Dráma tráthúil ó 472 R.C.

Dráma tráthúil ó 472 R.C.

Cruthaíonn ‘Na Peirsigh’ gur féidir acmhainní taibhléirithe na Gaeilge a chur ag obair go rathúil ar ábhar tromchúiseach polaitiúil, a deir Máirín Nic Eoin

Na Peirsigh / The Persians

Drámadóir: Aescaileas / Aeschylus

Aistritheoir: Nuala Ní Dhomhnaill

Stiúrthóir: Conor Hanratty

Stáitse na Péacóige

Amharclann na Mainistreach

(Go dtí an 6 Aibreán)

Stáitse dorcha ar nós seomra, le ballaí dubha, sraith céimeanna trasna air, crann olóige go hard ar dheis, seastán dubh chun tosaigh agus coinnle lasta ina seasamh air, umar uisce ar chiumhais an stáitse chun tosaigh. Isteach le cór na bPeirseach, seachtar díobh, agus iad gléasta in éadaí fada dorcha. Tógann coinneal an duine agus tosaíonn an seó…

Baineann dráma Aescailis Na Peirsigh / Persians le fíoreachtra stairiúil – mórshléacht na bPeirseach i gcath iomráiteach Shalamas sa bhliain 480 R.C. Saothar ar coimisiún a bhí ann, cuid de thríológ nach maireann di ach an dráma seo, agus é mar chuspóir ag Aescaileas bua éachtach na nGréagach sa chath cinniúnach sin ar muir a cheiliúradh. Chuir an bua deireadh le huaillmhian impireacht Áiseach na bPeirseach ar thalamh na nGréagach agus cor cinniúnach, dá bhrí sin, i stair agus i ngeopholaitíocht na hEorpa agus an domhain ó shin i leith.

Tá an dráma seo suaithinseach mar is é an t-aon traigéide Ghréagach ón ré sin a bhaineann le himeachtaí staire comhaimseartha. Léiríodh den chéad uair é sa bhliain 472 R.C. do lucht éisteachta a bhí eolach ar an scéal agus a raibh cuid acu rannpháirteach ann. Bheifí ag súil go scríobhfadh Aeschylus saothar caithréimeach a mhórfadh gaisce na nGréagach, agus is cinnte gur féidir an dráma a léamh mar shaothar bolscaireachta den chineál sin.

Ach tá gné shuaithinseach eile ag baint leis an dráma seo, gné atá le haithint sa teideal féin, mar is trí shúile an chine chloíte, na Peirsigh, atá scéal an chogaidh á ríomh ó thús deireadh. Is Peirsigh amháin a labhraíonn sa dráma. Is í a n-imní siúd a chloisimid ó chór na seanóirí ag tús an dráma. Is thar ceann mhuintir na Peirse a labhraíonn an bhanríon Atasa (Atossa) agus a taibhreamh scanrúil, a gineadh as an imní faoi ghníomhartha a mic Xeirxéas, á ríomh aici. Is Peirseach an teachtaire a thagann isteach i lár an dráma le fógairt go bhfuil fórsaí na bPeirseach cloíte agus a chuireann mionsonraí an tsléachta a rinneadh orthu i láthair. Is é spiorad an tseanrí Dáirias (Darius), céile Atasa, a thagann ar ais ón mbás le hiompar anuaibhreach a mhic a dhamnú. Is é Xeirxéas féin a chanann na focail chaointe agus féinlochtaithe ag an deireadh.

Mar is iondúil sna seantraigéidí Gréagacha, is le focail fhileata agus le haisteoireacht a bhfuil gné láidir den deasghnáthas ag baint léi a insítear an scéal. Braithfidh éifeacht an dráma ar chumas an léirithe an lucht féachana a thabhairt ar aistear samhlaíoch ina measctar an reacaireacht fhoirmiúil agus an scéalaíocht le gnéithe aislingíochta agus fantaisíochta. Is dóigh liom go n-éiríonn go han-mhaith leis an léiriú seo, a d’oscail ar Stáitse na Péacóige d’Amharclann na Mainistreach Dé Sathairn seo caite, an sprioc sin a bhaint amach. Tá an chreidiúint ag dul d’aistriúchán an-nádúrtha Nuala Ní Dhomhnaill, do shárfhoireann aisteoirí agus do stiúradh cruthaitheach Conor Hanratty, a tharraingíonn go rathúil ar ghnéithe de thraidisiún liteartha agus taibhléirithe na Gaeilge.

