Ceist na haeráide agus ceist na teanga

Ceist na haeráide agus ceist na teanga

www.markwickham.org

Agus sinn i ngleic le géarchéim sláinte, tá gaois le fáil i leabhar faoi cheist na teanga agus géarchéim na haeráide, a scríobhann Máirín Nic Eoin

Cad atá i gcoitinne ag ceist na Gaeilge mar cheist pholaitiúil agus shóisialta agus na ceisteanna éiceolaíochta agus eitice a bhaineann leis an athrú aeráide? Sin is ábhar don leabhar is déanaí le Michael Cronin, an foilseachán dátheangach An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht / Irish and Ecology (Baile Átha Cliath: Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 2019). Tá téis lárnach an leabhair bunaithe ar an tuiscint go bhfuil dlúthnasc idir feasacht teanga agus feasacht timpeallachta in Éirinn, ach go bhfuil an dá réimse dioscúrsa scartha beagnach go hiomlán óna chéile faoi láthair ag leibhéal pholasaí an stáit agus i súile fhormhór an phobail. Cuireann dhá aiste chuimsitheacha (ceann acu i nGaeilge agus ceann i mBéarla) sraith argóintí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ina lón cumhachtach áitimh ag gníomhaithe teanga agus timpeallachta araon, chomh maith le bheith ina n-ábhar machnaimh nó ina mbonn gníomhaíochta ag cách. Is é cuspóir an ailt seo ná raon coincheapúil an phlé sa dá aiste a chíoradh, d’fhonn léitheoirí a spreagadh leis an leabhar a léamh agus na smaointe ann a phlé le cairde, le comharsana agus le comhghleacaithe. Anois agus sinn i ngleic le géarchéim sláinte ar bhonn domhanda, níl amhras orm ach go bhfuil gaois á roinnt sa leabhar seo a chuideoidh linn ár dtaithí féin mar Éireannaigh, agus na sainléargais atá againn mar Ghaeil, a thuiscint agus a shuíomh níos fearr i gcomhthéacs na smaointeoireachta agus na gníomhaíochta éiceolaíche.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús