Scéal álainn dearfach
Tá Heartstopper le Alice Oseman aistrithe go Gaeilge ag Eoin McEvoy. B’fhiú go mór é, a deir Seán Mac Risteaird
Buaicphointe ceiliúrtha ar staid reatha litríocht na Gaeilge is ea gradaim foilsitheoireachta an Oireachtais; rud a thugann aitheantas don obair cheannródaíoch atá ar bun ag scríbhneoirí agus ag tithe foilsitheoireachta araon. Ba ar an 24 Meán Fómhair 2024 a fógraíodh gur bhain Athmháthair (Accabadora le Michaela Murgia, foilsithe ag Éabhlóid), saothar a d’aistrigh Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilis, Gradam de Bhaldraithe 2024 amach agus an gradam céanna saothraithe go maith aici. Is gá a aithint gur gné thábhachtach d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge iad na saothair liteartha a aistrítear ó theangacha an domhain mhóir go dtí an Ghaeilge; nós a bhíonn á chleachtadh ag scríbhneoirí agus ag tithe foilsitheoireachta ó ré na hAthbheochana i leith. Cé go raibh an bua ag úrscéal aistrithe i mbliana, is iad na húrscéalta grafacha is mó ar thug mé suntas dóibh ar ghearrliosta na bliana seo. Faoi mar a léiríonn gearrliosta ghradam de Bhaldraithe, is cosúil go bhfuil áit níos lárnaí, níos seasmhaí, agus níos tábhachtaí ag an úrscéal grafach sa lá atá inniu ann; treocht a léiríonn na cleachtais dhifriúla léitheoireachta a bhíonn ag cuid den aos óg go háirithe.
Bhí ceithre úrscéal ghrafacha luaite leis an ngradam clúiteach úd, rud a léiríonn a spleodraí agus a láidre is atá an seánra seo agus na saothair aistrithe seo á saothrú go healaíonta agus go sciliúil ag aistritheoirí liteartha Gaeilge. Sheas saothar amháin amach dom ó ghearrliosta 2024, is é sin Heartstopper (Barzaz, Futa Fata 2024), a d’aistrigh an file agus an drámadóir Eoin McEvoy. I bhfianaise léirmheasanna eile, tá ardmholadh tuillte ag fear AerachAiteachGaelach (cúram amháin a bhíonn ar Eoin McEvoy ildánach), ach is gá an cheist a chur: cén mhaith Heartstopper le Alice Oseman (2019) a aistriú go Gaeilge ar an gcéad dul síos? Agus céard atá speisialta faoi leagan Gaeilge McEvoy?
Úrscéal grafach é Heartstopper a foilsíodh den chéad uair ar Webtoon agus ar Tapas.io agus téacs é a bhí neamhspleách ar fhoilsitheoir sular foilsíodh an bunleagan Béarla den chéad imleabhar thiar sa bhliain 2019 (Martaus 2020: 442). Cé go bhféadfá a áitiú gur scéal ‘LADTA+’ é an t-úrscéal céanna, baineann an scéal seo le carachtair sna déaga a bhfuil an fhorbairt phearsanta agus mhothúchánach mar phríomhthéamaí ann. Buaileann léitheoirí an téacs le Nick Nelson agus Charlie Spring agus iad ag freastal ar scoil lán-bhuachaillí. Diaidh ar ndiaidh, fásann caidreamh grámhar eatarthu le linn an téacs agus pléitear a chiotaí is atá caidreamh rómánsúil agus tú sna déaga. Cé go mbainfeadh léitheoir ar bith sásamh as an scéal gleoite seo, níl aon dul as ach an scéal a áireamh mar scéal aiteach chomh maith. Le roinnt blianta anuas, tá leabhair aiteacha atá dírithe ar dhaoine óga go mór i mbéal an phobail i dtimpeallachtaí oideachasúla, go háirithe i gcomhthéacs Mheiriceá Thuaidh, ach is deacair locht a fháil nó conspóid a tharraingt ar an téacs seo. Is scéal grá é seo thar aon ní eile, agus an scéal féin curtha in oiriúint do dhéagóirí. I gcomparáid le go leor scéalta aiteacha eile, is dearfach an scéal é tríd is tríd, cé go bhfuil tráma an teacht amach le sonrú ó am go chéile agus Nick, ar imreoir rugbaí é, ag streachailt lena chlaonadh gnéasachta ag pointí ar leith sa téacs. Más é aidhm na húrscéalaíocht grafaí ‘[to] continue to engage and challenge readers to explore the world more fully’, mar a dúirt an criticeoir Allison Marjorie, éiríonn le Oseman an aidhm sin a bhaint amach. Anuas air sin, ní go rómhinic i scéalta aiteacha a fhaightear léargas ar an déghnéasacht, agus is san úrscéal grafach seo a dhéantar ionramháil shofaisticiúil thomhaiste ar an gceist sin lena linn.
Measaim go mbeadh a leithéid de scéal úsáideach do dhaoine óga mar phobal léitheoirí ginearálta mar go gcaitear le ceisteanna cigilteacha nó íogaire ar bhealach nádúrtha tuisceanach. Cloíonn an scéal le coinbhinsiúin shóisialta an lae inniu a bhféadfadh léitheoir sna déaga ionannú gan stró a dhéanamh leo. Cé go gcáintear úrscéalta grafacha scaití mar leabhair ‘nach leabhair chearta iad’, nó díreach mar uirlis le daoine óga a chur ag léamh, ní thuigtear go bhfuil an ealaín agus an dearadh féin ar an téacs le cur sa mheá. Cuireann léaráidí agus ealaín Oseman go mór leis an scéal seo a bhfuil cáil idirnáisiúnta air.
Maidir leis an gcur chuige aistriúcháin a cuireadh i bhfeidhm, is iontach an gaisce a rinne McEvoy. Mar go bhfuil muid ag caint ar úrscéal grafach anseo, is dúshlánach an rud é béarlagair, nó abairtí neamhiomlána ciotacha, agus sainrithim chainte daoine óga a aistriú focal ar fhocal ó theanga amháin go teanga eile. Téann an t-úrscéal grafach mar sheánra liteartha i muinín na healaíne scaití ach is léir go mbíonn deacrachtaí dialóige le sárú ag an aistritheoir. Aistríodh Heartstopper go Seicis, Fraincis, Gearmáinis, Rúisis, agus go neart teangacha eile, a léiríonn tábhacht agus éileamh an scéil do léitheoirí an lae inniu. Cinnte, agus muid ag caint ar scéalta aiteachta, ba mhinic a d’úsáidtí úrscéalta grafacha i ngluaiseachtaí rúnda na haiteachta le fada an lá, agus tar éis dul chun cinn polaitiúil, liteartha, agus cultúrtha in Éirinn agus sa Ghaeilge, ba thráthúil an rud é gur seoladh an leagan seo de Heartstopper le linn fhéile Bhróid 2024. Ní deirim seo ar mhaithe le polaitíocht a lua gan chúis; ach déanann leithéid Heartstopper scáthánú ar obair fadsaoil McEvoy – ardán a thabhairt do phobail a bhíonn scoite amach ó shaol beag seo na Gaeilge go minic. Léimeann aistriúchán McEvoy go bríomhar, go nádúrtha, agus go réadúil ó leathanaigh an úrscéil ghrafaigh seo, agus baintear leas as caint an aosa óig atá curtha in oiriúint do léitheoirí Gaeilge. Mar léiriú air sin, agus Charlie bocht ag iarraidh buachaill a raibh sé de nós aige bualadh leis a chur ó dhoras, déantar aistriúchán éifeachtach ar argóint na beirte: ‘Is cuma sa FOC leat fúm. Tháinig tú ar an leaid ba ghaire duit a bhí sásta thú a shifteáil agus sheansáil tú é!’ (Charlie) ‘Sheansáil TUSA é freisin’ […] ‘Ná bíodh fearg ort liom as gan a bheith ag iarraidh teacht amach fós’ (Ben). Sampla beag tábhachtach é seo ina bhfeictear an chaoi a ndéanann an t-aistritheoir a chuid Gaeilge a aclú agus a chur i dtiúin le caint dhéagléitheoirí na teanga. Anuas air sin, agus amhras ar Nick faoina chlaonadh gnéasachta, téann sé sa tóir ar fhreagraí ar líne. Osclaíonn sé quiz Buzzfeed dar teideal ‘Cé Chomh hAerach Atá Tú?’ agus léirítear an nós sin a bhíonn ag déagóirí quizeanna Buzzfeed agus a leithéid a úsáid chun ceisteanna móra an tsaoil a fhreagairt. Tá go leor cainte freisin faoi léiriú na haiteachta sa téacs, agus molann carachtair dhifriúla go mbíonn cuma ‘aerach’ ar dhuine. Ceistítear chomh maith an ionann a bheith aerach agus a bheith go dona ag spórt; míthuiscintí móra a mbuaileann daoine aiteacha leo ar bhonn rialta. Ní hé sin le rá gur leabhar ‘teagaisc’ é seo, ach leabhar é a bhfuil carachtair le feiceáil ann ina ndéantar scáthánú ar iolracht féiniúlachta agus a shásódh léitheoirí go leor ón spriocghrúpa aoise a bhfuil sé dírithe air.
Scéal tábhachtach é Heartstopper le Oseman mar go ndéantar scéal dearfach aiteach a chíoradh lena linn agus tá bearna shuntasach i litríocht na Gaeilge do dhaoine óga á líonadh ag an saothar aistrithe seo. Cé go bhfuil teannas agus deacrachtaí pearsanta sonraithe ann, is ag díriú ar an tacaíocht is mó a bhíonn carachtair an scéil agus déagóirí an téacs ag teacht in inmhe an tsaoil. Agus leagan teilifíse den chéad agus den dara himleabhar ar fáil ar Netflix, is cinnte go rachaidh leagan Gaeilge McEvoy i bhfeidhm ar léitheoirí den uile chineál, bíodh siad sna déaga nó níos sine. Is eisceachtúil an scéal é seo, a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach aige, ach is eisceachtúil an t-aistriúchán a rinneadh air agus é sin le moladh. Bheadh sé dúshlánach éachtaí McEvoy a chur i bhfoirm liosta cuimsitheach anseo de cheal spáis, ach is mór an tionchar a d’imir agus a imríonn an fear céanna ar phobal na haiteachta agus ar phobal na Gaeilge. Is cinnte go gcuirfidh an scéal seo daoine ag léamh, is cinnte go gcuireann sé le dioscúrsa na gnéasachta i bpobal léitheoireachta na Gaeilge, agus is cinnte go bhfuil éacht déanta ag McEvoy a leagan féin a chur ar an scéal. Tá súil agam go mbeidh scéalta eile aiteacha ar nós an scéil álainn dhearfaigh seo againn sa Ghaeilge go luath.