Breith ghiúiré na hÉireann

Breith ghiúiré na hÉireann

Rollingnews.ie

Amharcann Comhar ar cé a bheas san iomaíocht sna trí thoghcheantar Éireannacha i dToghchán na hEorpa

Is toghcheantar mór millteanach é seo a bhfuil contaetha as trí chúige san áireamh ann. Tá suíochán breise ann an iarraidh seo agus contaetha Laoise agus Uíbh Fhailí áirithe anois sna teorainneacha úra. Ceantair thuaithe den chuid is mó atá sa toghcheantar agus tá meascán mearaí de cheisteanna ag dó na geirbe ag an bpobal sa toghlach. Ach an oiread leis an dá thoghcheantar Eorpacha eile, tá na hiarrthóirí ag cluinstean go leor faoin chostas maireachtála agus faoi chúrsaí inimirce ar thairseacha na ndoirse. Tá téamaí níos logánta faoi chaibidil fosta ar nós na dtithe i gcontaetha Dún na nGall, Mhaigh Eo agus Shligigh atá loite ag brící lochtacha de bharr míoca nó pirít, agus an cosc atá ar bhaint móna i bportaigh ardaithe i lár tíre. Is mairg don té a dhéanfaidh neamart de na ceisteanna sin agus ní dócha go maithfidh pobal Inis Eoghain do Niall Blaney (FF) nár fhreastail sé ar chruinniú poiblí faoi mhíoca i mBun Cranncha i mí Aibreáin agus é ag maíomh go raibh sé róghnóthach i mbun stocaireachta.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús