Cogadh fuar agus te i litríocht na hÚcráine

Bhí dlúthbhaint riamh ag litríocht na hÚcráine le troid agus coimhlint, a deir Conchubhar Ó Dálaigh

Nuair a chuaigh fórsaí na hÚcráine isteach i lár bhaile Balakliya i gcúige Kharkív i mí Mheán Fómhair 2022 chun an baile sin a athghabháil ó fhórsaí na Rúise, chonaic siad clár fógraíochta ollmhór rompu agus ollphóstaer le bratach Rúiseach air. Scréach téacs gonta lom priontáilte i mórlitreacha i Rúisis ar an mbratach: ‘Táimid le chéile leis an Rúis! Is pobal amháin muid!’ Ach thug na saighdiúirí Úcránacha faoi deara gur brat tanaí seachas gnáthphóstaer a bhí ann – brat a bhí forleagtha anuas ar phóstaer ollmhór eile. Tharraing siad an clúdach sin den struchtúr adhmaid ar an dtoirt ... agus cé a bhí le feiceáil go soiléir ar an fhíorphóstaer taobh thiar de ach íomhá sho-aitheanta an fhile náisiúnta Taras Shevchenko, agus sliocht Úcráinise as a dhán cáiliúil Cugas (Kavkaz) a chríochnaíonn mar seo:

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús