Ag tochailt go domhain le Breandán Ó hEithir
Mártan Ó CiardhaIn ‘Over the Bar’, trína shúile agus lena pheann, cuimsíonn Breandán Ó hEithir saol na hÉireann mar a bhí lena linn, a deir Mártan Ó Ciardha
Tá sé ráite gur fearr scoil ná máistir, ach gur i dteannta a chéile is fearr iad. Más amhlaidh thug Breandán Ó hEithir an dá thaobh leis go paiteanta agus é ag cur suime sa spórt. Bhí an-tsuim ag a athair Pádraig san ábhar. Bhí sé i láthair i bPáirc an Chrócaigh Domhnach na Fola. Ba eisean a bhí ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta Chill Rónáin in Inis Mór, áit a raibh a mháthair Delia ag teagasc freisin.
A dhúil sa léitheoireacht seachas aon oiliúint faoi leith a bhí faighte sa mbaile aige a d’fhág go raibh scríobh ag Breandán faoin am ar thaobhaigh sé an scoil sin beag ná mór. A bheith ag léamh leathanaigh spóirt na nuachtáin a bhí coinnithe sa siopa do Phádraig ba mhó ba chúis leis sin.
Bhí tábhacht mhór freisin leis an raidió sa teach céanna. Ní raibh Raidió Éireann ach ina thús agus bhíodh ar oileánaigh na cadhnraí a chur go cathair na Gaillimhe lena luchtú go mbeidís cinnte go mbeadh glór Mhichíl Uí Eithir le cloisteáil acu.
Ina leabhar Over the Bar tá tagairt ag Breandán do bheith ag éisteacht le tráchtaireacht ar cheann de na Cluichí Ceannais Iomána is cáiliúla dá bhfuil ann, ‘Babhta Ceannais na Toirní agus na Tintrí’ atá baiste air, agus gan é ach naoi mbliana d’aois.
Ba ar an 3 Meán Fómhair 1939 a deineadh an imirt, an lá céanna ar cuireadh tús leis an Dara Cogadh Domhanda. Go luath sa dara leath sa gcluiche idir Cill Chainnigh agus Corcaigh, d’oscail an spéir i bPáirc an Chrócaigh agus bhí na splancanna tintrí, na plimpeanna toirní agus an fuarlach báistí chomh dona sin nár léir do roinnt mhaith a bhí i láthair céard a bhí ag tarlú os comhair a dhá súil.
I gcistineach an tí i gCill Rónáin bhí oiread pléascadh á dhéanamh ag an raidió go raibh sé ag dul rite leis an éisteoir óg breithiúnas a bhaint as tráchtaireacht a chomhainmnigh. Dá dhonacht sin, ba mheasa fós cosán dearg a bheith á dhéanamh ag mná an oileáin chun an dorais, fiosrach go bhfeicfeadh siad an raibh sé fíor go raibh cogadh fógartha ag Neville Chamberlain ar Adolf Hitler.
‘This is a personal memoir and not a history,’ a scríobh sé i dtreo dheireadh Over the Bar, rud atá deimhnithe i bhfotheideal an leabhair - A Personal Relationship with the GAA Fós, ní taobh le caidreamh pearsanta Bhreandáin Uí Eithir le Cumann Lúthchleas Gael atáimid in Over the Bar. Déanann sé tochailt ar ábhair atá i bhfad níos doimhne. Trína shúile agus lena pheann, cuimsíonn sé saol na hÉireann mar a bhí lena linn – ní hamháin ar pháirceanna na himeartha, ach freisin i hallaí na cumhachta, bíodh gur baill den chléir, polaiteoirí nó lucht rachmais a bhí faoina gcaolacha siúd.
Leabhar é atá lán de ghreann, de ghrinneas, de shamhlacha, cuid acu a mheasfadh óige an lae inniu a bheith seanfhaiseanta agus ar bheagán tábhachta mar gur le saol nár chleacht siad riamh a bhaineann siad.
Bheidís ag dul amú go mór.
