Na Leabhair a Thug Sásamh Dúinn i mBliana…

Na Leabhair a Thug Sásamh Dúinn i mBliana…

Tá spléachadh anseo, ó fhilí, scríbhneoirí, iriseoirí, léirmheastóirí agus foilsitheoirí, ar na leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu i mbliana. Iarradh ar gach duine dhá leabhar a roghnú, leabhar Gaeilge amháin ar a laghad.

Is minic a bhítear ag cáiseamh teirce na bprós-saothar ag mná na Gaeilge agus, dá bhrí sin, ní hiontas ar bith go bhfáilteofaí roimh ghuth úr baineann i ngort an phróis. Scéalta drámatúla a thugann léargas grinn tuisceanach ar chúrsaí caidrimh agus teaghlaigh, ar mhianta agus ar údair mhearbhaill an duine atá sa chéadchnuasach cumasach seo ó Réaltán Ní Leannáin, Dílis (Cló Iar-Chonnacht, 2015) Tá na scéalta suite i ndomhan so-aitheanta an réalachais shóisialta — in ospidéal, i dteach cónaithe teaghlaigh, i bpáirc phoiblí, nó in árasán uaigneach mná aonair — ach tá sé de bhua ag Ní Leannáin teannas mothálach an scéinséara a chruthú trí roghnú íogair na sonraí a bhfuil aird an léitheora le díriú orthu, tríd an lomchur síos snoite ar dhaoine agus a dtimpeallacht fhisiciúil agus trí úsáid éifeachtach an chomhrá. Tá scéalta sa chnuasach ar dheacair dearmad a dhéanamh orthu, ar nós an tsárscéil ‘Clic’ faoin teagmháil i suíomh ospidéil idir bean óg agus an seanfhear a d’éignigh le linn a hóige í. Seachnaítear stíl theagascach an mhorálaí sa scéal cumhachtach seo a choinníonn an léitheoir ar tinneall ó thús deireadh. Is minic casadh caolchúiseach ag deireadh scéil sa chaoi nach scaoiltear an teannas go hiomlán, ach go bhfágtar an léitheoir ag machnamh ar chúinsí sóisialta agus síceolaíocha na gcaidreamh ina bhfuil na carachtair gafa.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús