ar líon na mban a chuir dánta faoi bhráid na n-eagarthóirí, le hais líon na bhfear. Ní léir go raibh polasaí eagarthóireachta ar leith i bhfeidhm in Innti i dtaobh fhoilsiú banfhilí ná, go deimhin, filí aeracha, ach tá saothar leo le fáil in Innti, rud a dhearbhaíonn fógra cuimsitheachta eagarfhocal Innti 7, go raibh ‘slí inár soitheach don uile tháthchuid de bheatha agus de mheon an duine’.
Bhí ról an-tábhachtach ag beirt bhan eile le scéal Innti, is iad sin Proinsias Ní Dhorchaí, a raibh baint aici le heagarthóireacht Innti 4, 5, 6, agus Máire Nic Fhinn (Davitt) a bhí freagrach cuid mhaith as leagan amach agus dearadh slachtmhar na hirise, gan trácht ar an obair phrofála a rinne sí. Is mór an feall é nach bhfaigheann Nic Fhinn a thuilleadh creidiúna as a cuid oibre, go háirithe agus ‘high production values’ na hirise á moladh go minic. Déanadh cúram ar leith de leagan amach an dáin agus ba ghnách gur tugadh imeall flaithiúil don dán a bhí mar fhráma mórthimpeall air.
I measc na ngnéithe is suntasaí d’Innti tá an t-ardán a tugadh do shaothar físealaíontóirí ar chlúdach agus ar leathanaigh na hirise. Feictear saothar mhórealaíontóirí na tíre in Innti, Pauline Bewick, Brian Bourke, Pat Muldowney agus Michael Mulcahy ina measc, agus bhí saothar le healaíontóirí óga Choláiste Ealaíne is Deartha Crawford in Innti 9.
Earra is ea an iris atá nithiúil, ar féidir féachaint siar uirthi agus breithiúnas a thabhairt uirthi, murab ionann agus na hoícheanta móra filíochta atá mar dhlúthchuid de sheanchas Innti. Samhlaíonn Pádraig de Paor ceangal láidir idir na happenings nó na heachraí ealaíne a bhí ar siúl sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip. ‘Iarracht an ealaín a thógáil anuas ón tseilf ardnósach nua-aoiseach úd a rinne ornáid álainn gan éifeacht di, agus í a instealladh le lán na cumhachta a bhíodh aici go traidisiúnta – an chumhacht dul i bhfeidhm ar shaol an duine – go fisiciúil fiú.’ Tá sé seo ag teacht leis an tábhacht a leag bunaitheoirí Innti ar chraobhscaoileadh na filíochta, mar a mhíníonn Davitt:
Sna seascaidí ansin, tús na seachtóidí, nuair a bhíomar ag gabháil d’Innti bhíomar níos cóngaraí don rud ‘pobail’, rud atá sláintiúil dar liom. Is é sin go mbímis amach os comhair daoine ag aithris filíochta ag ócáidí sóisialta seachas an rud beag liteartha seo. Má tá faic i ndán don bhfilíocht caithfidh an pobal í a chloisint níos mó.
Ní mór tábhacht seo an phobail a thuiscint i gcomhthéacs lucht labhartha mionteanga, go háirithe sna cathracha, mar ar thug imeachtaí Innti deis do phobal na Gaeilge teacht le chéile agus aithne a chur a a chéile. Ní foláir nó go raibh bús áirithe ag roinnt leis na hócáidí seo, a bheadh inchurtha, b’fhéidir, le hoícheanta an Pop-Up Gaeltacht a bhfuil an oiread ratha orthu le blianta beaga anuas.
Bhí ‘seacht mbliana leapan’ ag an iris idir Innti 3 agus foilsiú Innti 4 sa bhliain 1980, agus i measc na nguthanna nua a bhí ag teacht chun cinn an t-am sin, bhí Louis de Paor agus Colm Breathnach, beirt a shamhlaítear go mór mar ‘athghlúin’ Innti. Is spéisiúil an cuntas a fhaighimid ón mBreathnach sa leabhar seo ar a aistear pearsanta féin ar chonair na filíochta: ‘mura mbeadh Innti ann, táim deimhin de go mbeinn im fhile Gaeilge pé scéal é, ach bhí tionchar mór, ar a shon sin, ag lucht Innti ar mo chuid filíochta.’ Tugann sé ómós san aiste seo do Davitt go speisialta, agus is maith mar a aithníonn sé an t-instealladh spride a thug lucht Innti don nGaeilge: ‘Thugadar abhaile leo an Ghaeltacht, thugadar amach as an réigiún oifigiúil í agus isteach ina ngnáthshaol laethúil. Bhí an teanga lárnach don gcúram, b’í an teanga a bhí ag tiomáint na hiarrachta ó thaobh a saothair uilig de.’
