Sárscéal George Hill

Léiríonn Cathal Póirtéir cúlra agus beatha agus tábhacht George Hill go beacht, a deir Cormac Ó Gráda

Ceantar sceirdiúil, an-iargúlta ab ea paróiste Ghaoth Dobhair nuair a cheannaigh George Hill (1801-1879), iarshaighdiúir den uasaicme a rugadh i gContae an Dúin sa mbliain 1801, talamh ann ó chúigear úinéirí éagsúla i ndeireadh na 1830idí. Ba é George Hill, ar shlí, a chuir Gaoth Dobhair ar an léarscáil. Níl tagairt ar bith d’aon ‘Gweedore’ sa ngréasán Irish Newspapers Archives roimh 1845, ach tá neart tagairtí ann ina dhiaidh sin. Agus sarar tharraing Hill clú ar an áit lena chuid gníomhartha agus bolscaireachta, ba bheag taistealaí a bhain amach an áit.

Is beag teagmháil a bhí ag muintir na háite le húinéirí talún roimh Hill: bhí sé le rá faoi úinéir áirithe, nuair a tháinig sé ag éileamh cíosa gur thug a chuid tionóntaí faoin bhfarraige ina gcuid curachaí go dtí gur bhailigh sé leis arís. Dar leis an tíreolaí Estyn Evans, a chaith cuid mhaith ama ag gabháil de thaighde sa cheantar, go mba theifigh ó phlandáil Uladh an chéad dream a dhein áitriú buan i gceantar Ghaoth Dobhair san seachtú haois déag. Bíodh san nó ná bíodh, ní raibh puinn ann a mheallfadh daoine; bhí sé bocht ó taobh talún agus acmhainní nádúrtha eile de.

Nuair a ghlac Hill seilbh, ní raibh léamh ná scríobh ach ag fíorbheagán de phobal an pharóiste agus bhíodar beo bocht. Bhí nascanna idir iad agus an domhan mór, mar sin féin: bhí céatadán ard de na mná ag gabháil don gcniotáil nó don tsníomh do mhargaí lasmuigh, agus bhí cuid mhaith de na fir ag brath ar spailpínteacht in oirthear Dhún na nGall. Bhí an daonra tearc ach bhí sé ag fás go tapaidh.

Léiríonn Cathal Póirtéir cúlra agus beatha agus tábhacht George Hill go beacht sa leabhar breá seo An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair. Is léir ó lámhscríbhinní a bhí i seilbh Hill in 1831-1832 go raibh spéis aige sa chultúr Ghaelach tamall sarar chuir sé aon aithne ar Ghaoth Dobhair. Sa mbliain 1831 cheannaigh sé cóip lámhscríbhinne de Foras Feasa ar Éirinn ó Aeneas MacDonnell, abhcóide a bhí ag obair don gCumann Caitliceach i Londain ag an am, agus dhein scríobhaí anaithnid cóip de ‘Agallamh Oisín agus Pádraig’ do Hill an bhliain dár gcionn. Lean sé air ag bailiú lámhscríbhinní ina dhiaidh sin. D’fhoghlaim sé roinnt Gaeilge. Mar sin, seans gur rómánsachas éigin a mheall go hiarthar Thír Chonaill é an chéad lá. Dob é Sir James Dombrain, stiúrthóir an gharda cósta, Sasanach a raibh tigh agus talamh aige i nDún Lúiche, a mheall ann é.

Ach ní ag féachaint siar ach ag féachaint chun tosaigh a bhí Hill nuair a cheannaigh sé Gaoth Dobhair. ‘Feabhsaitheoir’ (‘improver’) go smior ab ea é. Bhí fís aige an ceantar a fhorbairt tríd é a oscailt amach don domhan mór agus deireadh a chur leis an gcóras ársa feirmeoireachta a bhí dhá chleachtadh ann le fada. Tá cur síos breá ag Póirtéir ar chur chuige agus ar uaillmhian Hill agus conas ar thug sé faoin obair. Bhí eastát Hill fairsing ó thaobh acraí, ach talamh nach bhféadfaí barraí a fhás ann choíche ab ea a bhformhór. D’oscail Hill siopa agus oifig an phoist, thóg sé cé agus muileann, spreag sé mná na háite chun ‘stocaí na banríona’ a chniotáil don arm, mheall sé dochtúir leighis le cur faoi san áit. Bhronn sé duaiseanna ar na tionóntaí ab fhearr ó thaobh áitrimh, sciobóil, earraí cniotáilte, im, agus mar sin de. Dar le Hill i dtreo deireadh a shaoil gur infheistigh sé gach pingin cíosa a íocadh leis i bhfeabhsú an eastáit.

