BHUAIGH NA CAMÁIN AR GHAEIL ALBAN

BHUAIGH NA CAMÁIN AR GHAEIL ALBAN

Mark Wickham

Indiu 29 Feabhra 1952

Tá “ionradh” Albanach ar siúl, de réir dealraimh! Is dócha nach raibh riamh roimhe oiread coinní in Éirinn le foirne as Albain agus tá i mbliana.

Tá XI Chonradh Peile na hAlban ag imirt Sacair ag Páirc Chnoc Uí Dhálaigh, Áth Cliath, Lá Fhéile Pádraig. Imreoidh amaitéirigh na hAlban in aighaidh XI de Chonradh Peile na hÉireann ar an láthair chéanna i Mí Bealtaine.

Dreamanna eile a thiocfaidh anall ar luas nó ar moille: foireann badminton na hAlban (go Béal Feirste), pionsóirí na hAlban (go hÁth Luain, 9 Aibreán), agus foireann haca na hAlban (go Béal Feirste, 29 Márta).

A mhalairt de scéal a bheidh ann maidir le rásaíocht thar dúthaigh – rachaidh na hÉireannaigh go Glascú i gcomhair na gcraobhacha idirnáisiúnta ar an 22ú Márta.

RÉALTÁIN SÍNTIGH

Ach i dtaca leis an “ionradh” úd: tháinig slua Albanach anall go Baile Átha Cliath le coicíos anuas. Dé Sathairn seo thart, 23 Feabhra, bhí an t-idirnáisiúntán Rogair ar siúl i gcoinne Alban ag Bóthar Lansdún; Dé hAoine seo thart bhí comórtais leadóige boird agus squash in Áth Cliath i gcoinne foirne Albanacha.

An deireadh seachtaine roimhe sin bhí foirne Rogair, Sacair agus Síntigh ó Iolscoil Ghlascú ar chuairt i mBaile Átha Cliath. Chonaic mise na réaltáin Síntigh ar obair i bPáirc an Chrócaigh; agus caithfidh mé a rá nár shíl mé an iomarca díobh. Cluiche mall é, de réir chosúlachta, agus tugtar barraíocht airde ar an liathróid a bhualadh achar fada, go beacht cruinn, ar an talamh.

BUNTÁISTÍ AG ÉIRINN

De ghnáth, tháinig iománaithe an-ghasta C.I.A.C. gairid ar Ghaeil Ghlascú agus iad ina “seasamh” – sé sin le rá, gheibheadh na hAlbanaigh seilbh ar an sliotar tréna cosc lena dtroithe, lena gcorp nó lena mbata, ach bhíodh orthu ansin iad féin a chothromú sul a mbuailfeadh siad í.

Os a choinne sin, cheapadh, thógadh agus bhuaileadh na hiománaithe Éireannacha ar liathróid de aon iarracht rithimeach amháin.

Bhí iomlán na mbuntáistí nach mór, sa choinne neamh-choitianta seo, ag an bhfoirinn ag baile. Ceadaíodh dóibh a gcamáin iomána a choimeád agus imirt le sliotar iomána ar feadh leath an chluiche. Agus lena chois sin, ní raibh ach fear amháin in easnamh ar C.I.A.C.; agus bhí ar na hAlbanaigh beirt iarthaca a thiúrt amach le cluiche 14-an-taobh a dhéanamh de in áit an ghnáth-Shíntigh 12-an-taobh.

MEASCÁN RIALACHA

Níor chabhraigh an meascán de rialacha, a bhí i bhfeidhm mar chomhghéilliúint, mórán le hIolscoil Ghlascú. B’fhearr comórtas ceart Síntigh, 12-an-taobh, a dhéanamh de – sin, nó camáin a thiúirt do na cuairteoirí.

Más coinne bliantúil idir-Iolscoile, ag baile agus as baile, atá le bheith ann, mar is mian lena lán, beidh ar lucht a shocruithe suí síos agus na socruithe a phlé arís agus na rialacha d’athdhréachtú.

Deir Páidí Ó Maothagáin, “Carberry” – iománaí idir-chontae ar son Chorcaí atá le beagnach leathchéad bliain ar na colúnaithe is iomráití dá bhfuil againn maidir le Cluichí Gaelacha – deir sé liom go bhfaca sé roinnt comórtas taispeántais Síntigh i mBaile Átha Cliath ins na Ficheadaí a bhí fíor-thaitneamhach.

Chuir luas, tógáil na liathróide, agus bualadh os a gceann, ag foirinn Áth Cliath, mearán i gceann na nua- chuairteoirí, áfach. Chruthaigh an toradh 9-3 (5-0 ag deireadh an chéad leith i gcomórtas 70 neomat nach raibh mórán corraitheach ina thaobh) gur fearr iad na hÉireannaigh.

LÁN-CHÚLAÍ AMHÁIN

De bharr imreoirí breise bheith acu, b’éigean do Ghlascú athrú a dhéanamh ar leagan amach na foirne, agus bhí lán-chúlaí amháin acu agus ceathrar tosaí in ionsaí i bhfoirm diamaint.

Bhí réaltáin Átha Cliath, mar Dhiolún, Ó Néill, Ó Maothagáin agus Ó Riain in inmhe an líon d’aimsiú go héasca – níl aon chúilíní thar-trasnáin le gnóthú i gcluiche Síntigh, dála an scéil.

Beidh cúigear den dáréag caithréimeach arais i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo chugainn (2 Márta) le himirt ar XV na nIolscoileanna Aontaithe i gcoinne Fuílleach na hÉireann.

Tá clár dúbálta an-taitneamhach ann, ina bhféadfadh peileadóirí na nIolscoileanna díoltas a bhaint de bharr a ndíomua anuraidh sa chéad cheann den tsreath.

Reathaithe is léimeadóirí gorma ón Afraic Theas ag Seantruibh

Sean Piondar

(Inniu 21 Meitheamh 1963)

D’IARFAINN ar an bpobal an-tacaíocht ar fad a thabhairt don dá chruinniú a bheas i staid Seantruibh i mBaile Átha Cliath tráthnóna an 24 agus an 25 Meitheamh de bhrí go mbeidh foireann lúthchleasa nach den chine geal iad ón Afraic Theas san iomaíocht. Tá siad ar thuras chun na hEorpa. Ní ligtear a chead do na daoine seo a bheith in iomaíocht leis an gcine geal ina dtír féin, ná ní ligtear a chead dóibh rith ar son a dtíre féin ag na Cluichí Oilimpeacha.

Is deas an rud é mar sin gur féidir linne anseo in Éirinn iomaíocht a thairiscint dóibh ag staid lúthchleasa den chéad scoth – áit ar briseadh curriarrachtaí domhanda – agus gur féidir linn chomh maith coimhlint ghéar agus chairdiúil a thairiscint dóibh.

I measc na nAfraiceach Theas beidh an lúthchleasaí Khosi a bhfuil an 440 slat rite aige i 48.9 soicind agus an 880 slat i 1 nóim. 51.9 soic. Ina measc freisin beidh Thakoli a bhfuil an 100 slat curtha de aige i 9.9 soic. agus Malfhasi a bhfuil 6 tr. 5 or. glanta aige sa léim ard.

Beidh deichniúr ón Afraic Theas ar fad ar an turas agus tráthnóna Dé Luain agus Dé Máirt tá siad chun a míle dícheall a dhéanamh in aghaidh iomaitheoirí ó Shasana agus ón tír seo chomh maith. Níl mé cinnte an bhfuil raon crámhóg ar aon chaighdeán leis an raon i Seantruibh acu ag baile, tír a bhfuil cur as á dhéanamh dóibh inti i ngach aon iarracht a dhéanann siad.

Athaontú? Tabharfaidh an cruinniú seo i Staid Sheantruibh deis mhaith dóibh seo a bhfuil fonn orthu an scoilt atá i gcúrsaí lúthchleasa na hÉireann a fheiceáil leigheasta teacht le chéile arís.

Tá Seán Ó Loingsigh, Aire Tionscail agus Tráchtála ag obair go ciúin agus go crua ag caint le hoifigigh lúthchleasa sa tuaisceart chomh maith leis an deisceart.

Tá súil agam nach fada go dtiocfaidh Aontas Lúthchleasa Amaitéarach na 26 Chontae agus Cumann Náisiúnta Lúthchleasa agus Rothaíochta na 32 Chontae le chéile agus go ngabhfaidh siad i gcomhar le chéile mar iarracht tosaí, d’fhonn fadhb na Sé Chontae a réiteach.

Ábhar Oilimpeach.

Nach breá ar fad an t-ábhar atá sa tír anois agus a d’fhéadfadh dul go dtí na Cluichí Oilimpeacha i dTokio ar son na hÉireann dá mbeadh i ndán is go raibh athaontacht ar an mbealach nó modus vivendi de chineál éigin: Dé Domhnaigh seo caite rinne AODH Ó CEALLACHÁIN ó Choláiste Ollscoile Chorcaí curiarracht nua i gcomórtais Chumann Náisiúnta Lúthchleasa agus Rothaíochta na hUile-Éireann i Maghchromtha, nuair a chaith sé an 16 pt. 51 tr. 111⁄2 or. – 61⁄2 or. níos faide ná an iarracht is fearr a bhí aige go dtí seo...

Tá SEÁN Ó SÚILLEABHÁIN ó Luimneach ag buachan rásaí fada agus gearra go minic...

Tá NOEL Ó CEARBHAILL atá ag staidéar sna Stáit Aontaithe agus atá ag fáil teagasc den chéad scoth ó theagascóirí Meiriceánacha, ar dhuine de na lúthchleasaithe leathmhíle is fearr sa domhain i mbliana...

Tá BERTIE MESSITT, an stiúrthóir bus (33 bliain d’aois) as Baile Átha Cliath, i ndiaidh curiarracht nua a dhéanamh i rás 10 míle agus anois tá sé ag dul ag leagan a aire ar fad ar rásaí fada ar na bóithre ag súil go ndéanfaidh sé go maith i rás marathóin [sic] na gCluichí Oilimpeacha an bhliain seo chugainn.

Tá TOMÁS Ó RÍORDÁIN, an lúthchleasaí a rugadh i gCiarraí agus atá ar ais sa bhaile ó na Stáit Aontaithe, tar éis curiarracht an Aontais Lúthchleasa Amaitéaraigh a shárú i rás an trí mhíle.

Tá rothaithe a bhfuil caighdeán an-ard acu chomh maith ag an dá eagraíocht spóirt agus dá n-éireodh leis an Uasal Ó Loingsigh an dá eagraíocht a chur ag gníomhú i gcomhar le chéile ansin d’fhéadfadh an tír seo neart a thabhairt le déanamh do lúthchleasaithe móra na Mór-Roinne agus an domhain.

Arís ba mhaith liom iarraidh ar gach aon duine tacaíocht a thabhairt don fhoireann seo a bheas ag teacht ón Afraic Theas ar cuairt orainn.

Seán Piondar

Iriseoir é Seán Piondar ó na Déise a bhí ag obair, mar spailpín is dealraitheach, ó na 1930idí ar aghaidh.Luaitear leis go mb’iriseoir de chuid Scéala Éireann é, ach bhí sé ag scríobh go rialta d’fhoilseacháin éagsúla eile i rith an ama, leithéidí an Dungarvan Observer gan trácht ar an Irish Weekly agus an Sunday Graphic. Bhí sé ar an iriseoir spóirt ba rialta ag Inniu (ar tugadh “Indiu” air go dtí na luath 1960idí) sna 1950idí agus ina ndiaidh.Cé gurbh ar na cluichí Gaelacha is mó a bhí a aird ag an nuachtán óna bhunú ag Glúin na Bua i 1943, ní raibh sé dall in aon chor ar spóirt eile, mar a léiríonn na samplaí anseo.