Leabhair na bliana

Leabhair na bliana

Roghnaigh ár meitheal scríbhneoirí na leabhair is mó a chuaigh i gcion orthu i mbliana

Beart beag daonna

Tomaí Ó Conghaile

An scéal taobh thiar den scéal, seachas feabhas an ábhair féin, an chúis is mó leis an leabhar seo de chuid Gabriel García Márquez a chur le liosta na bliana.

Duine d’fhathaigh litríochta an 20ú haois é Gabo ach tá deich mbliana ann ó fuair sé bás mar sin nach orm a bhí an t-iontas nuair a chonaic mé úrscéal nua leis i bhfuinneog siopa leabhar i mBogotá i mí Aibreáin.

Is cosúil go raibh an Colómach tréitheach ag obair ar an téacs sular éag sé ach go raibh an néaltrú ag cur isteach air an oiread sin gur fhág sé an saothar gan chríochnú. Go deimhin mheas sé nach raibh aon mhaitheas ann mar úrscéal agus gur chóir é a scriosadh.

Bíodh sin mar atá, ní raibh a chlann mhac ar aon intinn leis agus, i ndiaidh dóibh cruth a chur ar dhréachtaí a n-athar, foilsíodh En agosto nos vemos (Feicfidh mé i mí Lúnasa thú) ar deireadh.

Díríonn an plota ar Ana Magdalena Bach, bean mheánaosta a thaistealaíonn chuig oileán sa Chairib gach samhradh le cuairt a thabhairt ar uaigh a máthar. Agus í ann léi féin, saortha go sealadach óna cúram agus óna céile, tapaíonn sí an deis luí le leannán nua gach turas.

Tá an insint féin easpach in amanna ach coinníonn sruth an scéil - agus téamaí na collaíochta, na cuimhne agus na cailliúna - aird an léitheora den chuid is mó.

Leabhrán atá sa rogha seo le fírinne ach is é comhthéacs a fhoilsithe a chuireann é i measc na saothar is mó a mheall m’aird i mbliana.

Is iomaí bealach ar léirigh pobal na Gaeilge idir thacaíocht agus chomhbhá le muintir na Palaistíne ó thosaigh an t-uafás is déanaí i stair chorrach na tíre breis agus bliain ó shin agus bhí ár scríbhneoirí, ár bhfilí agus ár n-aistritheoirí i gcroílár na n-iarrachtaí dlúthpháirtíochta sin.

Fianaise air sin is ea Ar son na Palaistíne (Leabhar Breac), bailiúchán breá de shleachta suimiúla soléite le cuid de na húdair is mó cáil lenár linn.

San áireamh ann tá aistriúchán fileata le Colm Ó Ceallacháin ar an dán iomráiteach a scríobh an Palaistíneach Refaat Alareer, mí díreach sular dúnmharaíodh é féin. Tá blúiríní bríocha filíochta ann le Cathal Ó Searcaigh, mar aon le scéalta úra tráthúla le hAntain Mac Lochlainn agus le Proinsias Mac a’ Bhaird.

Is go deonach a chuir an naonúr a gcuid saothair ar fáil don leabhrán agus is i dtreo cumann carthanachta sa Phalaistín a chuaigh an t-airgead a bailíodh ón díolachán.

Beart beag daonna i ré mhór na sceimhle.

Cur le chéile in am an ghá.

Paimfléad pléisiúrtha ag tráth truacánta.



An-bhliain filíochta

Caitlín Nic Íomhair

Rinne sí an-bhliain filíochta i mbliana. Bíodh geall go bhfuil cnuasaigh foilsithe le deireanas nach bhfuair a gceart fós, ach fiú mura mbeadh d’fhómhar againn i mbliana ‘ach’ Idir an Dá Fhearsaid le Róise Ní Bhaoill (Éabhlóid), Solas Geimhridh le Laoighseach Ní Choistealbha (Barzaz) agus Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna le Louis de Paor, bheadh soláthar dea-fhilíochta againn le muid a thabhairt slán trí chaoile na bliana.

Is geall le míorúilt é Idir an Dá Fhearsaid le Róise Ní Bhaoill go háirithe – céadchnuasach atá chomh snoite fuinte aibí le saothar a chaithfí saol iomlán ina bhun. Tá buanna gan áireamh an fhile seo: cluas don cheol, súil an scannánóra, saibhreas ó dhúchas atá faoi smacht ag éirim ghéar neamhghnách, agus ionracas mothálach ag sní tríd an iomlán. Pléann Ní Bhaoill le réimse an-leathan ábhar, ón fhaoistin go dtí an pholaitíocht, agus is minic buille tomhaiste i leataobh aici mar chlabhsúr ar dhán. Is filíocht fhórsúil í seo atá taitneamhach do chluas, croí agus intinn.

Braitear go bhfuil printíseacht fhada curtha isteach ag an fhile agus is mór an díol sásaimh go bhfuil an cúram céanna caite ag an fhoilsitheoir, óir is earra cuidsúlach dea-dhéanta é an leabhar féin.

Tá an moladh céanna ag dul do Barzaz as cúram speisialta a chaitheamh le Solas Geimhridh. Ní mhairfidh teist aon leabhair ar a dhea-dhearadh agus maithfear a chlúdach leamh do dhea-chnuasach i gcónaí, ach más fíor dom gur imeacht le háireamh i bhforbairt na filíochta é éadáil Ní Bhaoill agus Ní Choistealbha, is cuí go mbeadh na clúdaigh chomh tarraingteach lena bhfuil istigh.




Talamh úr á bhriseadh

Brian Ó Conchubhair

Seod leabhair is ea Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath: Léarscáil Litríochta le Gearóidín Uí Laighléis a chuireann go mór lenár gcuid tuiscintí faoi shaol an Ghriannaigh. Sár-bhuntaighde cartlainne é seo seachas teoiricí liteartha. A mhalairt glan é Teanga don Tost: Ó Conghaile, Ó Searcaigh agus an Aiteacht le Seán Mac Risteaird, leabhar mór a bhriseann talamh úr i ngort na Gaeilge agus a bheidh ina chrann taca ag criticeoirí. Tugann sé saothar Uí Shearcaigh agus Uí Chonghaile go lár stáitse. Cé gur foilsíodh Saighdiúir Chathail Uí Shearcaigh déanach in 2023, is é an t-úrscéal liteartha is fearr a thaitin liom ó An Colm Bán Liam Uí Mhuirthile agus seans go bhfuil cuid den fhilíocht is fearr aige ar fáil anseo. Scéal soléite frithchogaidh a insíonn scéal an Chogaidh Mhóir agus scéal na hÉireann idir 1910 agus 1921 é, tráth a raibh an seansaol ag saothrú an bháis agus an saol úr ag streachailt lena bheith beo, à la Gramsci. Scéalaíocht chlasaiceach é seo a bhfuil cás agus dán an phríomhcharachtair i gcroílár an scéil.

Novella a phléann le cúrsaí comhaimseartha, scannal na leanaí i dTuaim, é An Bhlaosc sa mBois le Micheál Ó Conghaile, a mheabhróidh a shár-ghearrscéal ‘Caillte i gConamara’ do léitheoirí. Cnuasach iontach eile é Mná ó pheann Dhaithí Uí Mhuirí, gearrscéalaí nach bhfaigheann an gradam atá tuillte aige. Is é The Ministry of Time le Kaliane Bradley an t-úrscéal Béarla is mó a thaitin liom i rith na bliana idir phlota, stíl agus réimse teanga.


Na scríbhneoirí an spreagadh

Éilis Neary

Bhí sé de phribhléid agam Éilís Ní Dhuibhne a chur faoi agallamh in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU le déanaí. Mheabhraigh sí dom gur beag bean a bhí ag scríobh i nGaeilge ag deireadh an fichiú haois chun í a spreagadh chun pinn. Go deimhin, ní dheachaigh sí féin i mbun leabhar Gaeilge go dtí gur tugadh cuireadh di.

Bhí mé fós ag machnamh air sin nuair a chas mé ar an gCeann Scoile, Gearóidín Uí Laighléis, sa bhialann ag am caife. Faightear léargas úrnua ar oidhreacht liteartha na hardchathrach sa leabhar is déanaí dá cuid: Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath (Coiscéim, 2024); léarscáil litríochta a thugann ar camchuairt muid ar shaothair Mhic Ghrianna agus na háiteanna inar scríobhadh iad.

Isteach leis an scríbhneoir cónaithe, Muireann Ní Chíobháin agus rinneamar dreas comhrá faoina leabhar nua: Bearradh Gruaige d’Eoinín (Futa Fata, 2024). Tugann na scéalta sa tsraith seo lámh chúnta don pháiste óg agus é ag dul i ngleic leis an saol mór, iad inste le draíocht, drámaíocht agus dánacht.

