Ag filleadh abhaile – masmas casta

Alex Hijmans
Ag filleadh abhaile – masmas casta

Tar éis dó 16 bliain a chaitheamh sa Bhrasaíl, bhí ar ár gcolúnaí Alex Hijmans cinneadh deacair a thógáil

‘… Think of what you’d have to pack

If you left and planned on never coming back

Just the thought of it can stop you in your tracks

And make you stay …’

Giota fánach as an amhrán ‘Dancefloor’ leis an gceoltóir agus an colúnaí ón mBreatain, Tracey Thorn – glac línte a rinne nead i m’aigne ag deireadh an tsamhraidh seo caite.

Bhí mé díreach tar éis filleadh ar an mBrasaíl tar éis dom mí nó dhó a chaitheamh i mo thír dhúchais, an Ísiltír, ag tabhairt cuairteanna ar mo mháthair, a bhfuil cónaí uirthi in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu, agus ag tabhairt aire don teach ina mbíodh cónaí uirthi agus a fágadh folamh.

Is aisteach na comharthaí a thabharfas an saol duit go bhfuil rud éigin as alt. Cúpla soicind sular thuirling an t-eitleán ina raibh mé ag filleadh ar an mBrasaíl an tráth sin ag aerfort Salvador, an chathair mar a raibh cónaí orm le nach mór 16 bliain faoin am sin, chuaigh sé thar ollsiopa earraí tí Ferreira Costa.

Tháinig masmas aisteach orm.

Ní dhearna Ferreira Costa aon éagóir orm riamh. Faoi dhó i mo shaol a chuir mé cos thar thairseach ann ach níor cheannaigh mé tada – cuma shaor agus shuarach ar an troscán agus ar na giuirléidí a bhí ar díol ann (ach amháin nach raibh siad saor).

Ach an nóiméad áirithe sin agus mé 100 méadar os cionn díon an tsiopa ba shiombail é Ferreira Costa agus a raibh istigh ann do gach rud atá mícheart leis an mBrasaíl, dar liom: ardaicme agus meánaicme arbh fhearr leo a gcuid árasán i dtúir spéire gheataithe a líonadh le kitsch ródhaor a olltáirgeadh sa tSín, agus cleachtaí ióga a dhéanamh os comhar na teilifíse fad is a bhíonn sléacht eile i mbruachbhaile bocht éigin á fhógairt ar an nuacht – dream arbh fhearr leo sin ná aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna stairiúla atá leis na geataí sin timpeall ar na túir spéire agus leis an ár laethúil sna ceantair bhochta.

Trí seachtaine ina dhiaidh sin, ní raibh an masmas a tháinig orm os cionn shiopa Ferreira Costa tar éis maolú pioc.

Masmas casta a bhí ann. Ní hamháin go raibh díomá orm nach i bhfeabhas ach i ndonas a bhí scéal an fhoréigin uirbigh sa Bhrasaíl ag dul i ndiaidh do Luís Inácio da Silva (Lula) a theacht i gcomharbacht ar an uachtarán ba mheasa dá raibh ag an tír riamh, Jair Bolsonaro; shílfeá go raibh fórsa dofheicthe – rabharta farraige, a shamhlaigh mé – do mo tharraingt ar ais go dtí mo thír dhúchais, agus go dtí mo mháthair.

Cén chaoi a ndéanann tú cinntí móra saoil? Cuireann tú glaoch ar chara.

‘Tá mé ag smaoineamh faoi bhogadh abhaile, ach níor mhaith liom an saol a thóg mé dom féin anseo le 16 bliain anuas a chaitheamh i dtraipisí mar sin.’

‘Ná déan tada go fóilleach,’ a d’fhreagair mo chara, ar síceolaí (agus scríbhneoir) é. ‘Ná déan tada go fóilleach ach tabhair aire go cúramach ar a bhfuil ag tarlú i do cheann.’

Dhá mhí níos déanaí, nuair ba léir dom nach n-imeodh an masmas, thuig mé nárbh fhiú an cinneadh a chur ar an méar fhada a thuilleadh. Cheannaigh mé ticéad eitleáin.

Cheannaigh mé ticéad eitleáin, ach roghnaigh mé dáta a bhí sách fada sa todhchaí. Níor theastaigh uaim slán a fhágáil le mo shaol sa Bhrasaíl faoi dheifir, agus lena chois sin, theastaigh uaim dul chuig féile mhór Iemanjá uair amháin eile.

Lemanjá, sin í bandia Afra-Bhrasaíleach na mara. Gach 2 Feabhra, caitheann na céadta míle duine bláthanna san fharraige in ómós di ag cladach Rio Vermelho, an ceantar in Salvador ina raibh an chuid is mó de mo shaol sa chathair sin bunaithe. Ó bhog mé go dtí an Bhrasaíl an chéad lá riamh ní dóigh liom gur chaill mé amach ach ar an bhféile sin ach uair amháin, agus an coróinvíreas ba chúis leis sin.

Ní gá duit a bheith i do chreidmheach de chuid an reiligiúin Afra-Bhrasaíligh Candomblé chun ómós a thabhairt do Iemanjá agus do dhéithe eile an chreidimh, na orixás. Rud níos fairsinge ná reiligiún atá sa Candomblé dáiríre, dóigh mhaireachtála abraimis, agus cé nach bhfuil chuile dhuine i gcathair Salvador ina bhall den Candomblé, ná baol air, tá saol na cathrach ar fad faoina anáil. Agus rith sé liom, agus rósanna á gcaitheamh san fharraige agam den uair dheireanach ag cladach Rio Vermelho, chomh mór agus a tháinig mé féin faoi anáil na stíle maireachtála sin, agus chomh mór agus a mhothóidh mé uaim í.

Anois, mí go leith níos déanaí, den chéad uair le breis agus 28 bliain anuas (bhí cónaí orm in Éirinn ar feadh 12 bliain sular bhog mé go dtí an Bhrasaíl) tá mé i mo chónaí i mo thír féin, i mo bhaile dúchais, agus sa teach inar fhás mé aníos.

Nuair a dúirt mé i dtús an ailt seo gur fágadh an teach sin folamh, b’éard a bhí i gceist agam ná nach raibh éinne ina chónaí ann. Déanta na fírinne, tá an teach lán – lán stuif, truflaise agus balcaisí. Creid é nó ná creid ach mí tar éis dom filleadh abhaile níor oscail mé na trí mhála mhóra a thug mé liom ón mBrasaíl go fóill. Níl aon áit sa teach chun a bhfuil iontu a chur.

‘Iarsmalann mo mháthar’ a thugaim ar an teach go magúil, ach d’fhéadfainn ‘iarsmalann m’óige’ a thabhairt air chomh maith céanna. Anois féin, tá mé ag breathnú ar bhád lastais déanta as adhmad, bréagán a bhí agam nuair a bhí mé ceithre nó cúig bliana d’aois, agus ar tháinig mé air aréir agus mé ag dul trí bhosca eile lán cuimhní i gcófra ceilte i mo sheanseomra leapa. Tháinig mé ar chac clochraithe ainmhí éigin sa chófra céanna, ar chúl na mboscaí sin ar fad. Cat? Francach? An coinín a bhíodh againn fadó?

Ar lig mé féin agus mo dheartháir óg do rudaí titim as a chéile? Ar chóir dom filleadh ón mBrasaíl i bhfad níos luaithe agus aire a thabhairt do mo mháthair mé féin, sa teach seo, seachas í a thabhairt chuig ionad cúraim? Post 24/7 a bheadh ansin agus ní bhfaighinn am le hailt den chineál seo a scríobh, gan trácht ar leabhair – agus lena chois sin níor rith sé liom, go dtí go bhfaca mé siopa Ferreira Costa ón aer ag deireadh an tsamhraidh seo, go raibh mé réidh leis an mBrasaíl.

Leanann an masmas casta ar aghaidh, mar sin. An lá cheana, agus áit níos feiceálaí sa seomra suite á thabhairt agam do cheann de phríomhiarsmaí na hiarsmalainne a bhí ag bailiú dusta thuas staighre – seanraidió Philips ó na 1950idí – bhris mo ghol orm. Níl a fhios agam arbh é an t-amhrán a tháinig air (Private Dancer le Tina Turner) ba chúis leis sin, fuaim sheanfhaiseanta an raidió féin (lán torainn bháin – an AM amháin a oibríonn) nó arbh é an chaoi go raibh mé faoin mbord, ar mo ghogaide, ag iarraidh cuma shlachtmhar a chur ar shreangáin an raidió, agus go bhfaca mé an saol ó pheirspictíocht bhuachaill 8 mbliana d’aois seachas trí shúile bhuachaill 48 bliain d’aois. Na trí rud, b’fhéidir.

Ach cé go mothaím uaim go mór mo chuid cairde agus gaolta sa Bhrasaíl agus an saol a bhí agam sa tír sin, nuair a thugaim cuairt ar mo mháthair san ionad cúraim tuigim i mo chroí istigh go bhfuil an cinneadh ceart déanta agam. Agus tá laethanta ann, go mórmhór nuair a bhíonn an ghrian ag lonrú ar bhachlóga óga na gcrann, go mothaím amhail is go bhfuilim tar éis teacht ar an saol arís as an nua.

Alex Hijmans

Is scríbhneoir agus iriseoir é Alex Hijmans. Tá céim sa Léann Ceilteach ó Ollscoil Utrecht agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil Éireann Gaillimh. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin mar tuairisceoir do RTÉ agus TG4 agus don nuachtán Foinse. D'fhoilsigh sé roinnt leabhar le Cois Life, ina measc: Favela (2009), Aiséirí (2011), Gonta (2012), Splancanna ó Shaol Eile (2013), An Tearmann (2016) agus Idir Dhá Thír (2017). Bhí mar eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2000 go dtí mí an Mheithimh 2001