SORCHA

SORCHA

Gearrscéal nua le Pádraic Breathnach

Bhíodh a máthair, Aisling, ag dul isteach i seomra Shorcha chuile lá agus ag luí siar ar a leaba. Go hiondúil níos minice ná babhta sa ló.

Go deimhin féin ba é an chéad ghnó ar maidin aici é. I rith na hoíche freisin, ag dul ag an leithreas di, ba ghnás léi a haghaidh a thabhairt ar sheomra a hiníne, cé go mb’fhéidir, an uair sin, nach mbeadh ann ach go seasadh sí ag an doras.

Go ndearna sí ord a turasanna oíche ar an seomra sin a athrú ar ball, ámh, faoi go mbíodh Seán á cáineadh.

‘Éirigh as an nós sin,’ a deireadh sé.

‘Níl an nós sin sláintiúil,’ a deireadh sé.

Ach cén tsláinte a bhí i gceist?

Go mba é a dhéanadh sí ansin go dtéadh sí go dtí doras sheomra Shorcha ar a bealach go dtí an leithreas agus filleadh láithreach ar a leaba féin i ndiaidh di an babhla a scairdeadh.

‘Tá agat faoi seo a bheith in ann glacadh lena bás,’ a deireadh Seán.

Seomra Shorcha fágtha go díreach mar a d’fhág Sorcha féin é. A vardrús éadaí go díreach mar a bhí, a cuid gúnaí, sciortaí, jeans, ar crochadh mar a chroch Sorcha féin iad. Doras an vardrúis ar faonoscailt i gcónaí mar a d’fhág lámh Shorcha é sa chaoi is nuair a luigh Aisling siar ar leaba Shorcha go mba é an chéad ní a chonaic sí ná ceanna de chultacha seo a hiníne ar crochadh go ciúin os a comhair. Dearg, gorm, buí, corcra.

Cé gur fíor gur thug sí croitheadh beag dóibh anois is arís d’fhonn pé deannach a d’fhéadfadh a bheith ag lonnú orthu a leagadh díofa; faoi mar a rinne sí leis na pictiúirí ar na ballaí, gur shocraigh sí go néata óna sceabha iad, gur ghlan is gur chóirigh.

Na pictiúirí, gurbh í Sorcha féin a roghnaigh chuile phictiúr acu. Pop-amhránaithe, rac-réaltaí. Johnny Depp! Aisling ag cuimhneamh siar ar na hargóintí beaga a bhíodh aici le Sorcha faoi na pictiúirí a bhí sí a roghnú; an chaoi sheafóideach a mbíodh sí ag moladh do Shorcha pictiúirí níos morálta a chur in airde. Agus a gcoinneáil crochta i gceart!

Go mb’in obair leamh thuirsiúil a mb’éigean d’Aisling a dhéanamh síoraí: pictiúirí Shorcha a chur óna sceabha!

Hamstar Shorcha go raibh sise i gcónaí ina cuibhreann le hais sheomra Shorcha. Cása mór de chuibhreann. Ar bhealach ba dhá chása curtha le chéile é mar go mbíodh dhá hamstar aici tráth: ceann baineann is ceann fireann, ach níor réitíodar lena chéile. An ceann baineann go mbíodh sise síoraí ag ionsaí a leathbhádóra. Go deimhin níor cheart ‘leathbhádóirí’ a thabhairt riamh orthu! Go mb’éigean a scaradh óna chéile, a chása ar leith féin a thabhairt dósan. Ach gur bhásaigh sé go luath. Pé uaigneas nó mí-amhantar eile faoi deara sin?

An dá chása gur ceanglaíodh le chéile ansin iad agus a raibh de thranglaim tholláin, de rothaí, d’fhóiséid is de bhealaí aduaine taistil ansin aicise nárbh áibhéil ar chaoi ar bith a rá barraíocht deiseanna aclaíochta a bheith aici. Cé gur i bhfolach ina cúinne leapan a chaith sí formhór a cuid ama.

Go mbíodh coinín freisin ina seomra ag Sorcha. A chása seisean i bhfad níos mó ná cása an hamstair agus ar ball aistríodh é, agus an coinín féin, amach go dtí an gairdín cúil. Ach a mbíodh de thóch is de thochailt ar siúl amuigh ina chuibhreann gairdín aige níorbh éasca é a choinneáil ceansaithe san áit sin ach oiread. An téad mhogallach a feistíodh timpeall an chuibhrinn bhí an cladhaire, ina iarrachtaí ar bhreis saoirse, in ann a dhul fúithi. Nó a gearradh!

I ndiaidh do Shorcha a dhul ar shlí na fírinne ba í a máthair a choinnigh beatha, bia is uisce, le peataí a hiníne. Cé nár mhórán a d’ith an hamstar.

An coinín, ámh, d’ídigh seisean neart. Bileoga gabáiste, ar ndóigh. Ach nár bhreáichte leis tada ná bileoga meacna dearga. Bileoga meacna dearga, bhí teacht ar dhalladh díofa sin, saor in aisce, san ollmhargadh. Chuile Dhéardaoin, ag déanamh a cuid siopadóireachta di, ba ghnás léi a gcuid bileog a streachailt de shlámanna meacna dearga a bhí ar díol; bíodh is, ar chaoi, nár cheart sin a dhéanamh, a bhí sí a cheapadh arae bhí daoine ann a mb’fhearr leo na bileoga orthu nuair a bhíodar á gceannach; ach, nuair a bhí deireadh déanta, ámh, nárbh é a rinne bunáite na ndaoine, gur bhaineadar na bileoga láithreach díofa a útamálaí is a bhíodar lena gcur i málaí.

B’aisteach, ba dhóigh le hAisling, an chaoi ar their leis an gcoinín bileoga biatais dheirg!

Cén réshaol a bhí ag hamstar? Mar an gcéanna ag coinín: cén t-achar réshaoil a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis ina chás seisean?

An hamstar a cailleadh cuireadh a thaisí i bpróca agus adhlacadh sin i gcré an ghairdín cúil. Sa chúinne ar leith. Taobh leis an uaigh ina raibh an peata gadhair, Róibín, a maraíodh roimhe sin le gluaisteán. Róibín, nach raibh ciall ná stuaim riamh aici, nár thug aird ar bith riamh ar a hainm! Arbh eol di a hainm? Am ar bith ar glaodh ar ais uirthi, dheamhan tada a rinne sí ach tabhairt níos guagaí faoi na bonnacha. Agus coinneáil uirthi ag fánaíocht.

Ar ndóigh, b’éard ba chóra a bheith déanta ag an tús ná a traenáil. A tabhairt chuig traenálaí gairmiúil. Arae ba é an trua é gur caitheadh í a choimeád ar shrian. Cé, ar ndóigh, nach bhféadfaí a coimeád síoraí síoraí ar shrian agus nuair a scaoiltí amach sa ghairdín cúil í go ligtí di saoirse a bheith aici, ach an geata a bheith dúnta.

An lá seo, ámh, ní raibh an geata druidte in am agus, i bhfaiteadh na súl, go raibh Róibín bailithe léi amach ar an mbóthar mór. ‘Róibín! Róibín! Gabh i leith ar ais, a Róibín!’ Ach Róibín ag imeacht léi sna feiríglinnte, ag smúrthacht nó ag princeam rinceam i ndiaidh madraí is eile; nuair a thriáiltí ar bhreith uirthi, í ag pocléimneach uait arís sna seala babhtaí.

Gur bhuail gluaisteán í.

Sorcha ag fuasaoid á hiompar ar ais abhaile ina gabháil. Sramaíl chaoineacháin uirthi, ag cur ina leith féin gurbh
í faoi deara a bás, gurbh í faoi deara gur fágadh an geata
ar oscailt.

Gruaim ar an gclann ar fad. Róibín ar lár leagtha ar bhrat os comhair na tine; Sorcha idir amanna ag glanadh di an fhuil a bhí ag téachtadh ar a béal; ag diúrnú is ag pógadh a cloiginn.

Clár cloiche beag mar leacht ag ceann a huaighe. A hainm air sin, móide guí.

An t-ómós céanna tugtha don hamstar.

Bíodh is Seán ag caitheamh anuas uirthi féin faoina dóigh a bheith ag triall ar sheomra Shorcha bhí Aisling den tuairim go mba ghnás le Seán féin triall go coitianta ar a seomra. Barúil aici go ndeachaigh sé ar a ghlúine le hais na leapan d’fhonn paidir a rá. Barúil aici gur dhearc sé ar a héadaí sa vardrús faoi mar a rinne sí féin cé nár dhóigh léi gur dhruid sé siar doras an vardrúis d’fhonn amharc níos fearr a fháil orthu. Barúil mhaith aici gur dhearc sé freisin ar na pictiúirí ar na ballaí agus go ndeachaigh a intinn siar ar bhóithríní smaointe. Bhí Aisling cinnte gur thriall Seán fad leis an bhfuinneog am ar bith a ndeachaigh sé isteach sa seomra. Gur sheas sé ansin ag breathnú amach ar an tsraith de ghairdíní cúil comharsan a bhí os a chomhair. É ag samhlú, bhí sí a cheapadh, cé na smaointe a bhíodh ag Sorcha nuair a bhreathnaíodh sí amach.

Bhí Aisling dearfa, ina sheasamh ag an bhfuinneog do Sheán, gur chas sé a shúile faoi chlé le spléachadh a fháil ar a ngairdín cúil féin; gur dhearc sé d’aon úim d’fhonn crann laburnaim Shorcha a fheiceáil. Crann mór ba ea é seo ar nós ag daoine ag gabháil an bóthar dóibh tagairt a dhéanamh dó: a áille is a bhí a flós buí; go mb’fhada nach bhfaca siad crann laburnaim dá thoirt in áit ar bith. Sea, a mhaisce, ina hóige, agus ó uair go chéile nó gur cailleadh í, go dtéadh Sorcha ag dreapadh an chrainn sin. Ba é a crann sise é. ‘Crann Shorcha’ a tugadh i gcónaí air.

Dhá chrann eile sa ghairdín céanna a ndearna daoine tagairt dóibh ba ea an crann silíní Seapánach agus an crann laindéir Síneach. Na laindéir dhearga a d’fhás ar an gcrann Síneach bhíodar go hálainn ar fad.

Cé nár chrainnte iad an dá chrann seo, an crann Síneach nó Seapánach, a bhféadfaí a ndreapadh mar go mba mhó de sceacha iad agus bhí a ngéaga araon ródhlúth ina chéile. A bpríomhstoic bhíodar sin ródhíreach agus na craobhacha uathu róthanaí.

Ach chuile ghné den chrann laburnaim, idir stoc is ghéaga, bhí sí togha le dul in airde uirthi. An téad ghorm níolóin a chroch Seán ar an gcrann seo, le cúnamh a thabhairt do Shorcha a dhul ag dreapadh, bhí sin ar crochadh i gcónaí; fillte thuas ar chraobh mar a fágadh i gcónaí í nuair nach rabhthas ag dreapadh. Téad níolóin bhí sin láidir agus mhair sí i bhfad; cé, ar ndóigh, ba ghnás le Seán í a mheas go rialta ar fhaitíos aon laige a bheith ag tíocht inti, í ag tanachan nó eile ó a bheith ag cuimilt don chrann.

Aisling ag ceapadh gur shil Seán an chorrdheoir mar a chaoin sí féin; cé nár dhóigh gur chaoin sé oiread is a chaoin sí féin. Go hiondúil níor chaoin fir mar a chaoin mná agus níorbh fhear é Seán a chaoinfeadh chomh mór is a chaoinfeadh fir go leor. Níorbh é baileach gur chuir sé cosc air féin ó chaoineadh ach go mba é an saghas fir é arbh fhearg thar bhrón ba mhó a tháinig air i gcásanna mar seo. Fonn amanta air, bhí sí a cheapadh, a rá léi féin éirí as a cuid caointe; mar go raibh an baol ann, a bhí sí a cheapadh, gur chaoin sí barraíocht amanta: í ag snugaíl isteach ina naipcín póca nó ina ciarsúr páipéir. Cé gur thug an caoineachán sólás di agus mhothaigh sí níos glaine, níos folláine ina dhiaidh.

Ó, níor dhúirt Seán riamh léi éirí as a cuid caoineacháin ach gur airigh sí amanta, ón gcuma a bhíodh ar a éadan, go mb’fhearr léis dá scorfadh sí.

Ach thuig sí anois do Deca! Gaol léi, bean óg, ar cailleadh a mac óg, Diarmaid, ba ea Deca. Dia dhár réiteach, ní raibh Diarmaid ach cúig bliana d’aois! An leaidín beag, go bhfóire Dia orainn, gur bhuail ailse é!
Go rabhadar ar fad sínte dá bharr!

Córas leighis á chur air agus a chuid gruaige ag titim amach ach fós féin, an créatúirín, gur choinnigh sé air ag súgradh nuair a d’fhéad sé. Ag rith is ag léimneach sa pháirc phoiblí! Ag imeacht i ndiaidh féileacán is éan! Ceanna de na héin, na colúir, na cága, agus ceanna de na ríthe rua, d’fhanaidís ina stad, nó ní dhéanaidís thar gluaiseacht
mhall uaidh, nó go mbíodh Diarmaid ionann is ag leagan a lámh orthu. É lena lámha in airde ansin ag scairteadh orthu nuair a d’fheiceadh sé ag imeacht iad; amanta ag tuirlingt
go luath arís.

