Aodh Rua Ó Domhnaill

Aodh Rua Ó Domhnaill

A achainí dheireanach ar leaba a bháis

Thuig Aodh Rua Ó Domhnaill ina chroí istigh agus é ar leaba a bháis i gCaisleán Simancas na Spáinne i Meán Fómhair na bliana 1602 gur deireadh ré a bhí i ndán do réimeas thaoisigh na nGael nuair a rinne sé iarratas amháin deireanach ar Rí Philip III.

D’achainigh sé air airgead agus roinnt saighdiúirí a chur go hÉirinn láithreach, chuig a dheartháir féin Ruairí Ó Domhnaill agus chuig Aodh Ó Néill. Thug sé rabhadh láidir fosta dá dtiocfadh scéal a bháis féin go hÉirinn sula dtiocfadh litreacha agus airgead ón Rí - go rachadh na taoisigh ar fad ar thóir síochána le Sasana faoi dheifir agus bheadh deireadh ar fad leis an gcúis. Bhí siad ag brath chomh mór sin ar an chuidiú a bhí le tabhairt abhaile aigesean chucu, arsa Aodh Rua, go gcuirfeadh teachtaireacht ón Rí an bheocht ar ais iontu arís sula gcloisfidís scéal a bháis féin.

I nGaeilge a dhréachtaigh Aodh Rua Ó Domhnaill an méid sin ina Uacht agus Tiomna Deireanach os comhair Nótaire oifigiúil de chuid na Spáinne, Domingo de Albiz. Ní raibh aon Ghaeilge ag an nótaire ach bhí Spáinnis líofa ag an Athair Flaithrí Ó Maolchonaire, Athair faoistine Aodha Rua. Rinne seisean focla an phrionsa a aistriú don nótaire a bhreac síos i Spáinnis iad don cháipéis oifigiúil, lámhscríbhinn ina bhfuil sé leathanach. Bhí cúigear eile de chomhluadar Uí Domhnaill ar an láthair mar fhinnéithe a raibh Gaeilge líofa acu, ina measc dochtúir, sagart agus ábhar sagairt agus dheimhnigh siadsan ar fad cruinneas agus sláine an aistriúcháin a bhí déanta ar chaint Aodha Rua.

Shínigh laoch agus prionsa mór le rá Thír Chonaill a ainm i rolla an nótaire ach bhí sé chomh lag sin ag an am agus é ag saothrú an bháis nár fhéad sé a ainm go léir a chur leis an uacht agus an tiomna féin.

Tá leagan Gaeilge den mhéid a dúirt Aodh Rua ar an ócáid shollúnta sin curtha ar fáil anois den chéad uair riamh, breis agus 420 bliain tar éis a bháis, san eagrán seo de Comhar. Conallach eile, Eithne Ní Ghallchobhair, a rinne an t-aistriúchán ar ais go Gaeilge. Tá an t-aistriúchán sin bunaithe ar bhunleagan den uacht agus tiomna deireanach a chuir Cartlann Ghinearálta Simancas (Archivo General de Simancas) ar fáil dúinn agus ar shaothar an Dr J.J. Silke, sagart agus staraí ón Chraoslach ó dhúchas, a d’aimsigh an chéad bhunchóip iomlán den cháipéis sa bhliain 1983.

Is i gcartlann Chaisleán Simancas atá na bunchóipeanna de na milliún doiciméad a bhain le teaghlaigh ríoga agus le stát na Spáinne idir 1475-1834. Is ann fosta a fuair Aodh Rua Ó Domhnaill féin bás agus é ar a bhealach chuig pálás ríoga Valladolid le bualadh leis an Rí Philip III.

D’fhág Aodh Rua Ó Domhnaill Gleann Bearcháin i gCorcaigh ocht mí roimhe sin ar an 6 Eanáir 1602, tar éis bhriseadh Chath Chionn tSáile agus tháinig sé i dtír in iarthuaisceart na Spáinne gar do A Coruña na Gailíse ar an 14 Eanáir, de réir chuntas Luaigh Uí Cléirigh ina shaothar Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill. Maoiniú, tacaíocht agus saighdiúirí a bhí uaidh ón Rí Philip ansin.

D’éirigh leis coinne a fháil le Philp III a bhí ar cuairt ar chathair Zamora. D’umhlaigh Aodh Rua roimh an rí agus rinne sé trí achainí air:

• go gcuirfí airm ar ais go hÉirinn le go mbeadh trealamh agus armlón ceart acu

• nach dtabharfaí cumhacht ná údarás ar Ó Domhnaill d’aon duine d’uaisle na hÉireann diomaite de dhuine d’uaisleacht an teaghlaigh ríoga féin sa chás is go mbeadh ceannas agus flaitheas ag Rí na Spáinne ar an tír agus

• nach ndéanfaí laghdú nó nach gcuirfí aon teorainn leis na ceantair a bhí faoina smacht ó fágadh le huacht aige iad

Ghéill an Rí do na trí achainí sin agus chuir sé fáilte agus féasta roimh phrionsa Thír Chonaill. Threoraigh sé d’Aodh Rua filleadh ar A Coruña go dtí go gcuirfí gach rud a bhí uaidh ar fáil dó.

D’imigh na seachtainí agus na míosa de réir a chéile agus mhéadaigh ar an mhífhoighne, ar an bhrú agus ar an strus a bhí ar Ó Domhnaill nuair nach bhfacthas dó go raibh dul chun cinn ar bith á dhéanamh. Scríobh sé roinnt uaireanta chuig an Rí ach freagra ní bhfuair sé.

