Céim ar dheis san Eoraip – ach tá tacaíocht an-láidir ag an lár go fóill
An é nach faoin tuath ná sna cathracha móra ach sna háiteanna sin atá idir eatarthu a dhéantar na cinntí maidir le treo na hEorpa?
le Alex Hijmans
Tá sé de cháil ar mo bhaile dúchais, Heemskerk, gurb é an baile is ‘meánaí’ é san Ísiltír, is é sin le rá gurb ann atá cónaí ar an ‘ngnáth-Ísiltíreach tipiciúil’ – bíodh bróga adhmaid á gcaitheamh aige, nó bíodh a aghaidh tiontaithe i dtreo Mheice cúig uaire sa lá. Tá comhdhéanamh dhaonra an bhaile díreach cosúil le comhdhéanamh dhaonra na tíre ar an meán.
Is sa bhaile seo, mar a bhfuil cónaí orm arís le tamall gairid anuas, a dhéanann na hollmhargaí móra táirgí nua a thástáil féachaint an dtaitneoidh siad le muintir na tíre i gcoitinne; is ar an mbaile seo a thugann lucht na bpobalbhreitheanna a n-aghaidh nuair a bhíonn toghchán ar na bacáin, agus nuair a thosaíonn na torthaí ag teacht isteach bíonn aird ar leith ar na torthaí as Heemskerk: nach mór gan teip, bíonn an leagan amach ceannann céanna ar thorthaí na tíre ina hiomláine.
Caithfidh sé go bhfuil na céadta, ní hea, ná mílte baile mar Heemskerk san Aontas Eorpach: Helsingør, Vincennes, Trolhättan, Aveiro, Asenovgrad, Neuwied, An Uaimh… Bailte móra nó cathracha beaga ina bhfuil meascán den tionsclaíocht, d’earnáil na seirbhísí agus den tráchtáil agus nach bhfuil i bhfad ó mhórchathair go minic ach nach bhfuil i bhfad ón tuath ach oiread; áiteanna, b’fhéidir, faoina ndéarfá nach bhfuil féiniúlacht an-láidir dá gcuid féin acu, ach a bhfuil cónaí ar go leor leor daoine iontu má áiríonn tú ar fad le chéile iad.
Go leor leor vótóirí.
Ar mo chomhvótóirí in áiteanna mar sin a bhí mé ag smaoineamh nuair a thug mé aghaidh ar m’ionad vótála féin. Céard a bheadh ar bharr a n-aigne ag muintir Zamora, Hódmezővásárhely nó Sord Cholmcille? Iarrthóirí tearmainn? An cogadh san Úcráin? An aeráid agus an timpeallacht? Méadú an Aontais Eorpaigh amach anseo? An sléacht i nGáza? Nó praghas na n-eitiltí go València?
Go deimhin tá a leithéid ann agus an t-ionad vótála ‘is meánaí’ i mbaile Heemskerk agus bíonn na torthaí díreach ar aon dul leis na torthaí náisiúnta ann, ach ní hé sin an t-ionad vótála ina gcaithimse mo vóta. Spéisiúil go leor, san aon cheantar amháin i limistéar an bhaile faoina bhféadfaí a rá gur ceantar tuaithe é atá an t-ionad sin lonnaithe; ceantar a gcaitheann na daoine bróga adhmaid ann dáiríre agus nach bhfuil cónaí ann, go bhfios dom, ach ar dhuine amháin de dhath, ná ar Mhoslamach ar bith.
‘Agus b’fhearr linn é a choinneáil mar sin,’ a deir comharsa amháin de mo chuid go tráthrialta. (Tá leagan níos lofa fós ag bean céad méadar síos an bóthar, a chonaic go raibh cara de mo chuid a bhfuil craiceann dorcha air, agus nach bhfuilim ag siúl amach leis in aon chor, ar cuairt. ‘Cén fáth nach gcuardaíonn tú buachaillchara Ollannach duit féin? Níl aon rud cearr leis na leaids Ollannacha bíodh a fhios agat!’)
Níl dabht ar bith orm cén páirtí ar chaith an dá chomharsa sin de mo chuid vóta dó – bhuel, mar a tharlaíonn, tá. Idir pholasaithe agus mheon a gcuid vótóirí, tá go leor i gcoitinne ag dhá pháirtí éagsúla ar an eite fhíordheis san Ísiltír, Páirtí don tSaoirse (PVV) an pholaiteora Ioslamafóibigh Geert Wilders agus Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach (BBB) an pholaiteora leath-Éireannaigh Caroline van der Plas. Tá béim níos láidre ar shrian a choinneáil leis an inimirce ag an PVV agus béim níos láidre ar shrian a choinneáil le polasaithe a chosnódh an domhan ar olltubaiste aeráide ag an BBB, ach gan dabht ar bith is í an BBB an chéile leapan is sásta don PVV sa chomhrialtas atá á chur le chéile san Ísiltír faoi láthair agus ina bhfuil dhá pháirtí eile páirteach.
Bhí mé cinnte de go mbeadh vótóirí an PVV agus an BBB amuigh ina sluaite ag an ionad ag a gcaithimse mo vóta, agus ar an ábhar sin níor chaith mé éadaí a thabharfadh leid faoin vóta a chaithfinn féin (éadaí dearga a chaith mo dheirfiúr mhór agus vóta á chaitheamh aici i gcathair Amsterdam, áit a bhfuil tacaíocht láidir ag an eite chlé i gcónaí.)
Ach ní raibh aon tarracóirí ag blocáil an bhealaigh go dtí an t-ionad vótála agus ní fhaca mé pící féir á mbagairt ar éinne ach oiread. Bhí an rud ar fad iontach sibhialta, bhí an vótáil féin thart i bhfaiteadh na súl agus ansin thosaigh an fanacht fada: an Ísiltír an chéad tír a chaith vóta sa toghchán Eorpach, Déardaoin an 6 Meitheamh, agus ní raibh na torthaí ar fáil go dtí go mall oíche Dhomhnaigh, an 9 Meitheamh, nuair a dúnadh na hionaid vótála san Iodáil.
Ábhar faoisimh de chineál a bhí sna torthaí sin – domsa, duine ar mór leis an daonlathas agus cúrsaí aeráide, pé scéal é. Gan dabht, bhog an Eoraip ar dheis, ach ní raibh an borradh faoin eite fhíordheis chomh mór agus a bhí á thuar sna míonna roimh an toghchán.
Cinnte, bhí bua ollmhór ag an Rassemblement National (RN) sa Fhrainc agus b’údar a bhí i mbua an pháirtí sin, atá i bhfad amach ar an eite dheis, ag an uachtarán Emmanuel Macron olltoghchán parlaiminte a ghairm ar an bpointe boise agus an baol go mbeadh an bua ag páirtí Marine Le Pen arís i dtús mhí Iúil. San Iodáil tháinig Fratelli d’Italia, páirtí chéad-aire na hIodáile, Giorga Meloni, atá i bhfad amach ar an eite dheis, tháinig an páirtí sin sa chéad áit agus san Ostair chaith duine as gach ceathrar vóta do cheann de na páirtithe is seanbhunaithe ar fad ar an eite fhíordheis san Eoraip, an FPÖ.
Lena chois sin, den chéad uair, d’éirigh le páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis feisirí Eorpacha a thoghadh i gceann de na tíortha san Eoraip is mó a shamhlaítear leis an eite chlé go traidisiúnta, an Phortaingéil. Bhuaigh an páirtí pobalach Chega dhá shuíochán ann.
Ach sa tír is mó a bhfuil suíocháin aici i bparlaimint na hEorpa, an Ghearmáin, chaith a dhá oiread de na vótóirí sa tír sin vóta do pháirtí seanbhunaithe de chuid an láir, Críostaithe Daonlathacha an CDU/CSU, agus a chaith vóta don pháirtí conspóideach Alternative für Deutschland (AfD), a tháinig sa dara háit.
Agus san Ísiltír, mar a raibh suas go naoi suíochán á dtuar do pháirtí Geert Wilders, an PVV, níor ghnóthaigh siad sa deireadh ach sé shuíochán agus gan choinne ba chomhghuaillíocht de chuid an Lucht Oibre agus na Glasaigh a tháinig sa chéad áit, cé gur chaill siad sin suíochán amháin i gcomparáid leis an líon a bhí acu.
Sa Pholainn, chaill an páirtí fíorchoimeádach PiS naoi suíochán, agus san Fhionlainn chaill Perussuomalaiset, páirtí eile atá i bhfad amach ar an eite dheis, ceann den dá shuíochán a bhí acu.
Sa tSualainn, chaith duine as gach ceathrar vóta do pháirtí seanbhunaithe de chuid na heite clé, Socialdemokraterna, agus in Éirinn, mar aon leis an Spáinn, an Fhionlainn, an Ghréig, an Pholainn, an Rómáin agus roinnt ballstát eile, bhí an bua ag páirtithe de chuid an láir.
zAisteach go leor in aimsir seo athrú na haeráide, fearacht ar tharla in Éirinn, ba iad na Glasaigh is mó a chaill suíocháin ar fud na hEorpa.
D’fhéadfaí a rá, cinnte, gur bhog an Eoraip ar dheis i dtoghchán 2024, ach d’fhéadfaí a rá chomh maith céanna go léiríonn na torthaí go bhfuil tacaíocht an-seasmhach go fóill ag páirtithe an láir.
Céard ba chúis leis nach raibh borradh chomh mór sin faoin eite fhíordheis ar bhonn Eorpach agus a bhí á thuar sna míonna roimh an toghchán?
Measaim gur meascán de dhá rud a bhí i gceist.
Ar an mórgóir, páirtithe a dhíríonn ar cheisteanna náisiúnta, seachas Eorpacha, atá sna páirtithe ar an eite fhíordheis. Tá cuid de na páirtithe sin naimhdeach don Eoraip, nó ar a laghad amhrasach fúithi, agus go traidisiúnta, ní spéis lena lucht tacaíochta cúrsaí na hEorpa. D’fhéadfadh sé a bheith chomh simplí leis sin: níor bhac cuid mhór acu siúd a thabharfadh vóta do pháirtithe na heite fíordheise in olltoghchán náisiúnta, vóta a chaitheamh sa toghchán seo, toisc gur toghchán Eorpach a bhí i gceist.
Ar an taobh eile, tá an chuma ar an scéal gurbh é an bua mór don eite fhíordheis a bhí á thuar sna míonna roimh an toghchán ba chúis leis gur tháinig lucht tacaíochta na bpáirtithe ar an eite chlé agus sa lár amach ina sluaite. Ba é sin go díreach a tharla san Ísiltír, mar shampla.
Céard iad na himpleachtaí don chéad chúig bliana eile, mar sin?
An chéad rud a ritheann liom ná go mbeidh sé níos deacra fós don Aontas Eorpach aon dul chun cinn a dhéanamh maidir le ceisteanna móra ar nós na haeráide, cúrsaí inimirce, na cogaí san Úcráin agus i nGáza agus méadú an Aontais amach anseo.
Is é an chaoi nach bloc aontaithe iad na páirtithe ar an eite fhíordheis ar éirigh leo cur le líon a gcuid suíochán sa toghchán seo, ná baol air. Díreach mar gheall gur ceisteanna náisiúnta seachas Eorpacha na clocha is mó ar a gcuid paidríní, bíonn siad in adharca a chéile go minic, toisc nach é an réiteach a d’oirfeadh do bhallstát amháin an réiteach a d’oirfeadh do bhallstát eile in go leor cásanna. (Iarrthóirí tearmainn a chur thar teorainn an réiteach simplíoch atá ag PVV na hÍsiltíre ar cheist na n-iarrthóirí tearmainn, mar shampla. Drochsheans go gceapfadh a gcomhghleacaithe ar an eite fhíordheis sna tíortha máguaird gur réiteach sásúil é sin.)
Tá dearcthaí na bpáirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis ar chúrsaí LADT+ éagsúil go maith freisin; níl Fratelli d’Italia ná AfD fabhrach do chearta an phobail aeraigh, mar shampla, ach braitheann PVV na hÍsiltíre, mar shampla, ar dhaoine aeracha a bhfuil faitíos orthu roimh Mhoslamaigh do chuid dá gcuid vótaí.
Tá an rud céanna fíor faoin gcogadh san Úcráin: tá cuid de na páirtithe ar an eite fhíordheis go láidir ar son na hÚcráine, ach tá ceangail ag cuid eile acu leis an Rúis.
Rud amháin áfach atá i bpáirt ag mórchuid na bpáirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis ná go bhfuil siad go láidir ar thaobh Iosrael i gcoimhlint an Mheánoirthir.
Rud eile atá i bpáirt ag páirtithe na heite fíordheise ná nach mbíonn polasaithe soiléire ag a bhformhór maidir le cúrsaí aeráide agus timpeallachta.
Agus muid ag caint faoin aeráid agus faoin timpeallacht, ar a laghad ar bith tá an chuma ar an scéal nach raibh an borradh faoin eite dheis san Eoraip chomh mór sin go mbeadh an reachtaíocht atá aontaithe cheana féin – laghdú 55 faoin gcéad ar an astú CO2 faoin mbliain 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh an charbóin de faoin mbliain 2050 – go mbeadh an reachtaíocht sin i mbaol. Ach maidir le reachtaíocht nua – bíodh an aeráid i gceist nó mórthéama éigin eile – d’fhéadfadh sé go mbeidh sé níos deacra fós teacht ar chomhréiteach amach anseo.
Agus torthaí an toghcháin i mo bhaile dúchais? Arís eile, bhí siad gar go leor do na torthaí náisiúnta, agus go deimhin do na torthaí ar bhonn Eorpach. An bhféadfaí a rá, b’fhéidir, nach sna cathracha móra ná faoin tuath ach sna háiteanna sin nach mbaineann go sonrach le ceachtar acu a dhéantar na cinntí maidir le treo na hEorpa?