Banscríbhneoirí na bpictiúrleabhar
Claire Marie DunneTá borradh tagtha faoin bpictiúrleabhar in Éirinn, go háirithe i litríocht Ghaeilge na n-óg, a deir Claire Dunne
Mar a léiríonn Nic Congáil (2022) ina scagadh ar litríocht na n-óg ón mbliain 1900 ar aghaidh, ba líonmhaire na fir ná na mná a bhí ag plé le litríocht Ghaeilge na n-óg an chuid is mó den fhichiú haois. Is suimiúil an t-athrú, mar sin, atá tar éis teacht ar an treocht, agus níos mó ban ná fear fud fad na hÉireann i mbun pinn don aos óg sa lá atá inniu ann. Tá forbairt tagtha, freisin, ar an tuiscint ar an ngaol idir an téacs agus na léaráidí i leabhair Ghaeilge do pháistí (Adams, 2020). Léiríonn seánra an phictiúrleabhair an cumas comhoibriú le maisitheoir agus foilsitheoir, agus an tábhacht atá leis ngné fhísiúil den insint scéil. Tá borradh tagtha faoin bpictiúrleabhar in Éirinn le roinnt mhaith blianta anuas agus go háirithe i litríocht Ghaeilge na n-óg le deich mbliana anuas. I measc na mban atá ag treabhadh an ghoirt i láthair na huaire, tá Muireann Ní Chíobháin, Sadhbh Devlin, agus Máire Zepf. Leanann na pictiúrleabhair, den chuid is mó, struchtúr na dtrí radharc agus tá an fócas ar an bpríomhcharachtar agus iad i ngleic le dúshlán áirithe. É sin ráite, tá stíl uathúil an scríbhneora le brath ar an téacs. Pléann an t-alt seo le rogha bunsaothair phictiúrleabhair ó na mná seo.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús