‘Ní haon ní é a insíonn tú do pháiste’

Pléann Lydia Uí Ruairc teacht in inmhe na déaglitríochta Gaeilge in Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne

Úrscéal conspóideach, turgnamhach agus caolchúiseach é Aisling nó Iníon A (2015) atá ar an saothar is spéisiúla agus is iomláine atá foilsithe ag Éilís Ní Dhuibhne do dhéagóirí go nuige seo. Is údar bisiúil í Éilís Ní Dhuibhne a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach aici agus duaiseanna scríbhneoireachta buaite aici sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Cé go bpléitear Hurlamaboc (2006), a céad leabhar Gaeilge do dhéagóirí, go forleathan i measc criticeoirí agus léitheoirí araon (Pelan 2009), is beag comparáid atá déanta idir an chéad saothar sin agus Aisling nó Iníon A ó thaobh ábhair, stíle, carachtrachta agus dúshláin de. San alt seo ba mhian liom a léiriú gur in Aisling nó Iníon A a shroicheann Ní Dhuibhne buaic a scileanna mar ‘creative fíodóir’ trí bhreathnú ar ghnéithe éagsúla de shochaí na hÉireann trí lionsa an chailín óig atá ag teacht in inmhe (Pelan 2009: 12). I dtosach, féachfar ar sheánra an úrscéil agus ar charachtracht Ní Dhuibhne a bhfuil toise láidir an bhéaloidis le sonrú orthu, rud a chuireann go mór le hidirthéacsúlacht, agus dá bharr sin, le saibhreas an úrscéil. Ansin, breathnófar ar ionramháil na dtéamaí spéisiúla san úrscéal a thugann dúshlán as cuimse don déagléitheoir nár tugadh roimhe i saothar Ní Dhuibhne ná, go deimhin, i ndéaglitríocht na Gaeilge. Léireofar gur úrscéal é Aisling nó Iníon A a sceitheann solas ar na deacrachtaí is mó i saol an déagóra sa lá atá inniu ann gan, mar a deir Réaltán Ní Leannáin, ‘aon bhreithiúnas ná seanmóireacht’ (2015).

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Scríbhneoir í Éilís Ní Dhuibhne