D’oscail Hill óstán beag (‘boutique hotel’ a ghlaofaí inniu air) ar a nglaodh muintir na háite ‘an Chúirt’ nó ‘Teach Hill’ i bhfómhar 1842, agus ní fada go raibh cáil áirithe ar an Gweedore Hotel. Bhí na seomraí leapan go léir gafa go minic i dtreo deireadh an tsamhraidh. Baineann Póirtéir leas agus greann as leabhar na gcuairteoirí atá ar fáil ar líne. Is léir ón leabhar gur tháinig neart den uasaicme agus boic mhóra ar cuairt ann ó chian is ó chóngar. Saghas lionsa is ea an leabhar ar a raibh ag tarlú ar an eastát, ó thaobh Hill de ach go háirithe.

I measc na gcuairteoirí a mhol Hill go hard bhí an ban-thaistealaí Meiriceánach Asenath Nicholson, a thug cuairt ar an áit i lár 1847. Scríobh sí ina dhiaidh sin go mba thrua nach raibh macasamhail Hill de thiarna talún coitianta in Éirinn, agus nach bhfaca sí aon rófhulaingt sa cheantar cé go raibh scrios dhá dhéanamh ag an ngorta in áiteanna eile ag an am. Tháinig an fealsamh coimeádach Thomas Carlisle ar cuairt in 1849. ‘Have seen Gweedore,’ d’fhógair sé,’with joyful astonishment, with many feelings not to be written. Could bid all Irish landlords, ‘See examine; go and do likewise’!’. Ach níor shíl sé go mbeadh rath ar Hill le pobal a bhí ‘lazy, superstitious, poor, and hungry’. Dar le Henry Coulter, a ghabh thar bráid ar an gcamchuairt as ar eascair The West of Ireland: Its Existing Condition and Prospects (1862), gur dhein Hill ‘a vast amount of good’. Agus ní raibh dearmad déanta ar a shaothar in 1880 nuair a thug James Hack Tuke, ball de Chumann na gCarad, cuairt ar Ghaoth Dobhair. Cé gur ghoill bochtanas na ndaoine go mór air, mhol sé saothar Hill go hard, ‘in bright contrast to the apathy of surrounding proprietors’.

Mar a mhíníonn Póirtéir, ní hin an tuairim a bhí ag muintir na háite faoi Hill sna blianta i ndiaidh an Ghorta tráth ar ardaigh sé cíosanna, ná i dtreo dheireadh na 1850idí nuair a bhí ‘Cogadh na gCaorach’ mar gheall ar thalamh féaraigh ar siúl sa cheantar. Ag an am gcéanna, má tá aon fhírinne i ráiteas Henry Coulter go mb’fhiú £40 ceart tionónta (tenant right) an ghabháltais ar ar íocadh £1 cíosa sa mbliain, bhí cíosanna íseal go maith sa cheantar fós i dtús na 1860idí.

In Eanáir 1856 scríobh ‘Gweedore Man’, nach fios cérbh é, litir fhada go dtí an nuachtán náisiúnach, The Nation, ag gearán faoi dhúbailt ar chíosanna ar eastát Hill agus ag áiteamh gur cur i gcéill a bhí i gcuid mhór den mbladar faoi Hill; nach raibh i gceist riamh aige ach ‘his own pecuniary advantages’. Agus bhí Hill go maith ag an gcaidreamh poiblí agus ag an bhfógraíocht. Tharraing a phaimfléad Facts from Gweedore a foilsíodh don chéad uair in 1845 neart airde. Ní hamháin gur chuir a óstán tús le turasóireacht sa cheantar, bealach ab ea é le dea-ghníomhartha Hill a scaipeadh. Bhí aíonna faoi gheasa ag an bhfáilte a fuaireadar san óstán, agus tá leabhar na gcuairteoirí lán de mholadh ar Hill. Cé gur dhein Hill gach iarracht deireadh a chur le poitín i nGaoth Dobhair, ní raibh aon srian ar ólachán san óstán agus bhíodh oícheanta meidhreacha ann; tá a rian san ar roinnt de na tagairtí i leabhar na gcuairteoirí!