Rinne sé achainí chráite eile ar an Rí ar an 20 Meitheamh 1602 ag éileamh air deis a thabhairt dó bualadh leis arís go gcuirfeadh sé cruachás Chaitlicigh na hÉireann ina láthair. Bhí sé tuirseach a bheith ag cur a chuid ama amú, a dúirt sé, agus imní air go raibh cúrsaí sa bhaile ag dul in olcas.

Fuair Aodh Rua freagra ó dhuine d’uaisle an Rí go bhféadfadh sé A Coruña a fhágáil thart ar an 9 Lúnasa agus thug cead agus cuireadh dó tabhairt faoin aistear 450 ciliméadar soir ó dheas i dtreo Valladolid san áit a raibh pálás an rí ag an am. Ceadaíodh fosta 500 ducat sa mhí mar liúntas d’Aodh Rua agus dá chomhluadar.

Ach ní raibh sé sa chinniúint aige go dtarlódh an cruinniú sin.

Buaileadh tinn ar an bhealach é agus bhí sé chomh holc sin faoin am gur bhain sé Caisleán Simancas amach go raibh air an leaba a thabhairt air féin agus é i bhfoisceacht 17 ciliméadar de Valladolid agus de phálás rí na Spáinne. Nuair a thuig Aodh Rua go raibh sé ar leaba a bháis thug sé faoina uacht agus tiomna deireanach a dhéanamh.

D’fhág prionsa Thír Chonaill a anam i lámha Dé, de réir na cáipéise, ach d’iarr sé go ndéanfaí a thaisí a adhlacadh i Mainistir Naomh Proinsias in Valladolid. D’ainmnigh sé a dheartháir Ruairí mar oidhre air agus d’fhág sé aige a shealúchas ar fad, a thailte, a thiarnais agus a chuid vasáilleach. Chuir sé Ruairí agus Cathbharr, deartháir níos óige leo, chomh maith lena oidhreacht féin ar fad faoi ghrásta agus faoi chosaint an Rí.

Liosta fada d’iarratais agus d’éilimh atá sa chuid eile den cháipéis oifigiúil agus iarrachtaí á ndéanamh ag Aodh Rua ar thacaíocht agus ar chuidiú a mhealladh ón Rí.

Dhearbhaigh sé os comhair Dé gur chreid sé nach raibh agus nach mbeadh searbhónta in Éirinn chomh dílis leis féin i seirbhís an Rí nó nach rachadh aon duine i bhfiontar pearsanta chomh minic sin ar a shon.

Thug sé cuntas ar chuid dá ndearna sé. Luaigh sé athghabháil Chonnacht ó smacht Bhanríon Shasana agus dúirt sé gur bhris sé, ar son glóire Dé agus Rí na Spáinne, gach conradh síochána a bhí déanta idir Gaeil agus an bhanríon, le go mbeadh sé féin agus a oidhrí mar vasáilligh ag Rí na Spáinne.

D’iarr sé tacaíocht an Rí do chomhaontú a bhí déanta idir é féin agus Aodh Ó Neill go roinnfí go cothrom eatarthu aon tacaíocht a chuirfeadh an Spáinn ar fáil dóibh le nach mbeadh forlámhas ag duine amháin acu ar an duine eile.

D’iarr sé fosta go seasfaí le ceart a oidhre Ruairí i seirbhís an Rí chomh maith le coimisiún agus tuarastal a thabhairt dó dá mbrisfeadh Ó Neill an comhaontú sin – cé gur dhúirt sé nár dhóigh leis go dtarlódh sin.

Mhol sé na comhghleacaithe a bhí mar chomhluadar aige agus d’iarr ar an rí a bheith flaithiúil leo as ucht a gcuid dílseachta agus as a gcuidiú. Mhol sé fosta go nglacfadh an rí comhairle uathu faoi chás na hÉireann. Orthu sin bhí Barún Liatroma, Réamonn de Búrca, agus Maitiú Ó Maolthuile a bhí ina rúnaí aige. D’iarr sé tacaíocht fosta dá nia féin, Giolla Íosa, a bhí tagtha chun na Spáinne leis, go dtí go n-aimseofaí bealach abhaile go hÉirinn dó.

Mhol sé go hard na spéire a Athair faoistine, Flaithrí Ó Maolchonaire, as a dhiagacht agus a thuiscint ar chúrsaí na hÉireann agus rinne sé achainí ar leith go gceapfaí é in easpag ar cheann de dheoisí na hÉireann. Mar a tharla, oirníodh é mar Ardeaspag ar Dheoise Thuama sa bhliain 1609 le tacaíocht ó Rí Philip III agus Aodh Ó Néill, chomh maith leis na huaisle eile a chuaigh ar deoraíocht ina theannta le himeacht na nIarlaí.

Bhí fiacha le glanadh fosta ag Prionsa Thír Chonaill tar éis a chuid ama in A Coruña na Spáinne – céad ducat do Nioclás Lynch, trádálaí as Gaillimh, ochtó ducat d’Éireannach eile Edward Eustace agus céad ducat eile don Ghinearál Pedro de Zubiaur. D’iarr sé ar an rí na fiacha sin a ghlanadh ar a shon.

Lorg sé ar an rí déirce mar nach raibh pingin ná leathphingin aige féin (real de chuid na Spáinne) le go bhféadfaí Aifreann a chur lena anam. D’iarr sé fosta go dtreoródh an Rí go n-adhlacfaí é i Mainistir Naomh Proinsias i Valladolid leis an ghradam a bhí ag dul dó agus d’fhág sé na socruithe sin faoina chúram ríoga.