D’éirigh le filí Innti an teanga a thabhairt isteach ina ngnáthshaol laethúil, ach ní fhágann san nach raibh teannas idir an Ghaeilge agus an Béarla, ná go deimhin, idir an t-eispéireas cathrach a bhí acu féin agus taithí a muintire faoin tuath.
Ina a aiste thuisceanach, déanann Peter Sirr amach go n-eascraíonn an chuid is fearr d’fhilíocht Uí Mhuirthile as an teannas seo.
Ar champas na hollscoile, dar ndóigh, bhí deis ag lucht éigse, idir Bhéarla agus Ghaeilge, cur agus cúiteamh. Chomh fada siar le 1974, rinne Eoghan Ó hAnluain suntas den teagmháil a bhí ag filí Innti le filí an Bhéarla, le hais na glúine a chuaigh roimpi. Is díol spéise é go bhfuil dánta le Theo Dorgan in Innti 10 agus le Gerry Murphy (Gearóid Óg Ó Murchú) in Innti 13 toisc an t-aitheantas atá bainte amach acu araon mar fhilí Béarla.
Déanann aiste Chlíona Ní Ríordáin cur síos ar na bealaí inar chuaigh an ghlúin sin d’fhilí na Gaeilge agus d’fhilí an Bhéarla a bhí i gCorcaigh i bhfeidhm ar a chéile. Léiríonn sí spleodar na héigse sa chathair ag an am mar aon le bríomhaireacht phobal na Gaeilge i gCorcaigh. Má bhí lucht Innti díograiseach i leith na Gaeilge, ní dream iad a bhí cúng, mar a aithníonn Rióna Ní Fhrighil: ‘Bhí an t-ómós don dúchas taobh leis an oscailteacht i leith an Bhéarla, an dáimh le cúrsaí aistriúcháin, an tsuim i litríochtaí i dteangacha eile agus an bhéim ar an choinsias shóisialta le tabhairt faoi deara ar mheon eagarthóirí agus údair Innti ón tús.’
Tugann Ní Fhrighil suntas do na haistriúchain a dhein Ní Dhomhnaill ó theangacha eile agus is mór an bhaint atá ag an aistriúchán le tograí filíochta an Mhuirthiligh agus
Rosenstock. Go deimhin, tá comaoin faoi leith fágtha ag Rosenstock ar litríocht na Gaeilge as líonmhaire a shaothair aistriúcháin. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil neamhaird tugtha ar bhunsaothar leis de bharr an raidhse aistriúchán a thagann óna pheann. Éiríonn linn aithne níos fearr a chur ar personae fileata Rosenstock trí lionsa an chleasaí in aiste Phádraig de Paor sa leabhar seo.
Is mó focal a spreag an iris Innti – friotal fileata, allagar ardaigeantach, cúlchaint, léirmheasanna, cur agus cúiteamh. Tá os cionn leathchéad bliain ann ó foilsíodh an chéad eagrán d’Innti agus os cionn 25 bliain ó foilsíodh an t-eagrán deireanach. Ag caint dó i 1986, d’fhógair an scoláire Eoghan Ó hAnluain nach raibh aon amhras ‘ach gurb é scéal na filíochta Gaeilge, cuid mhaith, ó 1970 amach, scéal Innti’ agus b’fhíor don ráiteas sin ar feadh i bhfad. Is tráthúil anois é iniúchadh a dhéanamh ar genesis na hirise seo agus cur leis an bplé ar an lorg atá fágtha ag an iris ar litríocht na Gaeilge, plé nach bhfuil ach ina thús.
D’fhéadfaí dán an Ríordánaigh in Innti 1 a léamh mar chomhairle do na filí óga a bhí fairis i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus é á ngríosadh, b’fhéidir, le dul i mbun pinn. Is é an tátal a bhaineann Seán Ó Coileáin as an dán seo nach bhfuil ‘aon bhrí a thuilleadh le holc ná maith, ceart ná mícheart, ach an t-ábhar a thabhairt leat sa tslánchruinne’. Beannacht atá á cur aige ar fhilí Innti, ba dhóigh leat, an rud atá istigh iontu agus an saol atá farstu a chur i bhfriotal:
Ná fan le malairt aigne,
Ní fhanfar leat má fhanann tú.
Ná fan le ham tráthúil,
Ná bíodh do shúil
Le bréithre beannaithe.
Beir air anocht is doirt
Gach beag, gach mórmhothú,
Gach carthanacht,
Gach aimride,
Gach gangaid leis,
Ní lot go tost.
Ná caill ar d’aigne,
Fág í neadaithe
I mbréithre in aice leat,
Dá fheabhas, dá ainnise,
Cuir ainm ar
Gach ar ghaibh trí d’shúil, trí d’chluais anocht,
trí d’aigne:
Cum tranglam
Má chaitheann tú,
Dolabhartha,
Ach cuir snaidhm ar shnáth sin d’aigne.
Is iomaí snáth a bhaineann le scéal Innti, agus is éard atá fúinn sa leabhar seo snaidhm a chur ar chuid acu.