Bheannaigh Caitríona Ní Chléirchín dúinn sular imigh sí chun na léachtlainne. Sa chnuasach filíochta Rince Aeir (Éabhlóid, 2024), téann sí i muinín na miotaseolaíochta agus fhórsaí an dúlra chun casadh ealaíonta a bhaint as an éagóir, an t-uaigneas, an briseadh croí…coinním in aice láimhe é, de ghrá an chomhluadair.

Shocraigh mé síos lem’ chaife agus ar aghaidh liom ag scríobh gan chosc, gan cheist, gan chuireadh. Óir i ndeireadh na dála, ní leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm orm in 2024 ach na scríbhneoirí féin.



Tabhartas eile teangan

Darragh Ó Caoimh

I 1910 a foilsíodh Deoraíocht le Pádraic Ó Conaire den chéad uair, ach tuilleann eagrán nua Aindrias Uí Chathasaigh (Coiscéim, 2024) áit ar mo liostasa i mbliana toisc gur ann a chuirtear an téacs iomlán gan chinsireacht ar fáil den chéad uair le céad bliain. Deis é ag glúin nua blaiseadh den aon úrscéal amháin a scríobh an Conaireach, úrscéal nár cuireadh cló air ó na 1970idí. Agus má tá cóip ar an tseilf agat cheana, níor chás duit ceann nua a cheannach ar son réamhrá fuaimintiúil Uí Chathasaigh.

Is iomdha seoid de chuid na seanmháistrí a tháinig chun cinn gan choinne in 2024: gearrscéal dearmadta de chuid Bram Stoker, cuir i gcás, nó tríréad do na sreanga le Mozart a fuarthas de thaisme i leabharlann sa Ghearmáin. Áirímse ar na seoda úd Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Chille, aistriúchán ar thrí dhán Seanghaeilge a rinne Máire Mhac an tSaoi agus ar chuir Louis de Paor eagar orthu (Leabhar Breac, 2024). Tabhartas eile teangan ón mórfhile iad seo, agus léiríonn obair de Paor tábhacht leanúnach an taighde do phobal agus do litríocht na Gaeilge. Beidh na haistriúcháin nótáilte seo á gcíoradh agus á gcur trí chéile go ceann i bhfad, agus cá bhfios ná go bhfuil a thuilleadh mar iad le fáil ach dul á dtóraíocht sa chartlann.

Cor tábhachtach sa déaglitríocht i mbliana ba ea Heartstopper le Alice Oseman (Futa Fata, 2024) agus é aistrithe ag Eoin McAvoy (cara mór de mo chuid, admhaím). Is é seo an cineál leabhair a rabhas-sa ina éagmais agus mé i mo dhéagóir agus teist mhaith ar an saothar is ea go bhfuil na mílte léitheoir (nua) meallta chun na Gaeilge aige; féach go bhfuil sé ar an dara cló cheana!

Agus níor liosta Leabhair na Bliana go Crainn agus Toir le Máirín Uí Dhálaigh Uí Chonchubhair (2024, Dingle Publishing), éacht taighde agus foilsitheoireachta agus leabhar a choimeádfaidh mé go deo.

Moltar an misneach

Pól Ó Muirí

Fiontar sainiúil liteartha eile ag Alan Titley é Ag dul i bhfad (Cló Iar-Chonnacht). 16 scéal agus ábhar ann atá tíriúil, graosta, greannmhar, dúshlánach, difriúil, samhlaíoch, maslach, grámhar, gonta, foclach, dána, éachtach, géarchúiseach, neamhspleách. I mbeagán focal, tá na tréithe agus na buanna ar fad a mbíonn súil ag an léitheoir leo i saothar Titley sa chnuasach chumasach seo; na scéaltaí ag tarraingt an léitheora den chathaoir go tír ar leith agus tabhairt faoi deara Titley iontu uilig.

Cnuasach nua é Old Friends (Gallery Press)

le hAifric Mac Aodha, file a bhaineann leis an ghlúin atá le cúram cruthaitheach a dhéanamh den fhilíocht san aois nua seo. Dántaí atá fada agus gairid ag iomrascáil le haird an léitheora a mhealladh: ábhar a chuirfeadh an béaloideas is fearr i gcuimhne duit ach é préamhaithe sa tsaol mhór iontach chomhaimseartha. Criospaí Tayto, oisrí agus tatúlann, saol ár linne, á chur os ár gcomhair i línte a cheapann an tsamhlaíocht – agus leaganacha agus macallaí le David Wheatley don té nach bhfuil Gaeilge aige.

