Oidhreacht Innti
Tugann leabhar faoi fhilíocht Innti léiriú fíorchuimsitheach dúínn ar fheiniméan liteartha, a deir Diarmuid Ó Giolláin
I mbéaloideas na nGael ba ón saol eile a fuarthas bua na filíochta. Dar leis na Rómánsaigh, d’eascair an fhilíocht ó bhua diamhair an fhile - pé áit gurbh as a dtáinig sé sin. Ba dhóigh le Yuri Lotman gurb é an saothar ealaíne féin atá ar deighilt ón ngnáthshaol mar go dtagann a loighic óna chóras inmheánach féin seachas ó aon réaltacht oibiachtúil lasmuigh de. Pé ar domhan é, is dócha go nglacaimid leis anois go dtagann an litríocht ó phróisis iltréitheacha go bhfuil cuspóirí aeistéitiúla, scileanna ceardaíochta agus dinimicí inmheánacha téacsaí i gceist iontu, ach go mbaineann gnéithe sóisialta, eacnamúla, stairiúla, teangeolaíocha agus polaitiúla leo chomh maith.
Cnuasach aistí é Inside Innti: A New Wave in Irish Poetry (Cork University Press), atá curtha in eagar ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Tristan Rosenstock, a chíorann - de réir na bpróiseas agus na ngnéithe seo - scéal Innti, iris filíochta a tháinig ar an saol i gCorcaigh i 1970. Ní thagraíonn Innti don iris amháin, ar ndóigh, ach don bhuíon filí óga ba bhun léi agus dá saothar. Scéal filíochta agus filí é, más ea, Inside Innti, a bhaineann le réimse na critice liteartha san iniúchadh a dheineann sé ar shaothar na bhfilí agus ar théamaí a saothair liteartha. Ach tráchtann sé chomh maith ar chomhthéacs sóisialta agus cultúrtha na linne, ar na tosca agus na cúinsí lenar tháinig Innti ar an saol, lenar múnlaíodh na filí agus lenar chuaigh tionchair faoi leith i bhfeidhm orthu. Sa tslí sin is stair chultúrtha leis é an leabhar seo a thugann léiriú fíorchuimsitheach ar fheiniméan liteartha.
Deich n-aiste atá sa leabhar, le staraí, scríbhneoirí cruthaitheacha agus criticeoirí liteartha, mar aon le réamhfhocal le Alan Titley, réamhrá agus iarfhocal de chuid na n-eagarthóirí, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Tristan Rosenstock, agus agallaimh le Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel Rosenstock. Tá teideal an leabhair, an réamhfhocal, trí aiste, an t-agallamh le Rosenstock, an t-iarfhocal agus téacs an chlúdach cúil as Béarla, an réamhrá, seacht n-aiste agus an t-agallamh le Ní Dhomhnaill as Gaeilge. Tá eolas áirithe ar fhilí Innti lasmuigh de shaol na Gaeilge. Tugann na heagarthóirí faoi deara gur beag an aird chriticiúil a tugadh orthu seachas ar Ní Dhomhnaill, go bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, go háirithe as aistriúcháin Bhéarla ar a cuid filíochta. Cabhróidh na haistí Béarla le heolas níos leithne a sholáthar ar na filí agus ar a saothar.
Ar ghluaiseacht liteartha í filí Innti? Grúpa liteartha ab ea iad chomh fada is go raibh baint éigin acu leis an dtionscnamh liteartha céanna .i. Innti. Sna hagallaimh níor ghlac Ní Dhomhnaill ná Rosenstock leis gur ghluaiseacht iad. Dar le Ní Dhomhnaill, Michael Davitt a dhein Innti, agus murach é, ‘[n]í bheadh ann ach seanphíosa páipéir’. Bhí pearsantacht aige a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine eile, ‘bhí svae leis’, mar a dúirt sí. D’aimsigh sé friotal nua Gaeilge chun saol na cathrach a chur in iúl go fileata. Bhí sé faoi anáil na Beat poets agus amhránaithe na linne ar nós Bob Dylan ach ba dhóigh le Rosenstock go mba chúng a chuid eolais ar chultúr liteartha an domhain i gcomparáid le filí eile Innti. Chuaigh Corca Dhuibhne go mór i bhfeidhm air: ‘ba í an Ghaeltacht an suíomh sácráilte’ ina chuid filíochta mar a deir Gearóid Denvir. Pléann na heagarthóirí an teannas idir an Ghaeilge agus an Béarla i saol agus i saothar na bhfilí, agus idir saol na tuaithe agus na cathrach. Dar le Peter Sirr, ceann de na cuspóirí a chuir Liam Ó Muirthile roimhe mar fhile ná an teannas sin ina shaol féin a réiteach. Más filí comhaimseartha iad filí Innti, ní raibh tuiscint na réaltachta sa bhfreacnairc amháin – mar a scríobhann Pádraig de Paor i dtaobh Rosenstock - ach ba ghá dóibh machnamh ar phróiseas stairiúil, go bhfuil fianaise air sa traidisiún. Deintear talamh slán de gur tábhachtach é athshaothrú an traidisiún dúchais i gcumadóireacht fhileata Ní Dhomhnaill, ach cuireann Rióna Ní Fhrighil an bhéim ar ghnéithe saibhre idirnáisiúnta agus trasnáisiúnta a saothair. Ag deireadh, bhí Innti an-oscailte, mar a deir na heagarthóirí, ag fáiltiú roimh dhánta avant-garde agus fhilíocht ‘thraidisiúnta’ an phobail araon.
Bhí baint láidir ag an ollscoil le teacht chun cinn fhilí Innti. Ba é an scoláire agus an scríbhneoir Seán Ó Tuama go háirithe ‘a mhúin do léitheoirí na Gaeilge conas dul i ngleic leis an litríocht dúchais agus leis an scríbhneoireacht nua-aimseartha ar shlí chruthaitheach chriticiúil’, dar le Louis de Paor, agus chuaigh an Tuamach i bhfeidhm ar na filí óga go pearsanta, ina chuid léachtaí agus sna ceardlanna scríbhneoireachta a d’eagraigh sé. Bhíodh fáilte rompu leis go dtí oifig fhile mór na linne, Seán Ó Ríordáin, agus bhí pearsana eile ollscoile le Gaeilge go raibh aitheantas náisiúnta orthu, go háirithe Seán Ó Riada, ina dtimpeall. Ina dteannta sin, bhí caidreamh idir filí Béarla agus Gaeilge na hollscoile agus suim acu in obair a chéile (luann na heagarthóirí gur fhoilsigh Theo Dorgan agus Gerry Murphy, go bhfuil cáil orthu mar fhilí Béarla, dánta Gaeilge in Innti 10, cuir i gcás). Chónaigh na filí óga i gcathair agus d’fhreastalaíodar ar ollscoil go raibh áit na Gaeilge tábhachtach iontu: Gaeltacht Iarthar Chorcaí agus Corca Dhuibhne in achomaireacht dóibh, pobal Gaeilge ar imeall na cathrach féin i nGleann Maghair, an Ghaeilge á cur chun cinn ag daoine agus eagraíochtaí éagsúla, ina dteannta Compántas Chorcaí, a léirigh drámaí an Tuamaigh.
Leathnaigh go mór ar an oideachas poiblí tríú leibhéal tar éis an chogaidh; murach é, dar le Ní Dhomhnaill, ‘ní bheadh Davitt ná Ó Muirthile ábalta dul go dtí an ollscoil’. Thug an t-oideachas ollscoile i gcoitinne tréimhse níos faide do dhaoine óga chun a n-ionad sa tsaol a cheistiú, go polaitiúil agus go cultúrtha, agus tá dlúthbhaint aige le cultúr na n-óg, a leath ó Mheiriceá go hÉirinn, trí Shasana cuid mhaith. Ba mhinic, dá bharr, mic léinn chun tosaigh sna ‘gluaiseachtaí nua sóisialta’ a bhí mar chuid d’oscailt chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil i dtíortha an iarthair – mí na Bealtaine 1968 i bPáras, gluaiseachtaí ar son chearta sibhialta na mban, na ndaoine aeracha, na ndaoine de bhunadh na hAfraice sna Stáit Aontaithe, i gcoinne Apartheid, chogadh Vítneam agus an fhuinnimh núicléach, agus a leithéidí in Éirinn ar nós ghluaiseachtaí na gceart sibhialta i dTuaisceart Éireann agus sa Ghaeltacht. Bhí mic léinn chun tosaigh in athruithe sa tsochaí chomh maith hathruithe sa bhfaisean, sa cheol, sna mores i gcoitinne. Casadh Davitt ar Ghearóid Denvir den chéad uair ag agóid ar son Scoil Dhún Chaoin i 1971 agus ba chuimhin le Pádraig Ó Cíobháin bualadh leis an bhfile óg ‘féna chuaráin gan stoca, a bhríste géine spréite, a hata buachalla bó, a phainseo Tex-Meicsiceach, a ghiotár fuaimiúil ar sileadh leis síos …’
Sa Réamhrá, pléann na heagarthóirí cúrsaí inscne i measc fhilí Innti. Chuaigh Ní Dhomhnaill go meánscoil a thug an-mhuinín do chailíní ach bhraith sí gurbh é a mhalairt a bhí i gceist san ollscoil: ‘b’fhéidir ná bacfaí leis na mná in aon chor’. Pléann Caitríona Ní Chléirchín leis an gcollaíocht i saothar na bhfilí agus aimsíonn sí deighilt idir saothar Ní Dhomhnaill agus na bhfilí fireanna sa tslí ina bpléann siad an t-ábhar seo. Tá trácht gnonta ar ábhair shuimiúla eile sa réamhrá, ina measc tábhacht Chorca Dhuibhne i saol na bhfilí agus cúrsaí deartha san iris: luaitear obair Mháire Nic Fhinn (Davitt) sa chás seo agus saothar ealaíontóirí ar na clúdaí. Pléitear chomh maith gné an-suaithinseach d’fhilí Innti, na hócáidí poiblí go mbíodh an fhilíocht á reic acu ag Davitt agus ag filí eile, na sluaite a tharraingídís agus an tábhacht a bhain leo maidir le pobal na Gaeilge a tharraingt le chéile.
Ceann de bhuanna an leabhair is ea an meascán d’aistí leathana, ar nós chaibidil Ghearóid Uí Thuathaigh ar athruithe idirghlúine in Éirinn idir 1958 agus 1973 nó aiste Chlíona Ní Ríordáin ar shaol cultúrtha agus intleachtúil Chorcaí aimsir Innti, agus na haistí bunaithe ar thaithí agus ar aithne phearsanta, amhail Pádraig Ó Cíobháin ag trácht ar bhaint fhilí Innti le hIarthar Duibhneach nó Colm Breathnach, duine d’fhilí déanacha Innti, ag cur síos ar a thuras pearsanta chun gairm na filíochta. Tá moladh tuillte ag na heagarthóirí as an rogha spreagúil scríbhneoirí. Is aiste chuimsitheach inti féin í an réamhrá, a chuireann filí Innti agus na caibidlí os ár gcomhair agus a ardaíonn téamaí tábhachtacha i dtuiscint na hirise agus na bhfilí ná fuil luaite sna caibidlí eile, agus is é an dála céanna ag an iarfhocal é. Cnuasach aistí den scoth é seo, a chuireann go mór lenár dtuiscint ar chaibidil shuaithinseach i litríocht na hÉireann.