Tá an cór an-éifeachtach agus trí chóiréagrafaíocht ealaíonta baintear feidhm éifeachtach as an spás teoranta stáitse in Amharclann na Péacóige. Cloistear raon stíleanna cainte, ón gcór-reacaireacht an-fhoirmiúil go dtí guthanna aonair níos comónta, níos comhráití. Cuidíonn éagsúlacht canúna na n-aisteoirí le hilteangachas impireacht na Peirse a chur i láthair, agus tá Gaelú an-nádúrtha déanta ag Nuala Ní Dhomhnaill ar na hainmneacha daoine agus áiteanna a luaitear go minic sa dráma.

Ag tosú le liodán na gceannairí Peirseacha atá imithe chun na Gréige le harm Xeirxéas, tá míshuaimhneas agus cráiteacht le brath ón tús i bhfocail agus i ngluaiseachtaí an chóir. Bhraitheas féin go bhféadfaí an tuin olagónach a mhaolú beagán sa radharc tosaigh chun an teannas a bhaineann le nochtadh an scéil thubaistigh a choinneáil ag an leibhéal is airde tríd síos.

Tá Caitríona Ní Mhurchú thar barr i ról Atasa, siombalachas an fhlaithis á chumasc go héiritheach aici le himní máthar agus cuimhne baintrí chun pearsa mhaorga ríogúil a chruthú. Ina taibhreamh, feictear beirt bhan, bean Pheirseach agus bean Iónach, i snaidhm cuinge nach léir cén toradh a bheidh air. Tá béim ar íomhá na cuinge tríd síos sa dráma seo – ón gcéad tagairt do na mná Peirseacha faoi chuing an phósta atá fágtha gan céilí leapan go dtí diongbháilteacht an cheannaire a shíl go bhféadfadh sé cuing a chur ar chaolas Heilléas (an Heilléaspontas), an teorainn ársa idir an Áise agus an Eoraip.

Is dreas scéalaíochta a fhaighimid sa mhír ina dtugann teachtaire cuntas ón mblár catha. Seo é an chuid den dráma is mó a éilíonn aisteoireacht réalaíoch agus tugann Timmy Creed sárthaispeántas, é ag gluaiseacht ó thaobh go taobh an stáitse, ag freagairt ceisteanna Atasa fad is atá cór na seanóirí i mbun cantaireachta caointí. Déanann an teachtaire gaiscí na nGréagach agus mórshléacht na bPeirseach a ríomh go mion trí shúile duine a bhí ar an láthair chatha é féin.

Anseo, i mbéal an Pheirsigh, is ea a chloistear gáir chatha na nGréagach, ceann de bhuaicphointí an dráma agus gné a mheabhraíonn dúinn gur do lucht féachana Gréagach a céadchumadh é. Baintear úsáid éifeachtach as an umar uisce sa radharc seo agus samhlaítear tóraíocht íocshláinte le tumadh lámha an teachtaire in uisce a thíre dúchais. An t-aon dea-scéal atá le ríomh ná go bhfuil mac Atasa, Xeirxéas, fós ina bheatha.

Is ag an bpointe seo sa dráma a théitear i muinín an osnádúir agus, trí shearmanas diamhair faoi cheannas Atasa, glaoitear ar ais ó na mairbh ar an seanrí, Dáirias. Monalóg chumhachtach is ea a thugann Dáirias (Séamas Moran) uaidh, ina ndéantar breithiúnas géar ar iompar Xeirxéas, an t-ionradh á shamhlú mar ghníomh buile agus baoise agus mar thoradh léanmhar an uabhair dhaonna. Mar is iondúil sa drámaíocht Ghréagach, is i dtéarmaí thoil na ndéithe a dhéantar an gníomh cogaíochta a mheas. Cé go mb’fhéidir nach mbainfeadh lucht féachana i sochaithe iar-reiligiúnacha an iarthair mórán sóláis ó fhocail Dháirias, go háirithe agus iad tuisceanach ar chastachtaí an ghaoil idir creideamh, dílseachtaí reiligiúnda agus coimhlintí fíochmhara míleata, is féidir gnéithe dá aitheasc a léamh mar áiteamh ar son na humhlaíochta agus na céille agus na comhdhaonnachta i gcúrsaí polaitíochta.

Gné shuntasach eile de chuid dhráma Aescailis is ea go gcantar an chuid dheireanach de, an mhír ina dtagann Xeirxéas abhaile agus gan air ach na giobail. Más mar chantaireacht fhoirmiúil dheasghnách a dhéantaí an chuid seo a chur i láthair sa tSean-Ghréig, is éard a bheartaigh Hanratty ná earraíocht a bhaint as gnéithe den chaointeoireacht agus den amhránaíocht thraidisiúnta in Éirinn le críoch shainiúil a chur leis an leagan Gaeilge seo den dráma.

Is mar amhrán caointe, le faonmhacallaí caointe iomráiteacha ar nós ‘Caoineadh Liam Uí Raghallaigh’ agus ‘Eanach Cuain’ ach níos gaire ó thaobh stíle, b’fhéidir, don sórt cantaireachta a shamhlófaí leis an gcaoineadh traidisiúnta os cionn coirp, a chuirtear an comhrá deireanach idir Xeirxéas (Naoise Mac Cathmhaoil) agus cór na seanóirí i láthair.

Cé gur bhraitheas féin go raibh níos mó den aisteoireacht fhisiciúil de dhíth sa radharc deireanach seo, níl amhras ach go ndeachaigh guth an fhonnadóra i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana. Tá na focail thar a bheith cumhachtach mar seo an ceannaire cloíte Peirseach, ag glacadh freagrachta pearsanta as bás léanmhar na sluaite a bhí faoina chúram, ag éagaoineadh a gcáis, ag nochtadh a náire shaolta féin, agus ag tabhairt aitheantais os ard do chumas agus do mhórneart na nGréagach.

Ba thionscnamh de chuid ré na paindéime a bhí in aistriú an dráma seo agus, dá bhrí sin, bhí an obair aistriúcháin agus cuid den mhachnamh réamhléiritheoireachta déanta sular tharla ionradh na Rúise ar an Úcráin, gan trácht ar an gcoimhlint fhuilteach sa Phalaistín. Sa mhéid is go dtéann sé go croí cheist na freagrachta maidir le cuspóirí, cur chuige agus iarmhairtí na cogaíochta, tá an dráma thar a bheith tráthúil agus, ar an ábhar sin amháin, ba chóir go meallfadh sé lucht féachana mór.

B’fhéidir go raibh an stiúrthóir faoi shrian méid áirithe ag leagan amach fisiciúil Stáitse na Péacóige, ach sílim gur baineadh úsáid fhíormhaith as soilse agus as éifeachtaí ceoil agus fuaime chun athrú atmaisféir ó mhír go mír den dráma a chruthú. D’oibrigh na fotheidil Bhéarla atá le feiceáil ar stiallscáileán tanaí os cionn an stáitse go han-mhaith agus ba chabhair iad fiú don éisteoir le Gaeilge nuair a bhí an-chuid ainmneacha Peirseacha ag teacht i ndiaidh a chéile.

Ba mhór an trua i gcás léirithe ar dhráma ársa den chineál seo nach raibh clár ceart ar fáil don lucht féachana a thabharfadh beagán níos mó eolais cúlra dóibh ná mar a bhí ar fáil san ábhar margaíochta agus a thabharfadh a gceart freisin do na haisteoirí iontacha atá rannpháirteach sa dráma. Níor leor an bhileoigín a bhí ar fáil saor in aisce chun na críche sin. B’fhiú go mór freisin téacs iomlán an dráma a bheith ar fáil i bhfoirm leabhráin, cleachtas atá ann le fada anois do dhrámaí nua a léirítear ar mhórstáitse Amharclann na Mainistreach.

Tá ár mbuíochas ag dul do Nuala Ní Dhomhnaill as tabhairt faoin obair aistriúcháin. Bhraitheas bá agus tuiscintí traschultúrtha Ní Dhomhnaill ar chúl na bhfocal go minic. Thar aon rud eile, cruthaíonn léiriú seo Conor Hanratty gur féidir acmhainní taibhléirithe na Gaeilge a chur ag obair go rathúil ar ábhar tromchúiseach polaitiúil, rud atá léirithe cheana féin i réimse na scannánaíochta Gaeilge. Tá an dráma á léiriú mar chuid de shéasúr comórtha ar an mBantiarna Gregory, duine de bhunaitheoirí Amharclann na Mainistreach, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 6 Aibreán.