An t-úrscéalaí is iomráití ar an domhan? Seans mór. Bhí mise mar léitheoir ar bís leis an úrscéal nua Michel Houellebecq, Annihilation (Picador), a léamh.

Fada go leor a bhí mé ag fanacht leis an aistriúchán nó sa Fhraincis a scríobhadh an leabhar, Anéantir, ar dtús. Amharc, leabhar tábhachtach a scríobh duine ón Eoraip i dteanga nach í an Béarla í.



Ciclipéid na gcrann

Aonghus Ó hAlmhain

Is iomaí leabhar a léigh mé le bliain, a chuaigh i bhfeidhm orm.

Ceann acu Bláthnaid le Darach Ó Scolaí. Tá leagan fite ag Darach ó na lámhscríbhinní, ag tarraingt as scéalta eile nuair is gá bearnaí a líonadh. Leagan drámatúil. Scéal grá agus éad agus iomaíocht. Sléacht agus ár. Scéal dorcha foréigneach barbartha. Ach cuannacht sa chaint agus sa chur síos. Carachtar láidir gníomhach i Bláthnaid seachas áilleagán atá ina bréagán i lámha na bhfear.

Tá roinnt filíochta tríd an insint próis a chuireann leis. Agus léaráidí Anastasia Melnykova, mar a bhí i Deirdre. Cloch eile in iarrachtaí Leabhar Breac an tSeanlitríocht a chur ar fáil do Ghaeil an lae inniu.

Tá Barzaz ag athghaibhniú naisc na nGaeil le litríocht an bhfrancafón. Litríocht ina bhfuil guthanna na pobail faoi chois le clos ann chomh maith le guthanna an Grand Nation. Tá Tír Bheag (Petit Pays) le Gaël Faye curtha ar fáil dúinn i leagan cuanna Antain Mhic Lochlainn. Francach ó thaobh a athar, Tútsaí ó thaobh a mháthar é Gaby, atá bunaithe go scaoilte ar Gaël Faye féin. Teacht in inmhe sa Bhurúin, áit ar theith a mháthair ina páiste sna 1960idí. Cor scáfar ina scéal briseadh amach faltanais a chruthaigh agus a chothaigh na coilínithe.

Leabhar na Bliana áfach leabhar nach bhfuil léite ina iomláine agam fós - Crainn agus Toir Máirín Uí Chonchubhair. Ciclipéid de gach eolas faoi na crainn agus na toir in Éirinn, cúinsí a bhfáis agus a scaipthe. Eolaíocht agus seanchas. Léaráidí agus pictiúir. Tobar feasa.



Pobal ar an imeall

Catherine Foley

Ceann de na leabhar is mó a chuaigh i bhfeidhm orm i mbliana ná Athmháthair, an t-aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ar Accabadora, úrscéal Iodáilise le Michela Murgia. D’fhoilsigh Éabhlóid an leabhar Gaeilge seo agus cúpla seachtain ó shin (Deireadh Fómhair 2024) d’fháiltigh an comhlacht beag as Gaoth Dobhair roimh an nuacht go raibh Gradam de Bhaldraithe bronnta ag Gradam Foilsitheoireachta an Oireachtais 2024 air. Cheana féin bhí liosta fada de dhuaiseanna litríochta buaite ag an bhunleabhar.

Titeann an scéal amach ar oileán na Sairdíne idir 1950 agus 1960. Scéal iontach corraitheach, neamhghnách a chuir scéalta agus stíl Walter Macken nó Guy de Maupassant i gcuimhne dom. Baineann sé le pobal atá ar an imeall ag plé le sean-nósanna agus seantraidisiúin, iad ag teacht as an bhochtaineacht i ndiaidh dhá chogadh dhomhanda. Tá idirghníomhaíocht na gcarachtar mealltach agus réadúil. Cúisíonn eachtra eipiciúil amháin coimhlint i dteaghlach beag - ní bheidh tú in ann an leabhar a chur uait.

An dara foilseachán a roghnaím ná An Linn Bhuí, iris bhliantúil ó Ghaeltacht na nDéise. Is í seo Uimhir 28 a tháinig amach i mbliana. Meascra de chuimhní cinn, béaloideas, dánta, léirmheasanna ar leabhair le húdair áitiúla (an scríbhneoir seo ina measc), scéala báis, tuairiscí stairiúla agus aistí taighde, í saibhir mar phutóg Nollag. Tá cuntas iontach ag an Ollamh Tomás Ó Donnchadha ar shiopaí agus gnóthaí an Leasa Móir agus Eochaille mar a bhíodh i réim agus é óg agus sna déaga.



Leabhair do léitheoirí óga

Máire Zepf

Clasaic cheart atá i Na Trí Mhuicíní le hÁine Ní Glinn agus Paddy Donnelly, leabhar ina bhfuil rithim dhocht, rímeanna snasta agus pictiúir a phreabann ón leathanach. Tá draíocht éigin sna seanscéalta seo, mar cheangal idir an léitheoir fásta a chuimhníonn orthu óna óige féin agus an páiste a chluineann iad den chéad uair. Ní bhfaighidh tú insint níos fearr ar scéal na muicíní seo i dteanga ar bith. Do pháistí aois 4+.

Athinsint atá An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin agus Anastasia Melnykova, leabhar álainn seo ar scéal Shadhbh agus Fionn Mac Cumhaill. Tá carachtair cruthaithe ag an údar atá inchreidte agus fíor, agus radharcanna atá lán mothúchán. Scéal lán le draíocht, grá agus brón. Agus mar dhlaoi mhullaigh air, cruthaíonn pictiúir Melnykova atmaisféar neamhshaolta a fhanann i d’intinn. Aois 8+

Úrscéal grafach atá Na Trodaoirí 1 – An Phrintíseacht le Jonathan Garnier agus Amélie Fléchais (aistrithe ag Caitlín Nic Íomhair)m an chéad cheann i sraith de cheathrar, aistrithe ón Fhraincis. Tá blas ceilteach ar an domhan cumtha seo ina bhfuil Moll agus a cairde ag traenáil le bheith ina ‘Trodaoirí’ (aoirí atá ag foghlaim troda) chun an baile a chosaint. Tá stíl na bpictiúr an-tarraingteach agus an téacs
greannmhar, spraíúil. Aois 8+.

Ón Iodáilis go Gaeilge bhinn Uladh

Gearóidín Nic Cárthaigh

Athmháthair le Michela Murgia, Máire Nic Mhaoláin a d’aistrigh (Éabhlóid, 2023).

An ceathrú hiníon le baintreach bhocht í Maria, a théann chun cónaithe le Bonaria (athmháthair an scéil). Téann Bonaria amach i gcoim na hoíche ach níl fhios ag Maria canathaobh. De réir mar a théann Maria in inmhe is ea a thagann tuiscintí nua chuici...

Fanfaidh sonraí an scéil seo leat – Maria ag obair sa bhfíonghort sa tSairdín sna 1950idí; í ag réiteach milseog almóinne le haghaidh bainise; í ag scuabadh trí shráideanna Genova tar éis di bogadh go dtí an mhórthír.

Aistrithe ón Iodáilis go Gaeilge bhinn Uladh, deintear sinn a thumadh isteach i gcultúr dúchais Mharia. Tá focail Sairdínise fite fuaite sa téacs, agus iad mínithe i ngluais bhreá. Leabhar spéisiúil taitneamhach rímhealltach.

Splancscéalta nasctha i nóibhille (nó novella-in-flash) atá i The Top Road le Fiona McKay (Ad Hoc Fiction, 2023), é gonta ach fós ana-chumhachtach mar scéal. Chímid imeachtaí tré shúilibh charachtair éagsúla – buachaill aon bhliain déag (Joe), a thuismitheoirí, a chomharsana, na Gardaí, fiú an sionnach a chónaíonn gar dá thigh.

Nuair a théann cara Joe ar iarraidh, caitheann gach carachtar deighleáil leis an ngéarchéim ina shlí féinig. Bíonn an teannas ag méadú an t-am go léir, an léitheoir ar tinneall, is í ag súil le Dia go n-aimseofar an leaid óg (Paudie) ina bheatha.

Tá tréithe an scéinséara ag baint leis an scéal seo, ach é inste i dteanga atá fíorghreanta fíor-álainn. Léas-sa é in aon suí amháin, is chuaigh sé go smior ionam.