Uacht agus tiomna Aodha Rua

Cuirtear ar fáil anseo den chéad uair riamh leagan Gaeilge d’uacht agus tiomna deiridh Aodh Rua agus é aistrithe dúinn ag Eithne Ní Ghallchobhair

In ainm Dé, Áiméan. Bíodh a fhios ag an uile dhuine agaibh a leagfas súil ar an uacht agus ar an tiomna deiridh seo, go bhfuil mise, Tiarna Uí Dhomhnaill na hÉireann, cloíte, céasta in ucht an bháis, easlán i gcorp de réir ordú ár Slánaitheora. Tugaim an fhianaise seo agus mé slán, stuama i gcéill, leis an bhreithiúnas a bhronn an Tiarna Dia orm go séanmhar, imeagla an éaga orm, mar ba dhúil don chréatúr daonna ag fuin fhad a shaoil. Tugaim an fhianaise seo, mar Chríostaí Caitliceach diongbháilte a chreideann go dílis, diaganta i dteagaisc agus i dtionchar naomh-mháthair na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí. Déanaim agus ordaím é seo, m’uacht, ag adhradh Dé, agus in ómós dár dTiarna agus dá mháthair mhodhúil, mhaiseach, ionmhuin, an Mhaighdean ghlórmhar, Muire, a mhóraim agus a mholaim mar ógh oirirc, agus mar urlabhraí uasal i m’ioleachtraí go léir. Aithrím agus idirghuím uirthi ar son m’anama, a bhronnaim uirthi — agus seo faoi m’uacht:

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Údar, scoláire agus scéalaí í Eithne Ní Ghallchobhair