Celia de Fréine

Scríobhann Celia de Fréine in iliomad seánraí i nGaeilge agus i mBéarla. I measc na ngradam atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht (2004). Deich gcnuasach atá i gcló aici go dtí seo. Tá go leor duaiseanna Oireachtais buaite ag a cuid drámaí mar aon le duaiseanna dá scripteanna scannán agus teilifíse sa tír seo agus i Meiriceá. Bhuaigh Ceannródaí, a beathaisnéis de Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, Duais Leabhar Taighde na Bliana de chuid ACIS (2019) agus ainmníodh í ar an ngearrliosta do Dhuais Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2018) agus do Ghradam Uí Shuilleabháin (2019). Ainmníodh Cur i gCéill, an chéad choirscéinséir óna peann, ar ghearrliosta Dhuais Love Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2020). Ainmníodh An Dara Rogha, a húrscéal tuairimeach don aos óg, ar ghearrliosta Dhuais Love Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2022). In 2022 d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR a rogha dánta mar aon le dánta nua sa saothar Aoi ag Bord na Teanga.

Ailt in Comhar (5)