Ach oiread le chuile ógánach a chuireann suim sna cluichí Gaelacha, seans go raibh súil ag Breandán go bhfaigheadh seisean é féin deis imeartha san áit a raibh idir imreoirí agus lucht féachana ina líbíní an Domhnach úd i 1939, ach fearacht a bhformhór siúd a mbíonn an aisling chéanna acu, ní raibh sin i ndán dó.
Ní raibh á chleachtadh in Árainn ag an am sin ach cluiche a raibh ‘cámóga’ air, agus gan de phastimes ag fir óga an oileáin ach an bunleagan sin den iománaíocht, caitheamh cloch agus babhtaí troda.
Thug Ó hEithir cúl don achrann sin nuair a fuair sé amach go dtosaíodh a shrón ag silt fola leis an iarraidh b’fhánaí! Ach níor fhág sin ar an trá folamh é.
Scríobh sé in Over the Bar:
The sea around the Aran Islands, far from being a barrier and protector of racial and cultural purity, was conducive to change and brought us into contact with the mainland and the wide world in many and unexpected ways.
D’fhág ceann de na bealaí sin bád tarrthála nua in Árainn i gCill Rónáin i 1939, an Frances, Mary and Edward. Fear a raibh Roger Hammond mar ainm air a bhí ina oifigeach raidió inti. Bhí deartháir leis siúd, Wally Hammond, ar dhuine de na himreoirí cruicéid ba iomráití i Sasana ag an am.
D’fhás cairdeas idir Breandán agus mac Roger Hammond, rud a d’fhág go raibh teacht ag an Árannach ar an stór leabhar a bhí ag Roger Óg, go háirithe faoin gcruicéad agus freisin faoin sacar.
Mar a dúirt sé féin, fad agus a bhí an chogaíocht ag neartú san Eoraip, le cabhair lampa ola i gCill Rónáin, bhí seisean ag cur eolais ar chiceanna saora, ar théarmaíocht an chruicéid, an tsacair, ar chóras na scoileanna poiblí i Sasana agus ar ghreannáin.
Níor chuala mé mórán cainte riamh uaidh faoin sacar, ach ba léir go raibh dáimh éicint i gcónaí aige agus é ina dhuine fásta, tráth a mbíodh díospóireacht go rialta i measc an phobail faoin mbac a bhí ag CLG ar na Cluichí Gallda. Ní raibh sé de mhianach i mBreandán taobhú lena leithéid de riail, déarfainn. Fós ba mhaith a thuig sé nach aon sainmhíniú ar fhealsúnacht an duine é an spórt is ansa leo. Deir sé sa leabhar céanna
Because of the circles I moved in I was constantly involved in arguments about the (GAA) Ban. One Sunday in Limerick, as I left a dreadful soccer match in the Market Fields, I came face to face with Seán South, who took me severely to task for not having attended instead a Manchester Martyrs Commemoration, from which he was returning. He then attacked the GAA for not doing enough for the Irish Language. On one of my last visits to the Shamrock ground, to see them play Limerick, one of the songs the Limerick supporters sang was ‘Seán South of Garryowen’.
Ba é an cluiche ceannais iomána 1940 idir Cill Chainnigh agus Luimneach an chéad cheann dá leithéid ag a raibh Ó hEithir i láthair – tairgeadh dhá thicéad dá athair i siopa Elverys le linn dóibh a bheith ar cuairt ar an bpríomhchathair.
Ceithre bliana dár gcionn ba i mBleá Cliath freisin a chuir sé tús lena chuid meánscolaíochta.
Ó thús an chogaidh, bhí foirgnimh Choláiste Éinde i nGaillimh tógtha ar lámh ag an arm agus ospidéal míleata déanta acu dó. Ainneoin go raibh an chontúirt ón gcogadh ag maolú i 1944, fós níor fhill na scoláirí ná na hoidí ar Chathair na dTreabh go dtáinig an fómhar dár gcionn.
Fad agus a bhíodar i mBleá Cliath ba i gColáiste Phádraig Droim Conrach a bhí na mic léinn agus na hoidí sin lonnaithe – Páirc an Chrócaigh ar leic na tairsí agus ghlac Ó hEithir go fonnmhar leis an deis cuairt a thabhairt uirthi chomh minic agus ab fhéidir.
Geansaí peile Choláiste Éinde an t-aon cheann a chaith Breandán – rud nach bhféadfadh sé a dhéanamh sa mbaile mar nach raibh aon chumann cláraithe in Árainn ag an am.
Ba ghnách leis féin beag is fiú a dhéanamh dá chumas mar imreoir, ach is é is dóigh go raibh sé ar a laghad beagáinín níos fearr ná ba mhaith leis féin a admháil – féach go raibh sé ar fhoireann peile na scoile i gCluiche Ceannais Choláistí Chonnacht 1947.
An pheil ba láidre i gColáiste Éinde, ach bhí beagán den iománaíocht ann freisin agus ba ansiúd a fuair Breandán an chéad bhlaiseadh den chluiche ab ansa leis, i mo thuairim.
Trí huaire le linn dó a bheith i gColáiste Éinde a thaistil sé féin agus a athair ar rothair as Gaillimh go Biorra chuig cluichí leathcheannais na hÉireann i 1945, 1946 agus 1947.
Sa gcathair a bhí na foirne iomána ab fhearr i nGaillimh le linn do Bhreandán a bheith i gColáiste Éinde – faoi dhó a bhuaigh an Chéad Chath Gaelach an Chraobh Shinsir, b’amhlaidh do Chumann Liam Ui Mhaoilíosa agus ba iad an Caisleán Gearr, atá ar an imeall thoir, a thug an corn leo i 1944.
Ní áibhéil a rá go mbíodh coimhlint thar a bheith géar ann nuair a d’imrídís a chéile, róghéar in amanna.
B’ola ar chroí Uí Eithir an stair agus na scéalta ar fad a bhain leis na cluichí sin. I 1947 agus deireadh tagtha le cluiche peile siúd na gColáistí a bhfuil tagairt déanta agam dó, d’athraigh sé a chuid éadaí go deifreach sa seomra feistis go dtiocfadh sé amach go bhfeicfeadh sé cluiche ceannais an chontae idir an Caisleán agus Cumann Uí Mhaoilíosa a bhí le bheith ar siúl ina dhiaidh.
Tá cur síos aige in Over the Bar ar a bhfaca sé ar oscailt an dorais dó.
As I turned the corner, I met the teams coming back. Some players were spattered in blood, some were being restrained from further violence and everyone was in a state of excitement. It seems that when the referee threw in the ball it was belted out over the sideline and the 16 players in the centre of the field set about belting one another for reasons that remain obscure to this day. The referee ended the match that never really started. This strange event made a much greater impression on me than the match I had played in and may be the best comment on my own particular relationship with the GAA.
Fiú agus é ina dhéagóir ní raibh Breandán róthógtha leis an gcaoi a ndéantaí tuairisciú ar na cluichí Gaelacha i nuachtáin na hÉireann. Mheas sé go leor den chiotaíl agus den laochas bréige a bheith ag baint leo. Go deimhin agus gan é ach 26 bliain d’aois lochtaigh sé Micheál Ó hEithir faoi neamhaird a dhéanamh d’eachtraí gránna a bhí ag tarlú os a chomhair amach ar pháirc na himeartha.
I gColáiste Éinde ba é a choinnigh cuntas ar na cluichí peile idir-choláistí i ndialann na scoile, tús a chuid iriseoireachta, d’fhéadfá a rá.
San Ollscoil a chuir sé suim sa rugbaí. Cúpla duine dá chuid comrádaithe a bheith gaibhte ag plé leis sin ann a spreag sin. Dá bharr fuair sé léargas ar na cora a bhain leis an spórt sin, ar na haicmí a d’imir é, ar na tithe ósta ina mbídís agus ar an gcineál comhrá a bhíodh acu. Bhí dáimh faoi leith aige leis an gcluiche agus scil dá réir.
A chruthúnas sin gur fhostaigh RTÉ é i ndeireadh na 1960idí le hachoimre a dhéanamh i nGaeilge anois agus arís le linn na himeartha agus iad ag craoladh cluichí idirnáisiúnta rugbaí as Bóthar Lansdúin.
Agus an Choróin Thriarach buaite acu den dara huair le trí bliana i 1985, d’fhoilsigh Coiscéim leabhar dá chuid dar teideal Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann.
Sna blianta a lean agus é ina chónaí i bPáras faoi seo, ba mhinic é le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta agus é ag tabhairt léargais ar chúrsaí rugbaí na Fraince.
Cé nárbh í an obair a bhí idir lámha aige ba chúis leis, is cinnte gur bhain Breandán solamar as na cúpla bliain a chaith sé i dtús na 1950idí mar thimire leabhar ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Bhíodh sé ag dul ó cheann ceann na tíre agus thug sin léargas dó ar an stór millteach den bhéaloideas agus den seanchas a bhain le Cumann Lúthchleas Gael go háirid.
Tá Over the Bar lán leis na scéilíní a bhailigh sé faoi bhealach, cinn a nochtann na fréamhacha as ar fhás an eagraíocht spóirt ab ansa leis.
An cur síos faoin teachta as club tuaithe i gcontae na Mí a thug faoi aistear 13 míle ar a rothar chun na hUaimhe chuig cruinniú coiste contae oíche stoirme agus é ina dhíle bháistí. Nuair a facthas an sruthán a bhí ag sileadh as a chuid éadaigh cuireadh an cruinniú ar athló ar feadh 20 nóiméad. Tugadh ár gcara chuig bácús i ngar do láthair, áit ar osclaíodh doras an oighinn mhóir agus triomaíodh é. Nuair a bhí an cruinniú thart, gan aon athrú ar an aimsir, suas leis ar a rothar arís agus thug faoin aistear abhaile: ‘Without him, and the many thousands like him, in the parishes of Ireland, down the years … the GAA would not have survived,’ a deir an t-údar.
I dtús na 1960idí ba é Ó hEithir a scríobh na scripteanna do na scannáin oiliúna, Peil agus Christy Ring a ndearna Gael Linn coimisiúnú orthu agus a léirigh Louis Marcus.
In iarfhocal Over the Bar agus é ag iarraidh a mhíniú féin ar thabhairt ar eisint agus ar bhunbhrí CLG, déanann Ó hEithir cur síos ar scéal Bill Doonan.
Ba den lucht siúil Doonan, a d’imir peil don Chabhán. Liostáil sé in Arm na hÉireann. Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda thréig sé agus chuaigh isteach in Arm na Breataine.
Ansiúd oileadh é mar oibrí raidió agus cuireadh an t-aonad ina raibh sé chun na hIodáile.
Tráthnóna Domhnaigh i Meán Fómhair na bliana 1943 agus an cogadh ina neart i ndeisceart na tíre sin, ní raibh aon dé air tráth a raibh teachtaireacht le cur chun bealaigh. Chuathas i mbun tóraíochta ach dé ná deatach ní raibh air –mar a bheadh sé shlogtha ag caochpholl.
Faoi dheireadh thángthas air.
He was up a tree, on the side of a steep hill and seemed to be in a trance. And in a way he was, for after much effort and experimentation, Private Doonan had eventually honed in on the commentary of the second half of the All Ireland Football Final between Roscommon and Cavan from Croke Park…
He was too indispensable to be court-martialled and survived the war to play soccer for a year with Lincoln City … and afterwards won 2 All-Irelands with Cavan, one in the Polo Grounds in New York in 1947 … and another in Croke Park the following year. If anyone ever asks you … what the GAA is all about, just think of Bill Doonan, the wanderer … on the side of that hill, in the middle of a World War … at home.
Mártan Ó Ciardha