Ceisteanna crua I SAM
Bhí an bua ag Donald Trump toisc gur vótáil daoine do Donald Trump, a deir Alex Hijmans a bhí i Meiriceá tráth an toghcháin
Agus an t-alt seo á léamh agat, tá ceisteanna crua á gcur i Meiriceá – tá súil agam go bhfuil, pé scéal é.
I gceanncheathrú an Pháirtí Dhaonlathaigh, sa chéad dul síos, ach in oifigí lucht na bpobalbhreitheanna agus i seomraí nuachta na mórmheán chomh maith.
Cén chaoi ar theip ar iarrthóir éirimiúil, deaslabhartha, agus a bhfuil a lán taithí aici lena chois, an lámh in uachtar a fháil sa toghchán uachtaránachta ar choirpeach ciontaithe? Ar fhear a charnann bréag ar bhréag agus a léiríonn mórchuid ráiteas uaidh drochmheas ar an daonlathas?
Agus cén chaoi ar theip ar lucht na bpobalbhreitheanna agus ar thráchtairí na meán a thuar go mbeadh bua chomh mór sin ag Donald Trump ar Kamala Harris?
Tosóimis leis an dara ceist, ós rud é go bhfuil an freagra ar an gceann sin simplí go leor.
Ó shocraigh Donald Trump páirt a ghlacadh i dtoghchán uachtaránachta den chéad uair, in 2016, tá deacrachtaí ar leith ag lucht na bpobalbhreitheanna agus ag na meáin méad a lucht leanúna a mheas. An phríomhchúis leis sin, gach seans, ná nach ligeann an náire do sciar suntasach acu siúd a chaithfeadh vóta don Trumpach a gclaonadh polaitiúil a nochtadh.
Tá an freagra ar an gcéad cheist níos casta.
Seo arís í: cén fáth ar theip ar Kamala Harris, iarrthóir na nDaonlathach, Donald Trump a chloí?
Toisc gurbh éigean di seasamh isteach nach mór ag an nóiméad deireanach nuair a tharraing Joe Biden amach as an rás? Toisc gur bean de dhath í i dtír ina bhfuil an fuath ar na mná agus an ciníochas forleathan? Toisc gurbh í an ‘ghné uathúil dhíolacháin’ a bhí aici ná nárbh í Donald Trump í?
Toisc nach raibh teachtaireacht dhearfach dá cuid féin aici? Toisc gur tharla gurbh í a bhí ina leasuachtarán i dtréimhse inar tháinig ardú mór ar phraghsanna an bhia agus ar rátaí cánach?
Ba iad sin na tuairimí a rith liom féin agus mé ag breathnú ar na torthaí ag teacht isteach ar an teilifís i dteach mo chairde i gcathair Denver, Colorado, muid ag dul siar is aniar idir NBC News, ABC News, Fox News agus cainéil eile nach iad.
Ach bhí tuairimí éagsúla ag na tráchtairí agus an lucht anailíse ar an scáileán seachas mar a bhí agamsa. Tuairimí i bhfad níos sofaisticiúla, shílfeá – ar an gcéad radharc.
‘Nach spéisiúil gur theip ar Kamala Harris vóta phobal Pórtó Ríceach na mbruachbhailte ar an taobh ó thuaidh de chathair Philadelphia a mhealladh?’ a d’fhiafraigh tráchtaire amháin de chuid NBC News.
Spéisiúil, cinnte – go háirithe ós rud é go raibh eachtra a tharla go gairid roimh an toghchán tar éis an t-uafás airde a tharraingt sna meáin: bhí an fear grinn Tony Hinchcliffe tar éis jócanna ciníocha a dhéanamh faoi mhuintir Phórtó Ríce ag slógadh de chuid Donald Trump i gcathair Nua-Eabhrac, agus ní mó ná sásta a bhí an pobal Latino.
Bhí an scéal níos spéisiúla fós, de réir na dtráchtairí ar NBC, toisc go bhféadfadh sé, dar leo, go raibh na vótaí sin nach bhfuair Kamala Harris ón bpobal Latino i gcathair Philadelphia ar cheann de na cúiseanna gur theip uirthi an Swing State uilethábhachtach Pennsylvania a bhuachan.
Bhí scéal eile den chineál céanna sna ceannlínte go mion minic sna seachtainí roimh an toghchán, agus go deimhin tharraing na tráchtairí teilifíse anuas é uair nó dhó oíche an chomhairimh.