Ní miste a rá cé go mba de theaghlach iomráiteach as Contae an Dúin é George Hill, nárbh boc rómhór é. Cé go raibh 24,190 acra ina sheilbh, níorbh fhiú faic a bhformhór. Ní fios cad a chosain an t-eastát air ach ní raibh mar luacháil ar an iomlán sa mbliain 1876 ach £1,309. Cuir an méid sin i gcomparáid leis an 16,000 acra a bhí ag An Diúc Abercorn ar an Lagán in oirthear Dhún na nGall, a raibh luacháil os cionn £10,000 air. Ná, cé gur ‘Lord’ George Hill a thug sé air féin, níorbh aon tiarna ceart é; i liosta na bprobháidí i Sasana luaitear é mar ‘the Honourable (commonly called Lord) George Augusta Hill’. D’fhág sé ‘effects under £7,000’ ina dhiaidh in Éirinn – ní bheadh talamh san áireamh ansan – agus ‘faoi bhun £300’ i Sasana.

Ins an Irish Sketchbook a scríobh an t-úrscéalaí óg William Thackeray cúpla bliain roimh an nGorta d’áitigh sé go raibh an dá fhírinne ann faoi Éirinn: ‘an fhírinne Chaitliceach’ agus ‘an fhírinne Phrotastúnach’. Bheadh a leithéid fíor faoin Tiarna George Hill. Sa leabhar seo tagann Cathal Póirtéir, tríd is tríd, leis ‘an bhfírinne Phrotastúnach’; tacaíonn sé leis an moladh a tugadh do Hill. Agus is cinnte nárbh é ba mheasa. Ní raghadh Póirtéir chomh fada le hEstyn Evans a mhol Hill in eagrán nua de Facts from Gweedore (1971) mar phearsa iontach a bhí, ina lán slitem eisceachtúil i measc thiarnaí talún na hÉireann sa naoú haois déag. Dar le hEvans ‘go mba naomh é Hill i gcomparáid le cuid mhaith de thiarnaí talún a linne, ní hamháin in Éirinn ach i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag’. Cinnte b’fhearr é ná John Adair a dhíshealbhaigh nach mór leathchéad teaghlach sa mbliain 1861 i nGleann Beithe in aice láimhe de bharr dhúnmharú a mhaoir Albanaigh, nó Wybrants Olphert i gCloich Chionnaola a dhíshealbhaigh os cionn trí chéad teaghlach le linn an Plan of Campaign; nó an tríú Iarla Liatroma, a dúnmharaíodh sa mbliain 1876, agus é ag filleadh abhaile ó chás cúirte i gcoinne tionónta a thóg scoil ar a thalamh gan chead; gan trácht ar a mhac féin, Arthur Hill, a raibh an ghráin ag muintir Ghaoth Dobhair air.

Níor chuir Hill, an tiarna talún, éinne as sealbh go buan—seachas duine nó beirt, b’fhéidir—agus, níos tábhachtaí ná sin, níor dhein sé a leithéid le linn an Ghorta. Is fíor freisin gur chaith sé féin agus a theaghlach dua áirithe le fóirithint ar an bpobal in 1846-1847. Bhí sé de mhaíomh ag Hill roinnt blianta ina dhiaidh nach bhfuair éinne bás den ngorta ar a eastát le linn an Drochshaoil. Ní hionann agus beagnach gach paróiste eile sa tír, mhéadaigh daonra Ghaoth Dobhair idir 1841 agus 1851. Rud suntasach is ea é sin. Ag an am gcéanna níor thit an daonra sna Rosa taobh theas de Ghaoth Dobhair ach an oiread, agus ba bheag a dhein an tiarna talún áitiúil le cabhrú leis an bpobal. Gné amháin den tsochaí sa dá áit nár chuir Hill puinn béime air ná cé chomh tábhachtach agus a bhí an spailpínteacht go dtí an talamh méith in oirthear an chontae san am. Mhíneodh an teacht isteach ón spailpínteacht canathaobh go raibh airgead ag daoine le bia a cheannach le linn an Ghorta sa tsiopa a bhunaigh Hill ar an mBun Beag sarar theip ar an bpráta.

Sladmhargadh ceart is ea an leabhar seo ar €20, saothar den scoth mar leabhar staire agus mar bheathaisnéis. Tá an-chruth air, tá grianghrafanna breátha ann, tá neart eolais nua ann ar Hill agus a cheangal le pobal Ghaoth Dobhair, agus tá sé scríofa go snasta. Ba chóir go mbeadh ráchairt mhór air.

Tá ‘An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair’ (Cló Iar-Chonnacht) ar fáil anois