An créatúirín, gur cailleadh é! Le linn aifreann na marbh dó gur thit Deca i lagar is go mb’éigean a hiompar amach as an séipéal i gcathaoir rothach.

Go dtí an créamatóiriam ansin.

Deca, gur choinnigh sí luaithreach Dhiarmada i bpróca. Seachas a chur i dtalamh, nó in ionad feiliúnach ar bith eile, mar a cheapfá, choinnigh Deca luaithreach a mic i ngar di ar feadh an ama: ar sheilf a cisteanaí, ar mhatal a seomra suí, ar ardán a seomra teilifíse; fiú’s sa charr in éindí léi nuair a chuaigh sí ar thuras.

Gur shíl daoine go raibh a modh iomarcach, áirid, easlán, go raibh aici fad níos faide a chur idir í is a mac marbh, agus ceapadh go gcuirfeadh de réir a chéile, ach gur lean Deca uirthi ar a modh sainiúil féin.

Tuiscint níos fearr anois aici ar mhodh Deca, dar le hAisling. Cé nár chothaigh sí féin, agus ní chothódh, an bealach céanna. Í féin is a cuimhní bróin níos neamhspleáiche ar a chéile ná mar a bhí cuimhní Deca ar a maicín. Í sásta í in ann déileáil níos éifeachtaí leo. Toisc gur cailleadh Sorcha níos tobainne, go raibh uirthi cinneadh níos deifrí a dhéanamh. Cé acu ba chirte, colainn Shorcha a chur i dtalamh nó a chréamadh? Í ag cur is ag cúiteamh i gcónaí faoi na cinntí sin. Go mbíodh sí ag cíoradh ina cloigeann go mba cholainn a chréamadh an bealach ba mhorálta. Arbh é freisin an bealach ba nua-aoisí. Ar bhuille an ama, ámh, nuair a tháinig an tuar faoin tairngreacht, gur thob sí ón dó. Cén chaoi a dtiocfadh léi colainn chaoin a hiníne a chur
i dtine?

Cuireadh colainn Shorcha in uaigh. Ar a laghad ar bith ba chompóirt dá máthair gur fhéad sí Sorcha a shamhlú mar dá mba shínte ina suan ar fhleasc a droma ar leaba a bhí sí. Leaba dhorcha chréafóige, aingiltí ag creimeadh na colainne, ba smaointe iad sin a dhíbir sí uaithi.

Sorcha! Ba ghean le hAisling an t-ainm. Ar chaith sí féin is Seán d’am ag díospóireacht faoi ainmneacha le linn do Shorcha a bheith sa bhroinn! Seán chuile orlach chomh priaclach faoi ainmneacha is a bhí sí féin. Sorcha! Go raibh sí dearfa gur roghnaíodar an t-ainm ceart. Ach é a bheith ráite i gceart: an guta cúnta á chur idir an ‘r’ agus an ‘ch’ agus trí shiolla á dhéanamh as! Sorcha! Ba ‘solas’ an bhrí a bhí le ‘sorcha’.

Agus sceith Sorcha solas! As a héadan agus as a pearsantacht!

An chaoi ar fhorbair sí ina hógbhean álainn! Na cúig troithe sé orlaí ar airde agus a droim chomh díreach le droim saighdiúra. Ar ndóigh, faoi gur imir sí spóirt, bhí a lútharlann bheag féin sa bhaile aici: meáchain agus rothar.

Folt fada gruaig órdhonn uirthi ar ghnás léi, sa ghnáthshaol, é a scaoileadh saor síos a droim; cé amanta gur shocraigh sí mar eireaball capaillín é. Arbh í an dóigh sin ba dheise le Seán!

Ba é ba dhóichí le hAisling gur uaithi féin a fuair Sorcha a suim sa spóirt – nár ó Sheán ar chaoi ar bith é – mar go mba reathaí í. Ach ó cailleadh Sorcha, cé gur áitigh sí i gcónaí uirthi a dhul amach ag rith, ní raibh ina gluaiseacht ach gníomhaíocht gan anam. Faitíos uirthi nach mothódh sí sonas go brách arís ina saol. Ba luar léi aon gháire gealgháireach a dhéanamh. Ba leasc léi ligean dá croí a dhul sa treo sin. Agus ba é a tuairim go raibh Seán cuid mhaith ar an gcuma chéanna cé nár lig sé sin air. Cé go mba dhoghrainn leis mórán cainte a dhéanamh faoina gcruachás ba dhóigh léi go ndeachaigh Seán isteach i seomraí eile freisin chomh maith le seomra Shorcha agus go ndeachaigh sé ar a ghlúine.

Anois is arís théadh Aisling amach go dtí na páirceanna báire a bhain leis an ollscoil ar ceapadh gur chuici a rachadh Sorcha. Cé go mba í an ollscoil ba ghaire dóibh í, ba í, dar leis na saineolaithe, an ollscoil ab fhearr sa tír i dtaca le cúrsaí spóirt. Sorcha ag súil le céim in Eolaíocht an Spóirt a dhéanamh; cé go raibh na pointí Ardteistiméireachta ina coinne sin an-ard. An raibh cumas acadúil sách ard ag Sorcha d’fhonn áit a bhaint amach ar an gcúrsa seo? A dintiúirí spóirt, bhíodar sin thar barr cinnte ach níor leor inniúlacht phraiticiúil faraor.

I dtaca le dintiúirí praiticiúla bhí imeartha ag Sorcha ar an iliomad foirne; ar fhoireann a club agus ar fhoireann a hiarbhunscoile. D’imir sí freisin ar fhoireann faoi shé déag a contae agus ar fhoireann na mionúr, agus bíodh is nach raibh sí ach seacht mbliana déag d’aois roghnaíodh í ar uairibh ar fhoireann sinsir an chontae. Cé gur admhaigh sí gur ghanntan imreoirí maithe ar fhoireann na sinsear ba chúis go hiondúil leis an roghnú údan.

Ó, a dhiabhail, Aisling ag áireamh a raibh de chluichí a raibh Sorcha ag bualadh iontu a ndeachaigh sí féin go dtí iad! Seán ag dul chucu freisin. Soir siar an contae chomh maith le contaetha taobh amuigh dá gcontae féin. Cnocán an Leasa, Baile Buí, Bodhrán Gorm, Ardán Dearg, Binn Ghlas! Nár tharraingteach mar ainmneacha ar pharóistí iad agus nár dheas eolas a chur orthu! Ó, a mhaisce, an cúl thar chúil a scóráil Sorcha ar pháirc Bhaile Bhuí! Í ar ruathar aonair suas an pháirc, imreoirí ag teannadh isteach uirthi, a buille á bhualadh ar an sliotar aici ón bhfad seo amach, an eangach ag lúbadh!

An gháir mholta a d’ardaigh i measc an lucht féachana!

‘An-chailín! Sárchailín! Ardchailín!’

Strainséirí ag maíomh nach bhfacthas cúl ba bhreátha á scóráil riamh.

‘Dheamhan a scóralfar báire is breáichte ná é sin go deo aríst!’

Cén bhrí ach go mba dhrochlá aimsire a bhí ann. Daoine ag rá murach go bhfacadar an eangach ag lúbadh is ag croitheadh nach gcreidfidís go bhféadfadh go mba bháire a bheadh ann.

‘Ó dhuine chomh hóg! Ón bhfad sin amach! Urchar de bhuille chomh tréan cruinn!’

Faoi, thar na blianta, go raibh freastal ar Champaí Samhraidh déanta aici, agus cúrsaí oiliúna anuas orthu sin, ba chóitseálaí ar ógáin í Sorcha; agus ó am go ham d’fheidhmigh sí mar réiteoir ar chluichí.

Na cuairteanna seo a thugadh Aisling ar na páirceanna ollscoile thugadar misneach di. Bhí bialann a raibh balcóin os a comhair i ngar do na páirceanna agus laethanta geala shuíodh Aisling amuigh inti ag dearcadh amach orthu. Páirceanna nua, a gcothroime ghlas thalúna ag cur iontais agus aoibhnis uirthi. Amanta go mbíodh mic nó iníonacha léinn ag bualadh orthu; nó ag cleachtadh aclaíochta éigin. Ar Shorcha a bhíodh smaointe Aisling, go háirid nuair a d’fheiceadh sí bean óg ag fáil taithí ar liathróid a chur san eangach. Comrádaí ag cosaint na heangaí agus ag aisbhualadh na liathróide. An bheirt ag malartú poirt ó am go chéile.

Mo léan, ba phort é seo nach seinnfeadh Sorcha go brách arís. Ach sheinneadh sí tráth é. Agus rinne sí go sciliúil é. Go gcuirtí idir ghruaim is ghrá ar Aisling.

Go scaladh léasrach sóláis freisin uirthi, sa chaoi is, amanta, go n-airíodh sí léasracha dóchais, léasracha síochána, á seoladh ar sciatháin aingeal chuici.

Tá camán Shorcha ar spáint ina seomra i gcónaí agus tá a cuid bonn le feiceáil.