Seo é: de réir lucht na bpobalbhreitheanna, bhí fonn ar sciar suntasach de na fir Afra-Mheiriceánacha vóta a chaitheamh do Donald Trump nó fanacht sa bhaile lá an toghcháin, toisc, a rinne an lucht anailíse amach, gur mheas na fir Afra-Mheiriceánacha sin nach mbeadh aon mhaith le bean sa Teach Bán.
‘Breathnaigh,’ a dúirt na tráchtairí teilifíse, ‘tá an líon daoine a vótáil i dtoghcheantar X, ina bhfuil cónaí ar go leor Afra-Mheiriceánach, tá líon na ndaoine a chaith vóta sa toghcheantar sin níos ísle dáiríre ná mar a bhí in 2020, nuair a bhí Biden ina iarrthóir do na Daonlathaigh.’
De réir mar a chuaigh na tráchtairí ar aghaidh, ag déanamh anailíse ar a leithéid seo de vóta nár chaith a leithéid sin de phobal mionlaigh do Kamala Harris, d’éirigh mé míchompordach – go mórmhór toisc go raibh mé féin tar éis spás éigin a thabhairt d’anailís antraipeolaíoch den chineál sin i mo chuid tuairisceoireachta féin faoin toghchán.
Is cinnte go bhfuil an Páirtí Daonlathach ag brath ar vóta na mionlach eitneach éagsúil sna Stáit Aontaithe le fada an lá. Gan tacaíocht an phobail Afra-Mheiriceánaigh, na n-Áiseach-Mheiriceánach, an phobail Latino agus mar sin de, ní thoghfaí Joe Biden, ná Barack Obama, ná fiú Bill Clinton ina n-uachtaráin.
Ach ní hionann sin is a rá – agus ba é sin go díreach an rud a bhí á thabhairt le tuiscint, idir na línte, ag na tráchtairí – go bhfuil an Páirtí Daonlathach i dteideal na vótaí sin; go bhfuil dualgas ar Afra-Mheiriceánaigh, ar Áiseach-Mheiriceánaigh, ar an bpobal Latino agus ar phobail eile nach iad vóta a chaitheamh don Pháirtí Daonlathach; gurbh é an chaoi go raibh Páirtí Daonlathach, agus go deimhin liobrálaigh Mheiriceá ar fad agus an daonlathas féin, á ligean síos ag na mionlaigh sin nár thug faoin ionad vótála chun vóta a chaitheamh do Kamala Harris.
Chuimhnigh mé ansin ar rud a dúirt an t-údar, an gníomhaí agus an réalta teilifíse Afra-Mheiriceánach Marc Lamont Hill sa phodchraoladh ardráchairte Democracy Now! an tseachtain roimh an toghchán.
‘Má bhíonn an bua ag Trump, ní bheidh an bua aige toisc nár vótáil ach 90 nó 88 faoin gcéad de na fir dhubha [do Kamala Harris]; beidh an bua ag Trump toisc go roghnaíonn daoine geala an ghile [whiteness].
‘Beidh an bua ag Trump sa toghchán seo toisc gur roghnaigh daoine geala seasamh gualainn ar ghualainn ar mhaithe lena ngile, in ionad seasamh le chéile ar mhaithe lena leas polaitiúil féin.
‘Má shocraíonn feirmeoir bán atá beo bocht, nó oibrí monarchan bán a chaill a phost, má shocraíonn siad sin vóta a thabhairt do Trump agus a chuid buntáistí cánach do na billiúnaithe […] má chloiseann mná geala an chaint fhrithbhanda, fhoréigneach a bhíonn ag Trump agus má shocraíonn siad vóta a thabhairt dó mar sin féin, sin iad na daoine atá ag tabhairt vóta don ghile, sin iad an dream atá ag tabhairt vóta do Trump. Má bhíonn an bua ag Trump sa toghchán seo, ní muide [pobal Afra-Mheiriceánach na Stát Aontaithe] is cúis leis.’
Sách ráite ag Marc Lamont Hill, gan dabht, agus an ceart ar fad aige.
Ní bhuann daoine toghcháin toisc go dteipeann ar a gcéilí comhraic a leithéid seo nó a leithéid sin de vóta a mhealladh.
Buann daoine toghcháin toisc go gcreideann vótálaithe sna rudaí a deir siad, dá áiféisí, dá chonspóidí agus dá chiníche iad.